18 minute read

Seirbhísí Corparáideacha

I measc na seirbhísí a chuireann an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha ar fáil tá:

 Cruinnithe na Comhairle agus na gCeantar Bardasach a riar  Seirbhísí riaracháin a sholáthar don Chathaoirleach  Tacaíocht do chomhaltaí tofa

Advertisement

 Clár na dToghthóirí a chur i dtoll a chéile  Saoráil Faisnéise  Seirbhísí meán agus faisnéise a sholáthar. Seirbhísí do chustaiméirí a riar agus a chur ar fáil.  Scéim Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.

Chomh maith leis na cruinnithe iomlánacha agus na cruinnithe de na Ceantair Bhardasacha, comhordaíonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha cruinnithe de Ghrúpa Beartais Chorparáidigh, Comhchoiste Póilíneachta, Coistí Beartais Straitéisigh, Coiste Comhairleach Míchumais, Coiste Nósanna Imeachta, Coiste Nasctha agus Coiste Iniúchóireachta na Comhairle.

AN CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE A TIONÓLADH IN AIRÉINE CHNOC NA RIABH

Rud úrnua ab ea é nuair a thionóil Comhairle Contae Shligigh a cruinniú míosúil do mhí na Bealtaine in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Cé gur thionóil Údaráis Áitiúla ar fud na tíre cruinnithe ‘fíorúla’ nó cruinnithe beaga le córam le seachtainí beaga anuas, creidtear gurb í Comhairle Contae Shligigh an chéad Údarás Áitiúil a tháinig le chéile i seisiún iomlán ó tugadh isteach bearta éigeandála Covid-19.

An cruinniú míosúil do mhí na Bealtaine in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach

Ionadaíocht Áitiúil agus Ceannaireacht Shibhialta

Tacaíocht Riaracháin don Chathaoirleach

Tugann an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha tacaíocht riaracháin don Chathaoirleach agus do chathaoirligh na gCeantar Bardasach. In 2015, cuireadh ‘Scéim Gradam an Chathaoirligh’ ar bun arís, is tionscnamh a ceapadh ar an gcéad dul síos le luach saothair a thabhairt d’oibrithe deonacha a dhéanann éacht dá bpobal.

Ag searmanas i Halla an Chontae i mí na Nollag 2019, bronnadh gradaim sna catagóirí Ealaíona agus Cultúr, Pobal, Comhshaol agus Oidhreacht, Scoileanna, Fiontar Óg, Spóirt, agus ‘Spiorad Shligigh’.

Déanann an Chomhairle fáiltithe cathartha agus fáiltithe an Chathaoirligh a óstáil chomh maith chun ómós a thabhairt do dhaoine a thugann seirbhís ar leith don chontae nó a dhéanann gaisce.

D’óstáil an Méara Gino O’Boyle agus Coiste Lá Fhéile Pádraig Shligigh ócáid an-speisialta ag Halla na Cathrach ar an 10 Feabhra lena cheiliúradh go raibh Paráid Fhéile Pádraig Shligigh 50 bliain ar an bhfód. Bronnadh bonn óir comórtha ar iar-chomhaltaí an choiste le comóradh a dhéanamh ar an méid a rinne siad síos trí na blianta ar son na hócáide bliantúla a thugann an pobal ar fad le chéile.

D’óstáil Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, agus an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O'Grady, Ambasadóir na hIndia, a Shoilse Sandeep Kumar, i mí Iúil 2020.

Tugadh onóir do Chlub Rámhaíochta Shligigh i mí Eanáir 2020 ag fáiltiú i Halla an Chontae a bhí óstáilte i gcomhpháirt ag an gCathaoirleach, an Comhairleoir Tom MacSharry, agus an Méara, an Comhairleoir Gino O’Boyle.

COMHTHOGHADH ARTHUR GIBBONS CHUN CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH

Ag an gcruinniú míosúil a tionóladh Dé Luain in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, toghadh Arthur Gibbons d’aon toil le teacht i gcomharbacht ar an iar-Chomhairleoir Chris MacManus (atá ina FPE anois) tar éis dó éirí as.

D’fhóin an Comhairleoir Gibbons ar iarChomhairle Buirge Shligigh ó 1999 go 2014. Chuir na Comhairleoirí eile fáilte roimhe chuig an Údarás, agus thug Comhairleoirí a d’fhóin leis an tráth sin chun cuimhne an tiomantas agus an taithí iontach a bhí aige sa ról sin Thug an Príomhfheidhmeannach Ciarán Hayes a fhocal don Chomhairleoir Gibbons go mbeadh tacaíocht an choiste gnó aige.

Ghabh an Comhairleoir Gibbons buíochas leis an gComhairleoir Healy, a d’ainmnigh é, agus ghuigh gach rath ar Chris MacManus ina ról nua san Eoraip.

TOGHADH AN CHOMHAIRLEORA MULVEY INA CHATHAOIRLEACH

Toghadh an Comhairleoir Dara Mulvey ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Shligigh ag an gcruinniú cinn bliana a tionóladh i mí an Mheithimh 2020 in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Toghadh an Comhairleoir Dónal Gilroy ina Leas-Chathaoirleach, leis.

Tá an Comhairleoir Mulvey ina Chomhairleoir ó bhí 2009 ann agus dúirt sé gur mhór an onóir dó a bheith ar an gcéad duine as Cúil Áine le dul i mbun na cathaoirleachta. D’admhaigh sé go raibh iarracht den bhrón ag baint leis an lá chomh maith mar gur cailleadh a dheartháir, John, ar na mallaibh.

Dúirt an Cathaoirleach go raibh sé ag tnúth le hobair a dhéanamh as lámha a chéile le Comhairleoirí agus leis an bhfoireann chun dúshláin a shárú agus deiseanna a thapú ar son mhuintir Chontae Shligigh. Creideann sé go dteastaíonn tacaíochtaí ar leith ó ghnólachtaí, ó scoileanna agus ó earnáil na talmhaíochta i bhfianaise na caoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair.

Chuir an Comhairleoir Mulvey in iúl go bhfuil an-luí aige le cumhacht an phobail agus go raibh sé ag tnúth le bheith ag obair le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh agus leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil chun tionscadail éagsúla a chur chun cinn agus a chur i gcrích i gcaitheamh a théarma.

Áirítear leis an iliomad mórthionscadal atá ar bun i gContae Shligigh scéim an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní agus Ionad Rothaíochta Sléibhe Chúil Áine, rudaí a bhfuil aird an phobail tarraingthe acu i gcian is i gcóngar.

Mhol an Cathaoirleach nua na meáin áitiúla as imeachtaí áitiúla a chlúdach go cothrom stuama agus thug a fhocal ag deireadh a óráide go n-oibreodh sé as lámha a chéile leis na comhaltaí agus leis an bhfoireann le Sligeach a fhás agus a fhorbairt.

TOGHADH AN CHOMHAIRLEORA ROSALEEN O’GRADY INA MÉARA

Líne Thosaigh: An Comhairleoir Gino O’Boyle, an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady, an Comhairleoir Arthur Gibbons Líne Chúil: An Comhairleoir Sinéad Maguire, an Comhairleoir Declan Bree, an Comhairleoir Tom MacSharry

Toghadh an Comhairleoir Rosaleen O’Grady ina Méara ar Cheantar Buirge Shligigh ag an gcruinniú cinn bliana a tionóladh Dé hAoine, an 19 Meitheamh. Mhol an Comhairleoir Bree an Comhairleoir O’Grady agus thacaigh an Comhairleoir MacSharry léi sular toghadh d’aon toil í. Toghadh an Comhairleoir Arthur Gibbons ina Leasmhéara.

D’iarr an Méara a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Gino O’Boyle, nóiméad ciúnais ag tús an chruinnithe i gcuimhne ar an mBleachtaire Garda Colm Horkan.

Dúirt an Comhairleoir O’Grady gur fháiltigh sí roimh an dúshlán agus go raibh sí ag tnúth le bheith ag obair le Comhaltaí Tofa agus Coiste Gnó na Comhairle chun Sligeach a fhás agus a fhorbairt. ‘Léiriú é an saol le cúpla mí anuas gurb í cumhacht an chairdis an bronntanas is mó atá againn. Is iontach an spiorad agus an teacht aniar atá le brath sa phobal ó thosaigh géarchéim COVID-19, agus tá misneach agus gairmiúlacht na n-oibrithe ar an líne thosaigh feicthe againn uile.’

Agus í ag tabhairt dá haire go bhfuil 2020 ainmnithe mar ‘bhliain na n-altraí agus na gcnáimhseach’, dúirt an Méara O’Grady ‘Mar iar-altra, creidim go mbaineann altraí agus gairmithe cúraim sláinte barr feabhais amach arís is arís eile le linn a ngairmréime, agus is léir ón méid atá tarlaithe le déanaí gur cheart dúinn go léir meas a bheith againn ar a ndéanann siad i gcónaí, ní hamháin sa bhliain reatha.’

Chuir an Méara nuathofa in iúl go raibh sí dóchasach faoina raibh i ndán do Shligeach. ‘Ní féidir le duine ar bith amhras a bheith air faoi na deacrachtaí geilleagracha agus sochaíocha atá le sárú againn de bharr phaindéim COVID19. Ach is iomaí cúis ann le bheith dearfach, agus tá beocht agus dóchas ag baint le cuid mhaith de na tionscadail atá á gcur ar fáil go háitiúil – an Plás Cultúrtha, Droichead an Oirthir, Bóthar Dáileacháin an Iarthair agus mórthionscadail chaipitil eile, cuir i gcás.

Tá an t-ádh orainn i Sligeach go bhfuil raidhse siúlbhealaí, conairí agus áiseanna ar leac an dorais againn, agus tá athrú ó bhonn tagtha ar phobail ar fud ár gcontae dá mbarr. Nuair a oibrímid i gcomhpháirtíocht ghníomhach le príomhghníomhaireachtaí áitiúla eile, níl aon teorainn leis an méid is féidir linn a bhaint amach.’

TOGHADH AN CHOMHAIRLEORA THOMAS WALSH INA CHATHAOIRLEACH AR CHEANTAR BARDASACH SHLIGIGH-DHROIM CHLIABH

Líne Thosaigh: An Comhairleoir Marie Casserly, an Cathaoirleach, an Comhairleoir Thomas Walsh, an Comhairleoir Tom Fox Líne Chúil: An Comhairleoir Thomas Healy, Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dónal Gilroy

Toghadh an Comhairleoir Thomas Walsh ina chathaoirleach ar Cheantar Bardasach Shligigh-Dhroim Chliabh ag an gcruinniú cinn bliana a bhí ar siúl Dé hAoine, an 19 Meitheamh. Mhol an Comhairleoir Casserly an Comhairleoir Walsh agus thacaigh an Comhairleoir MacSharry leis sular toghadh d’aon toil é. Toghadh an Comhairleoir Tom Fox ina Leas-Chathaoirleach, leis.

D’iarr an Méara a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Tom Fox, nóiméad ciúnais ag tús an chruinnithe i gcuimhne ar an mBleachtaire Garda Colm Horkan.

Ina óráid, ghabh an Comhairleoir Walsh buíochas leis ‘na hoibrithe riachtanacha a choinnigh slán sábháilte muid le trí mhí anuas agus leo siúd inár bpobail ar fud ár gceantair bhardasaigh a rinne a gcion féin le troid in aghaidh an víris le déanaí agus leis na rialacháin nua a chomhlíonadh. Rinneamar go léir ár seacht ndícheall lena chinntiú go mbeidh Sligeach ar an gcontae is fearr ó thaobh cásanna ionfhabhtaithe nua a chosc.

Tá súil agam ó chroí go mbeidh béim á leagan as an nua ar cheantair thuaithe in Éirinnagus go dtabharfaidh an Rialtas nua tosaíocht dhearfach do straitéis arb aidhm léi cothromaíocht a bhaint amach ó thaobh forbairt réigiúnach de. Ceist réigiúnach amháin ba mhaith liom a lua go sonrach is ea forbairt agus nuachóiriú ár nOspidéil Ollscoile, rud atáimid go léir ar aon intinn a bhfuil infheistíocht ag teastáil go géar uaidh.

Is am iontach spreagúil é dár gcontae. Tá an-chuid tionscadal caipitil ar bun againn agus go leor eile le tosú go luath, lena n-áirítear an N4, Bóthar Dáileacháin an Iarthair, athchóiriú Shráid Uí Chonaill, Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4/N15 (Sligeach), Plás Cultúrtha Shráid Stiofáin, Droichead Thoir na Garbhóige agus obair forbartha agus uasghrádaithe ar bhloic L agus K san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach.

Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt d’earnáil amháin a chreidim a bhfuil an oiread sin tuillte ónar gcontae aici. Tá thart ar 400 grúpa pobail deonach againn, ar nós coistí bailte slachtmhara, grúpaí dífhibrileora, grúpaí forbartha agus clubanna spóirt. Laochra neamhaitheanta iad na hoibrithe deonacha sin, a thugann a gcuid ama ar bhonn deonach le hobair fhíordhearfach a dhéanamh i sráidbhailte agus i bpobail ó cheann ceann an chontae. A oibrithe deonacha, go raibh míle maith agaibh.

AN CHOMHAIRLE CLARKE TOFA INA CHATHAOIRLEACH AR CHEANTAR BARDASACH BHAILE AN MHÓTA-THOBAR AN CHOIRE

Líne Thosaigh: An Comhairleoir Joe Queenan, an Cathaoirleach Michael Clarke, an Comhairleoir Martin Connolly

Líne Chúil: Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Paul Taylor, an Comhairleoir Gerard Mullaney, an Comhairleoir Dara Mulvey

Toghadh an Comhairleoir Michael Clarke ina chathaoirleach ar Cheantar Bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire ag an gcruinniú cinn bliana a bhí ar siúl Dé hAoine, an 19 Meitheamh. Mhol an Comhairleoir Joe Queenan an Comhairleoir Clarke agus thacaigh an Comhairleoir Dara Mulvey leis sular toghadh d’aon toil é. Toghadh an Comhairleoir Martin Connolly ina Leas-Chathaoirleach, leis.

D’iarr an Méara a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Paul Taylor, nóiméad ciúnais ag tús an chruinnithe i gcuimhne ar an mBleachtaire Garda Colm Horkan.

Ina óráid, dúirt an Comhairleoir Clarke go raibh sé ag tnúth le dul i gcomhar leis na Comhaltaí Tofa chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin go léir atá le sárú sa cheantar agus sa chontae.

Mhol an Comhairleoir Clarke an Príomhfheidhmeannach Ciarán Hayes agus an coiste gnó as na tionscadail go léir a cuireadh ar fáil agus atá á gcur chun cinn le blianta beaga anuas i Sligeach.

Ceann de na tosaíochtaí a bheidh aige ná plé le fadhbanna atá ag cur as dár bpobail tuaithe agus, chuige sin, tá sé beartaithe aige díriú isteach ar bheartais phleanála agus ar an gcaoi a bhfuil an ceart vótála á bhaint de vótálaithe i gceantair thuaithe.

Clár na dToghthóirí

Tá 56,892 toghthóir cláraithe ar Chlár na dToghthóirí, 2020/2021 i gContae Shligigh.

Tugtar faoi fheachtas faisnéise gach bliain d’fhonn a chur i gcuimhne do dhaoine go mbíonn de dhualgas orthu an clár a sheiceáil. Mar chuid den fheachtas, cuirtear fógraí sna nuachtáin áitiúla, ar na meáin shóisialta agus ar láithreán gréasáin na Comhairle. Crochtar póstaeir in Oifigí Poist, Stáisiúin Gardaí, Leabharlanna agus Oifigí Ceantair chun an pobal a spreagadh lena sheiceáil an bhfuil siad cláraithe. Rinne an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil athbhreithniú ar an bpróiseas clárúcháin toghthóirí, lenar áiríodh simpliú ar na foirmeacha agus ar an bpróiseas, clár rollach agus clárú leanúnach, an rogha le clárú ar líne agus aon bhunachar sonraí náisiúnta amháin a chumasú.

Tá sonraí faoin athbhreithniú le fáil ar www.registerreform.gov.ie

Seirbhísí Faisnéise

Soláthraíonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha seirbhísí faisnéise do na Comhaltaí Tofa, don fhoireann agus do na meáin, agus déanann monatóireacht agus nuashonrú ar ár láithreán gréasáin i gcomhpháirt leis an Rannóg TF. Tá an Rannóg freagrach freisin as preasráitis a eisiúint agus as freagraí ar cheisteanna ó na meáin a chomhordú. I measc na bhfoilseachán a tháirgtear tá an Tuarascáil Bhliantúil agus an Plean Corparáideach.

Saoráil Faisnéise

Ó tugadh isteach an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise in 1997 tá ceart ann chun rochtain ar thaifid oifigiúla atá i seilbh na Comhairle, mar aon le ceart go gceartófaí nó go nuashonrófaí faisnéis phearsanta i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

Fuarthas 83 iarratas ar shaoráil faisnéise san iomlán in 2020.

Cainéil Meán Sóisialta

Lean an Chomhairle uirthi ag baint úsáid réamhghníomhach as cainéil meán sóisialta le cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí agus le himeachtaí agus tionscnaimh de chuid an údaráis áitiúil a chur chun cinn. Tháinig méadú arís in 2020 ar líon na ndaoine a bhí ag leanúint chainéil meán sóisialta na Comhairle.

Foláirimh Éigeandála

Oibríonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha leis an Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise le foláirimh éigeandála ‘lasmuigh den oifig’ a chomhordú agus a eisiúint, go háirithe maidir le bóithre agus seirbhísí uisce.

Seirbhísí Custaiméara

An fhoireann ag an deasc Seirbhísí do Chustaiméirí i Halla an Chontae, leanann siad orthu ag soláthar seirbhísí líne tosaigh don phobal, cibé acu duine le duine, tríd an ríomhphost nó ar an bhfón.

Táscairí Feidhmíochta

Déantar feidhmíocht na Comhairle a thomhas le sraith Táscairí Feidhmíochta, a socraíonn an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta iad ar bhonn náisiúnta. Cé go bhfuil na táscairí do 2020 fós á gcur i dtoll a chéile, tá na táscairí do 2019 le fáil ar www.noac.ie

Teagmháil Idirnáisiúnta

Cé go bhfuil trí Chomhaontú Fhoirmiúla Nasctha déanta ag Sligeach – le Crozon, Kempten agus Tallahassee – tá daoine dá lucht aitheantais breactha ar fud na cruinne chomh maith agus cuirtear fáilte go rialta roimh Ambasadóirí, daoine mór le rá agus aíonna eile chuig Halla an Chontae agus Halla na Cathrach.

Ní raibh aon dul as ach na cuairteanna malartaithe a bhí beartaithe don bhliain 2020 a chur ar ceal de dheasca COVID-19, ach táimid fós ag labhairt leis na teagmhálacha agus táthar ag súil go bhféadfaimis fáilte a chur roimh ár gcairde idirnáisiúnta go Sligeach arís in 2021.

Le blianta beaga anuas, tá Comhairle Contae Shligigh ag óstáil mic léinn ó Kempten le haghaidh taithí oibre faoi Chlár Erasmus.

An Coiste Comhairleach Míchumais

Athbhunaíodh Coiste Comhairleach Míchumais Chomhairle Contae Shligigh mar fhochoiste de chuid Choiste Beartais Straitéisigh Tithíochta agus Chorparáidigh an Údaráis. Is é an phríomhfheidhm atá aige ná comhairle a thabhairt don Údarás Áitiúil ar bheartais agus seirbhísí a fheabhsú agus moltaí a dhéanamh maidir le beartais, tionscadail agus gníomhartha a dhéanamh tacúil le daoine faoi mhíchumas. Tá an Coiste comhdhéanta de chomhaltaí tofa, ionadaithe ón earnáil mhíchumais agus ó eagraíochtaí pobail, agus baill d’fhoireann na Comhairle.

I mí na Bealtaine 2019, seoladh Straitéis Ionchuimsithe agus Rochtana Míchumais Chomhairle Contae Shligigh, 20192022. Tá an Plean le fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Shligigh ag www.sligococo.ie

An Comhchoiste Póilíneachta

Foráiltear le hAcht an Gharda Síochána, 2005 go mbunófar Comhchoiste Póilíneachta i ngach Údarás Áitiúil. Is é is cuspóir leis an gComhchoiste ná níos mó comhairliúcháin, comhoibrithe agus cuntasachta a fhorbairt idir an Garda Síochána, Údaráis Áitiúla agus comhaltaí tofa, le rannpháirtíocht na hearnála Pobail agus deonaí, maidir le saincheisteanna póilíneachta. Eisíodh treoirlínte athbhreithnithe in 2014 maidir le feidhmiú Comhchoistí Póilíneachta. De réir na dTreoirlínte, tá 24 ball ar an gComhchoiste Póilíneachta: 13 chomhalta tofa den Chomhairle, 1 chomhalta den Oireachtas, 2 Oifigeach Údaráis Áitiúil, 2 dhuine arna n-ainmniú ag Coimisinéir an Gharda Síochána, agus 6 ainmní Pobail.

Leagtar amach i bPlean Straitéiseach an Chomhchoiste, 2017-2022 na tosaíochtaí straitéiseacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu le linn shaolré an Phlean. Glacadh le Plean Gníomhaíochta Bliantúil, ina bhfuil breac-chuntas tugtha ar na bearta atá le déanamh i dtreo na tosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach.

Tionóladh an chéad chruinniú den Chomhchoiste don téarma reatha ar an 25 Meán Fómhair 2020.

AG CUIMHNEAMH AR CHEATHRAR IONADAITHE POIBLÍ DEN SCOTH

Sa bhliain 2020 chuaigh ceathrar ionadaithe poiblí a rinne seirbhís do Bhardas Shligigh/Comhairle Buirge Shligigh nó do Chomhairle Contae Shligigh ar shlí na fírinne.

John Harrison

Bhí gean agus meas ag cách i saol na polaitíochta ar John Harrison. Ón am ar toghadh chun Bhardas Shligigh den chéad uair in 1974 é, d’fhóin sé go cumasach macánta. Acmhainn luachmhar don Bhardas agus don phobal i gcoitinne ab ea é i bhfianaise na taithí a bhí aige san oideachas mar an chéad Phríomhoide ar Choláiste Bhéal Átha an Fhóid.

Bhí a chroí istigh i Sligeach agus chuir sé tús le go leor tionscadal agus tionscnamh nuair a bhí sé ar an gComhairle. Ómós cuí a bhí ann d’fhear a d’oibrigh gan stad gan staonadh ar son an phobail nuair a toghadh ina mhéara é agus nuair a bronnadh Saoirse Shligigh air.

Mar bhall de Bhord Bainistíochta Choláiste Bhéal Átha an Fhóid agus mar an príomhoide, bhí John Harrison aitheanta as meas a léiriú do chách – do na scoláirí, do na múinteoirí agus do na tuismitheoirí. Bhí sé diongbháilte gur cheart go spreagfaí na scoláirí uile chun an leas is fearr a bhaint as deiseanna oideachais agus go dtabharfaí comhairle dóibh faoi na deiseanna sin.

Ag an gcruinniú den Chomhairle i mí Eanáir 2020, rinne an Príomhfheidhmeannach a chomhbhrón le muintir Harrison thar a cheann féin agus thar ceann an Choiste Gnó agus na Foirne. Dúirt sé go raibh buíochas tuillte acu siúd a bhíonn flaithiúil lena gcuid ama le Sligeach a chur chun cinn, agus gur mhian leis go gcuirfí a ainm le liosta fada na ndaoine a bhí faoi chian ina diaidh.

Ag coinneáil leis an traidisiún seanbhunaithe, lean sochraid an iarMhéara John Harrison bealach trí Bhaile Shligigh tar éis na seirbhíse. Thug comhaltaí tofa agus iar-chomhaltaí de Chomhairle Buirge Shligigh garda onóra don tsochraid.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Kathleen McGoldrick

I mí Eanáir 2020, thug Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh ómós d’iarMhéara agus iar-chomhalta de Bhardas Shligigh, Kathleen (Kay) McGoldrick, a fuair bás.

Chuir Kathleen go mór le Sligeach agus í ina Comhairleoir agus chuir sí spéis mhór i bhfás agus forbairt an bhaile ó toghadh sa Bharda Thuaidh in 1979 í. Bhí ardmheas ag a cuid comhghleacaithe ar Bhardas Shligigh uirthi, rud atá léirithe ag an gcaoi ar toghadh ina Méara faoi dhó í, in 1983 agus in 1992. Chomhlíon sí a cuid dualgas mar ár gCéad Saoránach go fuinniúil gairmiúil agus bhí sí bródúil as tacú le grúpaí pobail agus deonacha éagsúla ar fud an bhaile.

Is iomaí duine ar fhág a cineáltas lorg ar a saol agus cuimhneoidh siad go ceanúil uirthi.

Ar dheis Dé go raibh a hanam.

John Sherlock

Chuir John a chroí isteach ina shaol poiblí, agus bhí meas ag cách air nuair a bhí sé ina Chathaoirleach as a ghairmiúla a bhí sé agus as cothrom na Féinne a thabhairt do chách. Toghadh chun Chomhairle Contae Shligigh i dToghcheantar Bhaile an Mhóta é in 1991, agus ba mhór an onóir dó a bheith tofa ina Chathaoirleach in 1995.

D’fhóin sé ar go leor coistí agus thacaigh i gcónaí le grúpaí deonacha agus le cumainn áitiúla a bhí ag iarraidh cur lena bpobail. Fear mór cuideachta ab ea John, a d’fhág go raibh gean ag idir na comhairleoirí eile agus an fhoireann air. Bhíodh sé ag moladh Shligigh go hard na spéire i gcónaí agus bhí paisean aige don chontae agus do na daoine.

Is cuimhin leis na daoine a d’fhóin le John a chairdiúla agus a fhlaithiúla a bhí sé, chomh maith leis an gcion mór a rinne sé nuair a bhí mórcheisteanna an lae á bplé i Seomra na Comhairle.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Martin F Keaveney

Bhí Martin i gcroílár an phobail pholaitiúil agus gnó i Sligeach le blianta fada. Bhí sé ina Mhéara in 1973, agus chomhlíon sé a chuid dualgas go bródúil gairmiúil.

Bhí sé ar dhuine de na fir ghnó áitiúla ba rathúla agus ab fhiontraíche i Sligeach, agus chaith sé beagnach seasca bliain san earnáil déanta uirlisí agus plaistigh.

Is iomaí buaicphointe a bhí ann i ngairm Martin – is é a chomhlachtsa a bhí ar an gcéad chomhlacht déanta uirlisí in Éirinn a rinne táirgí a easpórtáil chun SAM agus na hAfraice, agus ba é an chéad duine as Iarthar na hÉireann a bhuaigh Gradam Náisiúnta Jacob ‘d’Fhear Óg na Bliana’.

Rinne Martin cinnte de gur bhain sé barr a chumais amach arís is arís eile i gcaitheamh a shaoil agus toghadh chun Bhardas Shligigh é ar an gcéad iarraidh aige. Bhí an-mheas air ar fud an tsaoil pholaitiúil mar fhear uasal onórach, fear a sheas lena fhocal agus a chloígh i gcónaí leis na caighdeáin ab airde ina shaol poiblí.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

This article is from: