16 minute read

Seirbhís Leabharlainne agus Cartlainne Shligigh

FEIDHMIÚ NA SEIRBHÍSE LEABHARLAINNE AGUS CARTLAINNE

Tá leabharlanna tuaithe i Sligeach ríthábhachtach do gach duine sa phobal, agus cuireann siad seirbhísí saor in aisce ar fáil lena n‑áirítear leabhair agus ábhair chlosamhairc a fháil ar iasacht, imeachtaí agus gníomhaíochtaí, rochtain ar ríomhairí agus ar Wi-Fi, agus seirbhísí priontála agus ar líne.

Advertisement

Cuireadh na seirbhísí ar fionraí sa chéad ráithe nuair a fógraíodh go raibh paindéim dhomhanda ann. Cuireadh imeachtaí ar fáil ar líne agus tháinig méadú ar úsáid ríomh-sheirbhísí nuair a bhí na leabharlanna dúnta. Fógraíodh gur seirbhís bhunriachtanach atá i leabharlanna agus d’oscail siad arís i gCéim 2 de Threochlár an Rialtais (Meitheamh 2020). Bhí bainistíocht agus foireann na leabharlann ag ullmhú don athoscailt sin go déanach i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine.

Cuairteanna ar leabharlanna

Eisiúintí foriomlána

Eisiúintí fisiciúla

Eisiúintí ar líne 56,359

127,846

57,886

69,960 Laghdú 32% i gcomparáid le 2019

Laghdú 63% i gcomparáid le 2019

Laghdú 34% i gcomparáid le 2019

Méadú 140% i gcomparáid le 2019

Ríomh-sheirbhísí leabharlainne:

Mar thoradh ar ranganna scileanna digiteacha, seirbhís do chustaiméirí ar an bhfón/ar ríomhphost, mar aon le feachtas margaíochta ar na meáin shóisialta, bhí an dara húsáid ba mhó á baint as BorrowBox i Leabharlanna Shligigh ar bhonn náisiúnta de réir mhéid an daonra.

 Tugadh 11,236 ríomhleabhar ar iasacht le BorrowBox  Tugadh 12,856 ríomh-chlosleabhar ar iasacht le BorrowBox  Tugadh 8,603 iris dhigiteach ar iasacht le RBDigital  Léadh 198,060 alt i nuachtán le Press Reader  Tugadh faoi 5,577 ceacht ríomhfhoghlama trí Universal Class  Tugadh faoi 1,884 ríomhsheisiún foghlama teanga le Transparent Languages

An fhreagairt ar Covid-19

Mar fhreagairt ar threoirlínte sláinte agus sábháilteachta, rinneadh oibreacha i ngach leabharlann le gurbh fhéidir iad a oscailt go slán sábháilte i Meitheamh 2020.

Cuireadh próiseas i bhfeidhm chun an stoc a chur ar coraintín mar bheart cáilíochta chun sábháilteacht na n‑úsáideoirí agus na foirne a chinntiú chun muinín a thabhairt dár gcustaiméirí.

Lárleabharlann Shligigh

Chun sábháilteacht úsáideoirí agus bhaill foirne na leabharlainne a chinntiú, tógadh spiara agus haistí sciata ag an gcuntar agus cuireadh córas scuaine i bhfeidhm i Lárleabharlann Shligigh i mí an Mheithimh i mbliana.

Fadhb chasta ar leith a bhí i gceist le freastal ar líon mór custaiméirí – breis is 400 cuairt sa lá ar an meán – gan ach spás teoranta a bheith ar fáil, agus an gá le scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm do bhaill foirne agus d’úsáideoirí, agus b’éigean réiteach a aimsiú i bhfoirgneamh réasúnta beag.

Le déanamh cinnte nach mbeadh orainn úsáideoirí a chur ó dhoras ná iallach a chur orthu fanacht i scuaine taobh amuigh ar fead tréimhsí fada, cruthaíodh bealach isteach agus amach, rud a chuir ar chumas na n‑úsáideoirí fanacht sa scuaine lasmuigh den fhoirgneamh féin.

Leabharlann Phobail Bhaile an Mhóta

Cruthaíodh forhalla inmheánach le haiste cuntair sciata i Leabharlann Bhaile an Mhóta le cur leis an bpóirse a bhí ann cheana. Athraíodh an póirse ina limistéar feithimh agus freastalaíodh ar na custaiméirí san fhorhalla nua.

Tá oibreacha eile ar siúl chun an limistéar seo sa phóirse a chur in oiriúint le rochtain shábháilte don phobal a chinntiú nuair a cheadófar a leithéid faoi na treoirlínte sláinte agus sábháilteachta.

Leabharlann Phobail Thobar an Choire

Cruthaíodh forhalla inmheánach le haiste seirbhíse cuntair i Leabharlann Thobar an Choire díreach laistigh de dhoras na leabharlainne. Rinneadh limistéar feithimh den limistéar inmheánach seo a bhí nua-mharcáilte, agus freastalaíodh ar chustaiméirí ag an haiste seirbhíse nua.

Cuireadh tús le hoibreacha eile i Leabharlann Phobail Thobar an Choire in 2020 chun seomra cruinnithe agus leithreas poiblí nua a thógáil sa leabharlann. Cuirfidh na hoibreacha sin go mór leis an tseirbhís, go háirithe d’úsáideoirí na seirbhíse Leabharlainne Oscailte.

Leabharlann Inis Crabhann

Cruthaíodh aiste cuntair sciata inmheánach nua i Leabharlann Inis Crabhann laistigh den phóirse a bhí ann cheana. Athraíodh an póirse ina limistéar feithimh agus freastalaíodh ar na custaiméirí ag an haiste cuntair nua.

Tá oibreacha feabhsúcháin nua beartaithe don Leabharlann, le tacaíocht ó chistiú na Roinne a sannadh do Chomhairle Contae Shligigh faoi Chlár Oibreacha Caipitiúla ar Scála Beag i Leabharlanna Poiblí.

Díriú ar chustaiméirí

Cuireann dearadh na struchtúr go léir ar a gcumas d’úsáideoirí amharc ar an mbailiúchán ón líon mór fuinneog agus ó na haistí móra ónar féidir leo earraí atá ar coraintín go sábháilte a bhailiú agus cabhair a fháil ónár mbaill foirne oilte chun ábhar nua a roghnú.

Cuireadh seirbhís Newspread ar bun arís i Meitheamh 2020. Cabhraíonn an tseirbhís sin le custaiméirí stoc a iarraidh ó Údarás Leabharlainne ar bith sa Phoblacht tríd an gCóras Náisiúnta Bainistíochta Leabharlainne.

In ainneoin an chur isteach ar ár seirbhísí idir Márta agus Meitheamh 2020, bhí rannpháirtíocht mhaith ann i gcónaí, idir rannpháirtíocht sa leabharlann féin nuair ab fhéidir agus rannpháirtíocht ar líne nuair a bhí na srianta éagsúla i bhfeidhm.

Rannpháirtíocht an phobail ar líne

Cuireadh na seirbhísí go léir ar fáil ar líne i Márta 2020 i gcomhréir le treoirlínte an Rialtais.

 Seisiúin scéalaíochta seachtainiúla ar líne  Imeacht liteartha míosúil ‘The Word’  Ceardlanna ceardaíochta ar líne  Ranganna sa teanga chomharthaíochta do naíonáin  Ranganna sna scileanna digiteacha  Léachtaí sa chlár ‘Deich mBliana na gCuimhneachán’  Seoltaí ar líne  Scéalaíocht agus clubanna leabhar do scoileanna  Cuir i láthair ar líne do mheánscoileanna  Nuashonrú rialta ar ábhair ar ardáin go léir na meán sóisialta  Cruthaíodh cainéal YouTube Leabharlann Shligigh agus tá gach taifead físe le fáil ann tar éis na n‑imeachtaí

Tar éis oibríochtaí leabharlanna fadréimseacha a bhí ar siúl i rith na chéad ráithe in 2020, chuaigh foireann na leabharlainne i dtaithí go tapa ar an obair de réir na dtreoirlínte maidir leis an tsláinte phoiblí, agus thug siad faoi roinnt obair mhór tráth na dianghlasála.

 Oiliúint maidir le Sugar CRM agus an córas a chur i bhfeidhm  Líne chabhrach Ghlao an Phobail  Ábhair nua agus tabhartais a chlárú  An stoc reatha a dheisiú agus a athnuachan  Aistríodh línte fóin na leabharlann i rith na dianghlasála  Freagairt ar cheisteanna ó chustaiméirí ar an bhfón agus ar ríomhphost  Forbairt ghairmiúil leanúnach agus uasoiliúint trí chúrsaí ar líne

 Lean baill foirne ainmnithe de fhreastal ar na leabharlanna chun leabhair a tugadh ar ais a phróiseáil faoin gcóras coraintín  Pleanáil agus comhordú ar imeachtaí ar líne  Nuashonruithe ar na meáin shóisialta agus cruthú inneachair

Meáin shóisialta na leabharlann

Bhí nuashonruithe rialta ag teastáil ó roinnt mhaith inneachair i rith na paindéime, agus cuireadh an cúram sin ar bhaill foirne áirithe na leabharlann.

Cruthaíodh cainéal Leabharlanna Shligigh ar YouTube chun na físeáin go léir a stóráil le gur féidir breathnú siar ar imeachtaí a taifeadadh.

Fuarthas freagairt dhearfach ón bpobal maidir leis na himeachtaí do leanaí agus do dhaoine fásta, seirbhís ar líne saor in aisce chun cabhair a chur ar fáil chun iad sin a rochtain, agus na seirbhísí agus na himeachtaí éagsúla a bhí ar fáil i rith na srianta de gach leibhéal.

An chéad ráithe 2020

Chuir Lárleabharlann Shligigh tús leis an Hublet, seirbhís nua, sa chéad ráithe de 2020. Stáisiún nasctha de shé cinn de tháibléid Android atá ann atá ar fáil d’úsáideoirí na leabharlainne chun Wi-Fi saor in aisce a úsáid sa leabharlann.

I measc na n‑imeachtaí sa chéad ráithe, bhí:

 Am scéalaíochta, scéalaíocht do lapadáin, cuairteanna ar ranganna réamhscoile agus bunscoile  Imeacht liteartha míosúil ‘The Word’ i gcomhar le baill foirne agus mic léinn an BA (Onóracha) sa

Scríbhneoireacht agus sa Litríocht, an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach  Ceardlanna seachtainiúla de Chumann Disléicse Shligigh  Club Leabhar Sóisearach do Scoileanna  Ranganna ióga i gcathaoir ag am lóin  Ceardlanna le scoileanna a dtugtar cuireadh dóibh  Ranganna scileanna digiteacha ‘Digitise the Nation’  Tráth na gCeist  Cuir i láthair ag Oíche Ionduchtúcháin Iarbhunscoile

Lá oscailte na Leabharlann, Feabhra 2020

Ghlac Leabharlanna Shligigh páirt sa chéad Lá Oscailte náisiúnta ar an Satharn, 29 Feabhra 2020, agus reáchtáladh gníomhaíochtaí inár leabharlanna go léir. Bhain úsáideoirí na Leabharlann an-spraoi as an lá agus tháinig cuid mhór teaghlach chun clárú leis an leabharlann den chéad uair.

Craoladh amuigh faoin aer le Ocean FM ó Lárleabharlann Shligigh. Reáchtáladh imeachtaí do leanaí, comórtais agus duaiseanna le haghaidh gach duine ar éirigh leo ticéad óir a fháil.

Chuir Leabharlanna Shligigh an clár ‘Ceart chun Léimh’ ar fáil i rith 2020. Clár náisiúnta atá ann chun an litearthacht agus forbairt na léitheoireachta a chur chun cinn.

Cuireadh na himeachtaí go léir de na 4 chuid den chlár ar fáil ar líne le go bhféadfaí an clár a sholáthar i rith na paindéime.

Líon iomlán amharc ar Facebook:

Líon iomlán amharc ar Instagram:

Rannpháirtíocht iomlán ar Facebook (‘is maith liom’, comhroinnt, barúlacha)

Rannpháirtíocht iomlán ar Instagram: Scéalaíocht an earraigh Réaltaí an tsamhraidh

5,836 74,261

264 1436

2,268

8 4,824

6,990

Féile na Leabhar do Leanaí Am don teaghlach sa leabharlann

Líon iomlán imeachtaí ar líne a reáchtáladh: 22 6

Rannpháirtíocht iomlán / líon iomlán amharc ar imeachtaí: 330 306

Réaltaí an tsamhraidh

Spreagadh an léitheoireacht le Borrowbox, Teagmháil agus Bailigh, agus seirbhís ag an gcuntar. Reáchtáladh imeachtaí agus comórtais ar líne.

 Comórtais Leabharlanna Shligigh o Comórtas Grianghrafadóireachta – Leabhar a thaitníonn leat o Scríobh dán gearr o Cé hé an carachtar is fearr leat nó céard í an áit is fearr leat i leabhar? o Is é … an duine is fearr liom.  Comórtais náisiúnta le Forbairt Leabharlann na Gníomhaireachta

Bainistíochta Rialtais Áitiúil o Comórtas Scéalaíochta “Eachtra nach raibh súil leis”  82% de na leabhair a eisíodh, eisíodh do leanaí iad  Chuir 152 leanbh isteach ar chomórtas  Bronnadh 46 duais ar leanaí ar fud Chontae Shligigh

Féile Leabhar na Leanaí, 2020 – Treoirthionscadal Scéalaíochta Leabharlanna Shligigh

I gcomhréir leis na treoirlínte sláinte agus sábháilteachta maidir le Covid‑19, agus mar gheall ar oibreacha a rinneadh ina dhiaidh sin chun spásanna sna Leabharlanna a leagan amach ar bhealach eile, níorbh fhéidir imeachtaí a chur ar siúl sna leabharlanna. Chuir sé sin isteach ar an líon daoine a bhí ag freastal, go háirithe i measc ranganna bunscoileanna.

Chun leanúint leis an litearthacht a chur chun cinn san aos óg agus léitheoirí a spreagadh chun leabhair a fháil ar iasacht ón leabharlann, ceapadh clár píolótach i gcomhar le clubanna tar éis na scoile a bhíonn á reáchtáil ag an bpobal. Cuireadh imeachtaí scéalaíochta beoga, idirghníomhacha ar siúl le leanaí bunscoile sna hionaid seo a leanas:

 Ionad Pobail Thuaidh, Cnoc an Dúin  Bright Minds, Ionad Avalon, Sráid an tSéipéil  Kid’s Lane, Ionad Pobail MCR, Bóthar an Chóiste Poist  Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh Springboard Shligigh, Áras Acmhainne, an Crann Mór  Dreamchasers, Ionad Pobail Merville, an Machaire Buí

D’éirigh go maith leis an gclár píolótach seo agus fuarthas aiseolas dearfach ó bhaill foirne agus ó leanaí. Mar ghealla air sin, cuireadh seisiúin scéalaíochta bhreise ar théama na Nollag ar fáil sna clubanna tar éis na scoile i rith mhí na Nollag 2020.

Scoileanna

Tar éis na chéad ráithe, cuireadh na himeachtaí go léir ar siúl ar líne agus leanadh le seachadtaí chuig scoileanna i gcás ina ndearnadh socrú ina leith sin.

 Cuireadh ranganna sna scileanna digiteacha d’iarbhunscoileanna ar fáil ar líne agus chuir baill foirne na

Leabharlainne treoir ar fáil maidir le haipeanna na leabharlainne agus leis an réimse ríomhsheirbhísí saor in aisce sa leabharlann  14 chur i láthair d’iar-bhunscoileanna – ba iad

Leabharlanna Shligigh a rinne an líon ba mhó cur i láthair de réir mheasúnú na Gníomhaireachta

Bainistíochta Rialtais Áitiúil  Cuireadh an scéim ‘Leabhair i mBosca’ ar siúl i rith na bliana go léir – d’iarr múinteoirí ábhar sonrach agus seachadadh an t‑ábhar sin agus/nó rogha na leabharlainne go sábháilte do scoileanna má rinne socrú chuige sin  Seachadadh Sraitheanna Ranga do scoileanna – cóipeanna iomadúla den úrscéal ranga  Seoladh treoirlínte léitheoireachta, leabharmharcanna, greamáin, agus póstaeir ‘CBI Mind Yourself chuig gach bunscoil i mí Dheireadh Fómhair 2020  Coinníodh i dteagmháil le scoileanna trí nuashonruithe ar ríomhphost  Clubanna leabhar ar líne do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna

Scéalaíocht ar líne do scoileanna (SOS)

Cuireadh 8 seisiún scéalaíochta ar líne ar fáil faoin gclár seo, agus ba é ball foirne a roghnaigh agus a léigh an leabhar. Seoladh sceidil agus meabhrúcháin amach chuig gach bunscoil. Reáchtáladh seisiúin scéalaíochta ar líne faoi dhó in aghaidh na seachtaine thar thréimhse 4 seachtaine i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2020.

D’fhreastail 121 rang ó 41 bhunscoil ar fud an chontae ar an gclár SOS. Tá na scéalta ón gclár le fáil anois ar chainéal Leabharlanna Shligigh ar YouTube le gur féidir le scoileanna agus tuismitheoirí breathnú orthu nuair is mian leo.

Thug múinteoirí le fios gur thug an clár an Leabharlann chun an tseomra ranga, agus ba rud an-dearfach é sin le linn na paindéime.

Éire Shláintiúil

I rith 2020, reáchtáil Éire Shláintiúil sna Leabharlanna cuid mhór de na himeachtaí ar líne, lena n‑áirítear ranganna ióga le linn na dianghlasála.

Baineadh leas as leithdháileadh deontais dar luach €5,000 ón Roinn chun cabhrú leis an leabharlann leanúint d’imeachtaí Éire Shláintiúil a chur ar fáil faoi na srianta nua atá i bhfeidhm mar thoradh ar an bpaindéim. Ceannaíodh ceamaraí físbhlagála ar ardchaighdeán, soilsiú iniompartha, micreafóin gan sreang, callairí agus bogearraí chun cabhrú le foireann na leabharlainne ábhar ar líne a chruthú.

Tá oiliúint don fhoireann in úsáid an trealaimh nua ag dul ar aghaidh lena chinntiú go leanfaidh seirbhísí na Leabharlainne de bheith ar fáil dóibh siúd óna bhfuil siad ag teastáil.

Éire Chruthaitheach 2020

Riar na Gairme Oscailte

Faoin nGairm Oscailte, déantar €40,000 de chistiú ó Éire Chruthaitheach a leithdháileadh go díreach chun tacú le hacmhainneacht chruthaitheach gach duine sa phobal, de réir théamaí agus uaillmhianta an Chláir ‘Éire Chruthaitheach’, 20172022. Trí phróiseas deontas na Gairme Oscailte, rinne an Leabharlann agus an tSeirbhís Ealaíon 24 iarratasóir as measc 48 a roghnú, rinneadh iad a fhaomhadh ag comhaltaí tofa, a chistiú agus a riar in 2020.

Seirbhís na Leabharlainne a rinne an tionscadal a riar ó mhí Iúil ar aghaidh, agus chuaigh an tseirbhís i dteagmháil arís leis na rannpháirtithe go léir lena chinntiú gur tacaíodh leo chun a dtionscadal a chur in oiriúint do shrianta na paindéime agus chun cistiú ó thionscadail nárbh fhéidir iad a chur in oiriúint a leithdháileadh ar thionscadail eile.

Thacaigh an cistiú le saothar de chineálacha éagsúla, lena n‑áirítear suiteáil ealaíne ‘Faoi thoinn’ le Bettina Seitz san fharraige, foilsiú leabhar dar teideal ‘Maugherow, a much Wilder Place’ le féile Tread Softly ag obair go díreach leis an bpobal, agus taibhithe le compántas amharclannaíochta Mad Ravens ar shráideanna Shligigh ar Oíche Chultúir, agus saothair eile nach iad.

Leithdháileadh cistiú breise faoi Phacáiste Spreagtha Fostaíochta an Rialtais, agus leithdháileadh an cistiú sin ar na tionscadail seo a leanas:

 Bealach Shligigh  Tionscadal Sparánachta an Ghréasáin Ealaíontóirí i Sligeach / Yeats Society  Tionscadal Sparánachta an Ghréasáin Ealaíontóirí i Sligeach / Filippe Lopes  Tionscadal Sparánachta Chompántas Amharclannaíochta Blue Raincoat  Sraith Máistir-Ranganna Ionad Ceoil Coleman  Tionscadal Sparánachta Amharclann Hawks Well  Sligo Colmcille 2021 Battle of the Books  Tionscadal Sparánachta ‘The Model’

I rith 2020, chuaigh an Fhoireann Cultúir i mbun páirtíochta le heagraíochtaí cruthaitheacha agus le pobail chun réimse leathan tionscadal a sheachadadh a chloígh leis na critéir a leagadh amach sa Straitéis Cúig Bliana maidir le Cultúr agus Cruthaitheacht. An tionscadal ba thábhachtaí i measc na dtionscadal go léir a rinne an Fhoireann Cultúir ná an réiteach agus an t-ullmhúchán a rinneadh chun comhdháil idirnáisiúnta ar líne a sholáthar dar teideal RIOT. Cúrsaí áite is ábhar don chomhdháil. Seoladh an Chomhdháil agus an coimisiún i mí na Samhna 2020 agus beidh sé ar siúl thar dhá lá in earrach na bliana 2021.

Cuireadh cistiú ar fáil do chláir eile faoi chistiú feidhmithe ó Éire Chruthaitheach:

 2020 Éire Chruthaitheach Tionscnamh ‘Déanta i Sligeach’  ‘Adjust Your Position’: Téatar Óige Shligigh  Anna Newell: Sing Me to The Sea/The Hawk's Well  Líonra ealaíontóirí: Sligeach laistigh den Stiúideo  Sárthaispeántas ‘Scoth Shligigh’  Comhaltas Trans-Atlantic Connections  Seisiúin scéalaíochta le Niall De Búrca  Sraith léachtaí ar líne le Shane Martin, síceolaí  Líonra ealaíontóirí Shligigh  Físeán ‘Sligo Colmcille 2021 Battle of the Books’  Sligo Musicfest  Leabhar Shligigh: Blue Raincoat Theatre Company

Cruinniú na nÓg, 2020

Tionscnamh suaitheanta den Chlár Éire Chruthaitheach is ea Cruinniú na nÓg. An cuspóir atá leis is ea acmhainneacht chruthaitheach leanaí agus daoine óga a chumasú.

Chuir Covid‑19 isteach ar imeachtaí sna leabharlanna i rith na hócáide bliantúla seo. Cuireadh Cruinniú na nÓg 2020 i Sligeach ar siúl ar líne ar an Satharn 13 Meitheamh ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Shligigh.

Spreagadh teaghlaigh agus daoine óga le páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí spraíúla saor in aisce ar líne, agus bhí rannpháirtíocht agus freagairt iontach ann i rith an lae.

Bhí cuid mhór comórtas ar siúl i rith an lae freisin. Reáchtáladh imeachtaí eile freisin amhail taispeántais cheardaíochta agus chriadóireachta, teicneolaíocht (priontáil 3T agus ceardlann Lego), seónna puipéad, ranganna léaráidí, scéalaíocht, agus go leor eile nach iad.

Bhí Cruinniú na nÓg ar siúl ag an am céanna leis an gceiliúradh bliantúil chun comóradh a dhéanamh ar lá breithe William Butler Yeats. Chuamar i gcomhar le Cumann Yeats i Sligeach, agus craoladh léamh filíochta le leanaí i rith an lae agus comhroinneadh é ar na meáin shóisialta.

Deich mBliana na gCuimhneachán, 2020

Clár Imeachtaí

 Comhairle Contae Phoblachtach 1920, Meitheamh 2020  Comóradh Céad Bliain ar Éirí Amach na Connaught Rangers san

India, 28 Meitheamh 1920: Ghlac Mary Henry (gariníon le James Gorman), Oliver Hawes, (garmhac le

Joseph Hawes), Danny Tiernan, (garmhac le William Tiernan) agus Ronan McGreevy, (údar agus iriseoir) páirt sa chomhrá seo, in éineacht le Micheál Ó Domhnaill a bhí ina Láithreoir agus ina chathaoirleach.  Frank Carty: Escape from Sligo Gaol: Cur i Láthair leis an Dr Pádraig Deignan inar tugadh cur síos ar scéal drámatúil an éalaithe sin agus ar shaol fir ó Shligeach a bhí fiontrach, spéisiúil agus tiomanta  Luíochán Mhuine Dhúltaigh: Luíochán a rinne an IRA ar phatról de chuid an RIC ag Muine Dhúltaigh, an

Ghráinseach, Co. Shligigh, 25 Deireadh Fómhair 1920  Luíochán Loch na Cáithe: Luíochán a rinne an IRA ar phatról gluaisteáin de chuid an RIC ag Loch na Cáithe,

Co. Shligigh, 30 Meán Fómhair 1920  Linda Kearns (1920/21): Linda Kearns, banaltra arbh as an Droim Ard, Co. Shligigh ó dhúchas di, a gabhadh i mí na Samhna 1920 agus airm á n‑iompar aici don IRA  Plé painéil le bunaitheoirí an fheachtais Lest Sligo Forgets: Cumann pobail is ea Lest Sligo Forgets a bhfuil mar aidhm leo Gairdín Cuimhneacháin a chruthú do na hóglaigh agus do na sibhialtaigh arbh as Chontae

Shligigh dóibh a fuair bás sa Chogadh Mór, 1914-1918  Stair na hEaglaise Comhthionólaí i Sligeach

Rinneadh poiblíocht do na himeachtaí go léir ar ardáin na meán sóisialta, Facebook, Twitter, Instagram agus Youtube ina measc. Tá na físeáin go léir le fáil ar chainéal Youtube Leabharlanna Shligigh.

This article is from: