2 minute read

Réamhrá

Tá an Stiúrthóireacht freagrach as forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar an ngréasán iompair ar bhóithre, bonneagar seirbhísí uisce, (faoi chomhaontú leibhéil seirbhíse le hUisce Éireann, céanna agus calaí, páirceanna, limistéir fóillíochta agus reiligí i Sligeach, mar aon le cosaint agus feabhsú na timpeallachta i Sligeach, lena n‑áirítear timpeallacht an chósta, agus feidhmiú na Seirbhísí Dóiteáin agus cosaint na beatha agus na maoine tríd an tSeirbhís sin. Tá an gníomhú ar son na haeráide, i dtéarmaí an tomhaltas fuinnimh a chur in oiriúint agus a laghdú, ina chuid lárnach de ghníomhaíochtaí go léir na Stiúrthóireachta i gcónaí.

Cuireadh dúshláin romhainn go léir in 2020 ach, mar thoradh ar dhúnadh sealadach láithreán agus na prótacail a cuireadh i bhfeidhm maidir le Covid‑19, bliain an-táirgiúil a bhí ann don Stiúrthóireacht. Anuas ar chláir oibre bhliantúla a sheachadadh ar fud na Rannóg go léir, rinneadh dul chun cinn ollmhór ar thionscadail mhóra bhonneagair a rachaidh i gcion go mór ar Shligeach agus ar an Iarthuaisceart trí chéile, agus a chabhróidh lena ainmniú mar Lárionad Réigiúnach i dTionscadal Éireann 2040. Rinneadh infheistíocht os cionn €200 milliún i dtionscadail bhonneagair a bhí ar siúl i Sligeach in 2020, agus áirítear na tionscadail seo a leanas ina measc:

Advertisement

 Tionscadal Phríomhbhóthar an N4 idir Cúil Mhuine agus Béal Átha na gCarraigíní  Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4-N15 i Sligeach  Scéim Bhóthar Dáileacháin an Iarthair (a osclaíodh do gach modh iompair go luath i mí Eanáir 2021)  Céim 1 d’oibreacha feabhsúcháin ar Shráid Uí Chonaill (curtha i gcrích ag deireadh 2020)  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt (curtha i gcrích ag deireadh 2020)  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Phluais an tSionnaigh  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Fuíolluisce i mBaile an Mhóta agus i gCúil Mhuine

I measc na dtionscadal mór atá ag céim an deartha, áirítear:

 Tionscadal Dhroichead Oirthir na Garbhóige  Scéim an N17 idir Cnoc Mhuire agus Cúil Mhuine (roghnú bealaigh)

Bhí cúrsaí timpeallachta i Sligeach chun tosaigh in 2020 nuair a thuig daoine a thábhachtaí atá áiseanna agus spás poiblí ardchaighdeáin nuair a bhí an dianghlasáil i bhfeidhm de dheasca Covid‑19. Bhain daoine taitneamh agus tairbhe as tránna iomadúla Shligigh i rith mhíonna an tsamhraidh agus iad ar saoire sa bhaile, an trá brait ghoirm ag an Ros ina measc.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na baill foirne go léir as a sárthiomantas i leith seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil i gcónaí in ainneoin na ndúshlán a bhí romhainn go léir in 2020.

Emer Concannon, Stiúrthóir Cúnta Seirbhísí

This article is from: