7 minute read

Cáilíocht an Uisce, Truailliú Aeir agus Truailliú de dheasca Torainn

CÁILÍOCHT AN UISCE, TRUAILLIÚ AEIR & TRUAILLIÚ DE DHEASCA TORAINN

Bainistíocht Dobharcheantair

Advertisement

Is í an Chreat-Treoir Uisce ón Aontas Eorpach an phríomhreachtaíocht a bhaineann le cosaint cháilíocht an uisce dromchla, an screamhuisce, an uisce taoide agus an uisce cósta in Éirinn. Tá obair ar siúl ar bhonn náisiúnta ar an dara timthriall de chur chun feidhme na Treorach in Éirinn. D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil an Plean Bainistíochta Abhantrach d’Éirinn, 2018-2021, i mí Aibreáin 2018. Faoi fhorálacha an Phlean, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí comhordú a dhéanamh ar a mbeartais, a bhfeidhmeanna agus a n‑oibríochtaí chun dobharlaigh a bhfuil dea-stádas acu anois a chothabháil agus chun feabhas a chur ar dhobharlaigh nach bhfuil sásúil faoi láthair. Bíonn ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla chun cláir na mbeart atá sonraithe sa Phlean a chur i bhfeidhm ina limistéar feidhme.

Tá comhairliúchán ar siúl freisin agus é mar aidhm leis Plean Náisiúnta Bainistíochta Abhantraí nua a sheachadadh don tríú timthriall de chur chun feidhme na Creat-Treorach Uisce. Déanfar comhairliúchán mór leis an bpobal agus le gníomhaireachtaí stáit eile chun an plean bainistíochta nua a tháirgeadh.

Lean Comhairle Contae Shligigh den chaidreamh leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus le gníomhaireachtaí stáit eile in 2020 maidir le cur i bhfeidhm an phlean reatha agus ullmhú an phlean náisiúnta nua. Cuireadh coistí bainistíochta agus oibriúcháin ar bun, agus ghlac Comhairle Contae Shligigh páirt ghníomhach i bpróiseas an chur chun feidhme in 2020.

Ar bhonn náisiúnta, cuirtear an bhéim ar bhainistíocht chomhtháite dobharcheantair agus baineann sé go príomha leis na limistéir shonracha oibre seo a leanas, ar tugadh tús áite dóibh i gcónaí in 2020:

 Ceadúnú agus forfheidhmiú sceití eisiltigh ó fhoinsí trádála agus teaghlaigh isteach in uiscí faoin Acht Rialtais

Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977, arna leasú.  Moltaí pleanála inrochtana le aghaidh forbairtí teaghlaigh, tráchtála, talmhaíochta agus foraoiseachta i dtéarmaí an tionchair ar an gcomhshaol, le tagairt ar leith do chosaint cháilíocht an uisce.  An Plean Cigireachta Náisiúnta a chur chun feidhme le haghaidh córais cóireála fuíolluisce tí mar atá foilsithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, agus cur chun feidhme na nósanna imeachta cigireachta a tugadh isteach le déanaí le haghaidh córais cóireála fuíolluisce tí i nDobharcheantair

Ardstádais agus Limistéir Gnímh Tosaíochta atá sonraithe sa Phlean Náisiúnta Bainistíochta Abhantraí.  Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2017 (I.R. Uimh. 605 de 2017), arna leasú, a chur chun feidhme.

 Freagairt do ghearáin agus do cheisteanna a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil ginearálta, cáilíocht an uisce, agus cúrsaí pleanála.

Uisce Ólacháin

Is le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014 agus 2017, a rialaítear cáilíocht an uisce óil in Éirinn. Sainmhínítear sa reachtaíocht cé na paraiméadair a thástáiltear, agus minicíocht na monatóireachta. Rinneadh monatóireacht in 2020 ar gach soláthar uisce poiblí, gach grúpscéim uisce agus gach soláthar príobháideach beag i gcomhréir leis na ceanglais reachtúla agus leis na ceanglais atá leagtha síos ag Uisce Éireann nuair is ábhartha. Chuaigh Comhairle Contae Shligigh i dteagmháil le hUisce Éireann maidir le neamhchomhlíonadh/fadhbanna i ndáil le huisce óil, agus rinne an Chomhairle bainistíocht ar a gclár monatóireachta agus ar thuairisciú na dtorthaí maidir le huisce óil.

Lean Comhairle Contae Shligigh de ghníomhú mar an t‑údarás maoirseachta i ndáil leis an soláthar uisce trí ghrúpscéimeanna uisce agus soláthairtí príobháideacha beaga, agus rinne an Chomhairle bainistíocht ar mhonatóireacht na ngrúpscéimeanna agus na soláthairtí in 2020 lena chinntiú go raibh ceanglais na Rialachán Uisce Óil á gcomhlíonadh. Chuaigh Comhairle Contae Shligigh i dteagmháil le FSS maidir le neamhchomhlíonadh i ndáil le huisce óil.

Bhí srian ar an leibhéal oibre a rinneadh ar sholáthairtí neamhrialaithe in 2020 de dheasca srianta ar acmhainní.

Uisce Snámha

Chomhlíon Comhairle Contae Shligigh ár gceanglais reachtúla i ndáil leis na Rialacháin maidir le hUisce Snámha mar a léirítear thíos:

 Uiscí snámha a aithint  Ullmhú agus bainistiú an chláir monatóireachta bhliantúil  Bainistiú, measúnú agus tuairisciú na dtorthaí maidir le huisce snámha  Bainistíocht teagmhas i ndáil le huisce snámha  Tuairisceáin uisce snámha a chur ar ais chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).

D’aithin Comhairle Contae Shligigh cúig thrá go foirmiúil in 2020 faoi na Rialacháin um Uisce Snámha, 2008:

 An Ros  Inis Crabhann  An Mullach Mór  An tSrithideach  Dún Móráin.

Rinneadh monatóireacht ar an uisce snámha ag na 5 thrá in 2020, agus rinneadh monatóireacht ar thrá an Leathrois freisin. Cuireadh torthaí na monatóireachta ar taispeáint go poiblí ag gach ceann de na tránna agus ar láithreán gréasáin na Comhairle i rith an tséasúir snámha. Cuireadh iarratas faoi bhráid an Taisce chun Bratach Ghorm agus Dámhachtain Cósta Ghlais a fháil.

Cuireann Pete, ár nOifigeach Sábháilteachta Uisce, agus beirt dár ngardaí tarrthála, fáilte roimh an mBratach Ghorm ag an Ros in 2020

Bratach Ghorm / Gradam an Chósta Ghlais

Tá cósta Shligigh ina chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus tá tránna iontacha gan mhilleadh ann ag bun sléibhte mórthaibhseacha.

Bhronn an Taisce Bratach Cósta Ghlais ar 3 thrá i Sligeach in 2020 (an tSrithideach, Dún Móráin agus an Ros), agus bronnadh Bratach Ghorm ar thrá amháin (an Ros) freisin. Ní bhfuair ach 5 thrá sa tír an dá bhratach in 2020, agus bhí Trá an Rois i Sligeach ar cheann de na tránna a bhain amach idir Bhratach Ghlas agus Bhratach Ghorm.

Chomhlíon an Ros critéir na Brataí Goirme go léir maidir le cáilíocht an uisce, acmhainní le haghaidh cuairteoirí, bainistíocht trá, oideachas comhshaoil, agus soláthar faisnéise. Ina theannta sin, chomhlíon an trá ceanglas na Brataí Glaise maidir le rannpháirtíocht an phobail i mbainistíocht an láithreáin.

Bhí 2020 ar cheann de na blianta ba ghnóthaí ar ár dtránna, agus tháinig daoine ina sluaite chuig na tránna go léir sa samhradh. Srianta Covid‑19 agus saoire sa bhaile ba chúis leis sin go príomha, mar aon leis an dea-aimsir.

Bhronn an Taisce Bratach Ghlas ar Thrá Dhún Móráin Bhronn an Taisce Bratach Ghlas ar Thrá na Srithidí Bhronn an Taisce Bratach Ghlas agus Bratach Ghorm ar Thrá an Rois

Sábháilteacht Uisce

Chuir Comhairle Contae Shligigh gardaí tarrthála ar fáil i rith an tséasúir snámha in 2020 ar na tránna in Inis Crabhann, Dún Móráin, an tSrithideach, agus an Ros, mar aon le maor trá ag an Leathros. Níor cuireadh aon gharda tarrthála ar fáil ar an Mullach Mór mar gheall ar imní leanúnach ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de. Cuireadh trealamh tarrthála poiblí ar fáil in áiteanna eile gar don uisce freisin. Tógtar isteach cuid den trealamh sin sa gheimhreadh, ach bíonn cuid mhór den trealamh ar fáil i rith na bliana ar fad. Déantar cigireacht thréimhsiúil air, agus déantar é a dheisiú nó a athsholáthar faoi mar is gá má fheictear go bhfuil drochbhail air nó gur cuireadh isteach air nó gur tógadh ón láthair é. Crochadh fógraí rabhaidh bhreise i roinnt áiteanna freisin mar thoradh ar an líon níos mó daoine a úsáideann na fóntais sin. Chuamar i dteagmháil freisin le Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus leis an gCoiste Sábháilteachta Uisce áitiúil, agus le roinnt páirtithe leasmhara eile, maidir le saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht uisce.

Aibhneacha agus Locha

Rinne Comhairle Contae Shligigh bainistíocht agus maoirseacht ar an gclár monatóireachta lochanna agus thug an Chomhairle faoin monatóireacht ar aibhneacha i gcomhréir leis an gClár Monatóireachta Náisiúnta de chuid GCC.

Loch Bó Loch Uí Ghadhra Loch Gile

Rialú torainn

Cuireann an Rannóg Comhshaoil comhairle agus faisnéis ar fáil maidir le torann ó thithe cónaithe agus ó áitribh thráchtála faoin Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992.

Cáilíocht an Aeir

Leanann an Rannóg Comhshaoil de 1 Cheadúnas amháin um Thruailliú Aeir a fhorfheidhmiú. Cuireadh i gcrích suiteáil mhonatóir GCC le haghaidh cháilíocht an aeir ar an mbóthar faoisimh laistigh in 2020, agus ceannaíodh roinnt monatóirí níos lú le haghaidh cháilíocht an aeir chun tacú leis sin. Cuireadh iad sin lasmuigh d’oifigí Chomhairle Contae Shligigh agus i gceantar an Chrainn Mhóir, agus leanfar de shonraí a bhailiú ar cháilíocht an aeir sna ceantair sin. Úsáidfear na sonraí sin chun bonn eolais a chur faoi fheachtais faisnéise poiblí maidir lena thábhachtaí atá aer ar cháilíocht mhaith. Tá sé i gceist againn freisin dul ag obair as lámha a chéile le hinstitiúidí tríú leibhéal amach anseo chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as na sonraí atá ar fáil.

Cosc ar bhreoslaí deatúla

Thug an Roinn rialacháin nua isteach in 2012 lenar fairsingíodh an limistéar srianta maidir le breoslaí deatúla (gual biotúmanach) a chur ar an margadh, a dhíol agus a dháileadh. Faoi na rialacháin sin, cion is ea an cineál breosla sin a úsáid laistigh den limistéar srianta. Tá Comhairle Contae Shligigh freagrach as forfheidhmiú na Rialachán sin. Tá forfheidhmiú na rialachán dúshlánach i gcónaí, agus is gá do mhuintir Bhaile Shligigh agus an cheantair máguaird a gcuid nósanna a athrú maidir leis an gcineál breosla a úsáideann siad chun an teach a théamh. Mar sin féin, ba cheart go gcinnteofar leis na Rialacháin go ndéanfar an feabhas ar cháilíocht an aeir, rud atá le sonrú ó cuireadh na chéad rialacháin i bhfeidhm in 2003, a chothú agus a fheabhsú.

This article is from: