38
SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA I measc na seirbhísí a chuireann an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha ar fáil tá: Cruinnithe na Comhairle agus na gCeantar Bardasach a riar Seirbhísí riaracháin a sholáthar don Chathaoirleach Tacaíocht do chomhaltaí tofa Clár na dToghthóirí a chur i dtoll a chéile Saoráil Faisnéise Seirbhísí meán agus faisnéise a sholáthar. Seirbhísí do chustaiméirí a riar agus a chur ar fáil. Scéim Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis na cruinnithe iomlánacha agus na cruinnithe de na Ceantair Bhardasacha, comhordaíonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha cruinnithe de Ghrúpa Beartais Chorparáidigh, Comhchoiste Póilíneachta, Coistí Beartais Straitéisigh, Coiste Comhairleach Míchumais, Coiste Nósanna Imeachta, Coiste Nasctha agus Coiste Iniúchóireachta na Comhairle.
AN CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE A TIONÓLADH IN AIRÉINE CHNOC NA RIABH Rud úrnua ab ea é nuair a thionóil Comhairle Contae Shligigh a cruinniú míosúil do mhí na Bealtaine in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Cé gur thionóil Údaráis Áitiúla ar fud na tíre cruinnithe ‘fíorúla’ nó cruinnithe beaga le córam le seachtainí beaga anuas, creidtear gurb í Comhairle Contae Shligigh an chéad Údarás Áitiúil a tháinig le chéile i seisiún iomlán ó tugadh isteach bearta éigeandála Covid-19.
An cruinniú míosúil do mhí na Bealtaine in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020