173
SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN Is é Comhairle Contae Shligigh atá ainmnithe go reachtúil mar an tÚdarás Dóiteáin le haghaidh Chontae Shligigh faoi Alt 9 de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin, 1981-2003 Ceithre réimse leathana gníomhaíochta atá ag Seirbhís Dóiteáin Shligigh a thacaíonn le cheile chun seirbhís chomhtháite a sholáthar don phobal: Oibríochtaí Dóiteáin/Éigeandála Cosc Dóiteáin agus Sábháilteacht Dóiteáin i measc an Phobail Pleanáil Móréigeandála Ionad Oiliúna Réigiúnach
Oibríochtaí Dóiteáin/Éigeandála Cuireann Seirbhís Dóiteáin Shligigh seirbhísí éigeandála dóiteáin agus tarrthála ar fáil le 4 aonad den Bhriogáid Dóiteáin lonnaithe i Sligeach, Baile an Mhóta, Tobar an Choire agus Inis Crabhann. Bliain dheacair aisteach do chách ab ea 2020. In ainneoin na paindéime agus na dianghlasála náisiúnta, mar chéad fhreagróirí éigeandála, lean Seirbhís Dóiteáin Shligigh de sheirbhís dóiteáin a sholáthar sa chontae.
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020