2 minute read
Mótarcháin
Tá Oifigí Mótarchánach Chontae Shligigh lonnaithe i Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach (teileafón 071 911 1830) agus i dTeach Laighne, Sráid Humbert, Tobar an Choire, Contae Shligigh (teileafón 071 911 1719), agus is ann a dhéantar iarratais ar mhótarcháin a phróiseáil d’úinéirí feithiclí a choinnítear i gContae Shligigh go hiondúil. Tá gach eolas a bhaineann leis na hoifigí mótarchánach le fáil ar ár láithreán gréasáin ag www.sligococo.ie/Services/MotorTaxation/
D’íoc úinéirí cláraithe feithiclí €2,923,737 leis na hOifigí Mótarchánach i Sligeach agus i dTobar an Choire in 2020 ar idirbhearta mótarchánach. Ba laghdú 40% é sin le hais €4,861,276 a bailíodh in 2019. Bhain an laghdú ar idirbhearta san oifig féin le Covid‑19. Dúnadh na deasca poiblí le linn na paindéime agus iarradh ar chustaiméirí a gcuid idirbheart a dhéanamh ar líne nuair ab fhéidir.
Advertisement
Neamhúsáid shealadach feithicle a dhearbhú
Tugadh isteach nósanna imeachta nua in 2013 chun neamhúsáid shealadach feithicle a dhearbhú ionas nach gá do chustaiméirí mótarcháin a íoc le haghaidh na tréimhse sin. Ón 1 Deireadh Fómhair 2013, is gá dearbhú a dhéanamh roimh ré nach mbeidh feithicil in úsáid ar feadh tréimhse idir 3 mhí agus 12 mhí le Foirm RF 150 Neamhúsáid Shealadach Feithicle a Dhearbhú. Ní mór an neamhúsáid a dhearbhú sa mhí chéanna ina dtéann an diosca mótarchánach reatha in éag. Má tá riaráistí mótarchánach dlite, ní mór iad sin a íoc ina n‑iomláine, mar aon le mótarcháin 3 mhí ar a laghad, sula bhféadtar neamhúsáid a dhearbhú.
Mótarcháin ar líne
Seirbhís ar líne is ea www.motortax.ie atá á cur ar fáil ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Moltar do chustaiméirí a mótarcháin a íoc ar líne chun moilleanna ina n-oifigí áitiúla a sheachaint.
Léirítear na hidirbhearta mótarchánach seo a leanas le haghaidh Chontae Shligigh sna staitisticí ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt:
31% in 2011 35% in 2012 39% in 2013 48% in 2014 53% in 2015 56% in 2016 58% in 2017 62% in 2018 64% in 2019 80% in 2020
Ceadúnais Thiomána
Ghlac an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre freagracht iomlán as an tseirbhís ceadúnas tiomána in 2013. Tá oifig na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána i Sligeach lonnaithe ag Urlár na Talún, Áras na Mílaoise, Sráid Stiofáin, Sligeach trasna ó Bhanc Uladh – Teileafón: 076 108 7880. Bíonn an oifig ar oscail idir 9 r.n. agus 5 i.n. ó Luan go hAoine, agus idir 9 r.n. agus 2 i.n. ar an Satharn. Féach freisin www.ndls.ie.