17 minute read
Seirbhísí Oidhreachta agus Caomhnaithe
Feidhm thábhachtach de Chomhairle Contae Shligigh is ea cosaint na hoidhreachta nádúrtha agus tógtha toisc gur sócmhainn í atá luachmhar aisti féin ach a fheabhsaíonn an t-eispéireas do thurasóirí agus cuairteoirí a thagann chun an Chontae, leis.
Oidhreacht
Advertisement
Lean an Oifig Oidhreachta uirthi ag obair le Fóram Oidhreachta Shligigh i rith 2020 le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Phlean Oidhreachta Chontae Shligigh (2016-2020). Tagann an Fóram le chéile gach ráithe. Féachann an Plean Oidhreachta le luach oidhreachta Shligigh a chosaint, a chaomhnú, a bhainistiú agus a chur chun cinn mar aitheantas ar an méid suntasach a chuireann sí le cáilíocht na beatha sna pobail agus le forbairt shocheacnamaíoch an chontae. Tá oifigeach lánaimseartha amháin san Oifig Oidhreachta, agus tacaíonn Comhairle Contae Shligigh leis an gclár oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Oidhreachta. Chuir an Chomhairle Oidhreachta leithdháileadh €38,000 ar fáil leis an bPlean Oidhreachta a chur i bhfeidhm in 2020. Ós rud é go bhfuil an Plean Oidhreachta reatha le teacht chun deiridh ag deireadh 2020, tabharfar faoi obair ullmhúcháin in R1 2021 leis an gcéad Phlean Oidhreachta eile a fhorbairt don tréimhse 2021-2025. In 2020 bhí an clár oibre dírithe ar fheasacht oidhreachta agus rannpháirtíocht le pobail a mhéadú, ar eaglaisí meánaoiseacha a chaomhnú, ar chur chun feidhme Chlár Seandálaíochta Pobail Shligigh atá ag leanúint ar aghaidh, agus ar phleananna caomhnaithe a chur chun cinn maidir le Carcair Shligigh, an Dún Glas, Sligeach agus Láthair Mhainistreach Dhroim Chliabh.
Bithéagsúlacht
Tá cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Shligigh curtha i ngníomh arís de bharr maoiniú a bheith curtha ar fáil tríd an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht. Chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú €36,910 ar fáil in 2020. Thacaigh sé sin le hullmhú plean bainistíochta maidir le tailte ainmnithe faoi úinéireacht na Comhairle sa Leathros agus le bainistíocht speiceas coimhthíoch ionrach.
Caomhnú Ailtireachta
In 2020, leithdháil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €131,350 san iomlán ar Chomhairle Contae Shligigh faoin Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha (11 tionscadal) agus faoi Chiste na Struchtúr Stairiúla (2 thionscadal - Teach an Teampaill agus Rabhchán Loingseoireachta an Fhir Miotail). I measc na dtionscadal atá i gceist tá deisiúcháin dín, deisiúcháin fuinneoige agus oibreacha ginearálta cobhsaíochta. Déanann an Oifig Oidhreachta maoirseacht ar na scéimeanna a n-úsáidtear deontais chaomhnaithe lena n-aghaidh agus faigheann comhairle ó Rannóga Pleanála agus Ailtireachta Chomhairle Contae Shligigh chuige sin.
Tionscadail
Ciste na Struchtúr Stairiúil, 2020
Maoiniú a Leithdháileadh
Teach an Teampaill
Rabhchán Loingseoireachta an Fhir Miotail €30,000
€25,000
FEAR MIOTAIL SHLIGIGH – OIBREACHA CAOMHNAITHE CURTHA I gCRÍCH
Tar éis dóibh beagnach ceithre seachtaine a chaitheamh ag glanadh, ag caomhnú agus ag péinteáil Fhear Miotail Shligigh, d’fhéadfá a rá go bhfuil aithne ní b’fhearr curtha ag Gavin Cogan agus James Cawley ó Maintenance Painting Systems (MPS) Ltd. ná mar atá curtha ag aon duine eile riamh ar cheann de na sainchomharthaí is cáiliúla i Sligeach.
Suite ar bharr plionta aolchloiche, níorbh fhéidir dul chomh fada leis an rabhchán loingseoireachta ach nuair a bhí an aimsir agus an taoide cheart ann. Ar roinnt laethanta, ní raibh siad in ann a bheith ag obair air ach ar feadh idir 2 agus 3 uair an chloig fiú. Thug an criú faoin na hoibreacha go cúramach agus is cinnte gur éirigh leo beocht a chur san Fhear arís.
Rabhchán loingseoireachta ón 19ú haois is ea Fear Miotail Shligigh, atá suite i lár an tseolbhealaigh idir an Ros agus Oileán na nOisrí i gCo. Sligeach. Tá an Fear Miotail ag díriú báid isteach go Cuan Shligigh go slán sábháilte ó bhí 1821 ann agus tá fós.
Leithdháil an tAire Stáit, Malcolm Noonan, TD, sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta deontas €25,000 faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil ar Chomhairle Contae Shligigh faoi chomhair oibreacha leis an bhFear Miotal a chaomhnú. Chuir Comhairle Contae Shligigh an méid céanna ar fáil, leis.
Thug an Stiúrthóireacht Bonneagair agus an Oifig Oidhreachta i gComhairle Contae Shligigh faoin tionscadal i gcomhar le chéile. Bhí an tionscadal idir chasta agus dúshlánach ar roinnt cúiseanna: bhí sé suite i lár an tseolbhealaigh, bhí neart oibreacha caomhnaithe ag teastáil, agus is iomaí ceanglas sláinte agus sábháilteachta a bhí le comhlíonadh.
Is é Maintenance Painting Systems (MPS) Ltd. a rinne an Fear Miotail a chaomhnú, a ghlanadh agus a phéinteáil thar ceann Chomhairle Contae Shligigh. Rinne Calum Phillips, Bainisteoir Tráchtála MPS Ltd., bainistíocht ar an tionscadal ó cheannáras na cuideachta sa Ríocht Aontaithe. Rinne Duncan McLaren ó Dedalus Architecture maoirseacht ar an tionscadal ó thaobh an chaomhnaithe de, agus ba é Padraic Culkin ó RPS Maoirseoir Dearaidh an Tionscadail thar ceann Chomhairle Contae Shligigh.
Thug Daryl Ewing agus Johnny Gillen ó Ewing’s Sea Angling & Boat Charters an fhoireann chun an Fhir Miotail, agus is iad John Griffin agus a fhoireann ó Sligo Scaffold Hire a chur an scafall suas go cúramach. Chuir Albany Decorplan Sligo agus Bradite Industrial Coatings na hábhair phéintéireachta ar fáil saor in aisce go fial flaithiúil.
Tá an Fear Miotail ina fhoinse inspioráide do roinnt mhaith daoine leis na cianta, Jack B. Yeats ina measc, a thug léiriú ar an struchtúr ina phictiúr “Memory Harbour”. Le blianta beaga anuas, thug an feachtas ‘Save the Metal Man’ chun solais go raibh sé ag titim as a chéile agus rinne stocaireacht ar son a chaomhnaithe.
Choinnigh idir mhuintir na háite agus chuairteoirí ar an Ros súil ar dhul chun cinn na n-oibreacha agus is fíor go raibh ríméad ar gach duine a fheiceáil go raibh an Fear Miotail caomhnaithe ar ardchaighdeán.
Tá an Fear Miotail ina chúpla comhionann leis an bhFear Miotail ar an Trá Mhór, Co. Phort Láirge, agus cuireadh ar a charraig é siar in 1821. Tá raon 11 chiliméadar ag an rabhchán agus is é Fl (3) W 6.1 soicind a charachtar, atá sioncronaithe le hOileán na nOisrí. Ní lastar an solas ach san oíche ó 2003 i leith.
Tionscnamh na mBailte Stairiúla, 2020
Fuair timpeallacht thógtha stairiúil Shligigh tacaíocht agus infheistíocht a raibh géarghá leo tar éis an fhógra go raibh €220,787 bronnta ag an gComhairle Oidhreachta ar thionscnamh athbheochana a thabharfaí tús áite don oidhreacht do Shráid Uí Chonaill, Sligeach (Céim 1). Chuir Comhairle Contae Shligigh maoiniú meaitseála ar fáil, agus chuir úinéirí an fhoirgnimh maoiniú giarála ar fáil. Bhain naoi bhfoirgneamh stairiúla sa chuid theas de Shráid Uí Chonaill, Sligeach leas as Tionscnamh na mBailte Stairiúla in 2020. I measc na n-oibreacha caomhnaithe atá beartaithe faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla tá díonta agus simléir a dheisiú, earraí báistí d’iarann teilgthe a shuiteáil, fuinneoga saise agus doirse adhmaid a athbhunú, agus aghaidheanna siopaí stairiúla a dheisiú agus a athbhunú. Úsáidfear ábhair thraidisiúnta san obair agus beidh sí bunaithe ar an dea-chleachtas caomhnaithe.
Tionscnamh na mBailte Stairiúla – Wehrly Bros agus Hargadon Bros
An Ciste Séadchomharthaí Pobail, 2020
Is é croíchuspóir an Chiste Séadchomharthaí Pobail ná tacú le caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí áitiúla agus láithreán stairiúil. Tá roinnt bearta éagsúla ann arb aidhm leo oibreacha caomhnaithe a éascú ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith tábhachtach agus a bhfuil tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu, rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú agus seasmhacht séadchomharthaí a mhéadú le go mbeidh siad in ann éifeachtaí an hathraithe aeráide a sheasamh. In 2020, fuair Comhairle Contae Shligigh €41,750 faoin gCiste Séadchomharthaí Pobail, 2020 faoi chomhair Mhainistir Bhaile na gCloch, Caisleán Inis Crabhann agus Conair na Banríona Méabh.
Crann mór seiceamair ag bagairt ar bhallaí Mhainistir Bhaile na gCloch. Bainfear an crann go cúramach le tacaíocht ón gCiste Séadchomharthaí Pobail.
Scéim Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte
Tionscnamh í an Scéim Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, atá ina cuid de phacáiste beart tacaíochta náisiúnta agus áitiúla arb aidhm leo bailte agus sráidbhailte tuaithe ar fud na hÉireann a athbheochan trí Chlár Athghiniúna Tuaithe Thionscadal Éireann 2040. Tá an Scéim maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh ag na hÚdaráis Áitiúla.
De bhreis ar an nGnáth-Scéim Bhliantúil Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte, tugadh beart nua isteach mar fhreagairt ar COVID-19, i.e. an Beart Luathaithe.
D’éirigh le Comhairle Contae Shligigh faomhadh a fháil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le leas a bhaint as Scéim Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte 2020 i leith na n-áiteanna seo a leanas:
Suíomh Tionscadal Suim
Droim Chliabh
Inis Crabhann
Tobar an Choire Idirghabhálacha ríochta poiblí le nascacht/inrochtaineacht idir Droim Chliabh agus Ráth Chormaic a fheabhsú, eilimintí dealbhóireachta, agus léirmhíniú/comharthaíocht oidhreachta. Feabhas a chur ar an eispéireas do thurasóirí agus cuairteoirí ar Inis Crabhann, lena n-áirítear leithris phoiblí a athchóiriú agus ráillí sábháilteachta agus baoithe snámha farraige a shuiteáil ag an gCé.
Cur leis an tsiúlóid foraoise; bonneagar teicneolaíochtaí “CLISTE” agus córais fuinnimh inbhuanaithe a sholáthar d’fhoirgneamh fiontair pobail.
An Cheathrú Rua Bonneagar siúil a fhorbairt ar an gCeathrú Rua agus sa phurláin.
Baile Easa Dara
Baile an Mhóta
An Ros Athfhorbairt ar cheantair chúlchríocha le túsphointe rotharbhealaigh, áiseanna páirceála, tírdhreachú agus feabhsúchán gaolmhar a chruthú.
Bonneagar coisithe a sholáthar i lár an bhaile, feabhsúcháin ar an ríocht phoiblí, agus plean forbartha maidir le struchtúr oidhreachta tábhachtach.
Bonneagar do choisithe agus conláistí glasa a fhorbairt agus oibreacha gaolmhara tírdhreachaithe sa sráidbhaile. €100,000
€100,000
€70,000
€100,000
€100,000
€100,000
€100,000
Suíomh Tionscadal Suim
Baile Uí Dhálaigh
Tobar an Choire
Inis Crabhann
An Ghráinseach
Baile an Mhóta An cosán a leathnú agus a athdhromchlú.
Athdhromchlú ar Chearnóg Wolfe Tonn, lena n-áirítear comharthaíocht, tírdhreachú agus suíocháin.
Feabhsúcháin ar shráid-dreach cheantar gnó na Príomhshráide, chomh maith le margaíocht spriocdhírithe ar na meáin shóisialta d’fhonn cuairteoirí a mhealladh chun an cheantair. Taitneamhacht agus tarraingteacht lár Shráidbhaile na Gráinsí a mhéadú trí chosáin fheabhsaithe a chur ar fáil le scaradh sóisialta a éascú agus leis an sráid-dreach a fheabhsú.
Cosáin lúbtha a chur ar fáil le scaradh sóisialta agus rochtain ar an tír máguaird a éascú, chomh maith le lár an bhaile a fheabhsú. €25,000
€25,000
€25,000
€40,000
€25,000
Suíomh Tionscadal Suim
Baile an Tóchair Athchóiriú ar aonaid fiontair atá faoi úinéireacht an phobail.
Beannada
Fearann Uí Chearnaigh Oibreacha talún ag Mainistir Bheannada a chur i gcrích leis na saoráidí ilchuspóireacha a fheabhsú.
Conairí siúil lúbtha agus sráid-dreacha feabhsaithe a chur ar fáil.
Cúil Mhuine Maoiniú do Ghairdín Pobail i lár an bhaile.
An Chéis Uasghrádú ar bhonneagar na nbealaí siúil áineasa. €25,000
€40,000
€25,000
€25,000
€40,000
Suíomh Tionscadal Suim
Ráth Chormaic
Inis Uí Mhaolchluiche Bun an Fheadáin Idirghabhálacha bonneagair d’fhonn sábháilteacht agus inrochtaineacht a fheabhsú. Deisiúcháin ar lána na trá, feabhsúcháin ar an limistéar taitneamhachta agus deisiúcháin ar an mballa farraige.
Áiseanna do choisithe, suíocháin agus tírdhreachú. €40,000
€25,000
€25,000
Suíomh Tionscadal Suim
Sligeach Áiseanna Áineasa Sábháilte i bPáirc Réigiúnach Chliabhraí €40,000
Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh
Tá an Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh ina cuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe agus cuirfear maoiniú ar fáil fúithi le bonneagar nua áineasa lasmuigh a fhorbairt nó le bonneagar áineasa lasmuigh atá ann cheana a chothabháil, a fheabhsú nó a chur chun cinn.
Tionscadail a faomhadh faoi Bheart 1 – 2020
Tionscadal Cur Síos ar an Tionscadal Suíomh
Conair na Banríona Méabh Uasghrádú ar bhonneagar siúil.
Conair Foraoise Bhinn Ghulbain Uasghrádú ar an gconair.
Conair Bhealach an Choinicéir Uasghrádú ar charrchlós na gcuairteoirí agus feabhsú an chosáin.
Loch Bhun Duibhe Oibreacha deisiúcháin ar an gconair.
Bealach Shligigh
Tionscadal Uasghrádaithe Siúlóidí Shligigh Conair Charraig Dhúna Oibreacha uasghrádaithe agus feabhsaithe ar an gcuid den bhealach a théann trí Choill an tSleasa.
Co. Shligigh a mhargú agus a chur chun cinn
Uasghrádú/feabhsú na conaire Conair na Banríona Maeve, Cnoc na Riabh, Co. Shligigh Siúlóid Foraoise Bhinn Ghulbain, Gort an Rabhaidh, Co. Shligigh Bealach an Choinicéir, Caisleán Mhic Conchúir, Co. Shligigh Loch Bhun Duibhe, Cliafuine, Co. Shligigh
Coill an tSleasa, Loch Gile, Co. Shligigh
Co. Shligigh
Carraig Dhúna, Loch Gile, Co. Shligigh
Maoiniú a Faomhadh
€20,000
€20,000
€20,000
€20,000
€20,000
€20,000
€20,000
Siúlóid Abhainn Cúil Áine Cothabháil na siúlóide Cúil Áine, Co. Shligigh €16,650
Siúlóid Phortaigh na Mullach Uasghrádú agus deisiú na conaire atá ann cheana Na Mullacha, Tobar an Choire, Co. Shligigh €20,000
Tionscadail a faomhadh faoi Bheart 2 – 2020
Tionscadal Cur Síos ar an Tionscadal Suíomh
Tionscadal Uasghrádaithe Rochtana Bhinn Ghulbain
Tionscadal Uasghrádaithe Shiúlóid na Bantiarna Áine, an tEanach
Tionscadal Sínte Chonair Loch Tailt Feabhsú/leathnú ar na saoráidí páirceála i bhForaois Bhinn Ghulbain, áit a bhfuil an-tóir uirthi, lena n-áirítear spásanna nua do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta, limistéar casta bus, comharthaíocht léirmhínithe agus treorach agus tírdhreachú.
Uasghrádú/leathnú Shiúlóid na Bantiarna Áine ina bealach easbhóthair 2 chiliméadar gan bhriseadh ó bhaile Shligigh go dtí an tEanach, síneadh chun timbhealach 4 chiliméadar a chruthú, mar aon le feistis, comharthaíocht, eilimint dealbhóireachta agus gníomhaíochtaí promóisin.
Is éard atá i gceist leis an tionscadal seo ná conair nua a thógáil le go mbeifear in ann an chuid den chonair lúbtha a théann ar an mbóthar faoi láthair a chur ar mhalairt slí agus, ar an gcaoi sin, áis easbhóthair i bhfad níos sábháilte a chur ar fáil. Binn Ghulbain, Gort an Rabhaidh, Co. Shligigh
An tEanach, Loch Gile, Co. Shligigh
Loch Tailt, Co. Shligigh
Maoiniú a Faomhadh
€198,000
€198,000
€198,000
Slí Bhéara-Breifne
Is slí siúil agus rothaíochta í Slí Bhéara-Breifne, atá suite i ndeisceart Shligigh agus a théann thar Loch Uí Ghadhra/Mainistir Réadáin. Tá sí maoinithe tríd an Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh agus tá obair fós á déanamh uirthi. Nuair a bheidh sí críochnaithe, beidh sí ina slí fadraoin áineasa idir Co. Chorcaí agus Co. an Chabháin. Fuarthas deontas freisin ón gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe le forbairt na slí a chur chun cinn tuilleadh.
Tionscadail an Aontais Eorpaigh
Tá Aonad Forbartha Geilleagraí C&E/LEO Chomhairle Contae Shligigh páirteach i roinnt tograí tionscadail de chuid an AE faoi láthair.
1. Interreg V
Clár Limistéar an Atlantaigh le bealach trasnáisiúnta rothaíochta a fhorbairt – Bealach EuroVelo 1. AtlanticOnBike (AoB) is ainm don tionscadal.
2. SARURE – INTERREG na hEorpa
Is iomaí dúshlán margaidh a bhíonn le sárú ag gnólachtaí tuaithe, rud a fhágann dodhéanta iad agus a mbíonn droch-iarmhairtí suntasacha ann dá bharr ó thaobh an chomhtháthaithe shóisialta agus chríochaigh de.
Tá sé i gceist ag Comhpháirtíocht SARURE cur agus cúiteamh a spreagadh ar na samhlacha éagsúla ar baineadh triail astu le deich mbliana anuas, chomh maith le plé ar na deiseanna a thugann margaí nua, an meascán nua seirbhísí, na roghanna nua maoinithe agus teicneolaíochtaí nua do FBManna inniu. Is fíor go bhfuil 99% de na FBManna san earnáil mhiondíola i gceantair thuaithe ina micreaghnóthaí, go mbíonn siad neamhchosanta ar ghéarchéimeanna agus go mbíonn neart bacainní roimh an nuálaíocht le cur díobh. Is é is aidhm leis an tionscadal ná beartais na réigiún comhpháirtíochta a fheabhsú d’fhonn tacú le FBManna san earnáil mhiondíola nuálaíocht a dhéanamh, a bheith níos iomaíche agus teacht slán ar deireadh. Ós rud é go bhfuil réigiúin fud fad na hEorpa thíos leis an bhfadhb seo, meastar go bhfuil Interreg na hEorpa ina fhóram iontach le plé a dhéanamh ar thaithí mhaith agus ar bheartais ar éirigh go maith leo.
3. TrailGazersBid
Tionscadal de chuid an AE faoi Chlár Limistéar an Atlantaigh. Comhpháirtí Tionscadail: Tá Trail Gazers ag iarraidh mionscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí siúlóidí agus conairí áineasa a úsáid le borradh a chur faoi fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta i ngeilleagair agus pobail bheaga tuaithe ar bhealach a bheadh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
4. Tide
Tionscadal de chuid an AE é TIDE, a thagann faoi Chlár Limistéar an Atlantaigh. Féachann an sé le sócmhainní agus seirbhísí cultúrtha agus oidhreachta poiblí a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn.
COTHROMAÍOCHT DHEARFACH AG AN DARA COISTE STIÚRTHA DE TRAILGAZERSBID
D’aimsigh na comhpháirtithe spás fíorúil ina bhféadfaidís a gcuid saothar a chur i láthair agus na chéad chéimeanna de chur chun feidhme éifeachtach an tionscadail Eorpaigh seo a chur ar taispeáint, is tionscadal a chuireann forbairt inbhuanaithe pobal tuaithe chun cinn ar ocht gcosán phíolótacha i Limistéar an Atlantaigh.
Thug an fhoireann cur i láthair ag an dara Coiste Stiúrtha ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ar a dtograí teicniúla deireanacha agus ar chur chun feidhme na n-ocht gconair a bhí páirteach sa chlár píolótach seo. An sprioc? Teicneolaíocht agus eispéiris a chomhroinnt i dtreo forbairt chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na limistéar nádúrtha agus na ndaoine a bhfuil cónaí mórthimpeall orthu.
Beidh an tionscadal ar siúl go dtí mí an Mhárta 2022 agus, déanfaidh sé toradh socheacnamaíoch na n-infheistíochtaí i mbonneagar conaire a thomhas d’fhonn critéir a shainiú maidir le céard is éifeachtúlacht níos mó ann i ndáiríre. Breathnóidh sé freisin ar fheabhsuithe ar an gcaoi a gcuirtear na spásanna nádúrtha seo chun cinn le teicneolaíochtaí nua, ar nós líonraí sóisialta, réaltacht bhreisithe agus uirlisí margaíochta digití.
Tá pleananna píolótacha turais ag ocht gcinn de na 10 gcomhpháirtí atá ag glacadh páirt sa tionscadal: Plazaola
(Navarra), Chemin De Mémoires (an Bhriotáin), Taith Taf (an Bhreatain Bheag Theas), La Caldera de Taburiente (na hOileáin Chanáracha), Lúb Chnoc na Riabh/Chill Easpaig Bhróin (Iarthuaisceart na hÉireann), Lábán Inse (Tuaisceart na hÉireann), an Sliabh Beannaithe (an Phortaingéil) agus na Seacht nGleann Chrochta (an Phortaingéil).
Cothromaíocht agus monatóireacht
Is é b’aidhm leis an gcruinniú ar líne ná monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhí déanta le cúpla mí anuas agus na chéad chomhchéimeanna eile a leagan amach.
Moladh Conairí Chnoc na Riabh/Chill Easpaig Bhróin don Choiste Stiúrtha lena gcur san áireamh in uirlis ar líne a ligeann don úsáideoir sainaithint a dhéanamh ar na seirbhísí, na nithe is díol spéise agus na tréithe a bhaineann leis na pleananna éagsúla turais. Ceann de láidreachtaí Chonairí Chnoc na Riabh/Chill Easpaig Bhróin ná gur féidir dhá eispéireas áineasa ar leith a thabhairt le chéile agus níos mó ná 11 chiliméadar de chonair a chur chun cinn ina aon turas. Tá Sráidbhaile an Leathrois ag croílár na gconairí chomh maith, áit a bhfuil seirbhís mhaith iompair phoiblí ar fáil.
Láidreacht eile atá ag baint leis na conairí i Sligeach ná gur áiseanna seanbhunaithe áineasa iad a bhféadfaí cur leo amach anseo. D’fhéadfaí na rudaí céanna a chur le conairí eile i gCo. Shligigh ansin. Tabharfaidh an tionscadal deashampla do na conairí eile de chuid Shiúlóidí Shligigh ar fud an chontae agus cuirfidh bonn eolais agus tuisceana faoina mbainistiú agus faoina gcur chun cinn.
Buiséad €2.5 milliún
Tá TrailGazersBID cómhaoinithe ag Clár an Limistéir Atlantaigh de Interreg agus ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus tá buiséad €2.5 milliún ag baint leis.
Léiríonn an staidéar ar na hocht gconair phíolótacha go bhfuil deis ann do dhaoine áitiúla, do ghrúpaí pobail, d’eagraíochtaí bardasacha nó do chomhlachtaí beaga dul i gcomhar le chéile le tionscnaimh nua turasóireachta dúlra a fhorbairt. Cuirfear na heispéiris a eascróidh as an bpróiseas seo i dtoll a chéile ina bpacáiste uirlisí inaistrithe i gcomhair pleananna turais inbhuanaithe a bhainistiú agus a chur chun cinn. Borradh faoi fhorbairt tuaithe.
Iascach Intíre Éireann
Rinneadh iarratas in 2019 maidir le Siúlóid na Duibhe agus d’éirigh leis. Feabhsaíodh go suntasach an rochtain i gcomhair áineasa ar stráice 1.2 ciliméadar den Duibh i gContae Shligigh. Maoiniú meaitseála €5,000 de dhíth.
An Ciste Athbheochana agus Forbartha Uirbí
Plás Cultúrtha Shligigh:
Tá sé seo ar aon dul le Tionscadal Caipitil Fháilte Éireann. Rinneadh iarratas ar mhaoiniú faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí agus bronnadh €750,000 ar an tionscadal. Cuireadh tús leis an obair in 2020. Ríocht Phoiblí Shligigh á Cur i bhFeidhm – €19.16 milliún
An Ciste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe
D’éirigh le hiarratas in 2020 ar mhaoiniú faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe.
1. Catagóir 2, 2020 - Tionscadal Athbheochana Thobar an Choire – €222,000.
Tá oibreacha féidearthachta ar bun faoi láthair.
Maoiniú a bronnadh in 2019 a úsáideadh in 2020
2. Catagóir 1, 2019 – Conair Yeats €500,000. Tá na hoibreacha forbartha ar siúl faoi láthair. 3. Catagóir 2, 2019 - Pailliún agus Folcadáin Aille Inis Crabhann €131,000. Tá oibreacha féidearthachta ar bun faoi láthair.
Maoiniú meaitseála ag teastáil le haghaidh gach tionscadail 1. €74,000 2. €170,000 3. €43,000
Maoiniú Meaitseála
Cuireadh maoiniú ar fáil faoi Ranníocaíochtaí Meaitseála do 2020 le ligean don Chomhairle deiseanna a thapú a d’fhéadfadh teacht chun cinn le roinnt scéimeanna agus cláir dheontais a tharraingt anuas agus a mheaitseáil le linn na bliana. Áitrítear leo siúd tionscnaimh faoi na ceannteidil forbairt turasóireachta agus áineasa, forbairt gheilleagrach, ionchuimsiú sóisialta, forbairt tuaithe/phobail, srl.