4 minute read

Teicneolaíocht Faisnéise

Déanann Rannóg na gCóras Faisnéise bainistiú ar chrua-earraí agus ar bhogearraí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide go léir de chuid na Comhairle. Tá an bonneagar seo le fáil in ionaid éagsúla sa chontae, agus bíonn sé in úsáid ag gar do 400 úsáideoir. Tá an rannóg freagrach as láithreáin ghréasáin agus meáin shóisialta na gcomhairlí, agus feidhmchláir ghréasánbhunaithe inmheánacha agus sheachtracha araon. Tá an rannóg freagrach freisin as bainistiú sonraí na gcomhairlí, agus cuimsítear leis sin freastalaithe comhad agus líon mór bunachar sonraí. Bíonn an bonneagar á athbhreithniú agus á bheachtú de shíor ag an rannóg faoi mar a thagann dúshláin nua chun cinn.

Bhí ról ríthábhachtach ag an Rannóg TF in 2020 leis an soláthar leanúnach seirbhísí teicneolaíochta faisnéise don chomhairle a chinntiú tráth a ndeachaigh Éire i ngleic le srianta Covid‑19.

Advertisement

Chuir foireann na rannóige réitigh i bhfeidhm go tapa le cur ar chumas na n‑úsáideoirí a bheith ag obair ón mbaile. Reáchtáladh cruinnithe fíorúla go fairsing agus tugadh tacaíocht teicneolaíochta faisnéise do bhaill foirne agus do chomhairleoirí le go bhféadfaí cruinnithe a reáchtáil i gcónaí. Cuireadh feabhas ar chúrsaí slándála freisin trína chinntiú go mbíonn fíordheimhniú iolrach chun líonra na comhairle a rochtain go cianda.

Ghlac Rannóg na gCóras Faisnéise obair bhreise lena n‑áirítear an Deasc Freagartha do Ghlaonna ón bPobal a chur ar bun agus an acmhainneacht do ghnóthais áitiúla le cur isteach ar Dheontais Atosaithe Gnó ar láithreán gréasáin www.sligococo.ie. Bhí ról mór ag foireann na rannóige chun rannán nua ar an bhFolláine a fhorbairt ar láithreán gréasáin na comhairle, agus d’aistrigh an rannán sin ina fheachtas Fan Folláin in 2021 https://www.sligococo.ie/keepwell. Cuireadh cruinnithe na comhairle ar siúl in ionaid éagsúla in 2020, mar shampla an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, agus Ionad Spóirt Shligigh. Rinne Rannóg na gCóras Faisnéise na cruinnithe sin a éascú trí chóras plé móibíleach a fháil agus trí sheirbhísí tacaíochta TF a chur ar fáil.

Bliain dhúshlánach ab ea 2020 don fhoireann tacaíochta teicniúla mar lean an fhoireann dá tiomantas chun seirbhís tacaíochta teicniúla ardchaighdeáin a chur ar fáil d’úsáideoirí. Déanann an fhoireann líonra, ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine, córais teileafóin, fóin phóca, táibléid, gléasanna logála sonraí, agus SIManna na Comhairle a bhainistiú. Tháinig méadú mór ar an líon fadhbanna a cláraíodh leis an deasc chabhrach.

Cuireadh bogearraí Microsoft Office 365 i bhfeidhm ar bhonn píolótach in 2020 agus d’éirigh go maith leis. Uasghrádaíodh breis is 60 úsáideoir agus tá sé beartaithe go mbeidh Office 365 in úsáid ag na baill foirne go léir faoi dheireadh 2021.

Reáchtáladh cruinnithe na Comhairle in ionaid éagsúla in 2020 de dheasca na srianta i ngeall ar Covid‑19

Oifigeach Leathanbhanda

Lean an tOifigeach Leathanbhanda de chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a éascú ar fud an chontae. Leanadh den obair de sheirbhísí leathanbhanda gan sreang a sholáthar in 2020 in ainneoin na gcúinsí thar a bheith deacair. Tá Pointí Nasctha Leathanbhanda á suiteáil chun Wi-Fi tiomnaithe ardluais, idir laistigh agus lasmuigh, a chur ar fáil in ionaid phobail ainmnithe agus hallaí spóirt ar fud an chontae, agus tá na bpointí sin á gcur i bhfeidhm de réir a chéile in 2021.

Faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, tá 14,800 áitreabh ar an liosta i limistéar idirghabhála an Stáit i gContae Shligigh nach bhfuil rochtain ar leathanbhanda ar ardluas acu. Tá sé beartaithe go mbeidh 2,513 de na háitribh sin réidh le nascadh le leathanbhanda ardluais in 2021. Ón malartán réigiúnach i mbaile Shligigh atá an chéad limistéar feidhme, agus rachfar ar aghaidh uaidh sin (dath buí ar an léarscáil thíos). Tá suirbhé agus dearadh déanta le haghaidh an limistéir sin, agus tá sé beartaithe an clár a chur i bhfeidhm sa tríú nó sa cheathrú ráithe de 2021. Leanfar ar aghaidh ansin den chlár a chur i bhfeidhm sna limistéir eile i gcontae Shligigh.

Forbraíodh straitéis dhigiteach don chontae agus ghlac an Chomhairle í ag cruinniú na Comhairle i Samhain 2020. Forbraíodh an straitéis i gcomhar le páirtithe leasmhara éagsúla ó na hearnálacha go léir sa chontae lena n‑áirítear gnó, oideachas, saoránaigh agus pobail. Táthar ag tosú anois ar na pleananna gnímh atá leagtha amach sa straitéis a chur chun feidhme.

Tá sé mar aidhm ag an gComhairle Wi-Fi poiblí a chur ar fáil timpeall an Chontae agus tá an Chomhairle gníomhach chun an scéim WiFi4EU a chur i bhfeidhm i bpobail éagsúla. Faigheann an scéim WiFi4EU cistiú ón Aontas Eorpach agus ón Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Forbartha Pobail, agus is í an Chomhairle a íocann as na costais reatha. Cuirfear Wi-Fi poiblí ar fáil in 20 ionad i dtosach, agus d’fhéadfaí cur leis an scéim amach anseo.

This article is from: