4 minute read

Páirceanna agus Áineas

Aithníonn Comhairle Contae Shligigh a thábhachtaí atá soláthar leordhóthanach spásanna oscailte atá suite go háisiúil ar fud na cathrach. Mealltar daoine le cur fúthu, dul i mbun oibre, teacht ar cuairt, agus infheistíocht a dhéanamh i limistéir ina bhfuil bonneagar áineasa glas ardchaighdeáin ar fáil. Leag an phaindéim béim ar a thábhachtaí atá an bonneagar seo, ní hamháin chun críocha áineasa ach ar mhaithe lenár sláinte agus lenár sábháilteacht chomh maith.

Leanann Comhairle Contae Shligigh d’fhorbairt páirceanna agus bonneagair áineasa do Shligeach a chur chun cinn agus d’infheistíocht a dhéanamh ann. Bíonn dúshláin ag baint leis an soláthar cistiúcháin le haghaidh bonneagar agus cothabháil páirceanna, ach tá na comhaltaí tofa agus an fhoireann feidhmiúcháin tiomanta i gcónaí do bhonneagar glas ardchaighdeáin a fhorbairt agus a chothabháil. Leanfaidh an tSeirbhís Páirceanna, i gcomhairliúchán agus i gcomhar leis an bpobal, d’fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar áilleacht na timpeallachta áitiúla.

Advertisement

Lean an tSeirbhís Páirceanna de bhainistiú agus de chothabháil a dhéanamh ar réimse áiseanna atá ag dul i méid, lena n‑áirítear Páirc Dhúirle, Páirc Réigiúnach Chliabhraigh, Páirc Chnoc an Dúin, Páirc Mitchell Curley, Faiche an Aonaigh, Páirc Radharc na Mara, Promanáid Chéide Radharc na Mara, Salmon Point agus Faiche an Aonaigh. Anuas ar na páirceanna, agus le fáil i gcuid díobh, tá 11 pháirc imeartha, 6 áit súgartha, 6 MUGA, trealamh aclaíochta faoin spéir, cosáin agus rianta siúlóide/bogshodair/rothaíochta, limistéir áineasa, réimse limistéar tírdhreachaithe uirbeacha, 33 acra de spás oscailte atá tírdhreachaithe agus forbartha i bpáirt, agus 290 acra de spás oscailte neamhfhorbartha lena gcuimsítear coillearnach agus cosáin agus talamh féaraigh talmhaíochta neamhfhorbartha. Cuimsítear leis an obair chothabhála a rinne Rannóg na bPáirceanna i limistéir spáis oscailte gníomhaíochtaí amhail baint féir, bailiú bruscair, cothabháil agus feabhas ar limistéir thírdhreachaithe, cothabháil ar sconsaí, bainistiú agus cur crann, agus cothabháil ar shéadchomharthaí agus ar throscán páirceanna, agus leanadh de na gníomhaíochtaí sin go léir in 2020.

Bithéagsúlacht

Chruthaíomar roinnt cluainte bláthanna fiáine taobh le bóithre agus i bpáirceanna. Cuimsítear leis sin bláthanna fiáine a chur agus limistéir féir a bhainistiú trí theorainn a chur leis an líon uaireanta a bhaintear an féar sa bhliain. Déantar limistéir eile a bhainistiú de réir an mhana “Ná bain an féar – bíodh sé ag fás”. Mar thoradh ar an bhféar a bhaint níos déanaí san earrach agus go luath sa samhradh, tá borradh faoi bhláthanna áirithe, an caisearbhán go háirithe. Tá bláthanna fiáine ag fás go nádúrtha taobh le roinnt cosán srl. Chuireamar freisin leis an méid plandaí a thaitníonn le pailneoirí a bhíonn á gcur i nGairdín na mBeach againn.

Ligeamar don tsaileach agus don aiteann teacht chun cinn agus leathnú amach i limistéir chuí sna páirceanna agus sna spásanna oscailte. Plandaí is mó a thaitníonn leis na pailneoirí a chuireamar inár mboscaí bláthanna uirbeacha – antairíneam, lus buí Francach, tormán léana, cosmos srl – agus chuireamar crainn dhúchasacha óga lena n‑áirítear an cárthann agus an donnroisc.

Chuireamar leis an méid bláthanna san earrach agus go luath sa samhradh sna páirceanna agus ar thaobh an bhóthair, lena n‑áirítear níos mó bláthanna a thaitníonn le pailneoirí amhail dáthabha dubh, plúirín sneachta, cróch, hiasaint agus cineálacha allium.

Saoráidí

Is é seo a leanas liosta de na Páirceanna go léir mar aon leis na háiseanna i ngach páirc a bhíonn á mbainistiú agus á gcothabháil ag an Rannóg Páirceanna:

Páirc/Limistéar Taitneamhachta Saoráidí

Páirc Réigiúnach Chliabhraigh

Páirc Dhúirle

Páirc Mitchell Curley

Páirc Uí Bhaoill

Páirc Radharc na Mara

Páirc Seán Fallon

Áit súgartha do leanaí óga Páirc Eachtraíochta Hillside

M.C.R. Ionad Pobail

Páirc Bhaile Uí Theimhneáin

Promanáid Chéide Radharc na Mara

Salmon Point

Faiche an Aonaigh

• 1 Pháirc Rugbaí • 1 Pháirc CLG • 1 Chúirt Leadóige • 1 Láthair Bollaí • Conairí siúlóide/bogshodair/rothaíochta (tuilsoilse)

• 1 Pháirc Sacair • MUGA • Páirc Spraoi • Conairí siúlóide/bogshodair/rothaíochta (tuilsoilse) • Suíocháin

• 1 Pháirc Sacair • 1 Pháirc CLG • MUGA • Cúirt boules • Giomnáisiam Allamuigh agus Conair • Páirc Spraoi • Conairí siúlóide/bogshodair • Suíocháin

• 2 Pháirc Sacair • 1 Pháirc CLG • Seomraí gléasta in aice na páirce imeartha • MUGA • 2 Chúirt Chispheile (Tuilsoilse) • Conair siúlóide/bogshodair

• 1 Pháirc Sacair • MUGA • Páirc Spraoi

• 1 Pháirc Sacair

• Páirc Spraoi

• Páirc Spraoi

• Páirc Spraoi

• MUGA

• Limistéar taitneamhachta

• Limistéar taitneamhachta

• MUGA

Páirceanna imeartha

Leanann an Rannóg Páirceanna de mhaoirseacht agus rialáil a dhéanamh ar bhainistiú, cothabháil, cur in áirithe, agus ligean ar cíos an 11 pháirc imeartha i mBaile Shligigh. Tá páirceanna ardchaighdeáin sacair, CLG agus rugbaí ar fáil do chlubanna, eagraíochtaí agus scoileanna ar fud Shligeach lena dtógáil ar cíos. Freastalaíodh ar chlubanna spóirt agus ar ghrúpaí éagsúla agus cuireadh na páirceanna imeartha ar fáil an oiread agus ab fhéidir. Áirítear ardchaighdeán na bpáirceanna imeartha ó cheann ceann na bliana le córas leanúnach cothabhála páirceanna ardchaighdeáin lena n‑áirítear baint rialta an fhéir, draenáil dromchla, rialú fiailí, leasú, agus scraith a chur.

This article is from: