5 minute read
Bainistíocht Forbartha
Leanann an Rannóg Pleanála uirthi ag bainistiú forbartha de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán gaolmhar.
Próiseáladh 457 iarratas pleanála san iomlán in 2020, líon arb ionann é agus titim 13% i gcomparáid leis an líon in 2019. Srianta agus nithe ab údar imní a bhain le paindéim Covid 19 ba chúis leis sin den chuid ba mhó. Bhí spéis sna próisis chomhairliúcháin réamhphleanála fós láidir, áfach, agus gach seans go bhfeicfear na gnáthleibhéil ghníomhaíochta arís in 2021.
Advertisement
Mar chuid de bheartas tithíochta an rialtais, agus i gcomhlíonadh cheanglais an Achta um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015, cuireadh tús in 2017 leis an bpróiseas chun clár láithreán folamh a bhunú. Eisíodh na héilimh maidir le tobhach láithreáin fholamh 2019 i mí na Nollag 2020 agus déanfar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gclár in 2021.
An tAonad Pleanála Forbartha
Tá an tAonad Pleanála Forbartha freagrach as beartas pleanála agus forbartha a dhréachtú do Chontae agus Cathair Shligigh, i gcomhairle leis an bpobal, comhaltí, oifigigh, comhlachtaí forordaithe agus páirtithe leasmhara eile. Ina theannta sin, déanann an Fhoireann Pleanála Forbartha taighde, tugann comhairle ar thograí forbartha, éascaíonn cur chun feidhme pleananna agus glacann páirt i raon tionscnamh, idir áitiúil agus réigiúnach.
Ar Baineadh Amach in 2020
An Ciste Athbheochana agus Forbartha Uirbí
Bunaithe ar an bPlean Ríochta Poiblí do Bhaile Shligigh (a críochnaíodh in 2018), chuir an Rannóg Pleanála dhá iarratas faoi bhráid na Roinne ar mhaoiniú faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí a fógraíodh i mí Eanáir 2020. Bhain ceann de na hiarratais le cur chun feidhme an Phlean Ríochta Poiblí agus an ceann eile leis an tionscadal ‘Campas na Cathrach’. Tar éis fógra i mí an Mhárta 2021, deimhníodh gur éirigh leis an dá iarratas agus go raibh leithdháileadh €48 milliún le bronnadh ar Chomhairle Contae Shligigh.
Tionscadal Feabhsúcháin na Ríochta Poiblí
Mar chuid de chur chun feidhme an Phlean Ríochta Poiblí, bronnadh conradh i mí an Mheithimh 2020 ar na sainchomhairleoirí Building Design Partnership leis an bhfeabhsúchán ríochta poiblí ar líonra sráideanna i Sligeach a dhearadh, Sráid Stiofáin agus Paráid Choill na Carraige ina measc. Tá próiseas faoi Chuid 8 curtha i gcrích maidir leis an tionscadal seo agus tá tuilleadh dearadh mionsonraithe le críochnú go luath in 2021.
Straitéis Treochomharthaíochta
Moladh sa Plean Ríochta Poiblí go n-ullmhófaí Straitéis Treochomharthaíochta do Bhaile Shligigh. Ullmhaíodh treoir agus foilsíodh ar e-tenders í sa dara ráithe de 2020. Bronnadh an conradh ar na sainchomhairleoirí Whybrow Pedrola i mí Mheán Fómhair 2020. Cuireadh tús leis an obair ar an Straitéis i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus tabharfar chun críche í in 2021.
Tionscadail faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí - Feabhsúcháin Ríochta Poiblí ar Shráideanna (ar chlé) agus Máistirphlean an Bhloic Láir (ar dheis)
Máistirphlean an Bhloic Láir
Rinneadh dul chun cinn suntasach in 2020 ar ullmhú an mháistirphlean nua le haghaidh Bhloc Láir Shligigh (Carrchlós Shráid an Fhíona agus na ceantair in aice láimhe).
An Ciste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe
D’éirigh leis an Rannóg Pleanála €202,000 a fháil ón gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe, 2020. Úsáidfear na hacmhainní sin in 2021 chun scéimeanna ríochta poiblí a ullmhú do na sráidbhailte turasóireachta an Ros agus an Leathros. Cuireadh tús leis an bpróiseas soláthair don tionscadal seo go déanach in 2020.
Athrú ar Phlean Forbartha Contae Shligigh lena chur ar aon dul leis an gCreat Náisiúnta Pleanála agus leis an Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta
D’oibrigh an tAonad i gcomhar le Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair i rith 2019 ar ullmhú an Dréacht-Straitéise Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta. Glacadh leis an Straitéis, ina n-ainmnítear Sligeach mar Ionad Fáis Réigiúnach, agus tháinig sí i bhfeidhm i mí Eanáir 2020.
Éilíodh orainn leis an reachtaíocht pleanála an Plean Forbartha a athrú lena chur ar aon dul leis an gCreat Náisiúnta Pleanála agus leis an Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta.
Tá príomhfhorálacha beartais déimeagrafacha agus eacnamaíocha an Chreata Náisiúnta Pleanála agus na Straitéise Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta curtha san áireamh anois i nDréacht-Leagan 1 den Phlean Forbartha Contae, 2017-2023. Tar éis comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl ón 27 Iúil agus go dtí an 24 Lúnasa 2020, ghlac comhaltaí tofa Chomhairle Contae Shligigh leis an Dréacht-Leagan ar an 12 Deireadh Fómhair 2020.
Tugadh ‘ardmholadh’ do Chomhairle Contae Shligigh sa chatagóir ‘Dearadh’ i nGradaim Institiúid Pleanála na hÉireann, 2019-2020 as Plean Ríochta Poiblí 2018.
Sa chatagóir ‘Dearadh’, tugtar aitheantas do na tionscadail dearaidh uirbigh, pleananna ríochta poiblí nó tionscadail aonair is fearr atá ag teacht leis an gcomhthéacs uirbeach nó tuaithe ina bhfuil siad.
Is iad an tAire Eoghan Murphy agus Uachtarán na hInstitiúide, Conor Norton, a bhronn an gradam ar an gComhairle ag searmanas in Óstán Westin ar an 27 Feabhra.
Ba é ‘Feabhas agus Nuálaíocht i bPleanáil na hÉireann á gCeiliúradh’ téama ghradaim na bliana seo. Ag labhairt dó ag na gradaim, bhí an méid seo le rá ag Uachtarán na hInstitiúide, an Dr. Conor Norton: “ceiliúrann Gradaim Institiúid Pleanála na hÉireann rath sa phleanáil agus is léir gur tháinig méadú i mbliana ar líon agus cáilíocht na dtionscadal a bhí san iomaíocht.”
Is í fís Chomhairle Contae Shligigh do chathair Shligigh ná ‘dlúthchathair ar féidir le daoine cónaí inti’ agus a bhfuil croí bríomhar agus sráideanna sábháilte, tarraingteacha inti. Le ‘croí bríomhar’ agus ‘eispéireas cathrach’ a bhaint amach, beidh gá le ríocht phoiblí atá idir dheas agus mhealltach agus ar mian le daoine am a chaitheamh inti.
Leis an bhfís seo a bhaint amach, coimisiúnaíodh Building Design Partnership (BDP) in 2018 chun plean ríochta poiblí a chur i dtoll a chéile do Shligeach.
Bhí sé ar cheann d’aidhmeanna an Phlean Ríochta Poiblí cur chuige comhordaithe a chur chun cinn maidir le haon oibreacha i lár an bhaile. Moladh freisin feabhsuithe ar spásanna poiblí Shligigh, lena n-áirítear sráideanna agus carrchlóis, d’fhonn an baile a fheabhsú mar áit tharraingteach le cónaí inti, le hoibriú inti agus le cuairt a thabhairt uirthi, rud a spreagfaidh daoine le breathnú thart, a chuirfidh rath ar ghnóthais agus a chruthóidh radharc spleodrach sráide.
Níl in ullmhú an Phlean ach an chéad chéim i dtreo athbheochan Shligigh, ach is léiriú é chomh maith go bhfuil méadú tagtha ar an tuiscint gur tábhachtach an rud é an dea-dhearadh inár spásanna poiblí agus sráideanna.
Tá an plean ina thosaíocht ag Comhairle Contae Shligigh agus beidh sé á chur chun feidhme de réir a chéile (ach na hacmhainní a bheith ar fáil) as seo go ceann cúpla bliain.