8 minute read
Oifig Fiontair Áitiúil
Tá Comhairle Contae Shligigh ag obair i gcomhar le Contae Dhún na nGall agus Contae Mhaigh Eo chun Straitéis Margaíochta Idirnáisiúnta a fhorbairt don Iarthuaisceart. Díreoidh an Straitéis ar chuairteoirí ó Éirinn agus ó thar lear a mhealladh chuig réigiún an Iarthuaiscirt. Tá cistiú faighte ó Chiste Comhair Leader chun staidéar féidearthachta a dhéanamh, agus tá dul chun cinn á dhéanamh ar phleananna chun an t‑iarratas foriomlán a chríochnú.
Is é an Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) an chéad áit do na fiontraithe sin a bhfuil gnóthas beag á chur ar bun acu nó a bhfuil gnóthas á fhairsingiú acu. Cuireann an Oifig seirbhís tacaíochta chomhtháite ar fáil ina ndírítear ar riachtanais gnóthas beag ó oifigí na Comhairle i Halla na Cathrach. Ó tháinig Covid‑19 ar an bhfód, leantar de na tacaíochtaí oiliúna a sheachadadh ar líne do chliaint. Ar an gcaoi chéanna, is ar líne a reáchtáladh formhór na gcruinnithe idir bhaill foirne na hOifige agus na gcliant. Beidh an soláthar ar líne ina ghné thábhachtach den chaoi a ndéanfar gnó na hOifige amach anseo (agus bhí dul chun cinn á dhéanamh ag an Oifig maidir leis an gcur chuige sin sular tháinig Covid‑19 ar an bhfód).
Advertisement
Cuimseofar oiliúint duine le duine agus rannpháirtíocht eile ónár nOifigí agus ónar seomraí oiliúna i Halla na Cathrach mar chuid den tairiscint freisin, mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis i dtéarmaí na foghlama a fhaightear ó líonrú i measc chliaint na hOifige sa saol iarbhír.
I measc na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil, áirítear oiliúint, meantóireacht, cúnamh airgeadais, comhairle, comhairleoireacht, agus cultúr fiontraíochta a chur chun cinn (lena n‑áirítear trí chláir a reáchtáiltear i scoileanna). Ina theannta sin, cuireann an Oifig cliaint ar aghaidh chuig seirbhísí eile na Comhairle a bhaineann le cúrsaí gnó agus chuig seirbhísí a bhaineann le cúrsaí gnó a bhíonn á gcur ar fáil ag gníomhaireachtaí eile. Cuireadh tús le roinnt tacaíochtaí breise ón Rialtas le haghaidh gnóthais bheaga mar thoradh ar Covid‑19. Go háirithe, cuireadh Dearbháin Leanúnachais Gnó ar fáil chun sainchomhairleoireacht a thabhairt do bhainisteoirí agus d’úinéirí gnó maidir lena ngnó a choimeád ag imeacht i rith na paindéime. Fuarthas 282 iarratas agus ceadaíodh 207 iarratas díobh sin faoin scéim, agus cuireadh cineálacha eile tacaíochta ar fáil do na hiarratais eile. Mar iarracht chun cabhrú le gnóthais tosú ar an trádáil ar líne nó cur lena ndíolann siad ar líne faoi láthair, cheadaigh an Oifig 273 Dearbhán Trádála ar Líne agus cuireadh réimse cláir oiliúna agus mheantóireachta saor in aisce ar fáil maidir le gnó a dhéanamh ar líne.
Anuas ar Covid‑19, cuireadh tús le roinnt cláir bhreise de chuid na hOifige in 2020 chun cabhrú le gnóthais déileáil leis an mBreatimeacht agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith air. Reáchtáladh ceardlanna ar thopaicí amhail doiciméid chustaim, slabhra an tsoláthair, impleachtaí féideartha ar chostas ábhar, earraí a onnmhairiú chun na Breataine tar éis Covid, agus mar sin de. Bíodh is gur tháinig an tAontas Eorpach agus an Bhreatain ar chomhaontú chun Breatimeacht crua – an toradh ba mheasa do ghnóthais – a sheachaint, beidh tacaíochtaí eile ón Oifig ag teastáil amach uainn in 2021 mar thoradh ar impleachtaí an Bhreatimeachta.
Cabhraíonn an Oifig le forbairt gheilleagrach níos forleithne, mar shampla trí cur cinn na turasóireachta, an ionaid oibre, agus gníomhaíochtaí forbartha lár na cathrach. Ina dtaobh sin, bhí baint mhór aige leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, chun an Timpeallacht Oibre Comhoibríche a fhorbairt ina bhfuil spás oifige nua-aoiseach le haghaidh gnóthais dhúchasacha agus gnóthais sheachtracha a bhfuil fonn orthu lonnú i Sligeach. Bhí ról mór ag an Oifig, i gcomhar leis an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, chun cistiú a fháil le haghaidh saoráid Thionscal 4.0 a bheidh lonnaithe ar áitreabh na Comhairle i gClós an Mhargaidh. Tá Ionad
Monaraíochta Digití don Todhchaí á thabhairt ar an tsaoráid go sealadach, agus déanfar speisialtóireacht i gcúrsaí lóistíochta, soláthrófar seirbhísí i ngach rud a bhaineann le Tionscal 4.0, agus cabhrófar le cáil Shligigh i gcúrsaí TFC a chur chun cinn. Cabhróidh sé freisin le cuid de chuspóirí na Comhairle maidir le stádas mar chathair chliste a bhaint amach do Shligeach agus cabhróidh sé freisin le cuspóirí áirithe sa Straitéis Dhigiteach a bhaint amach.
Cabhraítear leis an bhforbairt gheilleagrach níos forleithne freisin trí bhallraíocht na hOifige i gcomhlachtaí forbartha áitiúla ábhartha amhail Ceantar Feabhsaithe Gnó Shligeach (a bhfuil an Comhairleoir Gibbons agus an Ceannaire Fiontraíochta ina stiúrthóirí air), an Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil / Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil i Sligeach, agus an Fóram Eacnamaíoch. Tá ionadaí ag an Oifig ar Bhoird agus ar Choistí comhlachtaí forbartha amhail Sligo County Enterprise Fund Limited ar an Leathros, Tubbercurry Development Company Limited, agus Enniscrone Leisure Company Ltd. atá i mbun Waterpoint a fheidhmiú ar sócmhainn thábhachtach d’Inis Crabhann é. Bhí an Oifig chun tosaigh freisin in iarratas chun cistiú a fháil le feabhas a chur ar Waterpoint (scannán de chineál trocal don díon, painéil PV chun an t‑ídiú fuinnimh a laghdú agus chun lorg carbóin na saoráide a fheabhsú, agus oibreacha eile).
Ar leibhéal trasteorann agus idirnáisiúnta, cuimsítear le gníomhaíochtaí na hOifige cistiú seachtrach a aimsiú agus comhpháirtíochtaí a bhunú lena aghaidh (mar shampla an Clár Comhnuálaíochta, clár trasteorann i gcomhar le hIdirThrádáil Éireann mar an príomh-chomhpháirtí atá dírithe ar éifeachtúlacht gnó agus trádáil trasteorann a chur chun cinn). Ina theannta sin, in éineacht le comhghleacaithe sna húdaráis áitiúla i Maigh Eo, i Ros Comáin agus sa Chlár, tá an Oifig páirteach i dtionscnamh a bhfuil mar aidhm leis cúrsaí trádála agus gnó a chothú idir Pennsylvania agus an réigiún seo. Cuireadh an tionscnamh seo ar fionraí, cuid mhór, mar thoradh ar Covid‑19, ach cuireadh ar siúl arís é ar líne ag deireadh na bliana. Bíonn an Líonra Fiontar Eorpach á chur chun cinn ag an Oifig freisin. Faoin tionscnamh sin, cabhraítear le gnóthais ceangail a chruthú le gnóthais i dtíortha eile.
Tá baint ag an Oifig freisin le roinnt tionscnaimh Rialtais a chur chun cinn ar bhonn áitiúil. Tá sé ag obair i ndlúthchomhar le Micrea-Airgeadas Éireann chun a thairiscint maidir le hiasachtaí do ghnóthais bheaga a chur chun cinn. D’éirigh go hiontach leis an Oifig maidir le cistiú seachtrach a aimsiú. In éineacht le ranníocaíochtaí ón gComhairle agus le ranníocaíochtaí áitiúla, chuir agus cuireann an cistiú sin ar ár gcumas réimse leathan tionscadal a chur ar fáil i réimsí na fóillíochta tuaithe, feabhsuithe ar bhailte agus ar shráidbhailte, agus feabhsuithe ar phointí amhairc feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Is í an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a chuireann cuid mhór de chistiú micrea-airgeadais na hOifige ar fáil i gcomhar leis an Aontas Eorpach agus cuirtear an cistiú ar fáil trí Fhiontraíocht Éireann, a sholáthraíonn saineolas agus cabhair thacaíochta freisin. Ina theannta sin, cuirtear cuid de chistiú na hOifige ar fáil tríd an gComhairle. Gintear ioncam ó tháillí oiliúna agus ó ghné in-aisíoctha de chuid de na deontais a íoctar go hiondúil (cuireadh é sin ar fionraí freisin mar chuid den fhreagairt do Covid‑19). Faigheann sé cistiú freisin ó mhaoinitheoirí seachtracha amhail cláir iomaíocha náisiúnta agus Eorpacha agus, nuair is féidir, cabhraíonn sé le heagraíochtaí ábhartha eile lena n‑iarratais ar chistiú den sórt sin.
Foirgneamh ag Ionad/Clós an Mhargaidh i láthair na huaire
D’ÉIRIGH LE DALTAÍ FIONTRAÍOCHTA AN DARA hÁIT A BHAINT AMACH I gCRAOBH NÁISIÚNTA 2020
Reáchtáladh an Chraobh Náisiúnta ar líne i mBealtaine 2020 den chéad uair ó thosaigh an Clár Fiontraíochta Dalta in 2003, agus cuireadh ar fáil é le YouTube Live Streaming Podcast.
Bhí an chraobh in ainm is a bheith ar siúl in Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh an 1 Bealtaine, ach fógraíodh go fíorúil buaiteoirí na ngradam arna reáchtáil ag an Oifig Fiontair Áitiúil ar chainéil Facebook agus YouTube na gClár Fiontraíochta Dalta.
I Roinn na Sóisear, d’éirigh le ‘Bee Wrappi’ ó Choláiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach an dara háit a bhaint amach. Foireann céad bhliana a bhí ann faoi stiúir Dervilla Casey, múinteoir gnó, agus thacaigh príomhoide na scoile, Paul Keogh, leo ina gcuid oibre. Cuireadh BEE-Wrappi ar bun go luath in 2020, agus is cuideachta fiontraíochta dalta atá ann a dhíolann clúdaigh ardchaighdeáin. Is rogha in-athúsáide, in-nite agus inbhuanaithe atá sna clúdaigh sin in áit plaisteach aonúsáide nó scannán cumhdaithe.
Ceathrar daltaí (Thibaud Gerard, Ben O’Loughlin, Patrick Donlon agus Mark Waldron) a bhunaigh an gnóthas BEE Wrappi, agus tá dúil mhór acu sa phláinéad a shábháil agus san úsáid a bhainimid as plaisteach a laghdú. Ba iad a chuimhnigh ar an smaoineamh dá ngnó, rinne siad taighde ar a dtáirge agus chruthaigh siad fréamhshamhail, d’éirigh go maith leis na tástálacha agus thosaigh siad ar tháirgeadh agus ar dhíolachán ar scála mór ag tús na bliana.
Logáil daltaí agus múinteoirí ó gach cearn de tír isteach ar an imeacht ar líne a bhí á óstáil ag Rick O’Shea ó RTÉ, agus bhí buaiteoirí roimhe seo agus Ambasadóir an Chláir Fiontraíochta Dalta, Josh Van Der Flier, páirteach san ócáid chomh maith. Ghlac an réalta rugbaí páirt sa tionscnamh nuair a bhí sé féin ina dhalta i gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath.
Cuireann an Oifig Fiontair Áitiúil i Sligeach an Clár Fiontraíochta Dalta ar fáil ar fud an chontae gach bliain, agus soláthraíonn an Oifig meantóir gnó agus comhordaitheoir do gach scoil atá rannpháirteach i rith na scoilbhliana.
Dúirt John Reilly, Ceannaire na Fiontraíochta le Comhairle Contae Shligigh: “Comhghairdeas le BEE Wrappi agus le Dervilla Casey ar a nGradam Náisiúnta sa Chlár Fiontraíochta. Is iontach an éacht é an dara háit sa tír a bhaint amach i gcomórtas ina mbíonn breis is 20,000 duine san iomaíocht. Tá ríméad an domhain orainn go bhfuil Sligeach le feiceáil ar ardán náisiúnta, a bhuí leis na fiontraithe óga seo a bhfuil scoth na tallainne acu. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le Brian Dolan, Comhordaitheoir an Chláir, as a chuid iarrachtaí le cinntiú gur tugadh an clár chun críche i gContae Shligigh in ainneoin na ndúshlán go léir a bhí ann mar thoradh ar Covid‑19.”