7 minute read
Seirbhísí Dóiteáin
Is é Comhairle Contae Shligigh atá ainmnithe go reachtúil mar an tÚdarás Dóiteáin le haghaidh Chontae Shligigh faoi Alt 9 de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin, 1981-2003
Ceithre réimse leathana gníomhaíochta atá ag Seirbhís Dóiteáin Shligigh a thacaíonn le cheile chun seirbhís chomhtháite a sholáthar don phobal:
Advertisement
Oibríochtaí Dóiteáin/Éigeandála Cosc Dóiteáin agus Sábháilteacht Dóiteáin i measc an Phobail Pleanáil Móréigeandála Ionad Oiliúna Réigiúnach
Oibríochtaí Dóiteáin/Éigeandála
Cuireann Seirbhís Dóiteáin Shligigh seirbhísí éigeandála dóiteáin agus tarrthála ar fáil le 4 aonad den Bhriogáid Dóiteáin lonnaithe i Sligeach, Baile an Mhóta, Tobar an Choire agus Inis Crabhann.
Bliain dheacair aisteach do chách ab ea 2020. In ainneoin na paindéime agus na dianghlasála náisiúnta, mar chéad fhreagróirí éigeandála, lean Seirbhís Dóiteáin Shligigh de sheirbhís dóiteáin a sholáthar sa chontae.
Rinne Seirbhís Dóiteáin Shligigh go leor athruithe oibriúcháin le seirbhís dóiteáin a chinntiú ar bhealach slán sábháilte do gach ball den tSeirbhís Dóiteáin agus don phobal. Ar na hathruithe sin, rinneadh athstruchtúrú ar chriúnna chun an líon teagmhálaithe a laghdú, bearta rialaithe breise le haghaidh na ngníomhaíochtaí go léir lena n‑áirítear trealamh cosanta pearsanta sa bhreis agus Nósanna Imeachta Oibriúcháin athbhreithnithe le haghaidh gach gníomhaíochta.
In 2020, d’fhreastail Seirbhís Dóiteáin Shligigh ar 458 dteagmhas éigeandála ar an iomlán i gcomparáid le 448 in 2019, 470 in 2018 agus 448 in 2017. Tháinig méadú ar an líon teagmhas a chuaigh i gcion ar an gcomhshaol in 2020, agus bhí líon mór dóiteáin aitinn/coille agus tuilte ann. Tháinig méadú 45% ar na teagmhais den sórt sin le hais 2019.
Tréimhse thar a bheith gnóthach do Sheirbhís Dóiteáin Shligigh ab ea Meitheamh 2020. Tharla ceithre theagmhas Leibhéal 3 (an leibhéal is airde acmhainní oibriúcháin) laistigh de thréimhse 8 lá, lena n‑áirítear 3 tine mhóra choille agus tine ar áitreabh tráchtála mór ar aonad tionsclaíochta 24,000 troigh chearnach. Teagmhais mhóra fhada a bhí iontu sin agus cuireadh acmhainní iomlána Sheirbhís Dóiteáin Shligigh ar fáil chun dul i ngleic leo, le cabhair ó bhriogáidí in aice láimhe uaireanta.
Seirbhís Dóiteáin Shligigh ag dul i ngleic le tine mhór ag iosta athchúrsála i Meitheamh 2020
Chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh tús in 2020 le feachtas earcaíochta le haghaidh comhraiceoirí dóiteán ar áirithíocht. 6 chomhraiceoir dóiteáin nua ar a laghad atá ag teastáil i Stáisiúin Dóiteáin Bhaile an Mhóta, Thobar an Choire agus Inis Crabhann. Bíonn ar earcaigh nua cúrsa 3 seachtaine ar scileanna múchta tine, cúrsa coicíse ar threalamh anála, agus cúrsa seachtaine ar iompar dóiteáin i bhfoirgneamh a dhéanamh, mar aon le hoiliúint fhairsing sa stáisiún féin.
Tá creidiúnú ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann ag gabháil leis na cúrsaí ar scileanna múchta tine, trealamh anála agus iompar dóiteáin i bhfoirgnimh, agus bronntar dámhachtain Leibhéal 6 faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí ar fhoghlaimeoirí ar chríochnú na gcúrsaí dóibh.
Feidhm thábhachtach de Sheirbhís Dóiteáin Shligigh is ea Sábháilteacht Dóiteáin agus Cosc Dóiteáin. Déanann Rannóg na Seirbhísí Dóiteáin gach iarratas ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán a phróiseáil faoin reachtaíocht maidir le rialú foirgneamh. Aistríodh na hiarratais ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán chuig córas ar líne BCMS in Iúil 2020. Cuireadh an córas i bhfeidhm ina iomláine agus bhí caidreamh dearfach leis na páirtithe leasmhara go léir.
Tá ról ag Seirbhís Dóiteáin Shligigh freisin maidir le hatreorúcháin phleanála le haghaidh forbairtí tráchtála, cigireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar iarratais a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche maidir le háiteanna siamsaíochta poiblí, clárú armlón agus stóras pléascach, agus ceadúnais faoi na rialacháin maidir le peitriliam.
Leanadh de chigireacht a dhéanamh ar áitrigh cheadúnaithe agus d’aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le sábháilteacht dóiteáin in áitribh a léirigh daoine den phobal, rannóga eile de Chomhairle Contae Shligigh, agus na hOibríochtaí Seirbhíse Dóiteáin in 2020, fiú amháin agus srianta Covid-19 i bhfeidhm. I gcás foirgnimh neamhchomhlíontacha, cuireadh comhairle ar na húinéirí agus cuireadh i bhfeidhm na cumhachtaí faoin Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 agus 2003, mar is gá. In 2020, lean Seirbhís Dóiteáin Shligigh den chaidreamh le páirtithe leasmhara, áitribh cheadúnaithe agus cuideachtaí bainistíochta árasán chun tábhacht na sábháilteachta dóiteáin sa timpeallacht thógtha a chur chun cinn.
Bíonn Seirbhís Dóiteáin Shligigh páirteach sa tSeachtain Náisiúnta Sábháilteachta Dóiteáin, cláir feasachta maidir le haonocsaíd charbóin, cláir sábháilteachta dóiteáin do scoileanna, agus cuireann an tSeirbhís na cláir sin chun cinn. Tugann an tSeirbhís cainteanna sábháilteachta dóiteáin agus cuireann brathadóirí deataigh saor in aisce ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. Déanann Seirbhís Dóiteáin Shligigh an tsábháilteacht dóiteáin sa phobal a chur chun cinn go gníomhach i rith na bliana. Dírítear ar ghrúpaí leochaileacha sa phobal, agus d’éascaigh foireann gach stáisiúin dóiteáin cuairteanna ar na stáisiúin agus iarratais ó ghrúpaí deonacha, amhail daoine scothaosta agus daoine gníomhacha ar scor, chun cainteanna ar an tsábháilteacht dóiteáin a dhéanamh
Mar thoradh ar na srianta i ngeall ar Covid‑19, chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh comhairle maidir le sábháilteacht dóiteáin ar fáil ar mheáin éagsúla, lena n‑áirítear feachtas fairsing maidir le sábháilteacht dóiteáin ar na meáin shóisialta.
Cuid de na híomhánna a úsáideadh ar na meáin shóisialta i rith Sheachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin, 2020
Pleanáil Móréigeandála
Is é is móréigeandáil ann imeacht, gan choinne nó gach ach fíorbheagán coinne go hiondúil, atá ina chúis nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le díobháil nó le bás, nó cur isteach mór ar sheirbhísí bunriachtanacha. D’fhéadfadh móréigeandáil a bheith ina cúis freisin le dochar do mhaoin, don timpeallacht nó don bhonneagar agus d’fhéadfaí nach bhféadfadh na príomhsheirbhísí éigeandála i limistéar na móréigeandála déileáil leis an dochar sin gan chabhair. Bíonn nósanna imeachta breise ag teastáil agus is gá úsáid a bhaint as acmhainní breise chun freagairt éifeachtúil éifeachtach a chinntiú.
Tá an Creat reatha um Bainistíocht Móréigeandála i bhfeidhm ó 2006. An aidhm atá leis an gCreat seo socruithe a chur i bhfeidhm a chuirfidh ar chumas na bpríomhghníomhaireachtaí práinnfhreagartha, na n‑údarás áitiúil, an Gharda Síochána agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a n‑iarrachtaí a chomhordú nuair a tharlaíonn éigeandáil mhór, rud a chuirfidh feabhas ar chumas na hÉireann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le himeacht den sórt sin.
Tá Seirbhís Dóiteáin Shligigh ar an bpríomhghníomhaireacht pleanála móréigeandála le haghaidh Chomhairle Contae Shligigh, agus lean an tSeirbhís de Phlean Móréigeandála Chomhairle Contae Shligigh agus de na fophleananna a thabhairt chun dáta. Rinne Seirbhís Dóiteáin Shligigh comhordú ar fhreagairtí ar theagmhais – cé nár mhóréigeandálaí iad, baineadh leas as prionsabail agus as córais an Chreata um Bainistíocht Móréigeandála.
Mar chuid den fhreagairt ar Covid‑19 in 2020, úsáideadh struchtúir mhóréigeandála Réigiún an Iarthuaiscirt chun ullmhacht agus comhordú iomchuí a chinntiú thar na trí Phríomhghníomhaireacht Freagartha, lena n‑áirítear Plean maidir le Líon Mór Básanna a fhorbairt srl.
In 2020, rinne Seirbhís Dóiteáin Shligigh Plean Móréigeandála Chomhairle Contae Shligigh a thabhairt chun dáta agus d’fhorbair Plean Práinnfhreagartha do Thuilte de chuid Chomhairle Contae Shligigh.
Ionad Oiliúna Réigiúnach
Tá Stáisiún Dóiteáin Shligigh ar Ionad Oiliúna Réigiúnach na Seirbhíse Dóiteáin don Iarthuaisceart, agus cuireann an t‑ionad oiliúint náisiúnta, réigiúnach agus láraithe ar fáil. Tá foirgneamh ag an ionad chun oiliúint a dhéanamh maidir le gaireas análaithe a úsáid, rud a chuireann timpeallacht réalaíoch dóiteáin ar na caighdeáin is airde agus is sábháilte ar fáil do chomhraiceoirí dóiteáin chun teicnící cuardaigh agus tarrthála a fhoghlaim i bhfoirgnimh chasta trí thine.
Nuair a bhí Céim 3 den Phlean Athoscailte i bhfeidhm, chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh tús arís le hoiliúint ball foirne bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais oiliúna.
Faoi Teacht Aniar agus Téarnamh, Plean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19, aithnítear údaráis áitiúla agus an tSeirbhís Dóiteáin mar sheirbhís bhunriachtanach. Le cur i bhfeidhm beart rialaithe iomchuí, lean ár nIonad Oiliúna d’áiseanna agus de theagascóirí in oiliúint le gaireas anála agus oiliúint maidir le hiompar dóiteáin i bhfoirgnimh a chur ar fáil d’údaráis dóiteáin eile i Stáisiúin Dóiteáin Shligigh agus Thobar an Choire.
Cé is moite de Sheirbhís Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, tá Seirbhís Dóiteáin Shligigh ar an aon Seirbhís Dóiteáin amháin in Éirinn arb Ionad Oiliúna de chuid na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) í. Tá oiliúnóirí cáilithe againn a chuireann cúrsaí ar fáil le haghaidh Freagróirí Céadchabhrach, Céad Fhreagróirí Cairdiacha, agus Céad Fhreagróirí Práinnfhreagracha. In 2020, le bearta rialaithe breise i bhfeidhm, chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh oiliúint mar Chéad Fhreagróirí Cairdiacha, agus Céad Fhreagróirí Práinnfhreagracha ar fáil d’údaráis dóiteáin eile.