1 minute read

Cúrsaí Soláthair

Next Article
Mótarcháin

Mótarcháin

Is é príomhchuspóir Chomhairle Contae Shligigh ó thaobh soláthair de an luach is fearr ar airgead a fháil agus gach treoir ón Aontas Eorpach, an reachtaíocht náisiúnta, an beartas maidir le soláthar poiblí, na ciorcláin agus na treoirlínte go léir a chomhlíonadh ag an am céanna. Cuimsítear leis na príomhphrionsabail soláthair an chothroime, an oscailteacht, an trédhearcacht, aitheantas frithpháirteach, an neamh-idirdhealú, agus an chomhréireacht.

Baineann Comhairle Contae Shligigh leas gníomhach as socruithe soláthair náisiúnta nuair atá siad oiriúnach dár riachtanais.

Advertisement

An Oifig Soláthair Rialtais agus Ionad Soláthair Oibriúcháin na Rialtas Áitiúil a chuir na socruithe sin i bhfeidhm.

Tá an Rannóg Soláthair faoi threoir an Oifigigh Soláthair, agus is é cuspóir na Rannóige acmhainn thiomnaithe inmheánach a chur ar fáil don eagraíocht i ndáil le ceanglais maidir le Soláthar Poiblí.

Ceann na Rannóige Airgeadais atá freagrach go foirmiúil as an Rialachas Soláthair.

Tá an soláthar díláraithe laistigh den eagraíocht agus tá ceannaitheoirí i ngach réimse den chomhairle. Déantar formhór an tsoláthair ardluacha ar an dá thairseach soláthair leictreonacha: www.etenders.gov.ie agus www.SupplyGov.ie. Soláthraithe a bhfuil spéis acu tairiscint a chur isteach ar chonarthaí, ba cheart dóibh a bheith cláraithe leis an dá thairseach sin.

In 2020, chuaigh Comhairle Contae Shligigh chun an mhargaidh le 182 deis tairisceana maidir le soláthar earraí agus seirbhísí nó conarthaí le haghaidh oibreacha. Mar thoradh ar phaindéim Covid‑19 a tháinig sa mhullach orainn gan choinne, ba ghá trealamh cosanta pearsanta iomchuí, seirbhísí glantacháin, trealamh TF agus comharthaí a fháil go práinneach, agus ba ghá tabhairt faoi oibreacha práinneacha chun athruithe a dhéanamh ar fhoirgnimh phoiblí agus ar spásanna poiblí.

This article is from: