57
BAINISTÍOCHT FORBARTHA Leanann an Rannóg Pleanála uirthi ag bainistiú forbartha de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán gaolmhar. Próiseáladh 457 iarratas pleanála san iomlán in 2020, líon arb ionann é agus titim 13% i gcomparáid leis an líon in 2019. Srianta agus nithe ab údar imní a bhain le paindéim Covid 19 ba chúis leis sin den chuid ba mhó. Bhí spéis sna próisis chomhairliúcháin réamhphleanála fós láidir, áfach, agus gach seans go bhfeicfear na gnáthleibhéil ghníomhaíochta arís in 2021. Mar chuid de bheartas tithíochta an rialtais, agus i gcomhlíonadh cheanglais an Achta um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015, cuireadh tús in 2017 leis an bpróiseas chun clár láithreán folamh a bhunú. Eisíodh na héilimh maidir le tobhach láithreáin fholamh 2019 i mí na Nollag 2020 agus déanfar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gclár in 2021.
An tAonad Pleanála Forbartha Tá an tAonad Pleanála Forbartha freagrach as beartas pleanála agus forbartha a dhréachtú do Chontae agus Cathair Shligigh, i gcomhairle leis an bpobal, comhaltí, oifigigh, comhlachtaí forordaithe agus páirtithe leasmhara eile. Ina theannta sin, déanann an Fhoireann Pleanála Forbartha taighde, tugann comhairle ar thograí forbartha, éascaíonn cur chun feidhme pleananna agus glacann páirt i raon tionscnamh, idir áitiúil agus réigiúnach.
Ar Baineadh Amach in 2020 An Ciste Athbheochana agus Forbartha Uirbí Bunaithe ar an bPlean Ríochta Poiblí do Bhaile Shligigh (a críochnaíodh in 2018), chuir an Rannóg Pleanála dhá iarratas faoi bhráid na Roinne ar mhaoiniú faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí a fógraíodh i mí Eanáir 2020. Bhain ceann de na hiarratais le cur chun feidhme an Phlean Ríochta Poiblí agus an ceann eile leis an tionscadal ‘Campas na Cathrach’. Tar éis fógra i mí an Mhárta 2021, deimhníodh gur éirigh leis an dá iarratas agus go raibh leithdháileadh €48 milliún le bronnadh ar Chomhairle Contae Shligigh.
Tionscadal Feabhsúcháin na Ríochta Poiblí Mar chuid de chur chun feidhme an Phlean Ríochta Poiblí, bronnadh conradh i mí an Mheithimh 2020 ar na sainchomhairleoirí Building Design Partnership leis an bhfeabhsúchán ríochta poiblí ar líonra sráideanna i Sligeach a dhearadh, Sráid Stiofáin agus Paráid Choill na Carraige ina measc. Tá próiseas faoi Chuid 8 curtha i gcrích maidir leis an tionscadal seo agus tá tuilleadh dearadh mionsonraithe le críochnú go luath in 2021.
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020