1 minute read
Focal ón gCathaoirleach agus ón bPríomhfheidhmeannach
Bliain dhúshlánach dár bpobal
Is faoi scamall phaindéim COVID-19 a thugamar faoinár ngníomhaíochtaí go léir in 2020 agus chuir an gá le sláinte an phobail agus ár bhfoirne a chosaint bonn eolais faoinár gcláir oibre agus faoin gcaoi ar cuireadh ár seirbhísí ar fáil le himeacht na bliana.
Advertisement
Nuair a tugadh na srianta diana isteach i mí an Mhárta 2020, bunaíodh Fóram Freagartha Pobail le leas a bhaint as saineolas, fuinneamh agus tiomantas gníomhaireachtaí áitiúla agus grúpaí deonacha. Chuir sé ardú croí is meanman orainn go ndeachaigh an oiread sin daoine i gcomhar le chéile ar bhealach nuálach, cruthaitheach le tacú le daoine leochaileacha agus scoite inár bpobal. Bronnadh ‘Príomhchathair Eorpach na hOibre Deonaí’ ar Shligeach in 2017, agus bhí an spiorad agus an saothar a bhí taobh thiar den ghradam sin le sonrú go soiléir agus muid ag freagairt mar phobal do phaindéim COVID-19.
Anois agus Sligeach á chur féin chun cinn mar ‘ionad fáis’ de réir an ainmnithe i gCreat Náisiúnta Pleanála an Rialtais, táimid ag obair i gcomhpháirtíocht dhinimiciúil le príomhghníomhaireachtaí áitiúla d’fhonn na torthaí is fearr a bhaint amach dár gcontae agus dár réigiún. Spreagfaidh leibhéal infheistíochta caipitil nach bhfacthas riamh cheana forbairt ár gcontae agus cuirfidh borradh, a bhfuil géarghá leis, faoin ngeilleagar agus faoi phoist i Sligeach - an baile agus an contae araon. Cuirfidh an Clár Ríochta Poiblí agus tograí iontacha le haghaidh mol cultúrtha agus foghlama feabhas mór ar an saol sa bhaile dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ann, chomh maith le turasóirí, cuairteoirí agus gnólachtaí.
Is iomaí buntáiste atá ag baint le Sligeach agus is ionann iad le chéile agus an rud sin atá iontach deacair le teacht air, ‘cáilíocht na beatha’ – radhairc nádúrtha a bhainfidh an anáil díot, seirbhís agus earnáil fáilteachais den chéad scoth, chomh maith le coláistí tríú leibhéal forásacha. Agus ná déan dearmad ar na pearsana liteartha mór le rá, na séadchomharthaí ársa, an traidisiún saibhir ceoil atá againn i ngach seánra, na conairí draíochtacha ná na siúlbhealaí áille. Chuirfeadh na rudaí sin go mór le háit ar bith astu féin, ach léiriú iad i dteannta a chéile gurb áit iontach é Sligeach le cónaí ann, le hinfheistiú nó le cuairt a thabhairt air.