1 minute read

An tSeirbhís Tréidliachta

Sábháilteacht Bia

In ainneoin na srianta ó thaobh Covid‑19 de, leanann Comhairle Contae Shligigh den reachtaíocht go léir maidir le sábháilteacht bia a chur i bhfeidhm faoin gConradh Seirbhíse idir Comhairle Contae Shligigh agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Cuimsítear leis sin maoirseacht a dhéanamh ar dhá sheamlas agus ar dhá ghléasra bheaga feola. Tá an cistiú bunaithe ar Chonradh Seirbhíse a caibidlíodh go náisiúnta idir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus CCMA. Bhí an chaibidlíocht deacair go maith idir an tÚdarás agus CCMA maidir le cistiú, ach thángthas ar chomhaontú ag deireadh na bliana 2020 síneadh bliana a chur leis an gconradh. Tá todhchaí fhadtéarma na seirbhíse á plé i gcónaí.

Advertisement

Leas Ainmhithe

Leanann an Chomhairle den Acht um Rialú Capall a chur i bhfeidhm, agus tá laghdú mór tagtha ar an líon capall a thréigtear. Feidhmítear an conradh maidir le hurghabháil capall faoi chreat náisiúnta.

Lean seirbhís na Maor Madraí d’fheidhmiú faoi shrianta Covid‑19. Tháinig laghdú mór ar an líon madraí a tógadh isteach, agus níor cuireadh madra ar bith chun suain in 2020 sa tearmann. Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an athshocrú madraí ón tearmann in éineacht le roinnt eagraíochtaí carthanachta, ach d’fhéadfadh an éiginnte maidir leis an mBreatimeacht cur isteach air sin mar seoltar cuid mhaith de na madraí chuig an Ríocht Aontaithe. Rinneadh cigireachtaí ar bhunaíochtaí póraithe madraí in 2020. Rinne bunaíocht amháin a ceadúnas a athnuachan ach roghnaigh bunaíocht eile gan a ceadúnas a athnuachan. Chuir an Post agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil tús le córas nua ceadúnúcháin do mhadraí in 2018, agus seolann an Post amach na chéad litreacha meabhrúcháin anois. Tá tairseach ar líne ag an gcóras chun ceadúnas madra a fháil, agus tá an-tóir air sin ó cuireadh tús leis i samhradh na bliana 2018.

This article is from: