105
FEIDHMIÚ NA SEIRBHÍSE LEABHARLAINNE AGUS CARTLAINNE Tá leabharlanna tuaithe i Sligeach ríthábhachtach do gach duine sa phobal, agus cuireann siad seirbhísí saor in aisce ar fáil lena n‑áirítear leabhair agus ábhair chlosamhairc a fháil ar iasacht, imeachtaí agus gníomhaíochtaí, rochtain ar ríomhairí agus ar Wi-Fi, agus seirbhísí priontála agus ar líne. Cuireadh na seirbhísí ar fionraí sa chéad ráithe nuair a fógraíodh go raibh paindéim dhomhanda ann. Cuireadh imeachtaí ar fáil ar líne agus tháinig méadú ar úsáid ríomh-sheirbhísí nuair a bhí na leabharlanna dúnta. Fógraíodh gur seirbhís bhunriachtanach atá i leabharlanna agus d’oscail siad arís i gCéim 2 de Threochlár an Rialtais (Meitheamh 2020). Bhí bainistíocht agus foireann na leabharlann ag ullmhú don athoscailt sin go déanach i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine. Cuairteanna ar leabharlanna
56,359
Laghdú 32% i gcomparáid le 2019
Eisiúintí foriomlána
127,846
Laghdú 63% i gcomparáid le 2019
Eisiúintí fisiciúla
57,886
Laghdú 34% i gcomparáid le 2019
Eisiúintí ar líne
69,960
Méadú 140% i gcomparáid le 2019
Ríomh-sheirbhísí leabharlainne:
Mar thoradh ar ranganna scileanna digiteacha, seirbhís do chustaiméirí ar an bhfón/ar ríomhphost, mar aon le feachtas margaíochta ar na meáin shóisialta, bhí an dara húsáid ba mhó á baint as BorrowBox i Leabharlanna Shligigh ar bhonn náisiúnta de réir mhéid an daonra. Tugadh 11,236 ríomhleabhar ar iasacht le BorrowBox Tugadh 12,856 ríomh-chlosleabhar ar iasacht le BorrowBox Tugadh 8,603 iris dhigiteach ar iasacht le RBDigital Léadh 198,060 alt i nuachtán le Press Reader Tugadh faoi 5,577 ceacht ríomhfhoghlama trí Universal Class Tugadh faoi 1,884 ríomhsheisiún foghlama teanga le Transparent Languages
An fhreagairt ar Covid-19
Mar fhreagairt ar threoirlínte sláinte agus sábháilteachta, rinneadh oibreacha i ngach leabharlann le gurbh fhéidir iad a oscailt go slán sábháilte i Meitheamh 2020. Cuireadh próiseas i bhfeidhm chun an stoc a chur ar coraintín mar bheart cáilíochta chun sábháilteacht na n‑úsáideoirí agus na foirne a chinntiú chun muinín a thabhairt dár gcustaiméirí.
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020