Tuarascáil Bhliantúil 2020

Page 1

7


2

Ráiteas Misin ....................................................................................................................................... 3 Focal ón gCathaoirleach agus ón bPríomhfheidhmeannach ............................................................... 4 Comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh ............................................................................................... 5 An Fhoireann Bainistíochta.................................................................................................................. 7 Coistí Beartais Straitéisigh ................................................................................................................... 8

SEIRBHÍSÍ TITHÍOCHTA, CORPARÁIDEACHA AGUS ÉIGEANDÁLA .................................... 9 Réamhrá ............................................................................................................................................ 10 Tithíocht agus Foirgníocht ................................................................................................................. 11 Seirbhísí Corparáideacha ................................................................................................................... 38 Acmhainní Daonna ............................................................................................................................ 50 Cosaint Shibhialta .............................................................................................................................. 53 Sláinte agus Sábháilteacht ................................................................................................................. 54

PLEANÁIL, FORBAIRT PHOBAIL AGUS GHEILLEAGRACH, EALAÍONA AGUS CULTÚR

55

Réamhrá ............................................................................................................................................ 56 Bainistíocht Forbartha ....................................................................................................................... 57 Forfheidhmiú Rialacháin Pleanála ..................................................................................................... 60 Seirbhísí Oidhreachta agus Caomhnaithe.......................................................................................... 62 Forbairt Phobail agus Gheilleagrach .................................................................................................. 73 Oifig Fiontair Áitiúil .......................................................................................................................... 102 Seirbhís Leabharlainne agus Cartlainne Shligigh ............................................................................. 105 Seirbhís Ealaíon Shligigh .................................................................................................................. 117

BONNEAGAR, COMHSHAOL AGUS SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN .............................................121 Réamhrá .......................................................................................................................................... 122 Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre ........................................................................................... 123 Mórscéimeanna agus Mionscéimeanna Bóthair Náisiúnta ............................................................. 135 Páirceanna agus Áineas ................................................................................................................... 153 Seirbhísí Uisce.................................................................................................................................. 156 Céanna, Calafoirt agus Cosaint an Chósta ....................................................................................... 158 Cáilíocht an Uisce, Truailliú Aeir agus Truailliú de dheasca Torainn ................................................ 161 Seirbhísí Comhshaoil ....................................................................................................................... 166 An tSeirbhís Tréidliachta .................................................................................................................. 172 Seirbhísí Dóiteáin ............................................................................................................................. 173

AIRGEADAS ...............................................................................................................180 Réamhrá .......................................................................................................................................... 181 Airgeadas ......................................................................................................................................... 183 Mótarcháin ...................................................................................................................................... 185 Cúrsaí Soláthair ................................................................................................................................ 186 Teicneolaíocht Faisnéise .................................................................................................................. 187

AGUISÍNÍ ...................................................................................................................190 Aguisín 1: Baill foirne a chuaigh ar scor in 2020 .............................................................................. 191

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


3

“Forbairt eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus phobail a uasmhéadú agus seirbhísí atá idir éifeachtúil agus chostéifeachtach a chur ar fáil ar bhealach daonlathach, cuntasach agus trédhearcach i gcomhar le pobail áitiúla agus le gníomhaireachtaí deonacha agus reachtúla.”

Áras an Chontae, Cois Abhann, Sligeach, F91 Y763

Áras na Cathrach, Sráid na Cé, Sligeach, F91 PP44

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


4

Bliain dhúshlánach dár bpobal Is faoi scamall phaindéim COVID-19 a thugamar faoinár ngníomhaíochtaí go léir in 2020 agus chuir an gá le sláinte an phobail agus ár bhfoirne a chosaint bonn eolais faoinár gcláir oibre agus faoin gcaoi ar cuireadh ár seirbhísí ar fáil le himeacht na bliana. Nuair a tugadh na srianta diana isteach i mí an Mhárta 2020, bunaíodh Fóram Freagartha Pobail le leas a bhaint as saineolas, fuinneamh agus tiomantas gníomhaireachtaí áitiúla agus grúpaí deonacha. Chuir sé ardú croí is meanman orainn go ndeachaigh an oiread sin daoine i gcomhar le chéile ar bhealach nuálach, cruthaitheach le tacú le daoine leochaileacha agus scoite inár bpobal. Bronnadh ‘Príomhchathair Eorpach na hOibre Deonaí’ ar Shligeach in 2017, agus bhí an spiorad agus an saothar a bhí taobh thiar den ghradam sin le sonrú go soiléir agus muid ag freagairt mar phobal do phaindéim COVID-19. Anois agus Sligeach á chur féin chun cinn mar ‘ionad fáis’ de réir an ainmnithe i gCreat Náisiúnta Pleanála an Rialtais, táimid ag obair i gcomhpháirtíocht dhinimiciúil le príomhghníomhaireachtaí áitiúla d’fhonn na torthaí is fearr a bhaint amach dár gcontae agus dár réigiún. Spreagfaidh leibhéal infheistíochta caipitil nach bhfacthas riamh cheana forbairt ár gcontae agus cuirfidh borradh, a bhfuil géarghá leis, faoin ngeilleagar agus faoi phoist i Sligeach - an baile agus an contae araon. Cuirfidh an Clár Ríochta Poiblí agus tograí iontacha le haghaidh mol cultúrtha agus foghlama feabhas mór ar an saol sa bhaile dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ann, chomh maith le turasóirí, cuairteoirí agus gnólachtaí. Is iomaí buntáiste atá ag baint le Sligeach agus is ionann iad le chéile agus an rud sin atá iontach deacair le teacht air, ‘cáilíocht na beatha’ – radhairc nádúrtha a bhainfidh an anáil díot, seirbhís agus earnáil fáilteachais den chéad scoth, chomh maith le coláistí tríú leibhéal forásacha. Agus ná déan dearmad ar na pearsana liteartha mór le rá, na séadchomharthaí ársa, an traidisiún saibhir ceoil atá againn i ngach seánra, na conairí draíochtacha ná na siúlbhealaí áille. Chuirfeadh na rudaí sin go mór le háit ar bith astu féin, ach léiriú iad i dteannta a chéile gurb áit iontach é Sligeach le cónaí ann, le hinfheistiú nó le cuairt a thabhairt air.

An Comhairleoir Dara Mulvey Cathaoirleach

Tom Kilfeather Príomhfheidhmeannach Cúnta

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


5

CEANTAR BARDASACH BHAILE AN MHÓTA - THOBAR AN CHOIRE An Clr. Martin Baker

An Clr. Michael Clarke

An Clr. Martin Connolly

Fianna Fáil

Gan Pháirtí

Fine Gael

2 Ard Caorthainn,

Cnoc an Choillín,

Na Mullacha,

Baile idir Dhá Abhainn, Co. Shligigh

An Droim Mór Thiar, Co. Shligigh

Tobar an Choire, Co. Shligigh

087 7708691

087 2054930

071 9127472 / 086 1608334

cllrmichaelclarke@eircom.net

connollymartin63@gmail.com

cllrmbaker@gmail.com

An Clr. Dara Mulvey

An Clr. Joseph Queenan

Fine Gael

Fine Gael

Neamhspleách

Maigh Tuireadh Thoir, Cill Mhic Treana,

Ceathrú na Cloiche, Cúil Áine,

Leacán an tSléibhe,

Co. Shligigh

Inis Crabhann, Co. Shligigh

Mainistir na Búille, Co. Shligigh

087 6885050

096 36449 / 087 6214422

086 8221995

dfmulvey@gmail.com

queenanjoseph@eircom.net

An Clr. Gerard Mullaney

mullaneygerard1@gmail.com An Clr. Paul Taylor Fianna Fáil 17 Cluain Dara, Goirtín, Co. Shligigh 087 6794509 paultaylorsligo@gmail.com

CEANTAR BARDASACH SHLIGIGH - AN LEATHROIS An Clr. Tom MacSharry

An Clr. Declan Bree

An Clr. Arthur Gibbons

Fianna Fáil

Neamhspleách

Sinn Féin

Sráid Taoiling, Sligeach

1 An tSráid Ard, Sligeach

24 Bá an Chartúin, Sligeach

087 4163730

071 9145490 / 087 2470802

087 2969876

tommacsharry@hotmail.com

dbree@eircom.net www.declanbree.com

gibbonsarthur@gmail.com

An Clr. Sinéad Maguire

An Clr. Gino O'Boyle

Fine Gael

An Comhaontas Pobal seachas Brabús

Ceathrú Chaol na Bruí, Cnoc na hIora, Co. Shligigh 087 4194039 sineadmaguire@yahoo.com

1 Plás Stiofáin Mhic Dhonncha, Sligeach 086 0757915

An Clr. Rosaleen O'Grady Fianna Fáil 2 Dún Chaoimhín, Bóthar an Leathrois, Sligeach 086 8060171 cllrrosaleenogrady@gmail.com

ginopbp@outlook.com

Ag an gcruinniú míosúil i mí an Mheithimh, toghadh Arthur Gibbons d’aon toil le teacht i gcomharbacht ar an iar-Chomhairleoir Chris MacManus (atá ina FPE anois) tar éis dó éirí as.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


6

CEANTAR BARDASACH SHLIGIGH - DHROIM CHLIABH An Clr. Marie Casserly

An Clr. Tom Fox

Neamhspleách

Fine Gael

An tSrithideach, An Ghráinseach, Co. Shligigh

Calgach, Calraí, Co Shligigh

086 3182529

087 2074720

An tSrithideach, An Ghráinseach, Co. Shligigh

tom@tomfox.ie

087 9386694

mariecasserly1@gmail.com

An Clr. Dónal Gilroy Fianna Fáil

donalgilroy@outlook.com

An Clr. Thomas Healy

An Clr. Thomas Walsh

Sinn Féin

Fine Gael

An Leargain, Cúil Mhuine, Co. Shligigh 086 3666561

32 Na Lóistí, Caiseal Locha Deargáin, Baile Uí Dhálaigh, Co. Shligigh

thealyt@gmail.com

086 1025285 walshthomasf@yahoo.ie

Léarscáil Thoghcheantair Chontae Shligigh

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


7

An tUas. Tom Kilfeather

Dorothy Clarke, Uas.

An tUas. John Moran

Príomhfheidhmeannach Cúnta tkilfeather@sligococo.ie

Stiúrthóir na Pleanála agus Forbartha Pobail agus Geilleagraí

Stiúrthóir Cúnta Seirbhísí Tithíochta agus Corparáideacha

071 911 1004

dclarke@sligococo.ie

jmoran@sligococo.ie

071 911 4411

071 911 1020

Emer Concannon, Uas.

An tUas. John Reilly

Marie Whelan, Uas.

Stiúrthóir Bonneagair, Comhshaoil agus Seirbhísí Dóiteáin

Ceann na hOifige Fiontair Áitiúil john.reilly@leo.sligococo.ie

Ceann na Stiúrthóireachta Airgeadais

071 911 1111

mwhelan@sligococo.ie

econcannon@sligococo.ie

071 911 1121

071 911 1006

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


8

Tá na ceithre Choiste Beartais Straitéisigh seo a leanas ag feidhmiú i gComhairle Contae Shligigh:  CBS 1 – Seirbhísí Tithíochta agus Corparáideacha  CBS 2 – Comhshaol agus Bonneagar  CBS 3 – Pleanáil, Forbairt Pobail agus Gheilleagrach, Ealaíona agus Cultúr  CBS 4 – An tAthrú Aeráide

CBS 1 – Seirbhísí Tithíochta agus Corparáideacha

CBS 3 – Pleanáil, Forbairt Pobail 

Anagus Clr. Rosaleen O’Grady, Cathaoirleach Gheilleagrach, Ealaíona

agus An Clr. Marie Casserly

Cultúr

An Clr. Arthur Gibbons, Cathaoirleach

An Clr. Gerard Mullaney

An Clr. Martin Baker

An Clr. Arthur Gibbons

An Clr. Declan Bree

An Clr. Thomas Healy

An Clr. Tom Fox

An Clr. Thomas Walsh

An Clr. Gino O’Boyle

An Clr. Tom Fox

An Clr. Joe Queenan

An Clr. Tom MacSharry

Alan McMenamin, Pobal agus Obair Dheonach (LRP)

Corena Ward, Pobal agus Obair Dheonach (LRP)

Pippa Black, Cuimsiú Sóisialta (LRP)

Sanja Ivandic, Cuimsiú Sóisialta (LRP)

Melinda Swann, Comhshaol (LRP)

Suzanne Tynan, Comhshaol (LRP)

Karen O’Hara, Crann Taca na gCeardchumann

Pat Fallon, Crann Taca na gCeardchumann

Aidan Doyle, Crann Taca na hEarnála Gnó

Karl Kelly, Crann Taca na hEarnála Gnó

Des Morrison, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

CBS 2 – Comhshaol agus CBS 4 – An tAthrú Aeráide 

An Clr. Dónal Gilroy, Cathaoirleach

An Clr. Michael Clarke

An Clr. Sinéad Maguire, Cathaoirleach

An Clr. Thomas Healy

An Comhairleoir Dara Mulvey

An Clr. Thomas Walsh

An Clr. Martin Connolly

An Clr. Paul Taylor

An Clr. Dónal Gilroy

An Clr. Rosaleen O’Grady

An Clr. Paul Taylor

Sharon Eastwood, Pobal agus Obair Dheonach (LRP)

An Clr. Tom MacSharry

Joan Swift, Comhshaol (LRP)

Lisa Moore, Pobal agus Obair Dheonach (LRP)

Conor McCarthy, Crann Taca na hEarnála Gnó

Yvonne Lang, Comhshaol (LRP)

Michael O’Dowd, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

Laura Gaffney, Crann Taca na hEarnála Gnó

Bernard Finan, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

 Michael O’Dowd, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020



10

RÉAMHRÁ Socraíodh cuid mhaith de chlár oibre na Stiúrthóireachta Seirbhísí Tithíochta agus Corparáideacha in 2020 mar fhreagairt ar na dúshláin a bhain le paindéim COVID-19. Go luath in 2020 forbraíodh Plean Leanúnachais Gnó inar aithníodh na seirbhísí riachtanacha a bheadh ar an gComhairle a choinneáil i gcás paindéim cheart, na hacmhainní a bheadh ag teastáil chuige sin, na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na seirbhísí agus pleananna teagmhasacha. Níorbh aon dóithín é cloí leis an gcomhairle Sláinte Poiblí/scartha shóisialta, agus d’éirigh go maith leis an gComhairle cumasú go tapa do bhaill foirne obair ón mbaile, chomh maith sin go raibh thart ar 80% den fhoireann oifige ag obair ón mbaile nuair ba threise na srianta. Bhí gá le bearta cuimsitheacha san áit oibre le timpeallacht shábháilte a chinntiú don fhoireann agus do dhaoine den phobal a bhuail isteach chuig ár n-oifigí. Tugadh roinnt baill foirne ar iasacht do FSS freisin le cabhrú le gníomhaíochtaí líne tosaigh. Go díreach i ndiaidh fhógra an Rialtais i mí an Mhárta 2020, thosaigh an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha ag obair as lámha a chéile le foireann na Rannóige Forbartha Pobail agus Geilleagraí le Fóram Tacaíochta Pobail agus Líne Chabhrach a chur ar bun mar acmhainn do dhaoine scothaosta agus leochaileacha sa phobal. D’éirigh chomh maith sin leis an tionscnamh seo mar thoradh ar an gcomhar den scoth a bhí ann idir na príomhghníomhaireachtaí agus líonra oibrithe deonacha áitiúla. Chuamar i gcomhar leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí tofa chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe maidir le cruinnithe a óstáil. Le himeacht na bliana, forbraíodh ár gcur chuige de réir a chéile ó chruinnithe a chur ar siúl ‘lasmuigh den láthair’ go cruinnithe hibrideacha a reáchtáil, ina raibh roinnt comhairleoirí agus baill foirne i láthair i Seomra na Comhairle agus roinnt eile ag glaoch isteach thar an Idirlíon. Cé go raibh orainn ord tosaíochta nua a shannadh do chlár oibre na Stiúrthóireachta, ba bhliain ghnóthach, fhiúntach í don Rannóg Tithíochta mar sin féin. Is é sprioc na Comhairle faoin gClár Caipitil Tithíochta Cúig Bliana, 2017-2021 ná 384 teaghais a chur ar fáil. In 2020 críochnaíodh an scéim 28 aonad ar Bhóthar na Cnapaí, Sligeach, rud a d’fhág go raibh 273 teaghais curtha ar fáil faoi dheireadh 2020. Rinneadh dul chun cinn chomh maith in 2020 ar scéimeanna eile atá le críochnú in 2021, lena n-áirítear teaghais tuaithe ag Crumhach, forbairt cúig aonad ar Bhóthar na Mara, Sligeach (i gcomhar le Cumann Tithíochta Newgrove), scéim deich n-aonad ar an Droim Mór Thiar agus forbairt deich n-aonad eile i dTobar an Choire.

John Moran Stiúrthóir Cúnta Seirbhísí

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


11

TITHÍOCHT AGUS FOIRGNÍOCHT Tá Rannóg Tithíochta na Comhairle gníomhach sna réimsí seo a leanas:  Tacaíocht tithíochta sóisialta a cheadú do theaghlaigh  Tithe a leithdháileadh orthu siúd atá ar an Liosta Tithíochta  Obair chothabhála agus feabhsúcháin ar an stoc tithíochta  Bainistíocht Eastát  Easpa dídine  Cóiríocht do Thaistealaithe  Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta  Iniúchtaí ar Thionóntachtaí Príobháideacha ar Cíos  Iasachtaí Tithíochta agus an Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí (Incriminteach) faoi Atógáil Éireann  Tithe nua a sholáthar Áirítear leis an raon roghanna tithíochta atá ar fáil anois do theaghlaigh a bhfuil tacaíocht tithíochta sóisialta ceadaithe dóibh:  Tithíocht Shóisialta faoi úinéireacht nó ar léas ag an Údarás Áitiúil  Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT)  An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC)  Scéimeanna Deonacha Tithíochta  Iasachtaí Tithíochta ó Atógáil Éireann

Aonaid Tithíochta de chuid an Údaráis Áitiúil a Chothabháil/a Fheabhsú Obair Chothabhála agus Dheisiúcháin ar Stoc Tithíochta an Údaráis Áitiúil Ba é €1,189,698 an buiséad a cuireadh ar fáil i gcomhair obair chothabhála agus dheisiúcháin ar Stoc Tithíochta an Údaráis Áitiúil in 2020. Tugann an Chomhairle tús áite d’iarratais deisiúcháin i gcásanna ina bhfuil baol sláinte nó sábháilteachta ann don tionónta agus d’iarratais ó dhaoine scothaosta agus daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu. Rinne an Rannóg Tithíochta plé le breis agus 3,759 iarratas deisiúcháin in 2020.

Obair Oiriúnuithe agus Sínidh ar Stoc an Údaráis Áitiúil Gach bliain cuireann an Roinn maoiniú ar fáil don Chomhairle le cumasú di, nuair is gá, obair oiriúnuithe agus sínidh

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


12 a dhéanamh ar stoc na Comhairle. I roinnt cásanna, caithfear na hoibreacha seo a dhéanamh le cumasú don tionónta filleadh abhaile tar éis dó a bheith in ospidéal. Is ón Roinn a fhaightear 90% de leithdháileadh agus cuireann an Chomhairle an chuid eile ar fáil óna cuid acmhainní féin. Leithdháil an Roinn suim €251,499.78 ar an gComhairle don bhliain 2020 ar an gcéad dul síos. Ba chúis díomá an leithdháileadh a fuarthas, toisc gur lorg an Chomhairle suim €672,415.70. Laghdú os cionn 30% ar an tsuim a fuarthas in 2019 ab ea an leithdháileadh. Lorg an Chomhairle maoiniú breise ina dhiaidh sin ón Roinn agus fuarthas leithdháileadh breise €161,386.72. Rinneadh oibreacha oiriúnaithe ar 37 teach in 2020 agus rinneadh dul chun cinn ar cheithre shíneadh, leis.

Measúnú, Leithdháileadh agus Aistriú Tithíochta Measúnú Tithíochta Leagtar amach sna Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta, 2011, arna leasú, an nós imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar theaghlaigh atá ag lorg tacaíocht tithíochta sóisialta. Cinntear mar thoradh ar an measúnú cibé acu an bhfuil an teaghlach incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta agus an dteastaíonn sí uaidh. Bhí 1,520 teaghlach ar an liosta feithimh/aistrithe tithíochta amhail an 31 Nollaig 2020

Líon na dTeaghlach

Sonraí

755

Líon na dteaghlach atá ag fáil Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ar ceadaíodh aistriú dóibh

212

Líon na dtionóntaí de chuid na Comhairle/Comhlacht Ceadaithe Tithíochta ar ceadaíodh aistriú dóibh

553

Glanriachtanas Tithíochta

1,520

Iomlán

Cuireann an Rannóg Tithíochta comhairle ar fáil freisin maidir le roghanna agus tacaíochtaí tithíochta eile a bhféadfadh teaghlaigh a bheith incháilithe leas a bhaint astu in ionad tithíocht shóisialta agus/nó fad agus atá siad ag feitheamh ar leithdháileadh tithíochta.

Leithdháiltí Leithdháileann an Chomhairle teaghaisí de réir a “Scéime Leithdháilte”, ar ghlac Comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh léi i mí an Mheitheamh 2011. Eisíodh 189 tairiscint tionóntachta san iomlán in 2020, agus glacadh le 109 (61%) acu.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


13

Míchumas Tá Plean Straitéiseach Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas curtha i bhfeidhm ag an gComhairle i gcomhar le FSS. Mar chuid den obair ullmhúcháin ar an bPlean Straitéiseach, aithníodh na riachtanais a bhí ag daoine faoi mhíchumas san am i láthair agus a bheadh acu san am a bhí le teacht (go ceann tréimhse cúig bliana). Aithníodh go mbeadh 528 teaghais ag teastáil ar an iomlán. Dúshlán suntasach a aithníodh ab ea an chaoi le déileáil le riachtanais chóiríochta na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa dá láthair chomhchónaithe do dhaoine faoi mhíchumas foghlama, atá lonnaithe i dTeach Chreig Uí Airt, an Ros agus i gCluain na Maithín. Tá sé beartaithe go mbeidh an Plean i bhfeidhm ó 2016 go 2020. Aithníodh na roghanna féideartha soláthair sa Phlean. I gcás forbairtí a mbeidh deich n-aonad nó níos mó iontu atá le tógáil ag an Údarás Áitiúil nó ag Comhlacht Ceadaithe Tithíochta, beidh 15% ar a laghad de na haonaid go léir deartha go sonrach do dhaoine faoi mhíchumas. I gcás forbairtí a mbeidh níos lú ná deich n-aonad iontu, tuigtear go bhféadfar aon aonad amháin a chur i leataobh do dhaoine faoi mhíchumas. Forbrófar Straitéis Náisiúnta Tithíochta nua do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2021, a bheidh i bhfeidhm ó 2022 go 2027.

Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (ICT) Tá cur chun feidhme na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta (ICT) ina phríomhthosaíocht de chuid an Rialtais agus ina phríomhsprioc den Straitéis Tithíochta Sóisialta, 2020. Cineál tacaíochta tithíochta sóisialta is ea í, trínar féidir le húdaráis áitiúla cúnamh tithíochta a chur ar fáil do theaghlaigh a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu, lena n-áirítear iad siúd atá ag fáil forlíonadh cíosa le fada. Faigheann an scéim réidh le bac ar fhostaíocht de bharr go ligeann sí d’fhaighteoirí fanacht sa scéim má éiríonn leo fostaíocht lánaimseartha a bhaint amach. Feabhsóidh an ICT rialáil na dteaghaisí ar cíos a bhfuil tacaíocht á cur ar fáil ina leith, agus beidh tiarnaí talún in ann a bheith cinnte faoina n-ioncam cíosa. Cuireadh ICT i bhfeidhm i Sligeach ar an 16 Samhain 2015 agus, amhail an 31 Nollaig 2020, tá 831 tionóntacht gníomhach, 202 acu a cuireadh ar bun in 2020. Murab ionann agus blianta eile, níor shocraigh an Roinn aon spriocanna maidir le ICT faoi Atógáil Éireann in 2020. Tá sé beartaithe ag an gComhairle gach faighteoir forlíonta cíosa sa chontae, mar aon le gach iarratasóir air, a aistriú go ICT de réir a chéile agus de réir bheartas an Rialtais.

An Clár Cóiríochta Taistealaithe, an 1 Iúil 2019 – an 30 Meitheamh 2024 I gcomhréir le hImlitir 35/2018, tá Clár nua Cóiríochta Taistealaithe don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2024 curtha i dtoll a chéile ag Comhairle Contae Shligigh. Cheadaigh Comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh an clár sin an 2 Meán Fómhair 2019. Léirítear i dTábla 1 thíos na spriocanna bliantúla. Léirítear i dTábla 2 thíos an dul chun cinn go dtí seo.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


14

Spriocanna le Baint Amach Cineál Cóiríochta

19/20

Scéim Tithíochta Grúpa / Láithreáin stad

2

Ceannacháin Shonracha

1

Uasghrádú ar shaoráidí a bhí ann / Láithreáin sheirbhísithe

20/21

21/22

22/23

5 1

1

1

6

23/24

Iomlán

5

12

1

5

3

9

Tionóntacht Chomhairle

4

4

4

5

4

21

RAS/HAP

3

3

3

4

4

17

Tithíocht Dheonach

1

Iomlán

11

2

1

14

13

11

17

66

Tábla 1

Tionacht Chóiríochta faoin gClár Cóiríochta Taistealaithe, Iúil 2019-Meitheamh 2024 Cineál Cóiríochta Scéim Tithíochta Grúpa / Láithreáin stad

Sprioc, Iúil 2019 go Meitheamh 2024

Bainte Amach, Iúil 2019 go Nollaig 2019

Bainte Amach, Eanáir 2020 go Nollaig 2020

12

6

-

Ceannacháin Shonracha

5

-

1

Uasghrádú ar shaoráidí a bhí ann / Láithreáin sheirbhísithe

9

6

2

Tionóntacht Chomhairle

21

7

-

RAS/HAP

17

4

1

2

3

-

66

26

4

Tithíocht Dheonach

Iomlán Tábla 2

Dul Chun Cinn faoin gClár Cóiríochta Taistealaithe, an 1 Iúil 2019 - an 31 Nollaig 2020 Tá 45% den Sprioc bainte amach go dtí seo, thart ar 18 mí tar éis tosú ar an gclár 5 bliana.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


15

Athchóiriú agus athfhorbairt Láithreán Stad Radharc an Ghleanna, Lána na Fuinseoige, Sligeach (6 bhá):

Tosaíodh na hoibreacha ar an láithreán an 22 Iúil 2019 – cuireadh i gcrích an 1 Aibreán 2020 iad. Tá an fhorbairt lán anois.

Grúpthithíocht (an Scéim Cóiríochta Taistealaithe) ag Radharc an Ghleanna, Sligeach – 3 Theaghais:

Ullmhaíodh dearaí do Scéim Tithíochta Grúpa ag Radharc an Ghleanna. Cuirfear an scéim seo chun cinn ach tacaíocht a fháil ó áititheoirí reatha an láithreáin agus ón Roinn.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


16

Láithreán Stad Bhuaile Fraoigh

Cuireadh síneadh 3 sheomra leapa le haonad leasa in 2020. Tá sainchomhairleoir ceaptha le saoráid cóireála fuíolluisce a dhearadh don láithreán stad. Is ar an saothar sin a bheidh na huasghráduithe ar an láithreán amach anseo bunaithe.

Láithreán Stad Chluain na Maithín

Tá sainchomhairleoir ceaptha le saoráid cóireála fuíolluisce a dhearadh don láithreán stad. Is ar an saothar sin a bheidh na huasghráduithe ar an láithreán amach anseo bunaithe.

Bearta COVID-19

Leanann Comhairle Contae Shligigh uirthi ag déanamh monatóireacht ar gach láithreán agus cuirfidh gach tacaíocht is gá ar fáil le troid in aghaidh COVID-19 agus lena scaipeadh a chosc.

Riarachán Cíosa Tithíochta agus Ceannaigh ag Tionóntaí An Scéim Cíosanna Difreálacha Feidhmíonn an Chomhairle Scéim Cíosanna Difreálacha faoina ngearrtar cíos seachtainiúil ar thionóntaí de réir a nacmhainneachta. Tá Scéim nua beartaithe lena cur i bhfeidhm go luath in 2021, rud a éascóidh Clár Feabhsaithe Cothabhála Pleanáilte chomh maith.

An Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí (Incriminteach) Tugadh isteach Scéim nua Ceannaigh ag Tionóntaí (Incriminteach) ar an 1 Eanáir 2016 d’fhonn cur ar chumas tionóntaí a dteach a cheannach. Ní mór do thionóntaí na critéir incháilitheachta atá leagtha amach faoin Scéim a chomhlíonadh le bheith incháilithe a dteach a cheannach. Faoin scéim nua, tugtar lascaine don cheannaitheoir i gcomhréir le hioncam an teaghlaigh (40%, 50% nó 60%) agus cuirtear muirear a bhaineann leis an lascaine ar an teaghais, a laghdóidh go nialas le himeacht tréimhse ach amháin má dhéantar an teach a athdhíol nó má theipeann ar an gceannaitheoir cloí leis na coinníollacha díola. I gcás go ndéanfaidh an ceannaitheoir tionónta an teaghais a athdhíol roimh dheireadh na tréimhse mhuirir, ní mór dó nó di cuid d’aon bhrabúis a d’eascair as an díol a íoc leis an gComhairle. Bhain 4 theaghlach leas as an Scéim in 2020.

Tacaíocht Forbartha Pobail Tithíochta Clár Bainistíochta Eastáit Faoi láthair bainistíonn an Chomhairle seo stoc tithíochta atá comhdhéanta de níos mó ná 2,200 teaghais agus 6 láithreán stad. Agus í ag bainistiú an stoic tithíochta, téann an Chomhairle i dtuilleamaí a cuid Oifigeach Bainistíochta Eastáit, an Oifigigh Imscrúdaithe Tithíochta agus a cuid Maor Pobail, agus téann i gcomhar freisin le Cumainn Áitritheoirí agus leis an nGarda Síochána, d’fhonn a chinntiú, a mhéid is féidir, go mbíonn gach eastát de chuid na Comhairle ina áit dheas agus shábháilte le cónaí ann.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


17

Tá sé de dhualgas ar an gComhairle a cuid teaghaisí agus cóiríochta tionóntachta, arna ligean ar cíos faoi na hAchtanna Tithíochta, a bhainistiú agus a rialú, chomh maith le leas a cuid tionóntaí, ceannaitheoirí tionónta agus ceadúnaithe a dhaingniú agus a chosaint, a mhéid is féidir, in áitiú síochánta na n-aonad. Ghlac Comhairle Contae Shligigh le Straitéis um Iompar Frithshóisialta an 1 Deireadh Fómhair 2018. Déantar gach gearán maidir le hiompar frithshóisialta agus fadhbanna Bainistíochta Eastáit a dhoiciméadú agus déantar obair leantach orthu ó thaobh beartais agus straitéisí Bainistíochta Eastáit de. Tá beartais ceaptha ag an Aonad Bainistíochta Eastáit atá deartha le bheith comhsheasmhach agus cothrom na Féinne a thabhairt agus plé á dhéanamh le gearáin agus tá sé mar aidhm aige fadhbanna a réiteach de réir reachtaíocht agus feidhmeanna tithíochta. Is fiú a lua, mar thoradh ar na tionscnaimh bainistíochta eastáit atá i bhfeidhm faoi láthair, nach dtarlaíonn iompar frithshóisialta in eastáit ná láithreáin na Comhairle ach go hanannamh agus go bhfuil an chuid is mó de thionóntaí na Comhairle in ann taitneamh a bhaint as a n-áit chónaithe saor ó aon deacrachtaí a bhaineann le hiompar frithshóisialta.

Tacaíocht agus Coinneáil Athlonnaíochta/Tionóntachta D’fhonn na cásanna easpa dídine a íoslaghdú agus le cúnamh a chur ar fáil i gcás go dtarlaíonn easpa dídine, tá Seirbhís choimisiúnaithe Tacaíochta agus Coinneála Athlonnaíochta/Tionóntachta curtha i bhfeidhm ag an gComhairle i gcomhar le Focus Ireland CLG. Is é is aidhm leis an tseirbhís seo ná tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh go háirithe atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean. Cuirtear an tSeirbhís ar fáil do chliaint a bhfuil Riachtanais Ghinearálta acu agus do chliaint a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus/nó andúile acu.

Caighdeáin Cóiríochta Príobháidí ar Cíos Tá dualgas dlíthiúil ar gach tiarna talún a chinntiú go mbíonn na teaghaisí a ligeann siad ar cíos ag teacht le híoschaighdeáin fhisiciúla áirithe. Is sna Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithe ar Cíos), 2019 (IR Uimh. 137/2019) a leagtar amach na híoschaighdeáin sin. Is ar an gComhairle atá an fhreagracht as na Rialacháin a fhorfheidhmiú. Tá an Chomhairle gníomhach sa réimse seo agus rinne breis agus 761 iniúchadh in 2020. D’eisigh an Chomhairle 500 Fógra Feabhsúcháin agus 4 Fhógra Toirmisc do thiarnaí talún sa tréimhse chéanna.

Riarachán Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean Déanann an Chomhairle gach iarracht freagairt go héifeachtach iomchuí dóibh siúd a thagann i láthair gan dídean nó i mbaol a bheith gan dídean. Tá Foireann Gníomhaíochta do Dhaoine gan Dídean ag Comhairle Contae Shligigh, a thagann le chéile go rialta le cásanna aonair a mheas agus le cineálacha cur chuige a ghlacadh chun an tacaíocht agus an cúnamh is fearr a chur ar fáil do dhaoine atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean agus chun seirbhísí tacaíochta a chur ar bun dóibh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


18 Tá an cur chuige bainistíochta cásanna seo ríthábhachtach le bunphrionsabal an bheartais náisiúnta a chomhlíonadh, is é sin gur chóir daoine gan dídean a chur i gcóiríocht oiriúnach ar an gcéad dul síos, le tacaíochtaí nó gan iad, seachas i gcóiríocht éigeandáil, mar a thugtar air, atá costasach go leor. Cur chuige an-éifeachtach é seo don Chomhairle. Tugtar cúnamh do theaghlaigh freisin le cabhrú leo tosú ag maireachtáil go neamhspleách. I gcásanna áirithe, is féidir brú nó teach lóistín a úsáid. Tá seirbhísí ar fáil ag na suíomhanna seo a leanas:  Maryville, Fionasclainn, Sligeach (Sligo Social Services Council CLG) – Laghdaíodh líon na leapacha anseo ó 15 leaba go 11 leaba de réir na Treorach COVID-19 maidir le Socruithe Grúpa do Dhaoine gan Dídean agus Grúpaí Leochaileacha eile.  Baile Uí Theimhneáin, Sligeach (Sligo Social Services Council CLG) – 5 leaba.  Shalomar, Fionasclainn, Sligeach (Finisklin Housing Association Ltd) – in ann 16 leaba a chur ar fáil san iomlán.  23 aonad de thithíocht idirthréimhseach thacaithe ag Geata na Cathrach, Bóthar an Chóiste Poist, Sligeach.  2 aonad i mBaile Shligigh do theaghlaigh a dteastaíonn diantacaíochtaí uathu faoi chomhaontú seirbhíse le Focus Ireland CLG. Tá oibrí ar leith ag Comhairle Contae Shligigh a oibríonn le cóiríocht ICT a aimsiú do dhaoine gan dídean atá i gcóiríocht do dhaoine gan dídean ar feadh tréimhsí fada. Tá an duine seo ag obair le teacht ar dheiseanna nua le tiarnaí talún, gníomhaireachtaí agus an pobal i gcoitinne, agus tá sé ag meaitseáil áiteanna le cliaint. Mar sin féin, tá fadhbanna fós ann de bharr a shrianta atá an soláthar tithe príobháideacha ar cíos sna príomhcheantair éilimh, agus de bharr na difríochta idir na teorainneacha ICT agus na leibhéil chíosa do theaghaisí sna ceantair éilimh sin.

Tithíocht ar dTús

Sheol an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D., agus an tAire Sláinte, Simon Harris T.D., an Chéad Phlean Náisiúnta Forfheidhmithe Tithíochta (2018-2021) ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2018. Tá forfheidhmiú an Phlean i gcroílár iarrachtaí an Stáit le daoine a chodlaíonn amuigh agus úsáideoirí fadtéarmacha cóiríochta éigeandála a bhogadh isteach i dtionóntachtaí inbhuanaithe, neamhspleácha. Beidh clár comhtháite forfheidhmithe ag teastáil sna réimsí tithíochta agus sláinte araon le go n-éireoidh le Tithíocht ar dTús. Féachann an Clár oibre seo chun idir tionóntacht agus tacaíochtaí sláinte a sholáthar, arb aidhm leo cabhrú leis an duine aonair tithíocht chobhsaí a fháil, ach aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar a fhadhbanna bunúsacha sláinte coirp, meabhairshláinte agus andúile. Is í an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a chuirfidh an t-airgead ar fáil do thacaíochtaí cóiríochta agus tionóntachta trí na socruithe maoinithe tharmligthe do sheirbhísí do dhaoine gan dídean atá i bhfeidhm le príomhúdaráis réigiúnacha. Déanfaidh FSS maoiniú ar na tacaíochtaí sláinte coirp, meabhairshláinte agus andúile trí na heagraíochtaí iomchuí cúraim sláinte pobail. Cuirfear cóiríocht ar fáil faoin tsamhail seo do 24 duine aonair atá gan dídean go fadtéarmach i Sligeach, le himeacht na tréimhse trí bliana ar cuireadh tús léi an 13 Feabhra 2020. Tá sé thionóntacht ‘Tithíocht ar dTús’ ar bun i Sligeach faoi láthair, agus tá pleananna ann le haghaidh dhá thionóntacht eile go luath in 2021 agus ocht gcinn eile sa dara bliain den Chlár.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


19 Is í Comhairle Contae Shligigh an príomhúdarás i gcomhair Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean do Réigiún an Iarthuaiscirt (Sligeach, Dún na nGall agus Liatroim) go fóill agus tá sí freagrach as an mbuiséad a bhainistiú agus as an maoiniú a chomhordú don réigiún.

Tacaíocht do Chláir Caipitil Tithíochta agus Tithíochta Inacmhainne An Straitéis Tithíochta Sóisialta

Sheol an Rialtas an Straitéis Tithíochta Sóisialta go déanach in 2014. Leagtar amach ann an fhís gur chóir go mbeadh rochtain ag gach uile theaghlach in Éirinn ar thithíocht dea-chaighdeáin atá oiriúnach dá riachtanais, ar fáil ar phraghas réasúnta, agus suite i bpobal inbhuanaithe.

Atógáil Éireann – Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine

Foilsíodh ‘Atógáil Éireann – Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine’ ar an 19 Iúil 2016. Bhí sé mar aidhm aige géarú ar an maidí ó thaobh tithe a chur ar fáil de i ngach réimse chun cabhrú le teaghlaigh a gcuid riachtanas tithíochta a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine freisin. Leagadh síos spriocanna uaillmhianacha ann chun líon na n-aonad tithíochta a thógfaí gach bliain a mhéadú faoi dhó go 25,000, chun 47,000 aonad tithíochta sóisialta a chur ar fáil sa tréimhse go 2021 agus chun an úsáid is fearr a bhaint as an stoc atá ann cheana (a lán aonaid fholamha sa tír). Sa chuid deiridh de 2017, rinneadh an figiúr maidir le haonaid tithíochta sóisialta a choigeartú suas go 50,000 faoi 2021, líon a bhainfí amach trí thógáil (33,500), fáil (6,500) agus glacadh ar léas (10,000). Thug an Rialtas gealltanas go gcuirfí maoiniú €6 billiún ar fáil le tacú leis an bplean.

An Clár Caipitil Tithíochta

Is é 384 aonad an sprioclíon aonad atá le cur ar fáil ag an gComhairle don chlár seo faoi Atógáil Éireann sa tréimhse 2017-2021. D’fhéadfaí an sprioc sin a bhaint amach trí, a) Tithíocht LA (Tógáil agus Fáil, lena n-áirítear aonaid a fháil faoi Chuid V) b) Scéim Cúnaimh Caipitil c) An Clár um Aonaid Fholmha Tithíochta Sóisialta a fhilleadh ar Úsáid Tháirgiúil agus an Clár um Aonaid Tithíochta Sóisialta atá Folamh/Tréigthe go Fadtéarmach, agus d) Léasú agus Saoráid Léasaithe Airleacain Caipitil le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta.

Achoimre ar an gClár Tithíochta – 237 curtha ar fáil go dtí seo (sprioc 384) 2017

88

2018

71

2019

68

2020

46

Iomlán

273

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


20

a) Tithíocht LA (Tógáil, lena n-áirítear Cuid V agus Fáil) Tionscadail Tithíochta

Tá Comhairle Contae Shligigh ag obair go gníomhach ar roinnt tionscadal le tithíocht a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar. Tá na scéimeanna á gcur chun cinn trí phróiseas faofa ceithre chéim maidir le Tionscadail Tógála Tithíochta Sóisialta. Caithfidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil gach céim ar leith a fhaomhadh. Seo a leanas na céimeanna a bhíonn i gceist:

Céim 1:

Indéantacht an Tionscadail agus Breithmheas Caipitil

Céim 2:

Dearadh an Tionscadail, Faomhadh an Phlean Costas, agus aighneacht phleanála faoi Chuid 8 ina dhiaidh sin le cur faoi bhráid Chomhaltaí na Comhairle

Céim 3:

Forbairt Shonraí Dearaidh an Tionscadail agus Plean Costas Réamhthairisceana

Céim 4:

Athbhreithniú ar Chostais an Tionscadail agus na Tairisceana agus Cur Isteach na Tairisceana. Tar éis don Chomhairle faomhadh Chéim 4 a fháil, is ceadmhach di conraitheoir a cheapadh agus dul ar aghaidh leis an tógáil.

Tógáil, lena n-áirítear Cuid V (curtha ar fáil) 2017

10

2018

19

2019

42

2020

28

Iomlán

99

Tá na Scéimeanna Tithíochta seo a leanas á gcur chun cinn go fóill:

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


21

Bóthar na Cnapaí, Sligeach: 28 aonad

Cuireadh tús leis na hoibreacha ar an láithreán ar an 15 Deireadh Fómhair 2018 – nach mór críochnaithe ag deireadh na bliana 2020.

Céide Fhearnáin, An Droim Mór Thiar, Co. Shligigh - Céim 2 - 10 nAonad

Mar thoradh ar an tionscadal seo cuirfear ar fáil 8 dteaghais dhá sheomra leapa agus 2 theaghais leathscoite trí sheomra leapa ag Céide Fhearnáin, An Droim Mór Thiar, Co. Shligigh. Thosaigh an conraitheoir ar an láithreán ar an 3 Nollaig 2019 agus tá an fhorbairt le cur i gcrích in 2021.

Tá an láithreán dúnta ó bhí mí na Nollag 2020 ann mar gheall ar shrianta COVID-19 an Rialtais.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


22

Páirc Uí Chonghaile, Tobar an Choire: Céim 1 - 10 dteaghais nua:

San fhorbairt seo scartálfar roinnt teaghaisí tréigthe atá ann cheana agus cuirfear ar fáil 10 n-aonad: 4 árasán, ceann acu a bheidh deartha go speisialta do dhuine a bhfuil riachtanais speisialta aige, agus 6 theach leathscoite 3 sheomra leapa. Síníodh conradh ar an 9 Meán Fómhair 2020 agus tá tús curtha leis na hoibreacha ar an láithreán. Tá an fhorbairt le cur i gcrích in 2021.

Tá an láithreán dúnta ó bhí mí na Nollag 2020 ann mar gheall ar shrianta COVID-19 an Rialtais.

Teach tuaithe ag Crumhach, An Droim Mór Thiar, Co. Shligigh

Cuirfear teaghais tuaithe 3 sheomra leapa ar fáil ag Crumhach, An Droim Mór Thiar. Tá conraitheoir ceaptha agus cuireadh tús leis na hoibreacha ar an láithreán ar an 16 Deireadh Fómhair 2020. Tá an fhorbairt le cur i gcrích in 2021. Tá an láithreán dúnta ó bhí mí na Nollag 2020 ann mar gheall ar shrianta COVID-19 an Rialtais.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


23

An Machaire Buí, Sligeach – 62 teaghais nua:

Tá scéim á hullmhú do réadmhaoin de chuid na Comhairle ag an Machaire Buí. Fuarthas faomhadh breithmheasa caipitil (Céim 1) ón Roinn ar an 23 Samhain 2018. Tá aighneacht breithmheasa caipitil (Céim 2) le cur faoi bhráid na Roinne in 2021.

Bailtíní Uí Ghormaile, Bun an Fheadáin, Co. Shligigh – 6 theaghais:

D’fhaomh an Roinn breithmheas caipitil (Céim 1) maidir le 6 aonad san áit seo ar an 31 Iúil 2020. D’fhaomh comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh an Scéim ag an gcruinniú a bhí acu Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair 2020. Cuireadh aighneacht breithmheasa caipitil (Céim 2) faoi bhráid na Roinne ar an 23 Deireadh Fómhair 2020 agus fuarthas an faomhadh (Céim 2) ar an 19 Samhain 2020. Tá breithmheas caipitil (Céim 3) á ullmhú faoi láthair agus cuirfear faoi bhráid na Roinne é go luath in 2021. Beidh na sé aonad seo in áit na 6 aonad atá ann cheana ar an láithreán seo, atá le scartáil de dheasca piríte.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


24

Páirc Uí Chonghaile, Tobar an Choire: Céim 2 – 15 theaghais nua: D’fhaomh an Roinn breithmheas caipitil (Céim 1) maidir leis an áit seo ar an 24 Meán Fómhair 2020.

Tá breithmheas caipitil (Céim 2) á ullmhú faoi láthair agus cuirfear faoi bhráid na Roinne é in Eanáir 2021. Fógrófar nós imeachta pleanála faoi Chuid 8 in Aibreán 2021 tar éis don Roinn an aighneacht (Céim 2) a fhaomhadh.

Céide Geldof, Sligeach agus Bloc Láir an Chrainn Mhóir, Sligeach. Láithreán - 30 Aonad:

Cuireadh aighneacht breithmheasa caipitil, Céim 1, isteach chuig an Roinn ar an 20 Samhain 2020 maidir le tógáil 14 aonad ag Céide Geldof, an Crann Mór (8 n-árasán 1 seomra leapa agus 6 árasán 2 sheomra leaba), agus 16 aonad ag Bloc Láir an Chrainn Mhóir (8 n-árasán 1 seomra leapa agus 8 n-árasán 2 sheomra leaba). D’fhaomh an Roinn

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


25 Céim 1 i mí na Nollag 2020. Tá breithmheas caipitil (Céim 2) á ullmhú faoi láthair agus cuirfear faoi bhráid na Roinne é in 2021.

Ráth Eilín, Fionasclainn, Sligeach: Mar chuid de Straitéis Soláthair Tithíochta Atógáil Éireann, chuir an rialtas buiséad €300m ar leataobh chun 1,500 teach a chur ar fáil trí phróiseas Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí. Chuirfí i bhfeidhm ina thrí bheart é agus bheadh thart ar 500 teaghais i ngach beart. Tá dhá chéim den phróiseas sin i gcrích nó á dtógáil anois. In 2018 lorg an Roinn tograí maidir le talamh faoi úinéireacht Comhairlí a d’fhéadfaí a úsáid le tithe a dhearadh agus a fháil faoi chonradh náisiúnta. Cuireadh talamh faoi úinéireacht na Comhairle ag Ráth Eilín isteach mar fhreagairt ar iarratas na Roinne. D’eisigh an Roinn faomhadh le haghaidh forbairt 60 aonad ar an 23 Feabhra 2020, a bheadh ina cuid de Bheart CPP Tithíochta Sóisialta 3. Chuir an Chomhairle an treoir dhearaidh faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, arb í an tÚdarás Ceannais don chonradh náisiúnta í, ar an 11 Meitheamh 2020. Tá an próiseas soláthair le foireann dearaidh a fháil don tionscadal curtha i gcrích anois agus tá siad le tosú ar an réamhobair dhearaidh go luath. Meastar go gcuirfear tús le nós imeachta pleanála faoi Chuid 8 i Ráithe 2, 2021 agus go dtabharfar os comhair chomhaltaí Chomhairle Contae Shligigh é lena bhreithniú i Ráithe 3, 2021.

Tionscadail Chaipitil Amach Anseo: Tá sé beartaithe freisin clár a fhorbairt le haghaidh tionscadail bhreise i roinnt áiteanna eile, lena n-áirítear Fearann Uí Chearnaigh, an Ghráinseach, Ceathrú Bhuinneáin agus an Leathros. Braithfidh na tionscadail sin ar éileamh agus déanfar iad a mheas ar bhonn aighneachtaí breithmheasa caipitil (Céim 1) a chuirfear faoi bhráid na Roinne. Eisíodh glao ar léiriú spéise d’fhorbróirí tithíochta d’fhonn a mheas an bhféadfaí an earnáil tithíochta teaghaisí lándéanta a chur ar fáil de réir threoirlínte na Roinne.

Clár na Síntí. Cuireadh síneadh le ceithre theach de chuid na Comhairle in 2019/2020.

Fáil, lena n-áirítear aonaid a fháil faoi Chuid V Fuair an Chomhairle 58 teach in 2017, 2018 agus 2019. Cheannaigh an Ghníomhaireacht Tithíochta 3 aonad eile thar ceann na Comhairle chomh maith. Ceannaíodh 4 aonad san iomlán in 2020 – 3 cinn faoi chlár SHIP na Roinne agus ceann amháin faoi Chlár Cóiríochta Taistealaithe na Roinne.

b) Scéim Cúnaimh Caipitil I mí Lúnasa 2017 d’eisigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ‘Glao ar Thograí, 2017’ faoin Scéim Cúnaimh Caipitil do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta le hiarraidh orthu tograí a chur faoi bhráid Údaráis Áitiúla maidir le cóiríocht tithíochta a thógáil nó a fháil le freastal ar ghrúpaí tosaíochta amhail:  daoine breacaosta;  daoine gan dídean (lena n-áirítear ‘an lucht fágála cúraim’, i.e. na daoine siúd a fhágann cúraim stáit nuair a shlánaíonn siad 18 mbliana d'aois); agus  daoine faoi mhíchumas, le béim ar leith ar dhaoine faoi mhíchumas a bhogadh ó shuíomhanna comhchruinnithe go maireachtáil phobalbhunaithe.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


26

Níl aon spriocdháta ann maidir le hiarratais a chur isteach agus is glao oscailte rollach é i ndáiríre.

Scéim Cúnaimh Caipitil Tionscadail tógála a cuireadh i gcrích Cuan Iosa, Baile an Mhóta, Co Shligigh - 8 n-aonad: Cumann Tithíochta Naomh Uinseann de Pól. Cuireadh tús leis an obair ar an láithreán i mí na Nollag 2018 - cuireadh i gcrích an 15 Iúil 2020 í agus tá na haonaid uile áitithe anois.

Scéim Cúnaimh Caipitil Aonaid a fuarthas Fuarthas 17 n-aonad i Sligeach in 2017, 2018 agus 2019. Fuarthas 1 aonad in 2020.

Aonaid a fuarthas (Saoráid Léasaithe Airleacain Caipitil le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta) Fuarthas aon aonad amháin in 2018.

An Clár um Aonaid Fholmha Tithíochta Sóisialta a fhilleadh ar Úsáid Tháirgiúil Tá an Clár seo dírithe ar chásanna ina mbeadh costais athchóirithe an aonaid tithíochta i bhfad níos mó ná na costais a mbeifí ag súil leo de ghnáth ag deireadh léasa. Rinneadh 227 aonad a athchóiriú sa tréimhse 2017-2020, agus cuireadh 44 acu sin san áireamh i spriocanna foriomlána Atógáil Éireann, de réir mar a threoraigh an Roinn.

Aonaid Tithíochta Sóisialta atá Folamh/Tréigthe go Fadtéarmach D’fhógair an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil i mí Iúil 2016 go gcuirfí maoiniú ar fáil do Chomhairlí le roinnt aonaid tithíochta sóisialta a bhí folamh/tréigthe go fadtéarmach a athchóiriú/a fhilleadh ar úsáid tháirgiúil. Ceann de na coinníollacha ná gurbh éigean costas deisiúcháin an Aonaid a bheith ní ba mhó ná €30,000. Rinneadh 24 aonad a athchóiriú ó 2017, agus níor cuireadh ach 15 acu siúd san áireamh i sprioc foriomlán Atógáil Éireann, de réir mar a threoraigh an Roinn. Ní raibh aon aonaid a bhí folamh go fadtéarmach ag an gComhairle in 2020.

Léasú Cuirtear aonaid ar fáil faoin gClár seo ar bhealaí éagsúla,  Is féidir le Comhairlí forbairtí ilaonad a ghlacadh ar léas go díreach,  Is féidir le Comhairlí aonaid ar leith a ghlacadh ar léas nó trí shocruithe cíosa tar éis di ceadú tarmligthe a fháil chuige sin, agus  Is féidir le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta aonaid a ghlacadh ar léas, a cheannach nó a thógáil. Tá an Chomhairle i mbun cainteanna faoi láthair le forbróirí agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta maidir le roinnt aonad.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


27 Cuireadh 18 dteach ar fáil in 2018 agus 2019. Cuireadh 2 aonad ar fáil in 2020 faoi Léas ‘Morgáiste go Cíos’ le cuideachta phríobháideach agus cuireadh 3 Shaoráid Léasaithe Airleacain Caipitil (Morgáiste go Cíos) ar fáil freisin.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


28

Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe Príomhghné d’Atógáil Éireann – Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine is ea scéim nua darb ainm an Scéim Deisithe agus Léasaithe Tithíochta Foilmhe, atá dírithe ar thithíocht shóisialta a chur ar fáil agus a chinntíonn freisin go mbaintear an úsáid is fearr is féidir as an stoc tithíochta atá ann cheana. Tá an Scéim oscailte d’úinéirí tí nó árasáin atá folamh ar feadh bliana ar a laghad (cruthúnas ag teastáil) agus a gcaithfear obair dheisiúcháin a dhéanamh air chun é a thabhairt chuig an gcaighdeán a éilítear i gcás teaghaisí ar cíos. Is é Údarás Áitiúil nó Comhlacht Ceadaithe Tithíochta a mhaoineoidh na hoibreacha deisiúcháin agus feabhsúcháin atá ag teastáil ar theaghaisí oiriúnacha agus, mar chúiteamh air sin, ligfidh an t-úinéir an teaghais ar léas lena húsáid mar thithíocht shóisialta go ceann tréimhse idir 10 agus 19 mbliana. Bainfear costas na noibreacha as na híocaíochtaí léasa (cíosa) thar thréimhse aontaithe an léasa. Is é €40,000 uaschostas na ndeisiúchán a cheadófar faoin Scéim. Breathnóidh an Chomhairle ar theaghaisí i ngach ceantar ach beidh spéis ar leith aici iontu siúd i gceantair ardéilimh. Caithfear éileamh a bheith ar thithíocht shóisialta sa cheantar agus caithfidh sé go bhféadfaí an teaghais a úsáid le tithíocht shóisialta a chur ar fáil. Tá sonraí faoin Scéim le fáil ar Láithreán Gréasáin na Comhairle. Tá an Chomhairle ag breathnú ar roinnt iarratais a fuarthas faoin Scéim seo faoi láthair.

Scéim Ceannaigh agus Athnuachana Faoin Scéim seo is féidir leis an gComhairle aonaid tithíochta a bhfuil obair dheisiúcháin de dhíth orthu a cheannach agus a athnuachan agus iad a chur ar fáil ansin lena n-úsáid mar thithíocht shóisialta. Is ar sheanstoc a bheidh an obair dírithe go príomha, go háirithe mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh le dul i ngleic le tréigean agus le sráid-dreacha a fheabhsú/tacú le hathnuachan. Táthar ag súil go mbeadh aonaid a thagann faoin Scéim Ceannaigh agus Athnuachana folamh ar feadh tréimhse sula bhfaighfí chun críocha tithíocht shóisialta iad. Tá an Chomhairle i mbun oibreacha faoi láthair ar theach amháin a cheannaigh sí faoin Scéim seo.

Clár SCC An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC) Cabhraíonn an Clár Cóiríochta ar Cíos le teaghlaigh atá ag fáil Forlíonadh Cíosa ar feadh níos mó ná 18 mí agus a mheas an tÚdarás Tithíochta a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu (gan iarrthóirí tearmainn ná neamhnáisiúnaigh eile nach bhfuil cead acu fanacht sa Stát go buan a áireamh). Chuir an Chomhairle 23 aonad ar fáil in 2020. Tá laghdú ag teacht ar líon na n-aonad atá ar fáil faoin SCC. Tá claonadh ag úinéirí réadmhaoine i líon mór cásanna gan na haonaid a thairiscint arís nuair a bhíonn an conradh le hathnuachan.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


29

Iasachtaí Tithíochta Is morgáiste nua do cheannaitheoirí céaduaire í Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann, atá tacaithe ag an Rialtas. Tá sí ar fáil ó na húdaráis go léir ar fud na tíre ó bhí an 1 Feabhra 2018 ann. Is féidir le ceannaitheoir céaduaire iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann le háit chónaithe nua nó athláimhe a cheannach, nó le teach a thógáil. Gnáthmhorgáiste caipitil agus úis í, a aisíoctar tríd an dochar díreach ar bhonn míosúil. Is féidir le duine suas le 90% de luach margaidh na háite cónaithe a fháil ar iasacht. Seo a leanas na huasluachanna margaidh a bhaineann leis an iasacht:  €320,000 i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara, an Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin, agus  €250,000 sa chuid eile den tír.

Tarraingíodh anuas 5 iasacht in 2020.

Deontas Tithíochta Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus Scéimeanna do Dhaoine faoi Mhíchumas Is é €1,415,423 an leithdháileadh faoin gceannteideal seo don Chomhairle in 2020, agus soláthraítear €283,085 (20%) den mhéid sin ó acmhainní ioncaim na Comhairle féin. Seo a leanas na scéimeanna atá i gceist,  An Scéim um Dheontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas.  An Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta.  Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta D’éirigh leis an gComhairle leithdháileadh beag breise €2,124 a fháil. Úsáideadh an leithdháileadh faoi chomhair oibreacha oiriúnaithe a bhí á ndéanamh ar 162 teach.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


30

TIONSCADAL ATHBHEOCHANA CHATHAIR THOIR SHLIGIGH, AN CHRAINN MHÓIR AGUS NA bPURLÁN Tá Comhairle Contae Shligigh agus Oifig Thionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir ag leanúint orthu céim cur chun feidhme Mháistirphlean Athbheochana Chathair Thoir Shligigh, an Chrainn Mhóir agus na bPurlán, 2016 a chur chun cinn.

Is é Fís na hAthbheochana ná: Áit níos tarraingtí le cónaí ann a dhéanamh den cheantar agus naisc níos fearr, níos áisiúla a chur ar fáil le háiseanna nua agus áiseanna atá ann cheana sa cheantar áitiúil agus sa chuid eile de Shligeach. Cur ar chumas daoine aonair agus pobal sa cheantar leas a bhaint as deiseanna atá ag teacht chun cinn agus rochtain ar sheirbhísí fostaíochta, oideachais, sláinte agus tacaíochta teaghlaigh. An ceantar a dhaingniú do na glúnta atá le teacht mar cheantar le cónaí agus obair ann agus le cuairt a thabhairt air.

Déantar cur síos sa Mháistirphlean ar roinnt tionscadail fhisiceacha agus tionscnaimh shóisialta agus eacnamaíocha arb aidhm leo aghaidh a thabhairt ar riachtanais. Faoi na tionscadail seo cuirfear infheistíocht a bhfuil géarghá léi ar fáil chun tithíocht sa cheantar, spásanna oscailte agus bóithre a fheabhsú, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh in áiseanna pobail. Tá maoiniú faighte le haghaidh cuid de ghnéithe an Phlean ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó fhoinsí eile. Seo a leanas sonraí faoi roinnt tionscadal faoin bPLEAN

FISICIÚIL atá á gcur chun cinn.

Spásanna Ardchaighdeáin a sholáthar d’Áiseanna Pobail Ionad Fiontair agus Pobail agus Páirc Uirbeach

Ó cuireadh tús le próiseas Athbheochana an Chrainn Mhóir, tá an pobal áitiúil ag rá go bhfuil gá le hIonad Fiontair agus Pobail nua sa cheantar a bheadh mar chroílár an phobal athbheoite.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


31 Tá Ionad nua beartaithe dá bhrí sin, ina mbeidh cóiríocht do ghníomhaireachtaí atá ag obair sa cheantar, halla ilchuspóireach, seomraí ilchuspóireacha, fáiltiú/láthair chomhroinnte, siopa caife, srl. Tá an foirgneamh deartha chun a bheith solúbtha agus spás curtha i leataobh ann i gcomhair leathnú de réir mar a athróidh riachtanais agus mar a fhorbróidh cláir shóisialta amach anseo. Tugadh Cead Pleanála don tionscadal faoi Chuid VIII ag an gcruinniú den Chomhairle i mí an Mhárta 2020. Fuarthas faomhadh breithmheasa caipitil (Céim 3) ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i nDeireadh Fómhair 2020. Chuir an Chomhairle tús le nós imeachta foirmiúil tairisceana ansin agus d’ullmhaigh Foireann Dearaidh CRP cáipéisí tairisceana maidir leis an Ionad le linn Ráithe 4, 2020.

Pobal Nua sa Chrann Mór

Acomhal Chéide Uí Dhaimhín/Bhóthar an Chrainn Mhóir, Obair Uasghrádaithe Sábháilteachta Coisithe Cuireadh na hoibreacha ar an acomhal ag Céide Uí Dhaimhín agus Bóthar an Chrainn Mhóir i gcrích in R1, 2020. Tá nithe ab údar imní a d’ardaigh cónaitheoirí ag go leor imeachtaí comhairliúcháin pobail a cuireadh ar siúl síos trí na blianta curtha san áireamh i ndearadh an acomhail nua. Is é an smaoineamh atá taobh thiar den leagan amach ná luas an tráchta ar Chéide Uí Dhaimhín a laghdú, mar aon le pointí trasnaithe sábháilte do choisithe agus scáthlán bus a chur ar fáil. Tá trí thrasrian coisithe faoi rialú ann a chabhraíonn le cónaitheoirí faoi mhíchumas Céide Uí Dhaimhín agus Bóthar an Chrainn Mhóir a thrasnú. Tá tús áite á thabhairt do choisithe agus ní mór do charranna slí a ghéilleadh dóibh. Tá sé seo ar cheann de roinnt bearta maolaithe tráchta den chineál céanna a thógfar feadh an stráice iomláin de Chéide Uí Dhaimhín, áit a mbeidh tionchar mór acu le chéile ó thaobh trácht a mhoilliú agus tosaíocht a thabhairt do choisithe agus do rothaithe. Fuair an tionscadal seo maoiniú ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ó Rannóg Bóithre Chomhairle Contae Shligigh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


32

Oibreacha Foirgníochta agus Éifeachtúlachta Fuinnimh - Céim a hAon, Tionscadal Píolótach Rinneadh dul chun cinn maith in 2020 ar na hoibreacha athchóirithe ar na tithe ar Chéide an Chrainn Mhóir, ar Phlás an Chrainn Mhóir agus ag Bailtíní an Chrainn Mhór. Chuir Kilcawley Construction tús leis an obair ar an láithreán ar an 13 Eanáir 2020. Bhain an clár oibreacha le hoibreacha tógála agus timpeallachta, lena n-áirítear ballaí seachtracha gach tí a phéinteáil, insliú cuasbhalla a chur isteach, gáitéir agus fánphíobháin nua a fheistiú agus na díonta a ghlanadh. I measc na n-oibreacha timpeallachta bhí obair dheisiúcháin ar na cosáin agus fáil réidh le ceantair chúlchríche nach raibh á n-úsáid. De bhreis ar na hoibreacha thuas, feistíodh na haonaid ar leis an gComhairle iad, lena n-áirítear áiseanna nua sláintíochta agus cistine a fheistiú, chomh maith leis na córais leictreachais agus pluiméireachta a athsholáthar ó bhonn. Ceann de phríomhghnéithe na n-oibreacha seo ab ea na teaschaidéil aer go huisce a suiteáladh i 28 aonad tithíochta. Teicneolaíocht é seo a laghdóidh costais fuinnimh na dtithe agus a thacóidh le beartas an Rialtais ó thaobh éirí as breoslaí iontaise a úsáid. Dúnadh an tionscadal ar feadh 8 seachtaine mar gheall ar shrianta COVID-19 agus meastar anois nach gcuirfear i gcrích é go dtí R1, 2021.

Comhairliúchán Bhí próiseas fairsing comhairliúcháin ann roimh na hoibreacha agus lena linn, rud ar áiríodh leis seisiúin éascaithe agus teagmháil laethúil idir na teaghlaigh féin agus an Fhoireann Bainistíochta Eastát agus an tOifigeach Idirchaidrimh Cónaitheoirí.

Dí-Áitiú Sealadach Leis na hoibreacha ar thithe na Comhairle a éascú, bhí ar 27 teaghlach a dteach a fhágáil agus aistriú chuig stoc de chuid na Comhairle a bhí curtha i leataobh chuige sin. Thosaigh an próiseas ar an 6 Eanáir 2020 agus aistríodh na teaghlaigh go léir ar bhonn rollach in dhá chéim. Sa chéim dhí-áitithe den obair, d’oibrigh Foireann Athbheochana an Chrainn Mhóir le 3 chónaitheoir lena scéal a dhoiciméadú agus iad ag ullmhú lena dteach a fhágáil. Bogadh na cónaitheoirí, atá ina gcónaí sa cheantar le breis agus 46 bliain, chuig cóiríocht shealadach fad agus a bhí na hoibreacha ar bun. Ullmhaíodh físeán gairid mar thaifead ar an gcaoi ar éirigh leo agus iad ar shiúl óna dteach agus ar na Teach nua-athchóirithe ar Chéide an Chrainn Mhóir mothúcháin a bhí acu sular bhog siad isteach ina dteach arís tar éis a athchóirithe. Déantar plé san fhíseán chomh maith ar na pleananna atá ann le haghaidh tuilleadh obair athchóirithe ar fud Eastát an Chrainn Mhóir agus ar fhorbairt an Ionaid Fiontair agus Pobail nua i gcroílár an phobail. Tá an físeán le fáil ar leathanach Facebook agus cuntas YouTube na Comhairle Contae, mar aon leis an leathanach nuachta ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Shligigh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


33

Céim 2 – Uasghrádú Foirgníochta agus Timpeallachta - 126 Teach (Céide Geldof, Céide Sheosaimh Mhic Dhónaill, Céide Sheáin Uí Fhallúin agus Céide Uí Dhaimhín - Thiar agus Céide Uí Chearúill) Tá clár oibreacha, cosúil leis na cinn i gCéim 1, beartaithe do Chéim 2, leis. Bhí na suirbhéanna láithreáin riachtanacha go léir críochnaithe sular cuireadh srianta COVID-19 i bhfeidhm agus bhí cuairt tugtha ag an bhFoireann Bainistíochta Eastát ar gach duine de na cónaitheoirí. Cuireadh iarratas ar fhaomhadh Chéim 3 faoi bhráid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mí Lúnasa 2020 le cead a lorg le tús a chur leis an bpróiseas tairisceana. Tá Comhairle Contae Shligigh ag súil le cead chun an tionscadal a chur chun tairisceana in R1, 2021.

Tithíocht ag Céide Sheosaimh Mhic Dhónaill agus Nasc le Bóthar Chnoc an tSéipéil Bhí an tionscadal seo curtha ar fionraí ar feadh tréimhse ama de dheasca cúinsí gan choinne. Tosaíodh ag labhairt le cónaitheoirí arís i Ráithe 4, 2020 agus táthar ag súil anois go bhféadfar an tionscadal seo a chur chun tairisceana in R2, 2021.

Rochtain ar Áiseanna agus Spásanna Oscailte d’Ardchaighdeán a Fheabhsú Tá cuspóir sa Mháistirphlean Athbheochana tacú le forbairt deiseanna áineasa uisce agus áiseanna gaolmhara i bPáirc Uí Dhúrthuile. Seo a leanas dhá thionscadal a ndearnadh dul chun cinn orthu in 2020:

Athchóiriú Lóiste Geata Cois Abhann, Páirc Uí Dhúrthuile Tá an Lóiste Geata ar léas ag Cumann Forbartha Turasóireachta Shligigh ar feadh tréimhse 10 mbliana agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Shligigh ar an tionscadal seo. Is cuid den oidhreacht áitiúil an foirgneamh seo de bharr go raibh sé ina Lóiste Geata do sheanDiméin Chliabhraí. Is struchtúr sainchomhartha cosanta é chomh maith, atá suite i gcroílár cheantar Pháirc Uí Dhúrthuile/Pháirc Chliabhraí/Lár Bhaile Shligigh. Ar an drochuair, cuireadh an obair ar an tionscadal seo ar fionraí de dheasca na srianta COVID-19 .

Lóiste Geata Cois Abhann, Páirc Uí Dhúrthuile

I mBealtaine 2020, d’éirigh leis an gCumann maoiniú a fháil faoin gClár LEADER um Fhorbairt Tuaithe le hoibreacha breise a dhéanamh taobh istigh agus taobh amuigh den fhoirgneamh. Cuirfear tús leis an gcéim dheiridh seo de na hoibreacha maoinithe a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an gconradh reatha athchóirithe. Nuair a bheidh an foirgneamh athchóirithe críochnaithe, d’fhéadfaí é a úsáid mar ionad eolais agus áirithinte do thurasóirí agus spás beag pobail/fiontair. D’fhéadfaí taispeántas beag stairiúil maidir leis an gceantar áitiúil a chur ar fáil ann chomh maith.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


34 Tacóidh saoráid mar seo le forbairt leanúnach na n-eispéireas atá ar fáil do chuairteoirí i lár na cathrach, feabhsóidh an léirmhíniú agus an insint ar scéal Shligigh agus meallfaidh cuairteoirí le breathnú thart ar cheantair eile sa chathair.

Seastáin Slatiascaireachta

Tá forbairt seastán slatiascaireachta ar cheann de na bealaí ar féidir tarraingteacht an cheantair a fheabhsú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bpríomháis áitiúil seo. Suiteáladh dhá Sheastán Slatiascaireachta nua ar bhruach na Garbhóige i bPáirc Uí Dhúrthuile i mí Dheireadh Fómhair 2020. Rinne Comhairle Contae Shligigh an obair seo trí Oifig Athbheochana an Chrainn Mhóir i gcomhar le Cumann Forbartha Turasóireachta Shligigh. Fuarthas an maoiniú le haghaidh na Seastán Slatiascaireachta ó Iascach Intíre Éireann agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cuirfidh na seastáin deiseanna ar fáil do dhaoine ar gach leibhéal cumais dul i mbun slatiascaireachta, éascóidh gníomhaíochtaí sláintiúla agus tabharfaidh buntáistí a bhaineann le fáil ar an abhainn don phobal.

SEASTÁIN SLATIASCAIREACHTA NUA AR AN nGARBHÓG Tá forbairt seastán slatiascaireachta ar cheann de na bealaí ar féidir tarraingteacht an cheantair a fheabhsú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bpríomháis áitiúil seo. Suiteáladh dhá Sheastán Slatiascaireachta nua ar bhruach na Garbhóige i bPáirc Uí Dhúrthuile i mí Dheireadh Fómhair 2020. Rinne Comhairle Contae Shligigh an obair seo trí Oifig Athbheochana an Chrainn Mhóir i gcomhar le Cumann Forbartha Turasóireachta Shligigh. Fuarthas maoiniú don tionscadal seo ón Scéim Deontas Caipitil a chuirtear ar fáil faoi Straitéis Náisiúnta Forbartha Slatiascaireachta Iascach Intíre Éireann, 2020 agus ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Cuirfidh na seastáin deiseanna ar fáil do dhaoine ar gach leibhéal cumais dul i mbun slatiascaireachta, éascóidh gníomhaíochtaí sláintiúla agus tabharfaidh buntáistí a bhaineann le fáil ar an abhainn don phobal. Is é soláthar an dá sheastán seo céim a haon de thionscadal faoina gcuirfear ceithre sheastán iascaireachta nua ar fáil ar bhruach na Garbhóige d’fhonn fáil ar thaitneamhachtaí agus spásanna oscailte d’ardchaighdeán a fheabhsú i gceantar na Cathrach Thoir. Dé Máirt, an 10 Samhain 2020, chuaigh Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, amach ag iascaireacht ar na seastáin in éineacht le hiascairí díograiseacha as ceantar an Chrainn Mhóir, Tom Clarke agus Anthony Mahon, mar aon le Frank Quinn agus Jim Sheridan ó Fhoireann Athbheochana an Chrainn Mhóir. Chuir Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir agus Iascach Intíre Éireann fáilte roimh shuiteáil na seastán slatiascaireachta. Mhol Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, Ionad Maireachtála Neamhspleáiche Shligigh, gnóthais áitiúla tácla iascaireachta agus slatiascairí áitiúla na seastáin nua chomh maith.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


35

Seo a leanas sonraí faoi na tionscadail faoin bPLEAN SÓISIALTA atá á gcur chun cinn:

Straitéis Oideachais agus Foghlama Tá réimse leathan tacaíochtaí, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh oideachais á gcur ar fáil don phobal, idir óg agus aosta, mar a chuirtear Straitéis Oideachais agus Foghlama Thionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir chun feidhme. Is i gcomhar le seirbhísí cúraim leanaí, scoileanna, coláistí, gníomhaireachtaí tacaíochta agus eagraíochtaí pobail atá an méid sin á dhéanamh. Mar sin féin, tar éis do COVID-19 teacht ar an bhfód in 2020, cuireadh isteach ar ghníomhaíochtaí scoile agus coláiste, go háirithe na scrúduithe stáit agus coláiste ag deireadh na bliana. Bhí tionchar ar leith aige sin ar scoláirí, mic léinn agus foghlaimeoirí aosacha a bhfuil tacaíocht á fáil acu faoin straitéis thuas. Leanadh ar aghaidh leis an obair le tacú le daoine aonair agus le scoileanna mar seo a leanas:

 Cuireadh Leabhrán Oideachais an Chrainn Mhóir i dtoll a chéile agus tugadh cóip do gach cónaitheoir sa limistéar athbheochana i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair, agus is é b’aidhm leis ná Seirbhís Meantóireachta an Chrainn Mhóir a chur chun cinn, teachtaireachtaí ó scoileanna a scaipeadh agus tuairiscí chun dáta a thabhairt ar na cúrsaí, deiseanna oiliúna, deontais agus tacaíochtaí a bhí ar fáil.

 Seoladh láithreán gréasáin Cranmore Connects i mí an Mheithimh 2020. Cuirtear eolas faoi chúrsaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar fáil ar an láithreán gréasáin, mar aon le tacaíochtaí oideachais do dhaltaí, scoláirí, mic léinn, tuismitheoirí agus foghlaimeoirí aosacha.

 Rinneadh obair, i gcomhar le Bunscoil na Trócaire agus i gcomhpháirtíocht le Comharchumann an Chrainn Mhóir agus leis an bhFoireann Bainistíochta Eastáit, ar phacáistí scoile baile a cuireadh chuig 30 leanbh a raibh cónaí orthu sa limistéar athbheochana.

 Bhí faisnéis á cur ar fáil ó thús deireadh 2020 faoi na tacaíochtaí teaghlaigh a bhíonn ar fáil trí Choiste Cúraim Leanaí Chontae Shligigh, CYPSC agus Tusla.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


36

Clár Meantóireachta Oideachais an Chrainn Mhóir Comhthionscnamh é Clár Meantóireachta Oideachais an Chrainn Mhóir idir Tionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Tá sé ar phríomhghné de chur i bhfeidhm Mháistirphlean Athbheochana Chathair Thoir Shligigh, an Chrainn Mhóir agus na bPurlán. Is cuid de thionscadal ‘Attract - Transition - Succeed (ATS)’ an Údaráis Ardoideachais é, a bunaíodh chun éagsúlacht agus meascán sóisialta na mac léinn a mhéadú sna hinstitiúidí ardoideachais in Iarthar agus in Iarthuaisceart na hÉireann. Fuair an Clár Meantóireachta áit ar an ngearrliosta sa catagóir ‘Dea-Chleachtas i Rannpháirtíocht Pobail’ ag Gradaim Rialtais Áitiúil Chomhlachais Éireann, 2020. Seoladh láithreán gréasáin Cranmore Connects le linn 2020 chun tacú le hobair an mheantóra, a bhíonn ar fáil do Phobal an Chrainn Mhóir trí lá sa tseachtain, agus é ag déanamh meantóireacht ar scoláirí dara leibhéal, ar mhic léinn tríú leibhéal agus ar dhaoine fásta atá ag iarraidh dul faoi athoiliúint, filleadh ar an oideachas nó gairmthreoir a fháil fiú amháin. Tá an meantóir ag cur tacaíocht mheantóireachta duine le duine ar fáil do scoláirí, mic léinn, daoine óga agus daoine fásta, chomh maith le dul i dteagmháil leis an bpobal go ginearálta trí sheisiúin tacaíochta inrochtana duine le duine, ceardlanna tacaíochta staidéir atá bunaithe sa phobal agus tacaíocht foghlama ar líne. I rith ghéarchéim COVID-19, lean an meantóir air ag cur tacaíochta ar fáil do mheantaithe ar bhonn duine le duine ar an bhfón nó Zoom. Is foinse faisnéise agus tacaíochta iad láithreán gréasáin Cranmore Connects agus leathanach an tionscadail ar Facebook freisin.

Am le Léamh Clár náisiúnta litearthachta 20 seachtaine é Am le Léamh, a gcuireann Gnó sa Phobal in Éirinn ar fáil é i gcomhpháirtíocht le bunscoileanna agus gnólachtaí áitiúla. Is é is aidhm leis an gclár ná cur leis an taitneamh a bhaineann na leanaí i Rang 2 as a bheith ag léamh agus muinín a thabhairt dóibh as a gcuid scileanna léitheoireachta. Cuireadh Am le Léamh ar fáil go rathúil in S.N. Eoin i Sligeach i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Shligigh sa bhliain acadúil 2019/2020 go dtí gur cuireadh an clár ar fionraí mar gheall ar dhúnadh na scoileanna. I ngach seisiún seachtainiúil, léigh duine d’fhoireann dheonach Chomhairle Contae Shligigh do bheirt pháistí ina dtimpeallacht scoile ar feadh 30 nóiméad. Thug na leanaí, na hoibrithe deonacha agus na tuismitheoirí cuairt ar Leabharlann Láir Shligigh freisin. Rinneadh measúnú deiridh ar líne agus iarradh ar fhoireann na scoile, na léitheoirí deonacha agus foireann an tionscadail athbheochana é a dhéanamh. Tá maoiniú faighte anois ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil do chlár leantach ‘Am le Léamh’ don bhliain acadúil 2020/2021. Cuirfear an clár ar fáil in S.N. Eoin arís, faoi réir shrianta COVID-19. Seo a leanas sonraí faoi na tionscadail faoin bPLEAN GEILLEAGRACH atá á gcur chun cinn:

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


37

Forbairt Gheilleagrach

Is é fís fhoriomlán an Phlean Gheilleagraigh ná fostaíocht agus forbairt gheilleagrach a fheabhsú sa cheantar. Cuireann an Plean Geilleagrach go mór le gníomhartha agus straitéisí na bPleananna Athbheochana Sóisialta agus Fisiciúla. Na tograí sa Phlean Sóisialta, iad siúd a bhaineann le hOideachas agus Foghlaim agus le Dífhostaíocht agus Oiliúint go háirithe, féachann siad le héascaíocht a dhéanamh ar athghiniúint eacnamaíoch rathúil trína chinntiú go bhfaigheann daoine, idir óg agus aosta, na tacaíochtaí a theastaíonn uathu le deiseanna a thapú. Mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na bPost, a bhí ar siúl ó Dé Luain, a 2 Márta 2020, go dtí Dé hAoine, an 6 Márta 2020, d’eagraigh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta, i gcomhar le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir agus Tionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir, imeacht faisnéise fostaíochta do thuismitheoirí aonair in Ionad Cheathrú na Mainistreach Dé hAoine, an 6 Márta 2020. Is é b’aidhm leis an ócáid ná poist/gairmeacha agus deiseanna ábhartha oiliúna a bhí ar fáil i Sligeach, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, a chur ar taispeáint. As na 144 cliant ar thug an Roinn cuireadh dóibh chuig an ócáid, tháinig 20 acu ar an lá agus bhí 5 ghníomhaireacht agus 7 bhfostóir i láthair. Fuair Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir maoiniú don ócáid seo faoin Scéim Cuimsithe Shóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail.

Tátal Beidh tionchar bunathraitheach ag straitéisí sóisialta, geilleagracha agus fisiciúla an Mháistirphlean ar cheantar na Cathrach Thoir óir gur plean gníomhaíochta é a chuirfidh bonn eolais faoi athrú a mbeidh buntáistí i gceist leis don phobal áitiúil agus don phobal i gcoitinne araon, forbairt Shligigh mar Mhol Fáis Réigiúnach Ainmnithe ina measc. Bainfear an méid sin amach trí chomhairliúchán agus comhoibriú leanúnach leis an bPobal agus, chuige sin, déanfar an caidreamh atá ann cheana idir Tionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir, Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir, Ionad Pobail Cheathrú na Mainistreach agus Seirbhís Tacaíochta Teaghlach Springboard a láidriú tuilleadh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


38

SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA I measc na seirbhísí a chuireann an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha ar fáil tá:  Cruinnithe na Comhairle agus na gCeantar Bardasach a riar  Seirbhísí riaracháin a sholáthar don Chathaoirleach  Tacaíocht do chomhaltaí tofa  Clár na dToghthóirí a chur i dtoll a chéile  Saoráil Faisnéise  Seirbhísí meán agus faisnéise a sholáthar. Seirbhísí do chustaiméirí a riar agus a chur ar fáil.  Scéim Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis na cruinnithe iomlánacha agus na cruinnithe de na Ceantair Bhardasacha, comhordaíonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha cruinnithe de Ghrúpa Beartais Chorparáidigh, Comhchoiste Póilíneachta, Coistí Beartais Straitéisigh, Coiste Comhairleach Míchumais, Coiste Nósanna Imeachta, Coiste Nasctha agus Coiste Iniúchóireachta na Comhairle.

AN CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE A TIONÓLADH IN AIRÉINE CHNOC NA RIABH Rud úrnua ab ea é nuair a thionóil Comhairle Contae Shligigh a cruinniú míosúil do mhí na Bealtaine in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Cé gur thionóil Údaráis Áitiúla ar fud na tíre cruinnithe ‘fíorúla’ nó cruinnithe beaga le córam le seachtainí beaga anuas, creidtear gurb í Comhairle Contae Shligigh an chéad Údarás Áitiúil a tháinig le chéile i seisiún iomlán ó tugadh isteach bearta éigeandála Covid-19.

An cruinniú míosúil do mhí na Bealtaine in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


39

Ionadaíocht Áitiúil agus Ceannaireacht Shibhialta Tacaíocht Riaracháin don Chathaoirleach Tugann an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha tacaíocht riaracháin don Chathaoirleach agus do chathaoirligh na gCeantar Bardasach. In 2015, cuireadh ‘Scéim Gradam an Chathaoirligh’ ar bun arís, is tionscnamh a ceapadh ar an gcéad dul síos le luach saothair a thabhairt d’oibrithe deonacha a dhéanann éacht dá bpobal. Ag searmanas i Halla an Chontae i mí na Nollag 2019, bronnadh gradaim sna catagóirí Ealaíona agus Cultúr, Pobal, Comhshaol agus Oidhreacht, Scoileanna, Fiontar Óg, Spóirt, agus ‘Spiorad Shligigh’. Déanann an Chomhairle fáiltithe cathartha agus fáiltithe an Chathaoirligh a óstáil chomh maith chun ómós a thabhairt do dhaoine a thugann seirbhís ar leith don chontae nó a dhéanann gaisce.

D’óstáil an Méara Gino O’Boyle agus Coiste Lá Fhéile Pádraig Shligigh ócáid an-speisialta ag Halla na Cathrach ar an 10 Feabhra lena cheiliúradh go raibh Paráid Fhéile Pádraig Shligigh 50 bliain ar an bhfód. Bronnadh bonn óir comórtha ar iar-chomhaltaí an choiste le comóradh a dhéanamh ar an méid a rinne siad síos trí na blianta ar son na hócáide bliantúla a thugann an pobal ar fad le chéile.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


40

D’óstáil Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, agus an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O'Grady, Ambasadóir na hIndia, a Shoilse Sandeep Kumar, i mí Iúil 2020.

Tugadh onóir do Chlub Rámhaíochta Shligigh i mí Eanáir 2020 ag fáiltiú i Halla an Chontae a bhí óstáilte i gcomhpháirt ag an gCathaoirleach, an Comhairleoir Tom MacSharry, agus an Méara, an Comhairleoir Gino O’Boyle.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


41

COMHTHOGHADH ARTHUR GIBBONS CHUN CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH

Ag an gcruinniú míosúil a tionóladh Dé Luain in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, toghadh Arthur Gibbons d’aon toil le teacht i gcomharbacht ar an iar-Chomhairleoir Chris MacManus (atá ina FPE anois) tar éis dó éirí as. D’fhóin an Comhairleoir Gibbons ar iarChomhairle Buirge Shligigh ó 1999 go 2014. Chuir na Comhairleoirí eile fáilte roimhe chuig an Údarás, agus thug Comhairleoirí a d’fhóin leis an tráth sin chun cuimhne an tiomantas agus an taithí iontach a bhí aige sa ról sin Thug an Príomhfheidhmeannach Ciarán Hayes a fhocal don Chomhairleoir Gibbons go mbeadh tacaíocht an choiste gnó aige. Ghabh an Comhairleoir Gibbons buíochas leis an gComhairleoir Healy, a d’ainmnigh é, agus ghuigh gach rath ar Chris MacManus ina ról nua san Eoraip.

TOGHADH AN CHOMHAIRLEORA MULVEY INA CHATHAOIRLEACH

Toghadh an Comhairleoir Dara Mulvey ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Shligigh ag an gcruinniú cinn bliana a tionóladh i mí an Mheithimh 2020 in Airéine Chnoc na Riabh san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Toghadh an Comhairleoir Dónal Gilroy ina Leas-Chathaoirleach, leis.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


42 Tá an Comhairleoir Mulvey ina Chomhairleoir ó bhí 2009 ann agus dúirt sé gur mhór an onóir dó a bheith ar an gcéad duine as Cúil Áine le dul i mbun na cathaoirleachta. D’admhaigh sé go raibh iarracht den bhrón ag baint leis an lá chomh maith mar gur cailleadh a dheartháir, John, ar na mallaibh. Dúirt an Cathaoirleach go raibh sé ag tnúth le hobair a dhéanamh as lámha a chéile le Comhairleoirí agus leis an bhfoireann chun dúshláin a shárú agus deiseanna a thapú ar son mhuintir Chontae Shligigh. Creideann sé go dteastaíonn tacaíochtaí ar leith ó ghnólachtaí, ó scoileanna agus ó earnáil na talmhaíochta i bhfianaise na caoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair. Chuir an Comhairleoir Mulvey in iúl go bhfuil an-luí aige le cumhacht an phobail agus go raibh sé ag tnúth le bheith ag obair le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh agus leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil chun tionscadail éagsúla a chur chun cinn agus a chur i gcrích i gcaitheamh a théarma. Áirítear leis an iliomad mórthionscadal atá ar bun i gContae Shligigh scéim an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní agus Ionad Rothaíochta Sléibhe Chúil Áine, rudaí a bhfuil aird an phobail tarraingthe acu i gcian is i gcóngar. Mhol an Cathaoirleach nua na meáin áitiúla as imeachtaí áitiúla a chlúdach go cothrom stuama agus thug a fhocal ag deireadh a óráide go n-oibreodh sé as lámha a chéile leis na comhaltaí agus leis an bhfoireann le Sligeach a fhás agus a fhorbairt.

TOGHADH AN CHOMHAIRLEORA ROSALEEN O’GRADY INA MÉARA

Líne Thosaigh: An Comhairleoir Gino O’Boyle, an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady, an Comhairleoir Arthur Gibbons Líne Chúil: An Comhairleoir Sinéad Maguire, an Comhairleoir Declan Bree, an Comhairleoir Tom MacSharry

Toghadh an Comhairleoir Rosaleen O’Grady ina Méara ar Cheantar Buirge Shligigh ag an gcruinniú cinn bliana a tionóladh Dé hAoine, an 19 Meitheamh. Mhol an Comhairleoir Bree an Comhairleoir O’Grady agus thacaigh an Comhairleoir MacSharry léi sular toghadh d’aon toil í. Toghadh an Comhairleoir Arthur Gibbons ina Leasmhéara. D’iarr an Méara a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Gino O’Boyle, nóiméad ciúnais ag tús an chruinnithe i gcuimhne ar an mBleachtaire Garda Colm Horkan.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


43 Dúirt an Comhairleoir O’Grady gur fháiltigh sí roimh an dúshlán agus go raibh sí ag tnúth le bheith ag obair le Comhaltaí Tofa agus Coiste Gnó na Comhairle chun Sligeach a fhás agus a fhorbairt. ‘Léiriú é an saol le cúpla mí anuas gurb í cumhacht an chairdis an bronntanas is mó atá againn. Is iontach an spiorad agus an teacht aniar atá le brath sa phobal ó thosaigh géarchéim COVID-19, agus tá misneach agus gairmiúlacht na n-oibrithe ar an líne thosaigh feicthe againn uile.’ Agus í ag tabhairt dá haire go bhfuil 2020 ainmnithe mar ‘bhliain na n-altraí agus na gcnáimhseach’, dúirt an Méara O’Grady ‘Mar iar-altra, creidim go mbaineann altraí agus gairmithe cúraim sláinte barr feabhais amach arís is arís eile le linn a ngairmréime, agus is léir ón méid atá tarlaithe le déanaí gur cheart dúinn go léir meas a bheith againn ar a ndéanann siad i gcónaí, ní hamháin sa bhliain reatha.’ Chuir an Méara nuathofa in iúl go raibh sí dóchasach faoina raibh i ndán do Shligeach. ‘Ní féidir le duine ar bith amhras a bheith air faoi na deacrachtaí geilleagracha agus sochaíocha atá le sárú againn de bharr phaindéim COVID19. Ach is iomaí cúis ann le bheith dearfach, agus tá beocht agus dóchas ag baint le cuid mhaith de na tionscadail atá á gcur ar fáil go háitiúil – an Plás Cultúrtha, Droichead an Oirthir, Bóthar Dáileacháin an Iarthair agus mórthionscadail chaipitil eile, cuir i gcás. Tá an t-ádh orainn i Sligeach go bhfuil raidhse siúlbhealaí, conairí agus áiseanna ar leac an dorais againn, agus tá athrú ó bhonn tagtha ar phobail ar fud ár gcontae dá mbarr. Nuair a oibrímid i gcomhpháirtíocht ghníomhach le príomhghníomhaireachtaí áitiúla eile, níl aon teorainn leis an méid is féidir linn a bhaint amach.’

TOGHADH AN CHOMHAIRLEORA THOMAS WALSH INA CHATHAOIRLEACH AR CHEANTAR BARDASACH SHLIGIGH-DHROIM CHLIABH

Líne Thosaigh: An Comhairleoir Marie Casserly, an Cathaoirleach, an Comhairleoir Thomas Walsh, an Comhairleoir Tom Fox Líne Chúil: An Comhairleoir Thomas Healy, Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dónal Gilroy

Toghadh an Comhairleoir Thomas Walsh ina chathaoirleach ar Cheantar Bardasach Shligigh-Dhroim Chliabh ag an gcruinniú cinn bliana a bhí ar siúl Dé hAoine, an 19 Meitheamh. Mhol an Comhairleoir Casserly an Comhairleoir Walsh agus thacaigh an Comhairleoir MacSharry leis sular toghadh d’aon toil é. Toghadh an Comhairleoir Tom Fox ina Leas-Chathaoirleach, leis.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


44 D’iarr an Méara a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Tom Fox, nóiméad ciúnais ag tús an chruinnithe i gcuimhne ar an mBleachtaire Garda Colm Horkan. Ina óráid, ghabh an Comhairleoir Walsh buíochas leis ‘na hoibrithe riachtanacha a choinnigh slán sábháilte muid le trí mhí anuas agus leo siúd inár bpobail ar fud ár gceantair bhardasaigh a rinne a gcion féin le troid in aghaidh an víris le déanaí agus leis na rialacháin nua a chomhlíonadh. Rinneamar go léir ár seacht ndícheall lena chinntiú go mbeidh Sligeach ar an gcontae is fearr ó thaobh cásanna ionfhabhtaithe nua a chosc. Tá súil agam ó chroí go mbeidh béim á leagan as an nua ar cheantair thuaithe in Éirinnagus go dtabharfaidh an Rialtas nua tosaíocht dhearfach do straitéis arb aidhm léi cothromaíocht a bhaint amach ó thaobh forbairt réigiúnach de. Ceist réigiúnach amháin ba mhaith liom a lua go sonrach is ea forbairt agus nuachóiriú ár nOspidéil Ollscoile, rud atáimid go léir ar aon intinn a bhfuil infheistíocht ag teastáil go géar uaidh. Is am iontach spreagúil é dár gcontae. Tá an-chuid tionscadal caipitil ar bun againn agus go leor eile le tosú go luath, lena n-áirítear an N4, Bóthar Dáileacháin an Iarthair, athchóiriú Shráid Uí Chonaill, Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4/N15 (Sligeach), Plás Cultúrtha Shráid Stiofáin, Droichead Thoir na Garbhóige agus obair forbartha agus uasghrádaithe ar bhloic L agus K san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt d’earnáil amháin a chreidim a bhfuil an oiread sin tuillte ónar gcontae aici. Tá thart ar 400 grúpa pobail deonach againn, ar nós coistí bailte slachtmhara, grúpaí dífhibrileora, grúpaí forbartha agus clubanna spóirt. Laochra neamhaitheanta iad na hoibrithe deonacha sin, a thugann a gcuid ama ar bhonn deonach le hobair fhíordhearfach a dhéanamh i sráidbhailte agus i bpobail ó cheann ceann an chontae. A oibrithe deonacha, go raibh míle maith agaibh.

AN CHOMHAIRLE CLARKE TOFA INA CHATHAOIRLEACH AR CHEANTAR BARDASACH BHAILE AN MHÓTA-THOBAR AN CHOIRE

Líne Thosaigh: An Comhairleoir Joe Queenan, an Cathaoirleach Michael Clarke, an Comhairleoir Martin Connolly Líne Chúil: Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Paul Taylor, an Comhairleoir Gerard Mullaney, an Comhairleoir Dara Mulvey

Toghadh an Comhairleoir Michael Clarke ina chathaoirleach ar Cheantar Bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire ag an gcruinniú cinn bliana a bhí ar siúl Dé hAoine, an 19 Meitheamh. Mhol an Comhairleoir Joe Queenan an Comhairleoir Clarke agus thacaigh an Comhairleoir Dara Mulvey leis sular toghadh d’aon toil é. Toghadh an Comhairleoir Martin Connolly ina Leas-Chathaoirleach, leis.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


45 D’iarr an Méara a bhí ag dul as oifig, an Comhairleoir Paul Taylor, nóiméad ciúnais ag tús an chruinnithe i gcuimhne ar an mBleachtaire Garda Colm Horkan. Ina óráid, dúirt an Comhairleoir Clarke go raibh sé ag tnúth le dul i gcomhar leis na Comhaltaí Tofa chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin go léir atá le sárú sa cheantar agus sa chontae. Mhol an Comhairleoir Clarke an Príomhfheidhmeannach Ciarán Hayes agus an coiste gnó as na tionscadail go léir a cuireadh ar fáil agus atá á gcur chun cinn le blianta beaga anuas i Sligeach. Ceann de na tosaíochtaí a bheidh aige ná plé le fadhbanna atá ag cur as dár bpobail tuaithe agus, chuige sin, tá sé beartaithe aige díriú isteach ar bheartais phleanála agus ar an gcaoi a bhfuil an ceart vótála á bhaint de vótálaithe i gceantair thuaithe.

Clár na dToghthóirí

Tá 56,892 toghthóir cláraithe ar Chlár na dToghthóirí, 2020/2021 i gContae Shligigh. Tugtar faoi fheachtas faisnéise gach bliain d’fhonn a chur i gcuimhne do dhaoine go mbíonn de dhualgas orthu an clár a sheiceáil. Mar chuid den fheachtas, cuirtear fógraí sna nuachtáin áitiúla, ar na meáin shóisialta agus ar láithreán gréasáin na Comhairle. Crochtar póstaeir in Oifigí Poist, Stáisiúin Gardaí, Leabharlanna agus Oifigí Ceantair chun an pobal a spreagadh lena sheiceáil an bhfuil siad cláraithe. Rinne an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil athbhreithniú ar an bpróiseas clárúcháin toghthóirí, lenar áiríodh simpliú ar na foirmeacha agus ar an bpróiseas, clár rollach agus clárú leanúnach, an rogha le clárú ar líne agus aon bhunachar sonraí náisiúnta amháin a chumasú. Tá sonraí faoin athbhreithniú le fáil ar www.registerreform.gov.ie

Seirbhísí Faisnéise

Soláthraíonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha seirbhísí faisnéise do na Comhaltaí Tofa, don fhoireann agus do na meáin, agus déanann monatóireacht agus nuashonrú ar ár láithreán gréasáin i gcomhpháirt leis an Rannóg TF. Tá an Rannóg freagrach freisin as preasráitis a eisiúint agus as freagraí ar cheisteanna ó na meáin a chomhordú. I measc na bhfoilseachán a tháirgtear tá an Tuarascáil Bhliantúil agus an Plean Corparáideach.

Saoráil Faisnéise

Ó tugadh isteach an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise in 1997 tá ceart ann chun rochtain ar thaifid oifigiúla atá i seilbh na Comhairle, mar aon le ceart go gceartófaí nó go nuashonrófaí faisnéis phearsanta i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach. Fuarthas 83 iarratas ar shaoráil faisnéise san iomlán in 2020.

Cainéil Meán Sóisialta

Lean an Chomhairle uirthi ag baint úsáid réamhghníomhach as cainéil meán sóisialta le cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí agus le himeachtaí agus tionscnaimh de chuid an údaráis áitiúil a chur chun cinn. Tháinig méadú arís in 2020 ar líon na ndaoine a bhí ag leanúint chainéil meán sóisialta na Comhairle.

Foláirimh Éigeandála

Oibríonn an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha leis an Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise le foláirimh éigeandála ‘lasmuigh den oifig’ a chomhordú agus a eisiúint, go háirithe maidir le bóithre agus seirbhísí uisce.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


46

Seirbhísí Custaiméara

An fhoireann ag an deasc Seirbhísí do Chustaiméirí i Halla an Chontae, leanann siad orthu ag soláthar seirbhísí líne tosaigh don phobal, cibé acu duine le duine, tríd an ríomhphost nó ar an bhfón.

Táscairí Feidhmíochta

Déantar feidhmíocht na Comhairle a thomhas le sraith Táscairí Feidhmíochta, a socraíonn an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta iad ar bhonn náisiúnta. Cé go bhfuil na táscairí do 2020 fós á gcur i dtoll a chéile, tá na táscairí do 2019 le fáil ar www.noac.ie

Teagmháil Idirnáisiúnta

Cé go bhfuil trí Chomhaontú Fhoirmiúla Nasctha déanta ag Sligeach – le Crozon, Kempten agus Tallahassee – tá daoine dá lucht aitheantais breactha ar fud na cruinne chomh maith agus cuirtear fáilte go rialta roimh Ambasadóirí, daoine mór le rá agus aíonna eile chuig Halla an Chontae agus Halla na Cathrach. Ní raibh aon dul as ach na cuairteanna malartaithe a bhí beartaithe don bhliain 2020 a chur ar ceal de dheasca COVID-19, ach táimid fós ag labhairt leis na teagmhálacha agus táthar ag súil go bhféadfaimis fáilte a chur roimh ár gcairde idirnáisiúnta go Sligeach arís in 2021. Le blianta beaga anuas, tá Comhairle Contae Shligigh ag óstáil mic léinn ó Kempten le haghaidh taithí oibre faoi Chlár Erasmus.

An Coiste Comhairleach Míchumais

Athbhunaíodh Coiste Comhairleach Míchumais Chomhairle Contae Shligigh mar fhochoiste de chuid Choiste Beartais Straitéisigh Tithíochta agus Chorparáidigh an Údaráis. Is é an phríomhfheidhm atá aige ná comhairle a thabhairt don Údarás Áitiúil ar bheartais agus seirbhísí a fheabhsú agus moltaí a dhéanamh maidir le beartais, tionscadail agus gníomhartha a dhéanamh tacúil le daoine faoi mhíchumas. Tá an Coiste comhdhéanta de chomhaltaí tofa, ionadaithe ón earnáil mhíchumais agus ó eagraíochtaí pobail, agus baill d’fhoireann na Comhairle. I mí na Bealtaine 2019, seoladh Straitéis Ionchuimsithe agus Rochtana Míchumais Chomhairle Contae Shligigh, 20192022. Tá an Plean le fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Shligigh ag www.sligococo.ie

An Comhchoiste Póilíneachta

Foráiltear le hAcht an Gharda Síochána, 2005 go mbunófar Comhchoiste Póilíneachta i ngach Údarás Áitiúil. Is é is cuspóir leis an gComhchoiste ná níos mó comhairliúcháin, comhoibrithe agus cuntasachta a fhorbairt idir an Garda Síochána, Údaráis Áitiúla agus comhaltaí tofa, le rannpháirtíocht na hearnála Pobail agus deonaí, maidir le saincheisteanna póilíneachta. Eisíodh treoirlínte athbhreithnithe in 2014 maidir le feidhmiú Comhchoistí Póilíneachta. De réir na dTreoirlínte, tá 24 ball ar an gComhchoiste Póilíneachta: 13 chomhalta tofa den Chomhairle, 1 chomhalta den Oireachtas, 2 Oifigeach Údaráis Áitiúil, 2 dhuine arna n-ainmniú ag Coimisinéir an Gharda Síochána, agus 6 ainmní Pobail. Leagtar amach i bPlean Straitéiseach an Chomhchoiste, 2017-2022 na tosaíochtaí straitéiseacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu le linn shaolré an Phlean. Glacadh le Plean Gníomhaíochta Bliantúil, ina bhfuil breac-chuntas tugtha ar na bearta atá le déanamh i dtreo na tosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach. Tionóladh an chéad chruinniú den Chomhchoiste don téarma reatha ar an 25 Meán Fómhair 2020.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


47

AG CUIMHNEAMH AR CHEATHRAR IONADAITHE POIBLÍ DEN SCOTH Sa bhliain 2020 chuaigh ceathrar ionadaithe poiblí a rinne seirbhís do Bhardas Shligigh/Comhairle Buirge Shligigh nó do Chomhairle Contae Shligigh ar shlí na fírinne.

John Harrison

Bhí gean agus meas ag cách i saol na polaitíochta ar John Harrison. Ón am ar toghadh chun Bhardas Shligigh den chéad uair in 1974 é, d’fhóin sé go cumasach macánta. Acmhainn luachmhar don Bhardas agus don phobal i gcoitinne ab ea é i bhfianaise na taithí a bhí aige san oideachas mar an chéad Phríomhoide ar Choláiste Bhéal Átha an Fhóid. Bhí a chroí istigh i Sligeach agus chuir sé tús le go leor tionscadal agus tionscnamh nuair a bhí sé ar an gComhairle. Ómós cuí a bhí ann d’fhear a d’oibrigh gan stad gan staonadh ar son an phobail nuair a toghadh ina mhéara é agus nuair a bronnadh Saoirse Shligigh air.

Mar bhall de Bhord Bainistíochta Choláiste Bhéal Átha an Fhóid agus mar an príomhoide, bhí John Harrison aitheanta as meas a léiriú do chách – do na scoláirí, do na múinteoirí agus do na tuismitheoirí. Bhí sé diongbháilte gur cheart go spreagfaí na scoláirí uile chun an leas is fearr a bhaint as deiseanna oideachais agus go dtabharfaí comhairle dóibh faoi na deiseanna sin. Ag an gcruinniú den Chomhairle i mí Eanáir 2020, rinne an Príomhfheidhmeannach a chomhbhrón le muintir Harrison thar a cheann féin agus thar ceann an Choiste Gnó agus na Foirne. Dúirt sé go raibh buíochas tuillte acu siúd a bhíonn flaithiúil lena gcuid ama le Sligeach a chur chun cinn, agus gur mhian leis go gcuirfí a ainm le liosta fada na ndaoine a bhí faoi chian ina diaidh. Ag coinneáil leis an traidisiún seanbhunaithe, lean sochraid an iarMhéara John Harrison bealach trí Bhaile Shligigh tar éis na seirbhíse. Thug comhaltaí tofa agus iar-chomhaltaí de Chomhairle Buirge Shligigh garda onóra don tsochraid. Ar dheis Dé go raibh a anam.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


48

Kathleen McGoldrick I mí Eanáir 2020, thug Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh ómós d’iarMhéara agus iar-chomhalta de Bhardas Shligigh, Kathleen (Kay) McGoldrick, a fuair bás. Chuir Kathleen go mór le Sligeach agus í ina Comhairleoir agus chuir sí spéis mhór i bhfás agus forbairt an bhaile ó toghadh sa Bharda Thuaidh in 1979 í. Bhí ardmheas ag a cuid comhghleacaithe ar Bhardas Shligigh uirthi, rud atá léirithe ag an gcaoi ar toghadh ina Méara faoi dhó í, in 1983 agus in 1992. Chomhlíon sí a cuid dualgas mar ár gCéad Saoránach go fuinniúil gairmiúil agus bhí sí bródúil as tacú le grúpaí pobail agus deonacha éagsúla ar fud an bhaile. Is iomaí duine ar fhág a cineáltas lorg ar a saol agus cuimhneoidh siad go ceanúil uirthi. Ar dheis Dé go raibh a hanam.

John Sherlock Chuir John a chroí isteach ina shaol poiblí, agus bhí meas ag cách air nuair a bhí sé ina Chathaoirleach as a ghairmiúla a bhí sé agus as cothrom na Féinne a thabhairt do chách. Toghadh chun Chomhairle Contae Shligigh i dToghcheantar Bhaile an Mhóta é in 1991, agus ba mhór an onóir dó a bheith tofa ina Chathaoirleach in 1995. D’fhóin sé ar go leor coistí agus thacaigh i gcónaí le grúpaí deonacha agus le cumainn áitiúla a bhí ag iarraidh cur lena bpobail. Fear mór cuideachta ab ea John, a d’fhág go raibh gean ag idir na comhairleoirí eile agus an fhoireann air. Bhíodh sé ag moladh Shligigh go hard na spéire i gcónaí agus bhí paisean aige don chontae agus do na daoine. Is cuimhin leis na daoine a d’fhóin le John a chairdiúla agus a fhlaithiúla a bhí sé, chomh maith leis an gcion mór a rinne sé nuair a bhí mórcheisteanna an lae á bplé i Seomra na Comhairle. Ar dheis Dé go raibh a anam.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


49

Martin F Keaveney Bhí Martin i gcroílár an phobail pholaitiúil agus gnó i Sligeach le blianta fada. Bhí sé ina Mhéara in 1973, agus chomhlíon sé a chuid dualgas go bródúil gairmiúil. Bhí sé ar dhuine de na fir ghnó áitiúla ba rathúla agus ab fhiontraíche i Sligeach, agus chaith sé beagnach seasca bliain san earnáil déanta uirlisí agus plaistigh. Is iomaí buaicphointe a bhí ann i ngairm Martin – is é a chomhlachtsa a bhí ar an gcéad chomhlacht déanta uirlisí in Éirinn a rinne táirgí a easpórtáil chun SAM agus na hAfraice, agus ba é an chéad duine as Iarthar na hÉireann a bhuaigh Gradam Náisiúnta Jacob ‘d’Fhear Óg na Bliana’. Rinne Martin cinnte de gur bhain sé barr a chumais amach arís is arís eile i gcaitheamh a shaoil agus toghadh chun Bhardas Shligigh é ar an gcéad iarraidh aige. Bhí an-mheas air ar fud an tsaoil pholaitiúil mar fhear uasal onórach, fear a sheas lena fhocal agus a chloígh i gcónaí leis na caighdeáin ab airde ina shaol poiblí. Ar dheis Dé go raibh a anam.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


50

ACMHAINNÍ DAONNA Déanann an Rannóg Acmhainní Daonna cúram de gach ábhar a bhaineann le cúrsaí soláthair foirne i gComhairle Contae Shligigh, m.sh. earcaíocht, oiliúint, coinneáil taifead pearsanra, caidreamh tionsclaíoch, párolla, aoisliúntas, am agus tinreamh, srl. Tá sí freagrach freisin as beartais agus nósanna imeachta leasa foirne, bídís reachtúil nó neamhreachtúil, a chur i bhfeidhm agus coinníonn caidreamh tionsclaíoch seasmhach laistigh den Eagraíocht. Oibríonn an Rannóg Acmhainní Daonna le timpeallacht oibre atá cothrom, comhairleach agus tacúil a chruthú laistigh de Chomhairle Contae Shligigh. Nuair a thosaigh paindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, cuireadh isteach go mór ar go leor gníomhaíochtaí laistigh den Rannóg Acmhainní Daonna. Bhí cuid mhaith d’aird na Rannóige dírithe ina dhiaidh sin ar shaincheisteanna a d’eascair as géarchéim COVID-19. Nuair a tháinig COVID-19 ar an bhfód den chéad uair go luath in 2020, níorbh fhada go raibh na himpleachtaí féideartha don tsochaí i gcoitinne agus don eagraíocht ó thaobh foirne agus seirbhísí de soiléir. Forbraíodh Plean Leanúnachais Gnó ag an am sin, inar aithníodh na seirbhísí riachtanacha a bheadh ar an gComhairle a choinneáil i gcás paindéim cheart, na hacmhainní daonna a bheadh ag teastáil chuige sin, an cúltaca a bheadh ag teastáil i gcás baill foirne a bheith as láthair de dheasca breoiteachta, srl., na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na seirbhísí agus cén chaoi dul i ngleic leis na rioscaí sin. Chuir an plean seo seicliosta beart ar fáil don Chomhairle le hullmhú don ghéarchéim agus lena chinntiú go gcoinneofaí seirbhísí criticiúla. De réir mar a cuireadh tuilleadh srianta i bhfeidhm, b’éigean don Chomhairle athruithe suntasacha a dhéanamh ar ár modh oibre le comhairle agus treoirlínte FSS agus an Rialtais a chomhlíonadh maidir le cén chaoi gnó a dhéanamh ar bhealach a thug cosaint do shláinte agus sábháilteacht ár gcuid fostaithe a mhéid ab fhéidir. Bunaíodh Grúpa Inmheánach Comhordaithe COVID-19 i mí an Mhárta 2020 d’fhonn sainaithint agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta le timpeallachtaí sábháilte oibre a choinneáil agus lena chinntiú go gcuirfí comhairle FSS/an Rialtais i bhfeidhm. Tá an grúpa seo fós ag teacht le chéile go rialta. Ceapadh Oifigigh Chomhlíonta COVID-19, mar aon le Príomhionadaí Oibrithe agus Ionadaí Oibrithe arna n-ainmniú ag na Ceardchumainn, le hoibriú i gcomhar leis an bhfostóir leis na bearta a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh ar a gcomhlíonadh. Níorbh aon dóithín é cloí leis an gcomhairle scartha shóisialta, agus d’éirigh go maith leis an gComhairle cumasú go tapa do bhaill foirne obair ón mbaile, chomh maith sin go raibh thart ar 80% den fhoireann oifige ag obair ón mbaile nuair ba threise na srianta. Mar a cuireadh tús le maolú na srianta, d’fhoilsigh an Rialtas Prótacail um Fhilleadh ar an Obair go Slán Sábháilte i mí na Bealtaine 2020 d’fhonn tacú le fostóirí agus le hoibrithe bearta a chur i bhfeidhm le scaipeadh COVID-19 a chosc san ionad oibre. Leagadh amach sa Treochlár chun Sochaí agus Gnó a Athoscailt creat athoscailte cúig chéim, ar cuireadh tús leis ar an 18 Bealtaine 2020. Tabhaíodh costais an-suntasach le hionaid oibre, cleachtais oibre, socruithe rochtana poiblí, srl. a chur in oiriúint lena chinntiú go mbeidís ag cloí go hiomlán le bearta cosanta sláinte poiblí a bhain le COVID-19.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


51 Toisc gur cuireadh an leibhéal srianta ab airde i bhfeidhm arís ag meánoíche, an 21 Deireadh Fómhair 2020, athraíodh na socruithe agus na cleachtais oibre arís le go mbeidís ag teacht le comhairle Sláinte Poiblí agus le comhairle an Rialtais, agus é mar aidhm leo seirbhísí riachtanacha a choinneáil agus tacú le pobail agus gnólachtaí. Bhí srianta ar leibhéil éagsúla agus bearta scartha shóisialta i bhfeidhm go deireadh 2020, rud a raibh tionchar aige ar an gcaoi ar oibrigh foireann na Comhairle agus ar an gcaoi ar cuireadh seirbhísí ar fáil.

Earcaíocht Foirne Nuair a thosaigh paindéim COVID-19, cuireadh isteach go mór ar go leor gníomhaíochtaí laistigh den Rannóg Acmhainní Daonna, gníomhaíochtaí earcaíochta go háirithe. Tháinig laghdú ar líon na bpost a líonadh in 2020 toisc nach raibh sé indéanta comórtais a chur chun cinn de dheasca riachtanais scartha shóisialta agus srianta taistil. Líonadh roinnt post, áfach, sa Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí, sa Rannóg Ealaíon, i Seirbhísí Dóiteáin, mar aon le roinnt poist riaracháin shealadacha. Fógraítear folúntais i bpoist sna nuachtáin áitiúla agus/nó náisiúnta, ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Shligigh agus ar na Meáin Shóisialta. Reáchtáladh 16 chomórtas earcaíochta san iomlán in 2020, agus líonadh 18 bpost mar thoradh orthu. Mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh ar an bpaindéim, b’éigean do Chomhairle Contae Shligigh breathnú as an nua ar na nósanna imeachta a bhí aici maidir le hagallaimh agus d’athraigh sí chuig córas agallaimh ar líne, trí Microsoft Teams, sa ráithe dheiridh de 2020.

Daoine a chuaigh ar scor Le linn 2020, chuaigh 12 bhall foirne ar scor ó Chomhairle Contae Shligigh. (Féach Aguisín 1)

Oiliúint agus Forbairt Mar a tharla le cúrsaí earcaíochta, chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm go mór ar chúrsaí oiliúna. Tá Comhairle Contae Shligigh tiomanta d’oiliúint ábhartha a chur ar fáil don fhoireann ar fad ach na hacmhainní a bheith ar fáil chuige sin. Bhí gníomhaíocht oiliúna in 2020 dírithe go háirithe ar Shláinte agus Sábháilteacht. Cuireadh maoiniú le haghaidh oiliúna ar fáil don Chomhairle faoi na ceannteidil Deontas Bóithre Neamhnáisiúnta, Deontas Seirbhísí Uisce agus Deontas Comhshaoil agus caitheadh iad ar chúrsaí ábhartha a chur ar fáil do bhaill foirne ag obair sna réimsí sin.

Caidreamh Oibreachais Is é beartas na Rannóige Acmhainní Daonna ná timpeallacht mhaith a chothú ó thaobh caidreamh oibreachais de agus, chuige sin, eagraítear cruinnithe rialta idir an Rannóg Acmhainní Daonna agus ionadaithe/oifigigh cheardchumainn. Gabhann an Chomhairle uirthi féin ceisteanna caidrimh oibreachais a réiteach ar bhealach oscailte, comhoibritheach a luaithe is féidir nuair a thagann a leithéid chun cinn.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


52

Leas Foirne Tá an Rannóg Acmhainní Daonna freagrach as raon beartas agus meicníochtaí tacaíochta a cheapadh agus a chur chun feidhme d’fhonn cabhrú leis an bhfoireann cothromaíocht a bhaint amach idir an obair agus an saol. Is í an Rannóg Acmhainní Daonna a dhéanann an Scéim Saoire Breoiteachta a bhainistiú agus a chuireann cúnamh ar fáil d’fhostaithe nuair is gá. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil trí Oifigeach Leasa Foirne lánaimseartha, a bhíonn ar fáil don fhoireann go léir, agus trí Health Assured, eagraíocht a ndearna an Chomhairle comhaontú léi le cúnamh a chur ar fáil d’fhostaithe de réir mar is gá. Tá sonraí faoi na beartais uile a thacaíonn le teaghlaigh ar fáil ar inlíon na Comhairle, lena n-áirítear Scéim na Bliana Oibre Níos Giorra, an Scéim um Shaoire do Thuismitheoirí, an Scéim Oibre Comhroinnte, Sosanna Gairme, an Scéim Force Majeure, Saoire Méala agus Saoire Mháithreachais agus Atharthachta.

Párolla Tá an Rannóg Acmhainní Daonna freagrach as an bpárolla a riaradh i gcomhar le MyPay. Íoctar trí Ghrúpa Pá gach coicís: Pá agus Pá Pinsin, Tuarastail agus Tuarastail Phinsin agus Comhraiceoirí Dóiteáin.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


53

COSAINT SHIBHIALTA Tá níos mó ná 70 duine ag obair go deonach don Chosaint Shibhialta, faoi cheannas an Oifigigh Cosanta Sibhialta, agus freastalaíonn siad ar na 6 ionad oiliúna ar fud an chontae. Téann gach oibrí deonach i mbun oiliúna ar bhonn leanúnach i scileanna a bhaineann go sonrach le bheith in ann cúnamh a chur ar fáil do na Trí Phríomhghníomhaireacht Freagartha áitiúla i gcás éigeandála. Tá Cosaint Shibhialta Shligigh faoi bhainistíocht oibríochtúil Oifigeach Cosanta Sibhialta nua. Ghlac Darren McGough leis an ról i mí Aibreáin 2020 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Marion Davis, a bhí tar éis dul ar scor. Bliain dhúshlánach a bhí in 2020 don Chosaint Shibhialta, go háitiúil agus go náisiúnta. Le teacht COVID-19, athraíodh cuid mhaith dár gcuid ról agus dualgas, cuireadh ar ceal iad nó cuireadh ar athlá iad. É sin ráite, tháinig dúshlán i bhfad ní ba mhó ina n-ionad nuair a iarradh orainn cúram agus cúnamh a chur ar fáil dár bpobal, dár gcomheagraíochtaí agus do dhaoine leochaileacha. Anseo i Sligeach, thugamar faoi ghníomhaíochtaí amhail bia a bhailiú ó Food Cloud i nGaillimh; othair a aistriú chuig coinní ospidéil sa Chontae agus i nGaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin chomh maith; agus TCP agus soláthairtí leasa eile a dháileadh. Tá athrú mór tagtha ar na bealaí a n-oibrímid freisin, agus is iad TCP, beartas agus nós imeachta cuí agus leas oibrithe deonacha na tosaíochtaí atá againn anois. Caithfidh siad sin go léir a bheith i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir linn freastal ar ár nÚdarás Áitiúil, ar Phríomhghníomhaireachtaí Freagartha eile agus orthu siúd sa phobal atá ag brath orainn. Táthar ag súil le caiteachas méadaithe in 2021 ar TCP breise a fháil, próisis sláintíochta d’fhoirgnimh agus d’fheithiclí, oiliúint bhreise maidir le próisis gharchabhrach nua agus trealamh nuashonraithe otharchairr a bheidh de dhíth le cleachtais gharchabhrach shábháilte a sholáthar in aimsir COVID19. Tá Cosaint Shibhialta Shligigh ar cheann de na heagraíochtaí a roghnaíodh le feithicil nua Ford Ranger a fháil ó dheontas a fuarthas ó chiste na gcuntas díomhaoine. Fuarthas feithicil eile ar an gcaoi chéanna in 2019.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


54 Fuair Cosaint Shibhialta Shligigh otharcharr a cláraíodh in 2015 chomh maith, a bhí díchoimisiúnaithe ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. Tá an fheithicil seo á feistiú faoi láthair agus á déanamh réidh le haghaidh oibríochtaí. Glactar leis go dtiocfaidh an fheithicil nua-aimseartha seo in ionad otharcharr níos sine atá á úsáid againn faoi láthair. Ní raibh an dara rogha againn ach go leor dár ranganna a chur ar fionraí de dheasca COVID-19, ach tá athdheimhniú teagascóirí agus oibrithe deonacha, cothabháil feithiclí agus gníomhaíochtaí riachtanacha eile fós ag dul ar aghaidh nuair a cheadaítear déanamh amhlaidh de réir na srianta agus na nósanna imeachta sábháilteachta. Mar gheall gur minic a bhíomar amuigh i measc an phobail i mbliana, tá líon mór iarratas tagtha isteach ó dhaoine ar mian leo a bheith páirteach i mBrainse Cosanta Sibhialta Shligigh, rud atá ina údar misneach.

SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHT Leanfaidh Comhairle Contae Shligigh uirthi ag cur fhorálacha Chórais Bainistíochta Sábháilteachta na n-údarás áitiúil i bhfeidhm. Leis an méid sin a dhéanamh, déanfar athbhreithniú leanúnach ar na córais reatha agus cuirfear i bhfeidhm an dianchlár iniúchta bliantúil Sláinte agus Sábháilteachta. Déanfar cumarsáid agus comhairliúchán le fostaithe agus éascófar oiliúint Sláinte agus Sábháilteachta d’fhostaithe de réir mar is gá. Tabharfar tacaíocht d’fhostaithe córais shábháilte oibre a chur i bhfeidhm. Leanfar den chaidreamh leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, Uisce Éireann agus páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


55

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


56

RÉAMHRÁ Cuimhneofar go deo ar 2020 mar bhliain phaindéim COVID-19.

COVID-19 agus a nDearnadh le Tacú leis an bPobal Mar cheann de na soláthraithe seirbhíse riachtanacha, bhí baint mhór ag Comhairle Contae Shligigh lena raibh á dhéanamh ar bhonn náisiúnta le hathléimneacht an phobail a choinneáil agus le tacaíocht don phobal a chomhordú le linn na paindéime. Ar dheireadh seachtaine an 27 Márta 2020, tar éis fhógra an iarThaoisigh Leo Varadkar, iarradh ar na hÚdaráis Áitiúla a bheith i gceannas ar an Iarracht Freagartha Pobail agus í a chomhordú d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil do na daoine is leochailí inár bpobail. Cuireadh an Fóram Freagartha Pobail ar bun thar an deireadh seachtaine agus tionóladh a chéad chruinniú Dé Domhnaigh, an 29 Márta 2020 ag 4 i.n. Bunaíodh líne/deasc chabhrach ar leith, agus baill foirne de chuid an Údaráis Áitiúil ina bun, le plé le ceisteanna agus iarratais ar chabhair agus tacaíocht. D’oibrigh ionadaithe ó ghníomhaireachtaí éagsúla tacaíochta pobail ar an líne agus tá sí fós ar bun in 2021. Comhar idir SCC, SVC, PPN, SLPCo agus neart grúpaí pobail agus deonacha fud fad an chontae ba spreagadh leis an obair thar cionn a rinne slua mór oibrithe deonacha le tacú leo siúd ba mhó a bhí i ngátar inár bpobail agus léiriú ab ea é ar láidreacht agus athléimneacht na hearnála pobail i Sligeach. Cé gurb ar COVID-19 a bhí ár n-iarrachtaí uile dírithe sa chéad leath de 2020, sa dara leath den bhliain bhíomar in ann tosú ar na seirbhísí iomlána a chur ar fáil arís ar na leibhéil acmhainne ab airde, rud a bhí ní b’éasca de bharr úsáid fheabhsaithe teicneolaíochta, oibriú ón mbaile, cruinnithe fíorúla, srl.

Forbairt gheilleagrach: Ó thaobh na forbartha geilleagraí de, bhí ainmniú Shligigh mar lárionad d’fhás geilleagrach sa Chreat Pleanála Náisiúnta ina spreagadh do shraith tionscadail shuntasacha a fhorbairt sna ceantair uirbeacha agus thuaithe. Bhí scéimeanna a cuireadh chun cinn faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí, an Ciste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe, Ardáin Fáis Fháilte Éireann, srl. iontach tábhachtach i dtaobh áiseanna pobail, turasóireachta agus áineasa a fheabhsú ar fud an chontae. I dtreo dheireadh 2020 críochnaíodh an próiseas soláthair le haghaidh Phlás Cultúrtha Shligigh ag carrchlós Shráid Stiofáin, rud a mheallfaidh go leor turasóirí chun Shligigh. Níl ann ach ceann de na tionscadail spreagúla a athróidh an tírdhreach uirbeach i lár an bhaile. Is sa chomhthéacs sin a seoladh branda agus láithreán gréasáin nua Shligigh chomh maith. Faoi na trí cholún ‘Cónaigh/Infheistigh/Tar ar Cuairt’, is é is aidhm leis an tionscnamh seo ná íomhá dhearfach a chur chun cinn agus cumasú do phríomhpháirtithe leasmhara Sligeach a chur i láthair faoi aon bhranda amháin.

Dorothy Clarke Stiúrthóir na Rannóige Pleanála, Forbartha Pobail agus Geilleagraí, Ealaíon agus Cultúir

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


57

BAINISTÍOCHT FORBARTHA Leanann an Rannóg Pleanála uirthi ag bainistiú forbartha de réir cheanglais an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus na Rialachán gaolmhar. Próiseáladh 457 iarratas pleanála san iomlán in 2020, líon arb ionann é agus titim 13% i gcomparáid leis an líon in 2019. Srianta agus nithe ab údar imní a bhain le paindéim Covid 19 ba chúis leis sin den chuid ba mhó. Bhí spéis sna próisis chomhairliúcháin réamhphleanála fós láidir, áfach, agus gach seans go bhfeicfear na gnáthleibhéil ghníomhaíochta arís in 2021. Mar chuid de bheartas tithíochta an rialtais, agus i gcomhlíonadh cheanglais an Achta um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015, cuireadh tús in 2017 leis an bpróiseas chun clár láithreán folamh a bhunú. Eisíodh na héilimh maidir le tobhach láithreáin fholamh 2019 i mí na Nollag 2020 agus déanfar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gclár in 2021.

An tAonad Pleanála Forbartha Tá an tAonad Pleanála Forbartha freagrach as beartas pleanála agus forbartha a dhréachtú do Chontae agus Cathair Shligigh, i gcomhairle leis an bpobal, comhaltí, oifigigh, comhlachtaí forordaithe agus páirtithe leasmhara eile. Ina theannta sin, déanann an Fhoireann Pleanála Forbartha taighde, tugann comhairle ar thograí forbartha, éascaíonn cur chun feidhme pleananna agus glacann páirt i raon tionscnamh, idir áitiúil agus réigiúnach.

Ar Baineadh Amach in 2020 An Ciste Athbheochana agus Forbartha Uirbí Bunaithe ar an bPlean Ríochta Poiblí do Bhaile Shligigh (a críochnaíodh in 2018), chuir an Rannóg Pleanála dhá iarratas faoi bhráid na Roinne ar mhaoiniú faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí a fógraíodh i mí Eanáir 2020. Bhain ceann de na hiarratais le cur chun feidhme an Phlean Ríochta Poiblí agus an ceann eile leis an tionscadal ‘Campas na Cathrach’. Tar éis fógra i mí an Mhárta 2021, deimhníodh gur éirigh leis an dá iarratas agus go raibh leithdháileadh €48 milliún le bronnadh ar Chomhairle Contae Shligigh.

Tionscadal Feabhsúcháin na Ríochta Poiblí Mar chuid de chur chun feidhme an Phlean Ríochta Poiblí, bronnadh conradh i mí an Mheithimh 2020 ar na sainchomhairleoirí Building Design Partnership leis an bhfeabhsúchán ríochta poiblí ar líonra sráideanna i Sligeach a dhearadh, Sráid Stiofáin agus Paráid Choill na Carraige ina measc. Tá próiseas faoi Chuid 8 curtha i gcrích maidir leis an tionscadal seo agus tá tuilleadh dearadh mionsonraithe le críochnú go luath in 2021.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


58

Straitéis Treochomharthaíochta Moladh sa Plean Ríochta Poiblí go n-ullmhófaí Straitéis Treochomharthaíochta do Bhaile Shligigh. Ullmhaíodh treoir agus foilsíodh ar e-tenders í sa dara ráithe de 2020. Bronnadh an conradh ar na sainchomhairleoirí Whybrow Pedrola i mí Mheán Fómhair 2020. Cuireadh tús leis an obair ar an Straitéis i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus tabharfar chun críche í in 2021.

Tionscadail faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí - Feabhsúcháin Ríochta Poiblí ar Shráideanna (ar chlé) agus Máistirphlean an Bhloic Láir (ar dheis)

Máistirphlean an Bhloic Láir Rinneadh dul chun cinn suntasach in 2020 ar ullmhú an mháistirphlean nua le haghaidh Bhloc Láir Shligigh (Carrchlós Shráid an Fhíona agus na ceantair in aice láimhe).

An Ciste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe D’éirigh leis an Rannóg Pleanála €202,000 a fháil ón gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe, 2020. Úsáidfear na hacmhainní sin in 2021 chun scéimeanna ríochta poiblí a ullmhú do na sráidbhailte turasóireachta an Ros agus an Leathros. Cuireadh tús leis an bpróiseas soláthair don tionscadal seo go déanach in 2020.

Athrú ar Phlean Forbartha Contae Shligigh lena chur ar aon dul leis an gCreat Náisiúnta Pleanála agus leis an Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta D’oibrigh an tAonad i gcomhar le Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair i rith 2019 ar ullmhú an Dréacht-Straitéise Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta. Glacadh leis an Straitéis, ina n-ainmnítear Sligeach mar Ionad Fáis Réigiúnach, agus tháinig sí i bhfeidhm i mí Eanáir 2020. Éilíodh orainn leis an reachtaíocht pleanála an Plean Forbartha a athrú lena chur ar aon dul leis an gCreat Náisiúnta Pleanála agus leis an Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta. Tá príomhfhorálacha beartais déimeagrafacha agus eacnamaíocha an Chreata Náisiúnta Pleanála agus na Straitéise Réigiúnaí Spásúlachta agus Eacnamaíochta curtha san áireamh anois i nDréacht-Leagan 1 den Phlean Forbartha Contae, 2017-2023. Tar éis comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl ón 27 Iúil agus go dtí an 24 Lúnasa 2020, ghlac comhaltaí tofa Chomhairle Contae Shligigh leis an Dréacht-Leagan ar an 12 Deireadh Fómhair 2020.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


59

GRADAIM INSTITIÚID PLEANÁLA NA hÉIREANN, 2019-2020

Tugadh ‘ardmholadh’ do Chomhairle Contae Shligigh sa chatagóir ‘Dearadh’ i nGradaim Institiúid Pleanála na hÉireann, 2019-2020 as Plean Ríochta Poiblí 2018. Sa chatagóir ‘Dearadh’, tugtar aitheantas do na tionscadail dearaidh uirbigh, pleananna ríochta poiblí nó tionscadail aonair is fearr atá ag teacht leis an gcomhthéacs uirbeach nó tuaithe ina bhfuil siad.

Sceitse de Shráid an Mhargaidh

Is iad an tAire Eoghan Murphy agus Uachtarán na hInstitiúide, Conor Norton, a bhronn an gradam ar an gComhairle ag searmanas in Óstán Westin ar an 27 Feabhra. Ba é ‘Feabhas agus Nuálaíocht i bPleanáil na hÉireann á gCeiliúradh’ téama ghradaim na bliana seo. Ag labhairt dó ag na gradaim, bhí an méid seo le rá ag Uachtarán na hInstitiúide, an Dr. Conor Norton: “ceiliúrann Gradaim Institiúid Pleanála na hÉireann rath sa phleanáil agus is léir gur tháinig méadú i mbliana ar líon agus cáilíocht na dtionscadal a bhí san iomaíocht.” Is í fís Chomhairle Contae Shligigh do chathair Shligigh ná ‘dlúthchathair ar féidir le daoine cónaí inti’ agus a bhfuil croí bríomhar agus sráideanna sábháilte, tarraingteacha inti. Le ‘croí bríomhar’ agus ‘eispéireas cathrach’ a bhaint amach, beidh gá le ríocht phoiblí atá idir dheas agus mhealltach agus ar mian le daoine am a chaitheamh inti. Leis an bhfís seo a bhaint amach, coimisiúnaíodh Building Design Partnership (BDP) in 2018 chun plean ríochta poiblí a chur i dtoll a chéile do Shligeach. Bhí sé ar cheann d’aidhmeanna an Phlean Ríochta Poiblí cur chuige comhordaithe a chur chun cinn maidir le haon oibreacha i lár an bhaile. Moladh freisin feabhsuithe ar spásanna poiblí Shligigh, lena n-áirítear sráideanna agus carrchlóis, d’fhonn an baile a fheabhsú mar áit tharraingteach le cónaí inti, le hoibriú inti agus le cuairt a thabhairt uirthi, rud a spreagfaidh daoine le breathnú thart, a chuirfidh rath ar ghnóthais agus a chruthóidh radharc spleodrach sráide. Níl in ullmhú an Phlean ach an chéad chéim i dtreo athbheochan Shligigh, ach is léiriú é chomh maith go bhfuil méadú tagtha ar an tuiscint gur tábhachtach an rud é an dea-dhearadh inár spásanna poiblí agus sráideanna. Tá an plean ina thosaíocht ag Comhairle Contae Shligigh agus beidh sé á chur chun feidhme de réir a chéile (ach na hacmhainní a bheith ar fáil) as seo go ceann cúpla bliain.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


60

FORFHEIDHMIÚ RIALACHÁIN PLEANÁLA Is éard atá i ról na Rannóige Forfheidhmithe sa réimse seo ná imscrúdú a dhéanamh ar gach gearán ón bpobal maidir le forbairt neamhúdaraithe, cigireachtaí randamacha a dhéanamh ar fhorbairtí atá ar siúl, agus déileáil le coinníollacha roimh thosú agus le coinníollacha nár comhlíonadh. Tugann an Rannóg cuairt ar láithreáin, eisíonn Litreacha Rabhaidh, déanann Fógraí Forfheidhmithe a sheirbheáil agus tionscnaíonn imeachtaí dlí, de réir mar is cuí. Seo thíos roinnt sonraí faoina ndearnadh in 2020:  Rinneadh 69 gearán nua  Eisíodh 48 Litir Rabhaidh  Rinneadh 6 Fhógra Forfheidhmithe a sheirbheáil  Réitíodh 62 gearán trí chaibidlíocht. (Ina measc siúd bhí gearáin a fuarthas roimh Eanáir 2020)  Caitheadh amach 25 gearán

Ranníocaíochtaí Forbartha a Bhailiú Tá an Rannóg Forfheidhmithe freagrach as ranníocaíochtaí forbartha a bhailiú. Tá acmhainní foirne fós á leithdháileadh lena chinntiú go n-íoctar ranníocaíochtaí go tráthúil agus go ndéantar mainnitheoirí a fhiosrú. Bhí beagán os cionn €1 mhilliún fós gan íoc ag deireadh 2020. Baineann an chuid is mó de na suimeanna gan íoc le réadmhaoin nua gan díol, tithe cónaithe a formhór, agus íocfar in am trátha iad ar dhíol na réadmhaoine.

Eastáit a Ghlacadh faoi Chúram Chuir an Chomhairle tús leis an bpróiseas le 6 eastát a ghlacadh faoina cúram in 2020. Bhí cuid de na heastáit ina n-eastáit tithíochta neamhchríochnaithe tráth. Na táillí a fhaigheann an Chomhairle as eastát a ghlacadh faoina cúram, úsáidtear iad faoi chomhair na gcostas a thabhaíonn an Chomhairle le linn an phróisis um ghlacadh faoi chúram agus úsáidtear iad freisin i gcás gur gá íoc as oibreacha san eastát le hé a thabhairt go caighdeán sásúil lena ghlacadh faoi chúram. Bhí Eastát na Mínleach i dTobar an Choire catagóirithe roimhe seo mar eastát tithíochta neamhchríochnaithe. D’éirigh leis an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála an banna a tharraingt anuas in 2019 agus tá tús curtha le hoibreacha ar an eastát, lena n-áirítear oibreacha ar na 3 stáisiún caidéalúcháin, fálú, uasghrádú soilse poiblí, an séarach uisce dhromchla a chríochnú, an séarach bréan a dheisiú, príomhphíopaí uisce, cosáin agus dromchla in éadan caitheamh a chur ar na bóithre go léir laistigh den eastát.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


61

Dromchla in Éadan Caitheamh a Chur ar na Bóithre in Eastát na Mínleach, Tobar an Choire

Tithe Folmha Tá a fhocal tugtha ag an Rialtas in Atógáil Éireann: Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine go bhforbrófaí straitéis náisiúnta um athúsáid tithe folmha. I mí Feabhra 2018, d’ullmhaigh an Rannóg Pleanála Plean Gníomhaíochta maidir le Tithe Folmha, a bhfuil sé mar aidhm aige líon na n-áitreabh atá folamh go fadtéarmach a laghdú go suntasach, a ndrochthionchar ar an bpobal a laghdú agus a bhfilleadh ar úsáid tháirgiúil a éascú. Is é an chéad phríomhghníomh a bhí le baint amach ná fíorleibhéal an fholúntais a aithint i Sligeach agus sna purláin. As na 6,284 áras cónaithe a ndearnadh cigireacht orthu go dtí deireadh Lúnasa 2020, níor measadh ach 4.6% acu a bheith folamh. Leanfaidh an Rannóg Forfheidhmithe uirthi ag déanamh cigireachtaí agus ag aithint úinéirí na náitreabh folamh a aithníodh in 2021 d’fhonn na háitribh sin a fhilleadh ar a n-úsáid.

Láithreáin Thréigthe Déanann an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála monatóireacht leanúnach ar áitribh ar fud an chontae. I gcás go bhfuil réadmhaoin tréigthe nó i mbaol a tréigthe, téimid i dteagmháil leis na húinéirí, nuair is eol, d’fhonn iad a spreagadh leis na hoibreacha is gá a dhéanamh. Ní chuirtear an réadmhaoin ar Chlár na Láithreán Tréigthe ach amháin má theipeann ar na húinéirí beart a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Rialú Foirgníochta Tá an Chomhairle ainmnithe mar an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta agus tá cumhachtaí láidre aici dá bhrí sin le comhlíonadh na Rialachán Foirgníochta agus na Rialachán um Tháirgí Foirgníochta a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú. Is é is aidhm leis na rialacháin foirgníochta ná socruithe a dhéanamh do shábháilteacht agus leas daoine i bhfoirgnimh agus timpeall orthu agus do riachtanais speisialta daoine faoi mhíchumas, mar aon le breosla agus fuinneamh a chaomhnú.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


62

SEIRBHÍSÍ OIDHREACHTA AGUS CAOMHNAITHE Feidhm thábhachtach de Chomhairle Contae Shligigh is ea cosaint na hoidhreachta nádúrtha agus tógtha toisc gur sócmhainn í atá luachmhar aisti féin ach a fheabhsaíonn an t-eispéireas do thurasóirí agus cuairteoirí a thagann chun an Chontae, leis.

Oidhreacht Lean an Oifig Oidhreachta uirthi ag obair le Fóram Oidhreachta Shligigh i rith 2020 le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Phlean Oidhreachta Chontae Shligigh (2016-2020). Tagann an Fóram le chéile gach ráithe. Féachann an Plean Oidhreachta le luach oidhreachta Shligigh a chosaint, a chaomhnú, a bhainistiú agus a chur chun cinn mar aitheantas ar an méid suntasach a chuireann sí le cáilíocht na beatha sna pobail agus le forbairt shocheacnamaíoch an chontae. Tá oifigeach lánaimseartha amháin san Oifig Oidhreachta, agus tacaíonn Comhairle Contae Shligigh leis an gclár oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Oidhreachta. Chuir an Chomhairle Oidhreachta leithdháileadh €38,000 ar fáil leis an bPlean Oidhreachta a chur i bhfeidhm in 2020. Ós rud é go bhfuil an Plean Oidhreachta reatha le teacht chun deiridh ag deireadh 2020, tabharfar faoi obair ullmhúcháin in R1 2021 leis an gcéad Phlean Oidhreachta eile a fhorbairt don tréimhse 2021-2025. In 2020 bhí an clár oibre dírithe ar fheasacht oidhreachta agus rannpháirtíocht le pobail a mhéadú, ar eaglaisí meánaoiseacha a chaomhnú, ar chur chun feidhme Chlár Seandálaíochta Pobail Shligigh atá ag leanúint ar aghaidh, agus ar phleananna caomhnaithe a chur chun cinn maidir le Carcair Shligigh, an Dún Glas, Sligeach agus Láthair Mhainistreach Dhroim Chliabh.

Bithéagsúlacht Tá cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Shligigh curtha i ngníomh arís de bharr maoiniú a bheith curtha ar fáil tríd an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht. Chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú €36,910 ar fáil in 2020. Thacaigh sé sin le hullmhú plean bainistíochta maidir le tailte ainmnithe faoi úinéireacht na Comhairle sa Leathros agus le bainistíocht speiceas coimhthíoch ionrach.

Caomhnú Ailtireachta In 2020, leithdháil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €131,350 san iomlán ar Chomhairle Contae Shligigh faoin Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha (11 tionscadal) agus faoi Chiste na Struchtúr Stairiúla (2 thionscadal - Teach an Teampaill agus Rabhchán Loingseoireachta an Fhir Miotail). I measc na dtionscadal atá i gceist tá deisiúcháin dín, deisiúcháin fuinneoige agus oibreacha ginearálta cobhsaíochta. Déanann an Oifig Oidhreachta maoirseacht ar na scéimeanna a n-úsáidtear deontais chaomhnaithe lena n-aghaidh agus faigheann comhairle ó Rannóga Pleanála agus Ailtireachta Chomhairle Contae Shligigh chuige sin.

Ciste na Struchtúr Stairiúil, 2020 Tionscadail

Maoiniú a Leithdháileadh

Teach an Teampaill

€30,000

Rabhchán Loingseoireachta an Fhir Miotail

€25,000

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


63

FEAR MIOTAIL SHLIGIGH – OIBREACHA CAOMHNAITHE CURTHA I gCRÍCH

Tar éis dóibh beagnach ceithre seachtaine a chaitheamh ag glanadh, ag caomhnú agus ag péinteáil Fhear Miotail Shligigh, d’fhéadfá a rá go bhfuil aithne ní b’fhearr curtha ag Gavin Cogan agus James Cawley ó Maintenance Painting Systems (MPS) Ltd. ná mar atá curtha ag aon duine eile riamh ar cheann de na sainchomharthaí is cáiliúla i Sligeach. Suite ar bharr plionta aolchloiche, níorbh fhéidir dul chomh fada leis an rabhchán loingseoireachta ach nuair a bhí an aimsir agus an taoide cheart ann. Ar roinnt laethanta, ní raibh siad in ann a bheith ag obair air ach ar feadh idir 2 agus 3 uair an chloig fiú. Thug an criú faoin na hoibreacha go cúramach agus is cinnte gur éirigh leo beocht a chur san Fhear arís. Rabhchán loingseoireachta ón 19ú haois is ea Fear Miotail Shligigh, atá suite i lár an tseolbhealaigh idir an Ros agus Oileán na nOisrí i gCo. Sligeach. Tá an Fear Miotail ag díriú báid isteach go Cuan Shligigh go slán sábháilte ó bhí 1821 ann agus tá fós. Leithdháil an tAire Stáit, Malcolm Noonan, TD, sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta deontas €25,000 faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil ar Chomhairle Contae Shligigh faoi chomhair oibreacha leis an bhFear Miotal a chaomhnú. Chuir Comhairle Contae Shligigh an méid céanna ar fáil, leis. Thug an Stiúrthóireacht Bonneagair agus an Oifig Oidhreachta i gComhairle Contae Shligigh faoin tionscadal i gcomhar le chéile. Bhí an tionscadal idir chasta agus dúshlánach ar roinnt cúiseanna: bhí sé suite i lár an tseolbhealaigh, bhí neart oibreacha caomhnaithe ag teastáil, agus is iomaí ceanglas sláinte agus sábháilteachta a bhí le comhlíonadh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


64 Is é Maintenance Painting Systems (MPS) Ltd. a rinne an Fear Miotail a chaomhnú, a ghlanadh agus a phéinteáil thar ceann Chomhairle Contae Shligigh. Rinne Calum Phillips, Bainisteoir Tráchtála MPS Ltd., bainistíocht ar an tionscadal ó cheannáras na cuideachta sa Ríocht Aontaithe. Rinne Duncan McLaren ó Dedalus Architecture maoirseacht ar an tionscadal ó thaobh an chaomhnaithe de, agus ba é Padraic Culkin ó RPS Maoirseoir Dearaidh an Tionscadail thar ceann Chomhairle Contae Shligigh. Thug Daryl Ewing agus Johnny Gillen ó Ewing’s Sea Angling & Boat Charters an fhoireann chun an Fhir Miotail, agus is iad John Griffin agus a fhoireann ó Sligo Scaffold Hire a chur an scafall suas go cúramach. Chuir Albany Decorplan Sligo agus Bradite Industrial Coatings na hábhair phéintéireachta ar fáil saor in aisce go fial flaithiúil. Tá an Fear Miotail ina fhoinse inspioráide do roinnt mhaith daoine leis na cianta, Jack B. Yeats ina measc, a thug léiriú ar an struchtúr ina phictiúr “Memory Harbour”. Le blianta beaga anuas, thug an feachtas ‘Save the Metal Man’ chun solais go raibh sé ag titim as a chéile agus rinne stocaireacht ar son a chaomhnaithe. Choinnigh idir mhuintir na háite agus chuairteoirí ar an Ros súil ar dhul chun cinn na n-oibreacha agus is fíor go raibh ríméad ar gach duine a fheiceáil go raibh an Fear Miotail caomhnaithe ar ardchaighdeán. Tá an Fear Miotail ina chúpla comhionann leis an bhFear Miotail ar an Trá Mhór, Co. Phort Láirge, agus cuireadh ar a charraig é siar in 1821. Tá raon 11 chiliméadar ag an rabhchán agus is é Fl (3) W 6.1 soicind a charachtar, atá sioncronaithe le hOileán na nOisrí. Ní lastar an solas ach san oíche ó 2003 i leith.

Tionscnamh na mBailte Stairiúla, 2020 Fuair timpeallacht thógtha stairiúil Shligigh tacaíocht agus infheistíocht a raibh géarghá leo tar éis an fhógra go raibh €220,787 bronnta ag an gComhairle Oidhreachta ar thionscnamh athbheochana a thabharfaí tús áite don oidhreacht do Shráid Uí Chonaill, Sligeach (Céim 1). Chuir Comhairle Contae Shligigh maoiniú meaitseála ar fáil, agus chuir úinéirí an fhoirgnimh maoiniú giarála ar fáil. Bhain naoi bhfoirgneamh stairiúla sa chuid theas de Shráid Uí Chonaill, Sligeach leas as Tionscnamh na mBailte Stairiúla in 2020. I measc na n-oibreacha caomhnaithe atá beartaithe faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla tá díonta agus simléir a dheisiú, earraí báistí d’iarann teilgthe a shuiteáil, fuinneoga saise agus doirse adhmaid a athbhunú, agus aghaidheanna siopaí stairiúla a dheisiú agus a athbhunú. Úsáidfear ábhair thraidisiúnta san obair agus beidh sí bunaithe ar an dea-chleachtas caomhnaithe.

Tionscnamh na mBailte Stairiúla – Wehrly Bros agus Hargadon Bros

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


65

An Ciste Séadchomharthaí Pobail, 2020

Is é croíchuspóir an Chiste Séadchomharthaí Pobail ná tacú le caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí áitiúla agus láithreán stairiúil. Tá roinnt bearta éagsúla ann arb aidhm leo oibreacha caomhnaithe a éascú ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith tábhachtach agus a bhfuil tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu, rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú agus seasmhacht séadchomharthaí a mhéadú le go mbeidh siad in ann éifeachtaí an hathraithe aeráide a sheasamh. In 2020, fuair Comhairle Contae Shligigh €41,750 faoin gCiste Séadchomharthaí Pobail, 2020 faoi chomhair Mhainistir Bhaile na gCloch, Caisleán Inis Crabhann agus Conair na Banríona Méabh.

Crann mór seiceamair ag bagairt ar bhallaí Mhainistir Bhaile na gCloch. Bainfear an crann go cúramach le tacaíocht ón gCiste Séadchomharthaí Pobail.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


66

Scéim Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte Tionscnamh í an Scéim Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, atá ina cuid de phacáiste beart tacaíochta náisiúnta agus áitiúla arb aidhm leo bailte agus sráidbhailte tuaithe ar fud na hÉireann a athbheochan trí Chlár Athghiniúna Tuaithe Thionscadal Éireann 2040. Tá an Scéim maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh ag na hÚdaráis Áitiúla. De bhreis ar an nGnáth-Scéim Bhliantúil Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte, tugadh beart nua isteach mar fhreagairt ar COVID-19, i.e. an Beart Luathaithe. D’éirigh le Comhairle Contae Shligigh faomhadh a fháil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le leas a bhaint as Scéim Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte 2020 i leith na n-áiteanna seo a leanas:

Tionscadail a Faomhadh – an Ghnáth-Scéim Athbheochana Bailte agus Sráidbhailte 2020 Suíomh

Tionscadal

Droim Chliabh

Idirghabhálacha ríochta poiblí le nascacht/inrochtaineacht idir Droim Chliabh agus Ráth Chormaic a fheabhsú, eilimintí dealbhóireachta, agus léirmhíniú/comharthaíocht oidhreachta.

€100,000

Inis Crabhann

Feabhas a chur ar an eispéireas do thurasóirí agus cuairteoirí ar Inis Crabhann, lena n-áirítear leithris phoiblí a athchóiriú agus ráillí sábháilteachta agus baoithe snámha farraige a shuiteáil ag an gCé.

€100,000

Tobar an Choire

Cur leis an tsiúlóid foraoise; bonneagar teicneolaíochtaí “CLISTE” agus córais fuinnimh inbhuanaithe a sholáthar d’fhoirgneamh fiontair pobail.

€70,000

An Rua

Bonneagar siúil a fhorbairt ar an gCeathrú Rua agus sa phurláin.

€100,000

Baile Easa Dara

Athfhorbairt ar cheantair chúlchríocha le túsphointe rotharbhealaigh, áiseanna páirceála, tírdhreachú agus feabhsúchán gaolmhar a chruthú.

€100,000

Baile an Mhóta

Bonneagar coisithe a sholáthar i lár an bhaile, feabhsúcháin ar an ríocht phoiblí, agus plean forbartha maidir le struchtúr oidhreachta tábhachtach.

€100,000

An Ros

Bonneagar do choisithe agus conláistí glasa a fhorbairt agus oibreacha gaolmhara tírdhreachaithe sa sráidbhaile.

€100,000

Cheathrú

Suim

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


67

Tionscadail a Faomhadh – Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020 – Beart Luathaithe, Babhta 1 Suíomh

Tionscadal

Baile Dhálaigh

Tobar Choire

an

Inis Crabhann

An Ghráinseach

Baile an Mhóta

Suim

An cosán a leathnú agus a athdhromchlú.

€25,000

Athdhromchlú ar Chearnóg Wolfe Tonn, lena n-áirítear comharthaíocht, tírdhreachú agus suíocháin.

€25,000

Feabhsúcháin ar shráid-dreach cheantar gnó na Príomhshráide, chomh maith le margaíocht spriocdhírithe ar na meáin shóisialta d’fhonn cuairteoirí a mhealladh chun an cheantair. Taitneamhacht agus tarraingteacht lár Shráidbhaile na Gráinsí a mhéadú trí chosáin fheabhsaithe a chur ar fáil le scaradh sóisialta a éascú agus leis an sráid-dreach a fheabhsú. Cosáin lúbtha a chur ar fáil le scaradh sóisialta agus rochtain ar an tír máguaird a éascú, chomh maith le lár an bhaile a fheabhsú.

€25,000

€40,000

€25,000

Tionscadail a Faomhadh – Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020 – Beart Luathaithe, Babhta 2 Suíomh

Tionscadal

Suim

Baile an Tóchair

Athchóiriú ar aonaid fiontair atá faoi úinéireacht an phobail.

€25,000

Beannada

Oibreacha talún ag Mainistir Bheannada a chur i gcrích leis na saoráidí ilchuspóireacha a fheabhsú.

€40,000

Fearann Uí Chearnaigh

Conairí siúil lúbtha agus sráid-dreacha feabhsaithe a chur ar fáil.

€25,000

Cúil Mhuine

Maoiniú do Ghairdín Pobail i lár an bhaile.

€25,000

An Chéis

Uasghrádú ar bhonneagar na nbealaí siúil áineasa.

€40,000

Tionscadail a Faomhadh – Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2020 – Beart Luathaithe, Babhta 3 Suíomh Ráth Chormaic Inis Uí Mhaolchluiche Bun an Fheadáin

Tionscadal

Suim

Idirghabhálacha bonneagair d’fhonn sábháilteacht agus inrochtaineacht a fheabhsú. Deisiúcháin ar lána na trá, feabhsúcháin ar an limistéar taitneamhachta agus deisiúcháin ar an mballa farraige. Áiseanna do choisithe, suíocháin agus tírdhreachú.

€40,000 €25,000 €25,000

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


68

Tionscadail a Faomhadh – Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte – Beart Luathaithe, Babhta 3, Bailte Móra Suíomh

Tionscadal

Suim

Sligeach

Áiseanna Áineasa Sábháilte i bPáirc Réigiúnach Chliabhraí

€40,000

Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh Tá an Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh ina cuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe agus cuirfear maoiniú ar fáil fúithi le bonneagar nua áineasa lasmuigh a fhorbairt nó le bonneagar áineasa lasmuigh atá ann cheana a chothabháil, a fheabhsú nó a chur chun cinn.

Tionscadail a faomhadh faoi Bheart 1 – 2020 Tionscadal

Cur Síos ar an Tionscadal

Suíomh Conair na Banríona Maeve, Cnoc na Riabh, Co. Shligigh Siúlóid Foraoise Bhinn Ghulbain, Gort an Rabhaidh, Co. Shligigh Bealach an Choinicéir, Caisleán Mhic Conchúir, Co. Shligigh

Maoiniú a Faomhadh

Conair na Banríona Méabh

Uasghrádú ar bhonneagar siúil.

Conair Foraoise Bhinn Ghulbain

Uasghrádú ar an gconair.

Conair Bhealach an Choinicéir

Uasghrádú ar charrchlós na gcuairteoirí agus feabhsú an chosáin.

Loch Bhun Duibhe

Oibreacha deisiúcháin ar an gconair.

Loch Bhun Duibhe, Cliafuine, Co. Shligigh

€20,000

Bealach Shligigh

Oibreacha uasghrádaithe agus feabhsaithe ar an gcuid den bhealach a théann trí Choill an tSleasa.

Coill an tSleasa, Loch Gile, Co. Shligigh

€20,000

Tionscadal Uasghrádaithe Siúlóidí Shligigh

Co. Shligigh a mhargú agus a chur chun cinn

Co. Shligigh

€20,000

Conair Charraig Dhúna

Uasghrádú/feabhsú na conaire

Carraig Dhúna, Loch Gile, Co. Shligigh

€20,000

Siúlóid Abhainn Cúil Áine

Cothabháil na siúlóide

Cúil Áine, Co. Shligigh

€16,650

Siúlóid Phortaigh na Mullach

Uasghrádú agus deisiú na conaire atá ann cheana

Na Mullacha, Tobar an Choire, Co. Shligigh

€20,000

€20,000

€20,000

€20,000

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


69

Tionscadail a faomhadh faoi Bheart 2 – 2020 Maoiniú a Faomhadh

Tionscadal

Cur Síos ar an Tionscadal

Suíomh

Tionscadal Uasghrádaithe Rochtana Bhinn Ghulbain

Feabhsú/leathnú ar na saoráidí páirceála i bhForaois Bhinn Ghulbain, áit a bhfuil an-tóir uirthi, lena n-áirítear spásanna nua do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta, limistéar casta bus, comharthaíocht léirmhínithe agus treorach agus tírdhreachú.

Binn Ghulbain, Gort an Rabhaidh, Co. Shligigh

€198,000

Tionscadal Uasghrádaithe Shiúlóid na Bantiarna Áine, an tEanach

Uasghrádú/leathnú Shiúlóid na Bantiarna Áine ina bealach easbhóthair 2 chiliméadar gan bhriseadh ó bhaile Shligigh go dtí an tEanach, síneadh chun timbhealach 4 chiliméadar a chruthú, mar aon le feistis, comharthaíocht, eilimint dealbhóireachta agus gníomhaíochtaí promóisin.

An tEanach, Loch Gile, Co. Shligigh

€198,000

Tionscadal Sínte Chonair Loch Tailt

Is éard atá i gceist leis an tionscadal seo ná conair nua a thógáil le go mbeifear in ann an chuid den chonair lúbtha a théann ar an mbóthar faoi láthair a chur ar mhalairt slí agus, ar an gcaoi sin, áis easbhóthair i bhfad níos sábháilte a chur ar fáil.

Loch Tailt, Co. Shligigh

€198,000

Slí Bhéara-Breifne Is slí siúil agus rothaíochta í Slí Bhéara-Breifne, atá suite i ndeisceart Shligigh agus a théann thar Loch Uí Ghadhra/Mainistir Réadáin. Tá sí maoinithe tríd an Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh agus tá obair fós á déanamh uirthi. Nuair a bheidh sí críochnaithe, beidh sí ina slí fadraoin áineasa idir Co. Chorcaí agus Co. an Chabháin. Fuarthas deontas freisin ón gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe le forbairt na slí a chur chun cinn tuilleadh.

Tionscadail an Aontais Eorpaigh Tá Aonad Forbartha Geilleagraí C&E/LEO Chomhairle Contae Shligigh páirteach i roinnt tograí tionscadail de chuid an AE faoi láthair.

1. Interreg V Clár Limistéar an Atlantaigh le bealach trasnáisiúnta rothaíochta a fhorbairt – Bealach EuroVelo 1. AtlanticOnBike (AoB) is ainm don tionscadal.

2. SARURE – INTERREG na hEorpa Is iomaí dúshlán margaidh a bhíonn le sárú ag gnólachtaí tuaithe, rud a fhágann dodhéanta iad agus a mbíonn droch-iarmhairtí suntasacha ann dá bharr ó thaobh an chomhtháthaithe shóisialta agus chríochaigh de.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


70

Tá sé i gceist ag Comhpháirtíocht SARURE cur agus cúiteamh a spreagadh ar na samhlacha éagsúla ar baineadh triail astu le deich mbliana anuas, chomh maith le plé ar na deiseanna a thugann margaí nua, an meascán nua seirbhísí, na roghanna nua maoinithe agus teicneolaíochtaí nua do FBManna inniu. Is fíor go bhfuil 99% de na FBManna san earnáil mhiondíola i gceantair thuaithe ina micreaghnóthaí, go mbíonn siad neamhchosanta ar ghéarchéimeanna agus go mbíonn neart bacainní roimh an nuálaíocht le cur díobh. Is é is aidhm leis an tionscadal ná beartais na réigiún comhpháirtíochta a fheabhsú d’fhonn tacú le FBManna san earnáil mhiondíola nuálaíocht a dhéanamh, a bheith níos iomaíche agus teacht slán ar deireadh. Ós rud é go bhfuil réigiúin fud fad na hEorpa thíos leis an bhfadhb seo, meastar go bhfuil Interreg na hEorpa ina fhóram iontach le plé a dhéanamh ar thaithí mhaith agus ar bheartais ar éirigh go maith leo.

3. TrailGazersBid Tionscadal de chuid an AE faoi Chlár Limistéar an Atlantaigh. Comhpháirtí Tionscadail: Tá Trail Gazers ag iarraidh mionscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí siúlóidí agus conairí áineasa a úsáid le borradh a chur faoi fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta i ngeilleagair agus pobail bheaga tuaithe ar bhealach a bheadh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

4. Tide Tionscadal de chuid an AE é TIDE, a thagann faoi Chlár Limistéar an Atlantaigh. Féachann an sé le sócmhainní agus seirbhísí cultúrtha agus oidhreachta poiblí a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn.

COTHROMAÍOCHT DHEARFACH AG AN DARA COISTE STIÚRTHA DE TRAILGAZERSBID D’aimsigh na comhpháirtithe spás fíorúil ina bhféadfaidís a gcuid saothar a chur i láthair agus na chéad chéimeanna de chur chun feidhme éifeachtach an tionscadail Eorpaigh seo a chur ar taispeáint, is tionscadal a chuireann forbairt inbhuanaithe pobal tuaithe chun cinn ar ocht gcosán phíolótacha i Limistéar an Atlantaigh. Thug an fhoireann cur i láthair ag an dara Coiste Stiúrtha ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ar a dtograí teicniúla deireanacha agus ar chur chun feidhme na n-ocht gconair a bhí páirteach sa chlár píolótach seo. An sprioc? Teicneolaíocht agus eispéiris a chomhroinnt i dtreo forbairt chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na limistéar nádúrtha agus na ndaoine a bhfuil cónaí mórthimpeall orthu. Beidh an tionscadal ar siúl go dtí mí an Mhárta 2022 agus, déanfaidh sé toradh socheacnamaíoch na n-infheistíochtaí i mbonneagar conaire a thomhas d’fhonn critéir a shainiú maidir le céard is éifeachtúlacht níos mó ann i ndáiríre. Breathnóidh sé freisin ar fheabhsuithe ar an gcaoi a gcuirtear na spásanna nádúrtha seo chun cinn le teicneolaíochtaí nua, ar nós líonraí sóisialta, réaltacht bhreisithe agus uirlisí margaíochta digití. Tá pleananna píolótacha turais ag ocht gcinn de na 10 gcomhpháirtí atá ag glacadh páirt sa tionscadal: Plazaola

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


71 (Navarra), Chemin De Mémoires (an Bhriotáin), Taith Taf (an Bhreatain Bheag Theas), La Caldera de Taburiente (na hOileáin Chanáracha), Lúb Chnoc na Riabh/Chill Easpaig Bhróin (Iarthuaisceart na hÉireann), Lábán Inse (Tuaisceart na hÉireann), an Sliabh Beannaithe (an Phortaingéil) agus na Seacht nGleann Chrochta (an Phortaingéil).

Cothromaíocht agus monatóireacht Is é b’aidhm leis an gcruinniú ar líne ná monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhí déanta le cúpla mí anuas agus na chéad chomhchéimeanna eile a leagan amach. Moladh Conairí Chnoc na Riabh/Chill Easpaig Bhróin don Choiste Stiúrtha lena gcur san áireamh in uirlis ar líne a ligeann don úsáideoir sainaithint a dhéanamh ar na seirbhísí, na nithe is díol spéise agus na tréithe a bhaineann leis na pleananna éagsúla turais. Ceann de láidreachtaí Chonairí Chnoc na Riabh/Chill Easpaig Bhróin ná gur féidir dhá eispéireas áineasa ar leith a thabhairt le chéile agus níos mó ná 11 chiliméadar de chonair a chur chun cinn ina aon turas. Tá Sráidbhaile an Leathrois ag croílár na gconairí chomh maith, áit a bhfuil seirbhís mhaith iompair phoiblí ar fáil. Láidreacht eile atá ag baint leis na conairí i Sligeach ná gur áiseanna seanbhunaithe áineasa iad a bhféadfaí cur leo amach anseo. D’fhéadfaí na rudaí céanna a chur le conairí eile i gCo. Shligigh ansin. Tabharfaidh an tionscadal deashampla do na conairí eile de chuid Shiúlóidí Shligigh ar fud an chontae agus cuirfidh bonn eolais agus tuisceana faoina mbainistiú agus faoina gcur chun cinn.

Buiséad €2.5 milliún Tá TrailGazersBID cómhaoinithe ag Clár an Limistéir Atlantaigh de Interreg agus ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus tá buiséad €2.5 milliún ag baint leis. Léiríonn an staidéar ar na hocht gconair phíolótacha go bhfuil deis ann do dhaoine áitiúla, do ghrúpaí pobail, d’eagraíochtaí bardasacha nó do chomhlachtaí beaga dul i gcomhar le chéile le tionscnaimh nua turasóireachta dúlra a fhorbairt. Cuirfear na heispéiris a eascróidh as an bpróiseas seo i dtoll a chéile ina bpacáiste uirlisí inaistrithe i gcomhair pleananna turais inbhuanaithe a bhainistiú agus a chur chun cinn. Borradh faoi fhorbairt tuaithe.

Iascach Intíre Éireann Rinneadh iarratas in 2019 maidir le Siúlóid na Duibhe agus d’éirigh leis. Feabhsaíodh go suntasach an rochtain i gcomhair áineasa ar stráice 1.2 ciliméadar den Duibh i gContae Shligigh. Maoiniú meaitseála €5,000 de dhíth.

An Ciste Athbheochana agus Forbartha Uirbí Plás Cultúrtha Shligigh: Tá sé seo ar aon dul le Tionscadal Caipitil Fháilte Éireann. Rinneadh iarratas ar mhaoiniú faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí agus bronnadh €750,000 ar an tionscadal. Cuireadh tús leis an obair in 2020. Ríocht Phoiblí Shligigh á Cur i bhFeidhm – €19.16 milliún

An Ciste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe D’éirigh le hiarratas in 2020 ar mhaoiniú faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


72

1. Catagóir 2, 2020 - Tionscadal Athbheochana Thobar an Choire – €222,000. Tá oibreacha féidearthachta ar bun faoi láthair.

Maoiniú a bronnadh in 2019 a úsáideadh in 2020 2. Catagóir 1, 2019 – Conair Yeats €500,000. Tá na hoibreacha forbartha ar siúl faoi láthair. 3. Catagóir 2, 2019 - Pailliún agus Folcadáin Aille Inis Crabhann €131,000. Tá oibreacha féidearthachta ar bun faoi láthair. Maoiniú meaitseála ag teastáil le haghaidh gach tionscadail 1. €74,000 2. €170,000 3. €43,000

Maoiniú Meaitseála Cuireadh maoiniú ar fáil faoi Ranníocaíochtaí Meaitseála do 2020 le ligean don Chomhairle deiseanna a thapú a d’fhéadfadh teacht chun cinn le roinnt scéimeanna agus cláir dheontais a tharraingt anuas agus a mheaitseáil le linn na bliana. Áitrítear leo siúd tionscnaimh faoi na ceannteidil forbairt turasóireachta agus áineasa, forbairt gheilleagrach, ionchuimsiú sóisialta, forbairt tuaithe/phobail, srl.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


73

FORBAIRT POBAIL AGUS GHEILLEAGRACH Tacaíonn an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí le hobair chomhoibritheach, straitéiseach le heagraíochtaí eile ar na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha le forbairt pobail agus gheilleagrach a chur chun cinn agus a spreagadh sa Chontae. Tacaíonn sé le heagraíochtaí pobail, spreagann obair dheonach agus saoránacht ghníomhach, cuireann ionchuimsiú sóisialta chun cinn agus soláthraíonn raon tacaíochtaí agus cúnamh deontais d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus neamhbhrabúis ar fud an chontae. Tá an clár oibre geilleagrach ag dul i méid i gcónaí de réir mar a théann an Rannóg i gcomhar le páirtithe leasmhara ar fud na n-earnálacha gnó agus geilleagracha, amhail Fóram Eacnamaíoch Shligigh, earnáil na turasóireachta, Conair Eacnamaíoch an Atlantaigh agus an diaspóra, gan ach beagán a lua.

An Coiste Forbartha Pobail Áitiúil

Bunaíodh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh in 2014 faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 chun críocha cur chuige stuama, comhtháite a fhorbairt, a chomhordú agus a chur chun feidhme i leith forbairt áitiúil agus phobail. Tá an coiste comhdhéanta d’ionadaithe do na hearnálacha rialtais áitiúil agus forbartha áitiúla, do chomhlachtaí poiblí agus do leasanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus pobail. I mí an Mhárta 2020, d’éirigh an Comhairleoir Chris MacManus as an gcathaoirleacht ar Choiste Forbartha Áitiúil/Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil Shligigh le post a ghlacadh mar FPE i bParlaimint na hEorpa. Toghadh an Comhairleoir MacManus ina Chathaoirleach ag cruinniú den Choiste i mí Iúil 2019. Tar éis dó éirí as, ghlac an LeasChathaoirleach Hugh MacConville le ról an Chathaoirligh ar bhonn eatramhach, mar a bhí comhaontaithe ag na comhaltaí. Chuir ráig COVID-19 moill ar an bpróiseas le cathaoirleach nua a thoghadh toisc gur ar líne a bhí na cruinnithe ar siúl. Thug oifigigh sa Roinn le fios go mbeadh sé in ord dul ar aghaidh le toghadh an Chathaoirligh ar líne. Tar éis an toghcháin ar líne, daingníodh an Comhairleoir Dara Mulvey go foirmiúil mar Chathaoirleach an Choiste ag an gcruinniú i mí Dheireadh Fómhair. Amhail go leor struchtúir eile, iarradh ar an gCoiste dul i mbun gnímh ag tús phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020 agus lean sé air ag teacht le chéile ar líne i bhfianaise a thábhachtaí atá a chuid clár ó thaobh tacú leis an bpobal de.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


74

Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i mbun cruinniú fíorúil in Áras na Cathrach i mí Aibreáin 2020.

In 2021 beidh an Coiste dírithe arís ar mhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht phobail i Sligeach, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Gheilleagraigh agus Pobail Áitiúil, 2016-2021. Fágann struchtúr idirghníomhaireachta an Choiste agus an cúram monatóireachta atá air go bhfuil sé san áit cheart le monatóireacht a dhéanamh ar chláir eile, amhail an Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail, an Líonra Rannpháirtíochta Pobail, Éire Shláintiúil, deiseanna maoinithe, agus cláir de chuid an AE, ar nós PEACE. Cinnteoidh a fheidhm mar an Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil maidir le cur chun feidhme Chlár Forbartha Tuaithe 20142020 i Sligeach go mbeidh príomhról aige freisin i gcur chun feidhme an Chláir LEADER. Is mian leis an gCoiste go mbainfí leas as gach uile dheis le maoiniú Eorpach a fháil ar son Shligigh, go gcuirfí infheistíocht i Sligeach chun cinn agus go mbunófaí struchtúir d’fhonn comhoibriú ní b’fhearr a chinntiú ar leibhéal an chontae.

Plean Geilleagrach agus Pobail Áitiúil 2016 – 2021 Tá treochlár comhghníomhaíochta leagtha amach ag an gCoiste maidir le forbairt áitiúil gheilleagrach agus phobail i gContae Shligigh. Seo a leanas na sé réimse tosaíochta a leagtar amach sa Phlean:  Fostaíocht agus Gníomhaíocht Eacnamaíoch Inbhuanaithe  Oideachas agus Oiliúint  Sláinte agus Folláine  Cuimsiú Sóisialta, Comhionannas agus Bochtaineacht  Comhshaol agus Athrú Aeráide  Creat Comhoibríoch

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


75

Tá monatóireacht á déanamh ar bhonn leanúnach ar na bearta atá leagtha amach sa Phlean Geilleagrach agus Pobail Áitiúil agus tugann gníomhaireachtaí atá freagrach as príomhbhearta den Phlean cur i láthair don Choiste ó am go chéile. Cuirfear tús in 2021 leis an gcéad tréimhse phleanála eile, a chuirfidh cruth ar an bhfís do Shligeach ó thaobh pobail agus geilleagair de as seo go ceann 5 bliana. Tá sé beartaithe tabhairt faoin obair seo ag an am céanna le Tionscadal Jaspers Shligigh, 2030 toisc go mbeidh na próisis chéanna chomhairliúcháin agus chomhoibrithe i gceist leis an dá cheann acu. Sa phróiseas sin, tabharfar aird ar threoir maidir leis an bPlean Geilleagrach agus Pobail Áitiúil, atá le heisiúint ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


76

BREIS IS 4,500 SCÁTHLÁN AGHAIDHE CURTHA AR FÁIL AG AN INSTITIÚID TEICNEOLAÍOCHTA, SLIGEACH, D’FHOIRNE FREAGARTHA Mar fhreagairt ar ghlao ó FSS, chuir an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, foireann tionscadail le chéile le scáthláin aghaidhe a mhonarú d’fhonn cabhrú le daoine ar an líne thosaigh déileáil le géarchéim COVID-19. Tá níos mó ná 4,500 scáthlán táirgthe agus dáilte ar fud an réigiúin go dtí seo. Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Tom MacSharry (Cathaoirleach go dtí an CCB i mí an Mheithimh 2020) a bhuíochas in iúl don Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, agus do Ruth Moran go háirithe, a chomhordaigh an clár.

Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Tom MacSharry, ag an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, le buíochas a chur in iúl d’fhoireann sa choláiste as scáthláin aghaidhe a dhéanamh. In éineacht leis an gCathaoirleach bhí (C-D) an Comhairleoir Marie Casserly, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady, an Comhairleoir Dónal Gilroy, an Comhairleoir Tom Fox, an Dr. Brendan McCormack, Uachtarán na hInstitiúide Teicneolaíochta, Sligeach, an Comhairleoir Martin Connolly, agus an Comhairleoir Thomas Walsh

‘Is mór ag Comhairle Contae Shligigh agus ag Fóram Tacaíochta Pobail Shligigh an beart seo. Cuireadh na maisc aghaidhe ar fáil do raon leathan gníomhaireachtaí agus chuir cuid mhaith daoine a bhí ag soláthar seirbhísí riachtanacha ar fud an chontae fáilte is fiche rompu.’ Dar le comhordaitheoir an tionscadail, Ruth Moran, Oifig Taighde na hInstitiúide Teicneolaíochta, Sligeach; ‘Faoi láthair tá 99 oibrí deonach ag tacú le monarú trí chineál scáthláin. Is foireann thrasfheidhmiúil iad, a dhéanann plé le hInnealtóireacht agus Dearadh, Eolaíocht agus Taighde araon. Tá baill d’Aontas na Mac Léinn ag obair go deonach linn freisin.’

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


77

An Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail

Is clár náisiúnta é an Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta trí rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht áitiúil idir daoine faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus gníomhaireachtaí den earnáil phoiblí. Tugadh an Clár isteach i mí Aibreáin 2015 agus is ar Choistí Forbartha Áitiúla an fhreagreacht as an gclár a bhainistiú ar an leibhéal áitiúil le tacaíocht ó Pobal agus maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Faigheann sé maoiniú freisin ó Chiste Sóisialta na hEorpa faoin gClár um Infhostaitheacht, Ionchuimsiú agus Foghlaim, 2014-2020.

Comhaltaí de Choiste Forbartha Áitiúil Shligigh a bhí i láthair ag ócáid faisnéise um Fhilleadh ar Obair do Mhná (a bhí maoinithe faoin gClár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus Foireann Athbheochana an Chrainn Mhóir)

Cuireadh tús leis an gClár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail, 2018 – 2022 in 2018 agus d’éirigh le hiarratas Chomhpháirtíocht LEADER Chontae Shligigh le leanúint ag aghaidh ag soláthar an chláir i Sligeach. Tar éis próiseas comhairliúcháin náisiúnta, rinneadh roinnt athruithe ar an gclár agus mairfidh sé cúig bliana anois. Tá Clár 2018 – 2022 níos solúbtha ná an seanchlár agus béim níos láidre á leagan ar idirghabhálacha agus cáilíocht na hoibre seachas tuairisciú ar spriocanna cainníochtúla, mar a bhí ann sa seanchlár. Is éard atá i gceist leis an gclár féin ná tacaíochtaí a sholáthar do dhaoine agus grúpaí imeallaithe agus do phobail faoi mhíbhuntáiste. Tá foireann Chomhairle Contae Shligigh freagrach as riaradh an chonartha agus as tuarascálacha monatóireachta agus maoirseachta a ullmhú thar ceann an Choiste Forbartha Pobail Áitiúil. Méadaíodh an buiséad bliantúil don Chlár 3% in 2020 go €603,079. Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar an gcaoi ar cuireadh an clár ar fáil in 2020 agus, de réir comhairle a fuarthas ó Pobal, rinneadh an chuid ba mhó de na hidirghabhálacha ar an bhfón agus úsáideadh tacaíochtaí ar líne le hoiliúint a sholáthar. Ina theannta sin, chuir an Coiste, i gcomhar le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh CTR, Scéim Deontais ar bun faoin gClár le maoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail i spriocghrúpaí an Chláir a bhí ag freagairt go díreach do ghéarchéim COVID-19 i gContae Shligigh. Is é €603,079 an leithdháileadh buiséid le haghaidh an Chláir in 2021, ach thug an Roinn le fios i mí na Samhna 2020, i bhfianaise thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an gClár in 2020, go gceadófaí tearc-chaitheamh suas le 10% a thabhairt ar aghaidh go 2021. Ní cheadófaí aon tearc-chaitheamh a thabharfaí ar aghaidh a chaitheamh ach ar chostais ghníomhaíochta (costais tuarastail agus neamhthuarastail araon), áfach.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


78

An Clár Forbartha Tuaithe, 2014–2020

Is é Coiste Forbartha Áitiúil Shligigh an Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil atá freagrach as an gClár Forbartha Tuaithe (LEADER), agus oibríonn sé i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Shligigh mar Chomhpháirtí Airgeadais agus le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh mar Chomhpháirtí Feidhmithe.

Téamaí agus Buiséid

Tugann Straitéis Forbartha Áitiúil Chontae Shligigh (2014-2020) cuntas ar thrí phríomhthéama a sainaithníodh mar riachtanais uileghabhálacha don chontae, chomh maith leis na naoi bhfothéama seo a leanas:

Téama 1

Téama 2

Téama 3

Forbairt Gheilleagrach, Forbairt Fiontar agus Cruthú Poist

Cuimsiú Sóisialta

Comhshaol Tuaithe

Fothéamaí

Fothéamaí

Fothéamaí

 Turasóireacht Tuaithe  Forbairt Fiontar  Bailte Tuaithe  Leathanbhanda €2.32m

 Seirbhísí Bunúsacha dírithe ar phobail iargúlta  Óige Thuaithe €2.83m

 Acmhainní uisce a chosaint agus a úsáid go hinbhuanaithe  Bithéagsúlacht Áitiúil  Fuinneamh in-athnuaite €572,070

Tá buiséad €5.7m ag an Tionscadal, a bhfuil miondealú air sa tábla thuas. Ina theannta sin, tá €1.9m curtha ar fáil faoin gClár le híoc as an obair riaracháin, tacaíochta agus seiceála a bheidh ag teastáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm go rathúil. Is é €7.6m an buiséad foriomlán don Chlár Forbartha Tuaithe, 2014-2020.

Sa ghrianghraf thuas tá ionadaithe do Choiste Forbartha Áitiúil/Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil Shligigh, Comhairle Contae Shligigh, Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, agus an pobal ag oscailt Pháirc AstroTurf agus Páirc Phobail Chúil Áine, a bhí maoinithe faoin gClár Forbartha Tuaithe

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


79 Tháinig Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Shligigh le chéile 6 huaire le linn 2020 agus cheadaigh 65 tionscadal san iomlán ar luach €2,595,452.02. Tagann na tionscadail sin faoi scáth raon leathan téamaí ón Straitéis Forbartha Áitiúla, lena n-áirítear Turasóireacht Tuaithe, Forbairt Fiontar, Seirbhísí Bunúsacha do phobail iarghúlta, Óige Thuaithe agus Bailte Tuaithe.

Clár Idirthréimhseach LEADER

Ar an 16 Nollaig 2020, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, go gcuirfí an spriocdháta le haghaidh Chlár 2014-2020 siar go dtí an 31 Márta 2021, mar aon le roinnt leasuithe eile ar an gClár (lena n-áirítear Comhar agus Tionscnamh Bia LEADER). D’fhógair an tAire maoiniú €20 milliún freisin do Chlár Idirthréimhseach LEADER, a bhí mar ghealltanas i gClár an Rialtais. Is é is aidhm le Clár Idirthréimhseach LEADER ná ligean do thionscadail phobal-treoraithe um fhorbairt tuaithe leanúint ar aghaidh faoin tsamhail reatha LEADER go dtí go gcuirfear tús le clár nua an Aontais Eorpaigh in 2023. Tá Clár Idirthréimhseach LEADER le tosú ar an 1 Aibreán 2021 agus le bheith ar siúl go dtí an 31 Nollaig 2022. Príomhfhócas den Chlár Idirthréimhseach is ea acmhainn a fhorbairt i bpobail nach bhfuair maoiniú LEADER roimhe seo. Tacóidh an clár le cruthú post chomh maith, déanfaidh fiontraíocht a chothú agus a spreagadh, agus tacóidh le tionscadail a thugann aghaidh ar an athrú aeráide, ar an aistriú digiteach agus a spreagann pobail tuaithe le cur leis na láidreachtaí agus na sócmhainní atá acu cheana féin. Faoin gClár Idirthréimhseach, méadófar an ráta deontais d’fhiontair agus do thionscadail tráchtála ó uasmhéid 50% go huasmhéid 75% d’fhonn tacú le forbairt fiontar agus cruthú post i gceantair thuaithe.

An Clár Feabhsúcháin Pobail

Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail dhá thráinse maoinithe ar fáil faoin gClár Feabhsúcháin Pobail in 2020. Seoladh an chéad leithdháileadh ginearálta arbh fhiú €56,540 é i mí an Mheithimh agus fuair 57 grúpa san iomlán deontais idir €500 agus €2,500. Ba é €900 meánluach na ndeontas. Fógraíodh an dara tráinse i mí Lúnasa, agus é dírithe go sonrach ar Ionaid agus Foirgnimh Phobail. Ba é €116,932 an leithdháileadh do Choiste Forbartha Áitiúil Shligigh. Stopadh ag glacadh le hiarratais ar an 25 Meán Fómhair agus cuireadh moltaí faoi bhráid an Choiste ag cruinniú ar an 29 Deireadh Fómhair 2020. Ceadaíodh maoiniú do 49 grúpa pobail.

Tacaíocht don Earnáil Phobail agus Dheonach

Clúdaíonn an Scéim Deontais don Earnáil Phobail agus Dheonach raon leathan gníomhaíochta pobail sa chontae, lena n-áirítear tacaíocht d’fhorbairt áitiúil phobal-bhunaithe. Tacaíonn an Scéim seo le grúpaí pobail, amhail Coistí Bailte Slachtmhara, Coistí Reiligí, Coistí Féilte agus Eagraithe Imeachtaí Idirnáisiúnta/Náisiúnta agus Áitiúla lena gceantar agus a gcontae a chur chun cinn go ginearálta. Deis iontach í an scéim deontais do phobail leas a bhaint as foinse ioncaim a chuirfidh ar a gcumas cláir a chur i bhfeidhm, tionscadail a eagrú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil, rudaí nach bhféadfaidís a dhéanamh murach an tacaíocht sin. Fágann an ciste seo agus an t-éiteas láidir oibre deonaí atá ann go mbeifear in ann cur chuige ón mbonn aníos a ghlacadh i leith forbairt agus rannpháirtíocht áitiúil. Cuireadh buiséad méadaithe €130,000 i leataobh don tionscnamh seo in 2020 agus bhain 181 coiste/grúpa leas as an Scéim ghinearálta i mbliana. Ina theannta sin, cuireadh catagóir eile leis chun ‘Soilse Nollag do Bhailte agus Sráidbhailte Tuaithe’ a chur san áireamh. Léirítear níos mó agus níos mó spéise sa Scéim bliain i ndiaidh blianta agus tagann méadú ar líon na n-iarratas a fhaightear, leis. Táthar ag súil go mbeidh an buiséad céanna ar a laghad ar fáil in 2021.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


80

An Líonra Rannpháirtíochta Poiblí

Bliain iontach gnóthach a bhí ann in 2020 do Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Shligigh. Cé go raibh ar an Líonra a phlean oibre a chur in oiriúint go suntasach do COVID-19, bhí sé in ann leanúint air ag obair ar an gcuid ba mhó de chroíchuspóirí an Líonra, chomh maith le ról gníomhach a ghlacadh sa chlár freagartha pobail COVID-19 i Sligeach. Ag tús na bliana, tosaíodh ag obair le hionadaithe pobail nuathofa agus á nullmhú do róil ar Choistí Beartais Straitéisigh (CBSanna). D’éirigh leis an Líonra an comhairliúchán oifigiúil “Vision for Wellbeing” a óstáil chomh maith, atá mar chuid de thionscnamh náisiúnta atá á rolladh amach chuig na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí go léir in Éirinn. Go dtí seo tá páirt glactha ag os cionn 1,000 duine sa phróiseas seo i Sligeach. Tá casadh nuálach curtha ag an Líonra ar fhorbairt na físe seo trí dhul i gcomhar le KidsOwn Publishing, rud a rinne sé d’fhonn a chinntiú go dtabharfaí cead cainte do leanaí sa phróiseas, agus go mbeadh bealach acu leis an lucht déanta cinntí a chur ar an eolas faoi na nithe is údar dóchais agus imní dóibh faoi Shligeach.

Tar éis fhógairt na dianghlasála i mí an Mhárta, ghlac an Líonra ról gníomhach san obair le comhordú a dhéanamh ar bhreis is 80 grúpa pobail a chláraigh le tacú leis na daoine ba leochailí sa phobal. Rinneadh na grúpaí sin a chur ar léarscáil agus iarradh orthu cuidiú le Deasc Chabhrach Chomhairle Contae Shligigh freagairt ar chásanna sa phobal de réir mar a tháinig siad chun cinn. D’oibrigh na grúpaí seo as lámha a chéile le Deasc Chabhrach Chomhairle Contae Shligigh le haghaidh a thabhairt ar chásanna sa phobal de réir mar a tháinig siad chun cinn agus lena chinntiú go bhfuair na daoine ba mhó a bhí i mbaol an cúnamh a bhí ag teastáil uathu. Thug an Líonra faoin bpróiseas céanna le gnólachtaí áitiúla: chuir sé na seirbhísí a bhí ar oscailt sa chontae ar léarscáil agus chruthaigh leathanach ar leith maidir le COVID-19 ar a láithreán gréasáin, áit ar cuireadh an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil. D’oibrigh an Líonra go dlúth le Comhairle Contae Shligigh, Ionad Oibrithe Deonacha Shligigh agus Comhpháirtíocht LEADER Shligigh le freagairt chomhordaithe phobail a chur ar bun d’fhonn cabhrú le grúpaí agus ionaid phobail oscailt arís. I measc phríomhghníomhaíochtaí an Líonra bhí StepUpForSligo, feachtas a rinne iarracht béim a leagan ar an méid a bhí á dhéanamh ag an earnáil phobail, agus páirt a ghlacadh i bpíosa taighde náisiúnta a bhí á dhéanamh ag an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch na hoibre deonaí a mheas in aimsir na dianghlasála.

Léarscáil Idirghníomhach Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Shligigh

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


81 Cé nach raibh an dara rogha ann ach go leor de na himeachtaí móra a bhí beartaithe ag an Líonra a chur siar, Gradaim an Líonra agus an Seimineár Comhshaoil, mar shampla, d’éirigh leis an Líonra sraith clár a reáchtáil ar líne. I measc na gclár sin bhí ár sraith chomhshaoil, ag a raibh cainteanna ón Ollamh John Sweeney agus Brian Kirwan ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Leanadh le hoibríochtaí ginearálta an Líonra ar líne chomh maith, lena n-áirítear cruinnithe den Rúnaíocht agus d’ionadaithe pobail, chomh maith le seisiúin den Ghrúpa Comhairleach Náisiúnta agus de na hoibrithe náisiúnta acmhainne. I mí Mheán Fómhair 2020, thug an Líonra faoi shuirbhé anailíse riachtanas le ballghrúpaí agus cuirfidh na torthaí bonn eolais faoi chuid mhaith de shaothar an Líonra amach anseo. Áirítear leis na bearta atá le déanamh ar dtús óstáil clinicí meán sóisialta agus forbairt cláir oideachais agus faisnéise le tacú le grúpaí a bheith níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Ó thaobh beartais agus pleanála de, chuir an Líonra aighneachtaí faoi bhráid an athbhreithnithe náisiúnta tosaigh ar CBSanna, ar Phlean Corparáideach Chomhairle Contae Shligigh agus ar Athbhreithniú Struchtúrach Náisiúnta na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí. D’óstálamar sraith toghchán freisin, lena n-áirítear ionadaithe don Líonra a ainmniú chun Choiste Comhairleach Míchumais Shligigh agus Chuideachta Comhpháirtíochta LEADER Sligeach. Faoi dheireadh 2020, beidh toghcháin reáchtáilte ag an Líonra do Thascfhórsa Réigiúnach Drugaí agus Alcóil an Iarthuaiscirt, d’Fhóram Oidhreachta Shligigh agus do Choiste Logainmneacha Shligigh. Leanann an Líonra air ag obair go leanúnach le grúpaí amhail an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, Comhairle na nÓg agus Tionscadal Idirchultúrtha Shligigh d’fhonn cumhacht agus tarraingt an Líonra a mhéadú agus grúpaí a mbíonn sé ‘níos deacra dul chomh fada leo’ a mhealladh isteach sa phróiseas rannpháirtíochta poiblí.

An Clár Aoisbhá Tá Sligeach páirteach sa Chlár Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Aoisbháúla, is tionscnamh arb aidhm leis an tír is fearr ar domhan le dul in aois a dhéanamh d’Éirinn. Forbraíodh Straitéis Aoisbhá Shligigh do Chontae Shligigh in 2016 agus tugtar aitheantas ann gur acmhainn luachmhar iad daoine scothaosta a bhfuil saineolas, taithí agus acmhainní ollmhóra acu le cabhrú le fás agus forbairt an chontae. Cé gur ghlac Comhairle Contae Shligigh ceannas ar fhorbairt na straitéise, is cur chuige ilghníomhaireachta í i ndáiríre a thugann tús áite do dhaoine scothaosta.

Tionscnaimh aoisbháúla ar tugadh fúthu in 2020 Tionscnamh a forbraíodh in Aibreán 2020 ab ea “an Clár um Dhul in Aois go Maith sa Bhaile” trí chomhpháirtíocht idir Clár Aoisbhá Shligigh, Rannóg Fisiteiripe FSS agus Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, i gcomhar le Seó Francie Boylan ar Ocean FM. Spreag an Clár daoine scothaosta le páirt a ghlacadh i gcleachtaí sa bhaile agus iad ag éisteacht le clár beo raidió ag 10.30 r.n. ar an Máirt agus ar an Déardaoin i rith mhí na Bealtaine. In éineacht leis an gClár, a bhí dírithe ar dhaoine a bhí ag clutharú, bhí leabhrán éasca le leanúint inar tugadh breac-chuntas na cleachtaí fisiteiripeoir-dheartha d’fhonn daoine a spreagadh leis na cleachtaí a dhéanamh sa bhaile. Scaip an Fhoireann Forbartha Pobail agus Geilleagraí thart ar 3,000 bileog ar fud an chontae.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


82

Sa ghrianghraf thuas, ag seoladh an Chláir um Dhul in Aois go Maith sa Bhaile, an Cathaoirleach Tom MacSharry (Bealtaine 2020), Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, Ciarán Hayes, agus ionadaithe ó Chlár Aoisbhá Shligigh, Rannóg Fisiteiripe FSS, agus Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh.

Éire Shláintiúil

Is treochlár é an Creat um Éire Sláintiúil (2019-2025) le muintir na hÉireann a dhéanamh níos sláintiúla agus glao chun gnímh le Sláinte agus Folláine na tíre a fheabhsú trí chreat leathan gníomhaíochtaí a bheidh le cur i bhfeidhm ag an Rialtas. Seo a leanas na ceithre chuspóir atá i gceist leis: 1. An cion de na ndaoine a bhíonn sláintiúil ag gach céim den saol a mhéadú. 2. Éagothroime shláinte a laghdú. 3. An pobal a chosaint ar bhagairtí do shláinte agus folláine. 4. Timpeallacht a chruthú inar féidir le gach duine agus gach cuid den tsochaí a gcion féin a dhéanamh chun Éire Shláintiúil a bhaint amach.

Tuairisc chun dáta ar an bPlean ‘Sligeach Sláintiúil’

Faoi Bhabhta 3 de Chiste ‘Éire Shláintiúil’, bronnadh €246,010 ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh leis an gclár ‘Sligeach Sláintiúil’ a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Thosaigh Comhordaitheoir ‘Sligeach Sláintiúil’ ina phost i mí Lúnasa 2020 agus is éard atá sa Chlár ná 6 phríomhthionscadal a chur ar fáil faoi na téamaí seo a leanas:  Sláinte Choirp,  Meabhairshláinte,  Cothú agus  Spásanna agus áiteanna le haghaidh Sláinte agus Folláine.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


83 I measc na dtionscadal tá:  An Tionscadal le Tacú le Beathú Cíche i Sligeach  Bealaí chun Folláine – Gníomhaíochtaí Sláinte agus Folláine do spriocghrúpaí, lena n-áirítear Daoine Scothaosta, Pobail Nua, Pobail faoi Mhíbhuntáiste agus Daoine Dífhostaithe.  Oideasú Sóisialta  Níos láidre Níos Faide – clár aclaíochta bunaithe ar neart do dhaoine scothaosta  Scéim Deontas Beag Meabhairshláinte agus Grúpa Gníomhaíochta Meabhairshláinte Pobail Caithfear an Clár a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2021 anois toisc gur chuir an Roinn Sláinte agus Pobal síneadh ama leis i mí na Samhna 2020 de dheasca phaindéim COVID-19. Na tionscadail atá maoinithe faoin gClár, tá siad ar bun cheana féin nó le cur ar fáil in 2021. Rinneadh athbhreithniú ar na tionscadail i mí Mheán Fómhair 2020 ar iarratas ó Pobal agus an Roinn Sláinte lena gcur in oiriúint d’aimsir COVID-19. Mar thoradh air sin, rinne na ceannairí tionscadail machnamh ar bhealaí eile a bhféadfaí gníomhaíochtaí a chur ar fáil do rannpháirtithe, lena n-áirítear iad a chur ar fáil ar líne agus meáin eile a úsáid, amhail an raidió, le dul chomh fada leo siúd a bhí ag féinleithlisiú nó ag fanacht amach ó dhaoine eile.

Sa ghrianghraf thuas, ag seoladh an Tionscadail ‘Níos Láidre Níos Faide’, a bhí maoinithe faoin gclár ‘Éire Shláintiúil’ de chuid an Choiste Forbartha Pobail Áitiúil: Ó Chlé go Deas: Shayne Hayes, Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, Hugh MacConville, Cathaoirleach Gníomhach ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, Paul Toland, Ionad Pobail an Churraigh Mhóir, Deirdre Lavin, Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, Aisling Smyth, an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí.

Feachtas ‘Fan Sláintiúil’ an Rialtais a chur chun cinn (Náisiúnta agus Áitiúil)

Leanann Sligeach Sláintiúil air ag cur fheachtas ‘Coinnigh Sláintiúil’ an Rialtais chun cinn go háitiúil trí thionscnaimh a chur chun cinn atá ag teacht le teachtaireacht an fheachtais ar láithreán gréasáin na Comhairle ag https://www.sligococo.ie/keepwell/

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


84 agus tríd na meáin shóisialta. Cuirtear an feachtas ‘Coinnigh Sláintiúil’ chun cinn trí bhearta Phlean ‘Sligeach Sláintiúil’ agus trí na bearta atá leagtha amach sa Phlean Athléimneachta Pobail chomh maith. I measc phríomhtheachtaireachtaí an fheachtais bhí:  Bealach an-mhaith chun do ghiúmar a fheabhsú is ea coinneáil gníomhach agus a bheith amuigh faoin aer, fiú sa gheimhreadh, agus tá sé tábhachtach do d’fholláine choirp freisin.  Coinneáil i dteagmháil – tá sé tábhachtach fanacht i dteagmháil le daoine agus aghaidh a thabhairt ar aonrú, mar tá caidrimh duine le duine tábhachtach dár bhfolláine.  Múchadh le bheith cruthaitheach, rud éigin nua a fhoghlaim, filleadh ar an dúlra agus do scíth a ligean – bealaí iad lenár bhfolláine ghinearálta a fheabhsú.  Ithe go maith – trínár gcorp agus ár n-intinn a chothú is féidir linn tionchar dearfach a imirt ar ár bhfolláine choirp agus mheabhrach.  Do ghiúmar a bhainistiú – daoine a chur ar an eolas faoi na háiteanna ar féidir leo tacaíocht a fháil

Plean Athléimneachta Pobail Shligigh:

Tá Foireann ‘Sligeach Sláintiúil’ freagrach freisin as Plean Athléimneachta Pobail a chur i bhfeidhm. Leithdháileadh €67,225.00 ar Údaráis Áitiúla faoin gCiste Athléimneachta Pobail le príomhbhearta a chur i ngníomh agus ar fáil faoi na téamaí “Do Chontae” “Fanacht Nasctha” agus “Múchadh le bheith cruthaitheach”. D’fhorbair Comhordaitheoir ‘Sligeach Sláintiúil’ an plean do Shligeach i gcomhar le baill d’Fhóram Freagartha Pobail COVID-19. Leagtar amach ann 16 bheart phraiticiúla, chomhoibritheacha atá le déanamh faoin spriocdháta nua i mí an Mheithimh 2021. I measc na mbeart atá le déanamh faoin bPlean tá Crann Nollag Fíorúil don Diaspóra agus, in 2021, Cócaireacht Fhíorúil do Dhaoine Scothaosta, Beo ag a 3, agus Clár Acorn do Thithe Altranais.

Sa ghrianghraf thuas, ag seoladh an Chrainn Nollag Fhíorúil don Diaspóra, tionscnamh de chuid an Chiste Athléimneachta Pobail. Ó Chlé go Deas: Dorothy Clarke, Stiúrthóir Seirbhísí agus Príomhoifigeach Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, Marcella McGarry Comhordaitheoir ‘Sligeach Sláintiúil’, Aisling Smyth, an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí, an Comhairleoir Dara Mulvey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh agus Cathaoirleach Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh agus Des McFadden, Champ Cloud.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


85

PEACE IV

Tá Clár Shligigh PEACE IV á chur i bhfeidhm faoi láthair ag Comhairle Contae Shligigh tríd an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil. Bhunaigh an coiste Fochoiste PEACE IV le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir. I measc na n-eagraíochtaí a ndéantar ionadaíocht orthu ar Fhochoiste PEACE IV tá Comhairle Contae Shligigh, Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo agus Shligigh, an Garda Síochána, an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, Comhdháil na gCeardchumann agus creidimh mhionlacha. Is é Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) a dhéanann Clár PEACE IV a bhainistiú agus is í Comhairle Contae Shligigh a dhéanann Clár Shligigh a riaradh agus buiséad €979,395 ag baint leis. Is éard atá i gceist leis an gClár ná sraith tionscnamh a chuirtear ar fáil faoi na trí théama seo a leanas: 1. Leanaí agus Daoine Óga 2. Spásanna agus Seirbhísí Comhroinnte 3. Caidreamh Dearfach a Chothú Cuireadh gach tionscadal faoin téama Leanaí agus Daoine Óga i gcrích le linn 2019. Is iomaí gníomhaíocht tionscadail éagsúil a bhí ann faoin téama seo, lena n-áirítear campaí gníomhaíochta amuigh faoin aer, ceol, éagsúlacht a chur chun cinn, saoránacht ghníomhach, ceannaireacht phobail agus tuiscint ar na Trioblóidí. Faoin am ar críochnaíodh iad, bhí 283 duine aonair tar éis páirt a ghlacadh sna Tionscadail, líon a sháraigh an sprioc 243 duine a leag síos SEUPB. Faoin téama Caidreamh Dearfach a Chothú, bhí na tionscadail dírithe ar oidhreacht, ar chomhfhorbairt phobail agus ar naisc liteartha trasteorann. Faoin téama seo freisin, thacaigh Ciste na nDeontas Beag le cúig thionscadal pobaltreoraithe forbartha síochána. Is éard a bhí i gceist leis sin ná maoiniú a chur ar fáil do na hocht bhfairtheoir cloiche a bheidh i gcroílár Ghairdín Cuimhneacháin an Chogaidh Mhóir, atá á fhorbairt ag Lest Sligo Forgets i bPáirc Réigiúnach Chliabhraí, Sligeach.

Léiriú amhairc ar an gcosán chun Ghairdín Cuimhneacháin an Chogaidh Mhóir

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


86 Mar chuid den téama Spásanna agus Seirbhísí Comhroinnte, tógadh starrmhaide ag Carrchlós Shráid Stiofáin ar bhruach na Garbhóige i Sligeach. Cuirfidh an spás comhroinnte seo le lár Shligigh agus cuirfidh áit chruinnithe agus láthair amhairc ar fáil do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon.

Léiriú amhairc ar an Spás Starrmhaide Comhroinnte ag Carrchlós Shráid Stiofáin

Cuireadh Clár PEACE IV i gcrích i mí na Nollag 2020. Tá Clár PEACE PLUS á fhorbairt faoi láthair ag SEUPB, agus beidh comhairliúchán poiblí reachtúil le reáchtáil ina dhiaidh sin. Tá deimhnithe ag SEUPB go mbeidh Pleananna Gníomhaíochta Síochána faoi stiúir Údarás Áitiúil fós ina ngné den chlár nua seo.

Fóram Freagartha Pobail agus Glao Pobail COVID-19 D’fhógair an tAire Tithíochta an Tionscnamh Glao Pobail Dé hAoine, an 27 Márta 2020. Leis sin, cuireadh Fóram Freagartha Pobail COVID-19 ar bun faoi chathaoirleacht an Phríomhfheidhmeannaigh agus tháinig sé le chéile den chéad uair Dé Domhnaigh, an 29 Márta 2020.

Seat Scáileáin de chruinniú den Fhóram Freagartha Pobail i mí an Mheithimh 2020, agus an PF Ciarán Hayes i mbun cathaoirleachta

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


87 Is é ba chuspóir don Fhóram mar aonán comhoibritheach ná an fhreagairt do phaindéim dhomhanda gan fasach a bhí ag bagairt ar Shligeach a threorú agus a chomhordú. Bhí air machnamh a dhéanamh ar an mbealach ab fhearr a bhféadfadh na gníomhaireachtaí reachtúla agus na gníomhaireachtaí deonacha ábhartha go léir teacht le chéile le freastal ar an riachtanas láithreach seo agus a chinntiú go dtacófaí leis na daoine ba leochailí agus iad siúd ba mhó a bhí thíos leis. Bhí air athléimneacht an phobail a fhorbairt agus a chothú. I measc na ngníomhaireachtaí reachtúla a bhí páirteach san Fhóram bhí FSS, na Gardaí, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta, Tusla, An Post, an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil, Cosaint Shibhialta, Athbheochan an Chrainn Mhóir, agus d’oibrigh siadsan i gcomhar le heagraíochtaí neamhreachtúla, deonacha agus pobal-tacaithe eile, amhail Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, an CLG, Ionad Deonach Shligigh, CFG Shligigh, LocalLink, Faisnéis do Shaoránaigh, Alone, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Grúpa Tacaíochta Shligigh don Lucht Siúil, Comhpháirtíocht Phobail Thuaisceart na Cathrach, Ord Mhálta agus neart eile.

Líne Chabhrach Tacaíochta Pobail Le taobh bhunú Fhóram Freagartha Pobail COVID-19, bhí géarghá leis an Líne Chabhrach Tacaíochta Pobail le plé a dhéanamh le glaonna, ríomhphoist agus téacsanna ó dhaoine sa phobal a bhí buailte ag na srianta a cuireadh i bhfeidhm. D’oibrigh na Rannóga Corparáideacha, TF agus Pobail go gasta as lámha a chéile chun an sprioc seo a bhaint amach agus is daoine a bhí ag obair ón mbaile a chuir an tseirbhís Baill foirne ag freagairt glaonna ar Líne Chabhrach Tacaíochta Pobail ar fáil den chuid ba mhó. D’fhorbair an COVID-19 Líonra Rannpháirtíochta Poiblí bunachar sonraí úsáideach de na háiteanna a raibh grúpaí pobail lonnaithe d’fhonn sainaithint a dhéanamh ar ghrúpaí pobail agus deonacha i gceantair áitiúla a bhí toilteanach cabhrú le glaoiteoirí ar an líne thacaíochta, m.sh. bia a sheachadadh, plé le hiarratais ar bhia te, cógas a bhailiú ón gcógaslann agus go leor iarratais eile.

Ciste Éigeandála COVID-19

In 2020, rinne an Rannóg Pobail Ciste Éigeandála COVID-19 a riaradh mar bheart díreach le cabhrú leis an bpobal agus le grúpaí deonacha na costais a sheasamh a bhain le bheith páirteach sa ghlao pobail, a chabhraigh le daoine leochaileacha sa phobal le linn na paindéime. Thacaigh sé freisin le costais a tabhaíodh san Earnáil Phobail agus Dheonach le suíomhanna pobail a athrú/a chur in oiriúint in aimsir na paindéime. Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail scéim deontas éigeandála COVID-19 ar fáil arbh fhiú €63,000 é, a úsáideadh le maoiniú a chur ar fáil do roinnt mhaith grúpaí le tacaíochtaí riachtanacha pobail a chur ar fáil, amhail TCP, bia agus breosla. Bhí na deontais le húsáid faoi chomhair costais eisceachtúla aonuaire a bhain le hobair freagartha maidir le COVID19.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


88

Fuáil agus Maisc Shligigh: Fuáil Masc agus Cultacha Máinliachta an Iarthuaiscirt

Tá breis agus 8,000 masc aghaidh agus 550 culaith mháinliachta déanta ag foireann 40 oibrí deonach d’oibrithe líne tosaigh ó thosaigh géarchéim Covid-19. Rinne siad soláthar freisin do ghrúpaí deonacha áitiúla, ar nós Bhothán na bhFear agus na Seirbhíse ‘Béilí ar Rothaí’ a chuireann Seirbhísí Sóisialta Shligigh ar fáil. Ag déanamh ionadaíocht don ghrúpa anseo tá Anne Feehily, an Comhairleoir Marie Casserly, Mary Durcan agus Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh) agus an bhaisc is déanaí ullmhaithe acu don Chumann Gníomhaíochta Lucht Scoir. D’éirigh le hiarratas Fhuáil Masc agus Cultacha Máinliachta an Iarthuaiscirt ar scéim deontais an chiste éigeandála, a bhí á riaradh ag Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh. Fágfaidh an maoiniú sin go mbeidh an tionscnamh iontach seo in ann leanúint ar aghaidh i mbun oibre.

Chuir Coiste Old Fair Day Thobar an Choire dlús faoin obair le cabhrú le baill leochaileacha den phobal áitiúil nuair a tháinig COVID-19 ar an bhfód den chéad uair. Cuireadh ‘Malaí Cúraim’ le chéile agus seachadadh iad le cabhair ó na Gardaí áitiúla. Sna málaí sin bhí roinnt soláthairtí bunúsacha, amhail tae, caife, siúcra, brioscaí, marmaláid, nuachtán, srl. Bhí sé mar aidhm ag na malaí daoine leochaileacha agus scoite a chur ar a suaimhneas nach raibh dearmad déanta orthu. Ba thábhachtaí an smaoineamh ná a raibh sa mhála féin, ‘nach deas an rud é teacht anuas agus rud éigin a fheiceáil ag do dhoras,’ arsa bean amháin. Nuair a bhí oibrithe deonacha ag seachadadh na málaí, rinne siad iarracht seiceáil ar dhaoine agus comhrá a dhéanamh leo, fiú más ón ngeata a bhí sé. Sa ghrianghraf anseo tá Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh), an Comhairleoir Dara Mulvey thar ceann Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, an Comhairleoir áitiúil Paul Taylor, Lisa Maloney ó Choiste Old Fair Day agus Joan Brett ón gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir. Rinne Joan agus an ARA obair na gcapall leis na daoine ba mhó a bhí i ngátar a aithint. Mhaoinigh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh an tionscnamh seo trí iarratas a dhéanamh ar scéim deontais an chiste éigeandála.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


89

Cúram Pobail Ghoirtín Maith Mary O’Hara agus a foireann i gCúram Pobail Ghoirtín, chomh maith leis an gComhairleoir áitiúil Paul Taylor, as a dtiomantas leanúnach dá bpobal áitiúil ag an aimsir dheacair seo. Is iomaí deacracht a bhí le sárú le haire a thabhairt do na húsáideoirí nuair a dúnadh an tseirbhís go sealadach de dheasca na srianta COVID-19. Mar sin féin, cosúil le tionscnamh i dTobar an Choire síos an bóthar, cuireadh ‘málaí cúraim’ le chéile lena ndáileadh agus, dá bhrí sin, bhí comhluadar de shaghas éigin acu. Tá buíochas ag dul freisin le Myra McCoy agus le gach duine i gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Ghoirtín agus as an ról tábhachtach atá acu sa phobal. Mhaoinigh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh an tionscnamh seo trí iarratas a dhéanamh ar scéim deontais an chiste éigeandála. Sa ghrianghraf ó Chlé go Deas: Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh), an Comhairleoir Dara Mulvey thar ceann Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, Kathleen Clancy, an Comhairleoir Paul Taylor, Mary O’Hara, Carmel Lennon, Packie Feeney agus Myra McCoy

Níl i gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Chalraí ná CLG Calraigh Naomh Iosef ach 2 cheann de bhreis is 80 grúpa pobail agus deonach ar fud Shligigh a chláraigh leis an tionscnamh ‘Glao Pobail’ agus leis an Líne Chabhrach, a chuir Comhairle Contae Shligigh ar bun mar fhreagairt ar na dúshláin ollmhóra a bhain le géarchéim COVID-19. Rinne Sandra, rúnaí an chlub CLG, agus Chris Davis, ó CARA, plé go toilteanach díograiseach le go leor iarratais ar chabhair a fuair líne chabhrach na Comhairle, ó dhaoine scothaosta agus leochaileacha sa phobal go háirithe. Anseo tá Chris ag glacadh le cártaí poist Bealtaine, a coimisiúnaíodh go speisialta, ó Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh). Leanann siad seo seantraidisiún na hÉireann bláthanna Bealtaine a fhágáil ag doras do chomharsa le go n-éireoidh an t-ádh leis. Sheachaid Chris iad seo go pearsanta do bhaill uile an Chumainn Gníomhaíochta Lucht Scoir, mar aon leis na leabhráin aclaíochta baile a forbraíodh go speisialta do dhaoine scothaosta in aimsir na paindéime. D’fhreagair Sandra agus foireann oibrithe deonacha a club roinnt iarratas le siopadóireacht, post agus cógas a bhailiú.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


90

SÍNTIÚS FLAITHIÚIL PHIBRO DON FHÓRAM FREAGRACHTA POBAIL D’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Tom MacSharry (Cathaoirleach go dtí an CCB i mí an Mheithimh 2020) roimh síntiús an-fhlaithiúil an a rinne gnólacht áitiúil darb ainm Phibro Animal Health Corporation d’Fhóram Freagartha Pobail Shligigh. ‘Beidh an síntiús €5,000 ina chúnamh ollmhór agus iarracht á déanamh dúshláin COVID-19 a shárú i Sligeach.’ Chuaigh Ottaline Cawley ó Phibro i dteagmháil le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh i mí Aibreáin tar éis di teacht ar an eolas faoin gClár Crainn Taca Pobail. Is clár é atá á bhainistiú ag LEADER d’fhonn freagairt go háitiúil ar thionchar sochaíoch ráig an choróinvíris. Bhí Phibro ag iarraidh a chinntiú go mbainfeadh a síntiús croí an phobail amach agus go mbeadh an tionchar ba mhó ab fhéidir aige san aimsir dhúshlánach seo. Bhunaigh Comhairle Contae Shligigh Fóram Freagartha Pobail Shligigh le tacaíochtaí pobail a bhain le COVID-19 a chomhordú agus le freastal ar riachtanais daoine leochaileacha agus scoite inár bpobal.

Ina seasamh ó chlé: Aisling Smyth, an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí, Comhairle Contae Shligigh; an Cathaoirleach Tom MacSharry; an Príomhfheidhmeannach Ciarán Hayes Ina suí ó chlé: Donna Taaffe, Curadh Pobail/LEADER Shligigh; Ottaline Cawley, Phibro; June Murphy, POF Gníomhach LEADER Shligigh

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


91

Fóram Eacnamaíoch Shligigh

Tá obair Fhóram Eacnamaíoch Shligigh bunaithe i gcónaí ar thacú le Sligeach mar áit chun dul i mbun gnó, maireachtáil, infheistíocht a dhéanamh agus cuairt a thabhairt air, chun an obair sin go léir a chomhordú, agus chun Sligeach a chur chun cinn. Seoladh an Fhéiniúlacht Bhranda uileghabhálach nua do Shligeach in 2019, agus rinneadh dul chun cinn eile maidir le straitéis margaíochta agus cumarsáide a fhorbairt chun tacú leis an mbranda. Chuaigh an Fóram i dteagmháil le páirtithe leasmhara éagsúla chun teachtaireachtaí a bhaineann go sonrach le Sligeach a fhorbairt, bunaithe ar na téamaí Cónaí, Infheistíocht, agus Cuairt.

Sligeach: Glór amháin, Fís amháin – I dTreo 2030 (Sligeach 2030) Rinne Fóram Eacnamaíoch Shligigh, i gcomhar leis an gComhairle, óstáil ar thoscaireacht ó chlár Eorpach JASPERS in 2020 agus rinneadh plé comhoibríoch ar phleanáil straitéiseach le haghaidh straitéis 10 mbliana do Shligeach ar a dtugtar Glór amháin, Fís amháin: Sligeach 2030. Ainmníodh Sligeach mar bhaile píolótach faoin gclár seo, agus cuirfear tacaíocht ar fáil chun an plean straitéiseach seo don chontae a fhorbairt. Cuirfear comhairle ar fáil freisin faoi chlár JASPERS maidir le leas a bhaint as deiseanna chun cistiú a fháil ón Aontas Eorpach. Tá sé i gceist ag an gComhairle, i gcomhpháirtíocht le Fóram Eacnamaíoch Shligigh agus leis an gClár um Fhorbairt Pobail Áitiúil i Sligeach, Creat Straitéiseach uileghabhálach a chur i bhfeidhm ar fud an chontae chun forbairt Chontae Shligigh a threorú sna 10 mbliana amach romhainn.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


92 Beidh ‘Sligeach: Glór amháin, Fís amháin – I dTreo 2030’ ina straitéis chomhtháite ilearnála bunaithe ar phrionsabail na forbartha cliste inbhuanaithe agus na hinbhuanaitheachta eacnamaíochta agus comhshaoil, beidh sé freagrúil don athrú aeráide, agus cruthóidh sé sochaí chothromasach a bheidh cuimsitheach ar bhonn sóisialta. An aidhm atá ann is ea Contae Shligigh a chur ar thús cadhnaíochta ó thaobh úsáid teicneolaíochta cliste de, agus bainfear leas as tairbhí na teicneolaíochta sin chun an clár gníomhaíochta ar son na haeráide a chur i bhfeidhm go rathúil, gníomhaíocht eacnamaíoch i Sligeach agus i réigiún an iarthuaiscirt a fhorbairt, feabhas a chur ar an gcuimsiú sóisialta, agus timpeallacht tharraingteach a chruthú le maireachtáil agus obair ann. An cuspóir atá ann ná Cathair Chliste agus Contae Cliste a dhéanamh de Shligeach, agus é mar aidhm leis sin comharsanachtaí atá tíosach ar fhuinneamh a chruthú, soghluaisteacht ghlan a chur i bhfeidhm, agus bonneagair atá ann cheana féin a chomhtháthú. Déanfar é sin trí obair as lámha a chéile le gnóthais, institiúidí eolais agus saoránaigh, agus bainfear an úsáid is fearr agus is féidir as féidearthachtaí TFC. Bainfear leas freisin as an acmhainneacht chun anailísíocht sonraí ó theicneolaíocht chliste a úsáid chun an fhaisnéis agus na próisis a sholáthar, rud a chumasóidh feabhas leanúnach gach gné den chathair agus den chontae ar mhaithe leis na saoránaigh. Tá tús á chur leis an bpróiseas le KPMG, an tairgeoir tosaíochta, chun forbairt a dhéanamh ar an straitéis a bheidh ina Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail nua do Shligeach freisin.

Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh Tionscnamh is ea Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh a d’fhorbair an Rialtais chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as scála don réigiún idir Ciarraí agus Dún na nGall, agus é mar aidhm chomhroinnte Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh atá aontaithe, nasctha agus iomaíoch a chruthú. Déanann an tionscnamh seo forbairt ar ionchur ó réimsí geografacha, earnálacha agus téamacha, agus é mar aidhm leis todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a chruthú don réigiún, agus do Shligeach go háirithe. Tá sé beartaithe ann sócmhainní bonneagair, tallainne, turasóireachta, teicneolaíochta cliste agus fiontair a thabhairt le chéile, agus beidh baint freisin ag moil, braislí agus ceantair eacnamaíochta chun infheistíocht a mhealladh, iomaíochas a fheabhsú, tacú le cruthú poist, agus cáilíocht saoil níos fearr a chur ar fáil. Tacaíonn Fóram Eacnamaíoch Shligigh le haschuir Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh a ghlacfaidh struchtúr bunaithe ar thionscadal chuige féin amach anseo. D’éirigh leis an gConair mapáil a dhéanamh ar 277 spás fiontraíochta feadh chósta an iarthair, agus tá obair ar siúl chun straitéis chomhtháite a chur le chéile le haghaidh na mol fiontraíochta atá ar fáil i ngach contae rannpháirteach. D’fhoilsigh an Chonair glao oscailte ar chistiú le haghaidh Moil Chianoibre. An aidhm a bhí ann ná tacú le moil na bearta riachtanacha a ghlacadh chun tacú leo agus chun trealamh a thabhairt dóibh lena chinntiú go gcomhlíonann siad na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta agus na rialacha maidir le leagan amach an ionaid oibre mar thoradh ar Covid-19 agus chun tacú leo amach anseo forbairt a dhéanamh le bheith ina áiteanna ríthábhachtacha ar an gconair mar ionaid oibre agus ghnó. Chuir cúig mhol i Sligeach isteach ar chistiú agus d’éirigh lena n‑iarratas. Seoladh Treoirthionscadal na Sráidbhailte Cliste faoi struchtúr na Conaire i mí Mheán Fómhair 2020. An aidhm atá leis an tionscadal seo atá á chistiú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ná roinnt sráidbhailte píolótacha a fhorbairt ina soláthrófar réitigh chliste ar dhúshláin mhóra sa réigiún atá aitheanta i gcreat an bheartais forbartha réigiúnaí. Chuir Comhairle Contae Shligigh iarratas isteach i gcomhar le ceannairí an Phobail Chliste i dTobar an Choire, agus deimhníodh go luath i mí na Nollag gur éirigh lenár n‑iarratas. Soláthrófar ionad oideachais chliste agus aghaidh siopa fhíorúil i dTobar an Choire leis an gcistiú €29,779 a fuarthas.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


93 Tá tionscadal Mhoil na Conaire – córais TFC ar siúl ag Coimisiún Forbartha an Iarthair i gcomhar le hoifigigh na Conaire. Tá ardán ar líne á fhorbairt chun láithreáin ghréasáin, innill áirithinte agus saoráidí líonraithe ar líne a chur ar fáil do gach Mol den Chonair atá páirteach.

Feachtas ‘Ar ais i mbun gnó’ I gcomhar le gnóthais eile agus le tionscnaimh den Chomhairle mar thoradh ar thionchar Covid-19, reáchtáil an t‑aonad eacnamaíochta feachtas ‘Ar ais i mbun gnó’ i lár na bliana 2020 chun na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ag gnóthais a chur chun cinn agus chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt. Tugadh faoi na tionscnaimh seo a leanas:

Láithreán Gréasáin Forbraíodh leathanach lamairne nua ar Sligo.ie ar a bhfuil eolaire iomlán ar an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do ghnóthais. Aicmítear na tacaíochtaí go léir faoi 4 chatagóir: 1. Treoir agus faisnéis 2. Airgeadas agus Fiontraíocht 3. Tuarascálacha tionscail 4. Áiseanna bunaithe ar fhianaise Sraith alt i nuachtáin ar an gceannaireacht agus buneolas ar an bhfeachtas (CE, Cathaoirleach Fhóram Eacnamaíoch Shligigh agus Cathaoirleach) mar aon le béim ar Bhaile an Mhóta, gnóthais caitheamh aimsire amuigh faoin aer a dtacaíonn an Oifig Fiontair Áitiúil leo: caifé nua a oscailt in Sligo Surf Experience/Island View Riding Stables, Pudding Row, mar aon le béim ar ghnóthais ar baill de BID iad ag oscailt arís agus a n‑eispéireas faoi Covid agus béim ar shaoire sa bhaile i Sligeach / Turasóireacht mar aon le cur chun cinn na Mol (gnó agus fiontraíocht agus an chaoi ar féidir le ciste na Conaire cabhrú).

Na Meáin Shóisialta Nasc leis an ábhar ar an láithreán gréasáin agus leis an eolaire mar aon le gearrthóga físe, teistiméireachtaí agus íomhánna ag eascairt as na hailt faoi ghnóthais a dtacaítear leo srl agus úsáidtear cuid den fhíseán branda bunaidh freisin a cuireadh amach ar na meáin shóisialta go léir (facebook, twitter, Instagram, youtube).

@SligoLiveInvestVisit

@SligoLiveInvestVisit

@Sligo

@SligoLiveInvestVisit

Ocean FM Agallaimh ar Ocean FM chun poiblíocht a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil agus samplaí praiticiúla a thabhairt de ghnóthais ag baint tairbhe as na tacaíochtaí, mar shampla Turasóireacht, Fáilte Ireland chun dul i mbun gnó arís.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


94

Gineadh réimse alt agus íomhánna i rith an fheachtais, Sligo Surf Experience ina measc.

Aithníonn Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, na dúshláin atá roimh bhailte tuaithe chun dul ar ais i mbun gnó agus é ag bualadh le Patrick Ward, Bainisteoir an Coach House Hotel, Baile an Mhóta

Gradaim na mBailte Fiontraíochta

Chuir Sligeach isteach ar Ghradaim na mBailte Fiontraíochta de chuid Bhanc na hÉireann le roinnt blianta anuas, agus tá na torthaí ag éirí níos fearr gach bliain. Chuireamar isteach ar an gcomórtas arís in 2020 agus d’éirigh thar cionn linn: bhíomar ar cheann den 2 bhaile dheireanacha sa chatagóir de réir daonra. Bhí béim mhór ar Covid‑19 sa chomórtas i mbliana agus bhí líon mór iarrthóirí ann, rud a fhágann go raibh ríméad orainn a bheith sa chraobh. Ar líne a reáchtáladh an cur i láthair don mholtóireacht, agus dian-iarracht chomhoibríoch a bhí ann faoi choimirce na Comhairle agus an Fhóraim Eacnamaíoch. Ábhar físe a bhí ann mar aon le roinnt cainteoirí a bhí i láthair i Halla na Cathrach, agus cuimsíodh réimse topaicí ann lena n‑áirítear infheistíocht, oideachas agus tacaíocht don phobal. Tá ríthábhacht leis an rannpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach agus le líon mór gníomhaireachtaí, agus téann siad go léir i gcomhpháirt le chéile chun cabhrú le Sligeach a chur i láthair mar áit mhealltach fhiontrach le maireachtáil.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


95

Pictiúr a glacadh ag an gcur i láthair a rinneadh os comhair na moltóirí i nGradaim na mBailte Fiontraíochta – Tosú le Chéile, 2020. D’éirigh le Sligeach an dara háit a bhaint amach

Sligeach: Feachtas margaíochta don bhranda ‘Maireachtáil, Infheistíocht, Cuairt’

Tá Comhairle Contae Shligigh ag obair le Bua Consulting tar éis próiseas iomaíoch tairisceana chun feachtas poiblíochta a fhorbairt do bhranda Shligigh ina gcuimseofar 4 fhíseán, 6 alt agus 30 íomhá nua chun ábhar a chur ar fáil do Sligo.ie agus chun tionscnamh brandála ‘Maireachtáil/Infheistíocht/Cuairt’ a chur chun cinn le tacú le haidhm Shligigh a bheith ina gceann scríbe den chéad scoth chun maireachtáil ann, infheistíocht a dhéanamh ann, nó cuairt a thabhairt air. Tá sé i gceist go n‑úsáidfear an t‑ábhar seo chun díriú ar theaghlaigh, ar ghairmithe, ar lucht cruthaitheachta, agus ar nuálaithe chun iad a mhealladh le cur fúthu i Sligeach, le hinfheistiú ann nó le teacht ar cuairt. Is é aidhm na straitéise gnóthais nua agus infheisteoirí a mhealladh agus iad a spreagadh le tús a chur le hoibríochtaí i Sligeach nó le cur lena gcuid oibríochtaí ann mar is ceann scríbe forásach é a chomhlíonfaidh riachtanas na ndaoine sin atá ag iarraidh tosú as an nua agus atá fiosrach ó thaobh cultúir de, agus riachtanais ó thaobh forbairt gnó agus infheistíochta de.

Straitéis maidir le Diaspóra Chontae Shligigh, 2019-2024 Ar aon dul le líon mór contaetha eile, tá diaspóra mór ar fud na cruinne ag Sligeach, agus cuireann siad spéis mhór ar a dtarlaíonn ‘sa bhaile’. Níor baineadh leas mór as an acmhainn seo go fóill, ach is iontach na féidearthachtaí a bhaineann leis an diaspóra chun ár ndeiseanna a leathnú. Beidh na caidrimh sin ríthábhachtach chun acmhainneacht shóisialta, eacnamaíochta agus forbartha pobail an chontae a bhaint amach.

Seoladh an Straitéis in 2019 agus cuireadh fáilte mór roimhe. Bhí an diaspóra ina earnáil thábhachtach dár sochaí i rith na paindéime, mar níorbh fhéidir le cuid mhór dár dteaghlach níos forleithne filleadh abhaile. Thug an Chomhairle faoi thionscadal ‘Filleadh abhaile ar Shligeach’ faoinar iarradh ar chainteoirí ábhar a chruthú le haghaidh Sligo.ie as a measc siúd a d’fhill ar Shligeach le cur fúthu anseo mar thoradh ar an bpaindéim.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


96 Ina theannta sin, thacaigh an Chomhairle le Comhaltas chun tionscadal ceoil don diaspóra a fhorbairt inar insíodh scéal ceoltóirí traidisiúnta mór le rá ó Shligeach a chuaigh ar imirce chun na Stát Aontaithe. Rinneadh forbairt ar ghné thras-Atlantach ina ndearnadh nasc idir Sligeach agus a phobal diaspóra i Meiriceá trí cheol agus trí scéalta. Rinne an Chomhairle, i gcomhar leis an bpobal agus le comhpháirtithe eile, roinnt gníomhartha a chur i bhfeidhm chun an Straitéis maidir leis an Diaspóra a sheachadadh go dtí seo, agus leanfaidh an Chomhairle de na gníomhartha sin.

Forbairt Turasóireachta

Tá comhoibriú leanúnach ar siúl idir Comhairle Contae Shligigh agus Sligo Tourism Ltd agus leis an réimse leathan páirtithe leasmhara atá ag gabháil do chur chun cinn agus d’fhorbairt Chontae Shligigh mar cheann scríbe turasóireachta den chéad scoth. Faoin gcur chuige spriocdhírithe comhoibríoch seo, bainfear leas as acmhainní poiblí agus príobháideacha chun tacú le Sligeach a fhorbairt mar cheann scríbe mór turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Leanann an infheistíocht leanúnach i mbonneagar na turasóireachta agus an fás ar an líon cuairteoirí den fhorás eacnamaíochta a spreagadh sa réigiún, agus treisíonn siad tairbhí tábhachtacha sóisialta agus cultúrtha sa cheantar áitiúil freisin. Tá Sligo Tourism, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Shligigh agus leis an gClár Forbartha Tuaithe (LEADER), tar éis dul chun cinn a dhéanamh ar phleananna chun a rannpháirtíocht leis na meáin dhigiteacha a fhorbairt le méadú mór ar an líon cuairteoirí chuig an láithreán gréasáin agus ar láithreacht ar na meáin shóisialta ar líne. Táthar ag leanúint leis an obair chun cruthú ábhair a fhorbairt agus cuireadh fáilte mhór roimh an bhfíseán poiblíochta is déanaí. D’oibrigh Comhairle Contae Shligigh agus Sligo Tourism Ltd i gcomhar a chéile chun Straitéis Turasóireachta Chontae Shligigh, 2018-2023, a fhorbairt. Tá sé i gceist go mbeidh an straitéis ina treochlár cuimsitheach straitéiseach a threoróidh forbairt agus treoir an tionscail sa chontae. D’fhaomh Comhairle Contae Shligigh an straitéis i mí Feabhra 2018, agus seoladh go hoifigiúil í i mí an Mhárta 2018 agus tá sí á cur i bhfeidhm faoi láthair. Leagtar amach 4 thosaíocht straitéiseacha sa straitéis atá le seachadadh i rith shaolré an chláir, mar atá: 1. 2. 3. 4.

Forbairt Táirgí agus Eispéireas Margaíocht agus Cumarsáid Forbairt Tionscail agus Inniúlachta Ceannaireacht agus Comhoibriú

Leagtar amach roinnt cuspóirí, tionscnaimh agus gníomhartha ríthábhachtacha chun na Tosaíochtaí Straitéiseacha sin a bhaint amach. Ina measc, cuimsítear béim spriocdhírithe ar théama Yeats a fhorbairt mar an príomhthéama nó an ghné is mó a mheallfaidh turasóirí chuig Contae Shligigh, ó thaobh táirge agus margaíochta de araon. Roghnaíodh an téama sin mar d’fhéadfadh sé difreáil mhargaidh a thabhairt do Chontae Shligigh ar ar féidir buntáiste uathúil a bhreith. Ina theannta sin, díríonn an Plean ar an dara leibhéal d’eispéiris théamacha agus de dhíol suntais a fhorbairt a roghnaítear iad bunaithe ar a láidreacht agus ar a gcumas coibhneasta chun cuairteoirí a mhealladh agus eispéiris den chéad scoth a thairiscint. Seo a leanas iad:  Eachtraíocht amuigh faoin aer  Seandálaíocht agus stair, agus  Cultúr agus Cruthaitheacht.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


97

Margaíocht idirnáisiúnta ar Iarthuaisceart na hÉireann, ag díriú ar Shligeach, Dún na nGall, agus Maigh Eo Tá an Chomhairle ag tabhairt faoi thionscadal comhpháirteach le Maigh Eo agus le Dún na nGall i réimse na margaíochta turasóireachta idirnáisiúnta. Tá cistiú faighte faoi chiste comhair LEADER, an clár forbartha tuaithe, chun staidéar féidearthachta a dhéanamh le féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an réigiún líon níos mó turasóirí idirnáisiúnta a mhealladh chun teacht aneas as Gaillimh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin chomh fada le réigiún álainn an iarthuaiscirt. Tar éis taighde cuimsitheach agus mapáil a dhéanamh ar an tírdhreach reatha, agus bearnaí agus deiseanna a shainaithint, tá treochlár don réigiún le forbairt maidir leis an dea-chleachtas le haghaidh na todhchaí. An toradh a bhí air ná straitéis chomhpháirteach a fhorbairt chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt mhargaíocht idirnáisiúnta thairiscint an iarthuaiscirt agus obair a dhéanamh i gcomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara turasóireachta sna 3 chontae chun straitéis bunaithe ar fhianaise a sholáthar mar aon le plean gnímh agus tosaíochtaí. Ba mhaith leis an réigiún leas a bhaint as cistiú reatha LEADER mar chuid den chlár idirthréimhseach.

Féilte agus Imeachtaí Is iomaí féile a bhíonn ar siúl i gContae Shligigh ar bhonn bliantúil idir fhéilte áitiúla atá fréamhaithe sa phobal a bhfuil tarraingt éagsúil acu do thurasóirí agus na féilte agus na himeachtaí is mó a bhíonn ar siúl agus a mbíonn na sluaite i láthair. Mar sin féin, tá beocht áirithe ag baint leo go léir don phobal, agus tugann siad daoine le chéile. Cuid lárnach d’fhorbairt na turasóireachta is ea féilte nua a fhorbairt a bheidh ina ndíol suntais do Shligeach ó thaobh na heacnamaíochta de D’fhéadfadh imeachtaí ar an scála sin cuairteoirí a mhealladh chuig ceantar agus gineann siad ioncam don cheantar sin, agus spreagann siad mórtas saoránaigh sa phobal freisin. D’fhéach féilte ar fud an chontae arís ar a dtairiscint in 2020, agus cuireadh tacaíocht ar fáil dóibh trí roinnt scéimeanna deontais. Ina measc siúd, bhí na Deontais Phobail agus Dheonacha, an Scéim d’Fhéilte agus d’Imeachtaí Rannpháirteacha Réigiúnacha i gContae Shligigh, an Scéim maidir le Rannchuidiú leis na hEalaíona, ciste ‘Éire Chruthaitheach’, agus clár LEADER. I Straitéis Turasóireachta Chontae Shligigh, 2018-2023, féachtar ar choincheap 6-7 imeacht níos mó a fhorbairt lena léireofaí uathúlacht agus cumas turasóirí thar oíche a mhealladh (ó thar lear, más féidir) agus lena bhféadfaí an gnó a fhás ag tréimhsí seachbhuaice. Tá Straitéis maidir le Féilte agus Imeachtaí le haghaidh Chontae Shligigh á forbairt ag an gComhairle i gcomhar le Comhpháirtíocht Leader Shligigh. Féachtar leis an straitéis creat agus sraith moltaí a chur ar fáil chun cabhrú le príomhthorthaí na straitéise turasóireachta a sheachadadh trí thacú leis na buntáistí a bhaineann le féilte Shligigh agus trí thús áite a thabhairt dóibh chun breis cuairteoirí a mhealladh chun an chontae. Chuir Covid‑19 go mór isteach ar na féilte agus na himeachtaí a bhí ar siúl in 2020 agus in 2021, agus cuireadh moill freisin ar chur chun feidhme gnéithe den straitéis turasóireachta agus tabhairt chun críche na straitéise seo le haghaidh féilte agus imeachtaí.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


98

Slí an Atlantaigh Fhiáin Is léir go bhfuil rath ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus gur tháinig méadú ar an líon cuairteoirí dá bharr, agus leanann sé de chuairteoirí a mhealladh chun an cheantair. Tá seacht gcinn de Phointí Radhairc feadh an bhealaigh i Sligeach: Inis Crabhann, Iascaigh, Eachros, an Leathros, an Ros, an tSrithideach, agus an Mullach Mór. ‘Pointe Sár-Radhairc’ is ea an Mullach Mór mar gheall ar an radharc álainn ar an bhfarraige, surfáil ar thonnta móra, Caisleán na Clasaí Báine, agus Binn Ghulbain sa chúlra. Leanfar de fheabhas a chur ar na hionaid sin le cinntiú go bhfuil an t‑eispéireas do chuairteoirí ar aon dul leis an eispéireas in ionaid eile ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Cuireadh tús le Plean chun Sligeach a fhorbairt mar Cheann Scríbe in 2020, agus tabharfar chun críche é in 2021. Úsáidfear é sin chun bonn eolais a chur faoi thosaíochtaí agus faoi infheistíocht straitéiseach amach anseo a bhaineann leis an turasóireacht.

Tionscadail Chaipitil Turasóireachta D'éirigh leis an iarratas a cuireadh isteach faoi Chéim 2 (Céim an tseachadta) den Scéim Caipitil le haghaidh Tionscadail Mhóra Turasóireachta de chuid Fáilte Éireann. Baineadh amach cistiú €2.5 milliún chun plás cultúrtha/spás sibhialta a fhorbairt i gCarrchlós Shráid Stiofáin, agus cuirfear tús leis an obair in 2021.

Léaráid ealaíontóra ar an bPlás Cultúrtha/Spás Sibhialta i gCarrchlós Shráid Stiofáin

Ina theannta sin, fuarthas cistiú €750,000 ón gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach, agus cistiú meaitseála €91,000 eile atá á chur ar fáil ag Comhairle Contae Shligigh. D’éirigh freisin leis an iarratas ar chistiú faoi Chlár Infheistíochta Caipitil 2019 le haghaidh Cinn Scríbe Turasóireachta. Rinneadh an t‑iarratas chun Inis Crabhann a chur chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta agus fuarthas cistiú €500,000 mar aon le cistiú meaitseála €167,000 ón gComhairle. Tá forbairt an dearaidh ar siúl faoi láthair.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


99

Tá cistiú breise faoi Ardáin Fáis de chuid Fáilte Éireann beartaithe do 2021, agus tá deis ag Comhairle Contae Shligigh breis is €500,000 a fháil tar éis iarratas a chur isteach in 2021. D’fhéadfaí cistiú meaitseála eile a fháil chun an scéim seo a sheachadadh.

Ciste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe D’éirigh leis na hiarratais ar chistiú in 2020 faoi Chatagóir 2 i gcás na mbailte seo a leanas: 1. Tobar an Choire; ar ar bronnadh €222,000 2. Inis Crabhann; ar ar bronnadh €131,000 Tá an dearadh á fhorbairt faoi láthair, agus tá sé beartaithe an t‑iarratas a chur aghaidh chuig Catagóir 1 chun cistiú do chéim an tseachadta a bhaint amach

Bealach Yeats Fuair an tionscadal seo cistiú €500,000 faoi Chatagóir 1 den Chiste agus táthar ag súil go leanfar den seachadadh a chur i bhfeidhm in 2021.

Turasóireacht Eachtraíochta Tá an tóir ar tháirgí eachtraíochta ag méadú i gcónaí, agus tacaíonn Comhairle Contae Shligigh le go leor deiseanna spreagúla le linn na bliana: athfhorbairt an Ionaid Mhuirí ag an Leathros; an tIonad Náisiúnta Rothaíochta Sléibhe Easbhóthair ar Shliabh Gamh gar do Chúil Áine i gcomhar le Coillte. I measc na gconairí caitheamh aimsire a seachadadh in 2020, áirítear Ceann Eachrois, Cnoc na Sí, Reachla, agus Conair an Bhantiarna Ann ag an gClochar Riabhach (ag Coláiste San Aingeal).

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


100

Conairí caitheamh aimsire ag Cnoc na Sí, Reachla, agus Siúlóid an Bhantiarna Ann ag an gClochar Riabhach

Glasbhealaí Tá dhá rotharbhealach/ghlasbhealach á bhforbairt ag Comhairle Contae Shligigh faoi láthair. Is iad sin:  Conair caitheamh aimsire siúlóide/rothaíochta feadh Ghlasbhealach an Iarthair idir Cúil Mhuine agus Béal Lathaí, feadh Chonair Iarnróid an Iarthair atá dúnta sa lá atá inniu ann. D’éirigh le hiarratas a cuireadh isteach ar an gCiste Cánach Carbóin, 2020, agus fuarthas €300,000 in 2020. Tabharfar faoi obair féidearthachta/dheartha leis an gcistiú sin agus é mar aidhm leis an obair cead pleanála a fháil le hiarratas breise a chur faoi bhráid na Roinne in 2021  Conair caitheamh aimsire siúlóide/rothaíochta feadh Bhóthar Iarainn Shligeach, Liatroma, agus Chontaetha an Tuaiscirt idir Sligeach agus Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach. Is é Comhairle Contae Liatroma an príomh-chomhpháirtí ar an tionscadal seo, agus fuair an Chomhairle breis is €500,000 ón gCiste Cánach Carbóin, 2020, chun dul chun cinn a dhéanamh ar ghlasbhealach a d’fhéadfadh a fhorbairt ar an mbóthar iarainn.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


101

Mórtas Ceantair Spreagtar pobail áitiúla ar fud an chontae a gcuid éachtaí a thaispeáint, agus glacann siad páirt sa chomórtas ‘Mórtas Ceantair IPB’ a reáchtáladh i bpáirt le Comhoibriú Éireann ó cuireadh tús leis in 2004. Glactar le hiarratais i gcatagóirí daonra nó i gcatagóirí ceiste aonair, agus tacaíonn Comhairle Contae Shligigh le hiontrálaithe agus iad i mbun ullmhúcháin don lá moltóireachta agus ar an lá féin. Cothaíonn an comórtas rannpháirtíocht an phobail agus cuireann sé béim ar a thábhachtaí atá sé do phobail a bheith ag obair as lámha a chéile chun mórtas sibhialta a chruthú ina gceantair féin. Ghlac Grúpa Feabhsaithe Pobail Achadh Conaire-Mhullach na Bruíne (Tionscnamh Áite Cruthaithí) agus Páirc Phobail Bhaile Uí Dhálaigh – thar ceann Bhaile Uí Dhálaigh agus Bhaile an Tóchair (daonra 1,000-2,000) – páirt sa chomórtas thar ceann an chontae in 2020. Tabharfar tacaíocht do ghrúpaí pobail arís eile in 2021 chun cur isteach ar an gcomórtas agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chontae sa chomórtas uile-oileáin seo.

Thug an Comhairleoir Dara Mulvey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, cuairt ar bhaill Choiste Feabhais Achadh Conaire-Mhullach na Bruíne chun a nGradam ‘Mórtas Ceantair IPB 2020’ a bhronnadh orthu sa chatagóir ‘Áit Chruthaitheach’

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


102

OIFIG FIONTAIR ÁITIÚIL Tá Comhairle Contae Shligigh ag obair i gcomhar le Contae Dhún na nGall agus Contae Mhaigh Eo chun Straitéis Margaíochta Idirnáisiúnta a fhorbairt don Iarthuaisceart. Díreoidh an Straitéis ar chuairteoirí ó Éirinn agus ó thar lear a mhealladh chuig réigiún an Iarthuaiscirt. Tá cistiú faighte ó Chiste Comhair Leader chun staidéar féidearthachta a dhéanamh, agus tá dul chun cinn á dhéanamh ar phleananna chun an t‑iarratas foriomlán a chríochnú. Is é an Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) an chéad áit do na fiontraithe sin a bhfuil gnóthas beag á chur ar bun acu nó a bhfuil gnóthas á fhairsingiú acu. Cuireann an Oifig seirbhís tacaíochta chomhtháite ar fáil ina ndírítear ar riachtanais gnóthas beag ó oifigí na Comhairle i Halla na Cathrach. Ó tháinig Covid‑19 ar an bhfód, leantar de na tacaíochtaí oiliúna a sheachadadh ar líne do chliaint. Ar an gcaoi chéanna, is ar líne a reáchtáladh formhór na gcruinnithe idir bhaill foirne na hOifige agus na gcliant. Beidh an soláthar ar líne ina ghné thábhachtach den chaoi a ndéanfar gnó na hOifige amach anseo (agus bhí dul chun cinn á dhéanamh ag an Oifig maidir leis an gcur chuige sin sular tháinig Covid‑19 ar an bhfód). Cuimseofar oiliúint duine le duine agus rannpháirtíocht eile ónár nOifigí agus ónar seomraí oiliúna i Halla na Cathrach mar chuid den tairiscint freisin, mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis i dtéarmaí na foghlama a fhaightear ó líonrú i measc chliaint na hOifige sa saol iarbhír. I measc na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil, áirítear oiliúint, meantóireacht, cúnamh airgeadais, comhairle, comhairleoireacht, agus cultúr fiontraíochta a chur chun cinn (lena n‑áirítear trí chláir a reáchtáiltear i scoileanna). Ina theannta sin, cuireann an Oifig cliaint ar aghaidh chuig seirbhísí eile na Comhairle a bhaineann le cúrsaí gnó agus chuig seirbhísí a bhaineann le cúrsaí gnó a bhíonn á gcur ar fáil ag gníomhaireachtaí eile. Cuireadh tús le roinnt tacaíochtaí breise ón Rialtas le haghaidh gnóthais bheaga mar thoradh ar Covid‑19. Go háirithe, cuireadh Dearbháin Leanúnachais Gnó ar fáil chun sainchomhairleoireacht a thabhairt do bhainisteoirí agus d’úinéirí gnó maidir lena ngnó a choimeád ag imeacht i rith na paindéime. Fuarthas 282 iarratas agus ceadaíodh 207 iarratas díobh sin faoin scéim, agus cuireadh cineálacha eile tacaíochta ar fáil do na hiarratais eile. Mar iarracht chun cabhrú le gnóthais tosú ar an trádáil ar líne nó cur lena ndíolann siad ar líne faoi láthair, cheadaigh an Oifig 273 Dearbhán Trádála ar Líne agus cuireadh réimse cláir oiliúna agus mheantóireachta saor in aisce ar fáil maidir le gnó a dhéanamh ar líne. Anuas ar Covid‑19, cuireadh tús le roinnt cláir bhreise de chuid na hOifige in 2020 chun cabhrú le gnóthais déileáil leis an mBreatimeacht agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith air. Reáchtáladh ceardlanna ar thopaicí amhail doiciméid chustaim, slabhra an tsoláthair, impleachtaí féideartha ar chostas ábhar, earraí a onnmhairiú chun na Breataine tar éis Covid, agus mar sin de. Bíodh is gur tháinig an tAontas Eorpach agus an Bhreatain ar chomhaontú chun Breatimeacht crua – an toradh ba mheasa do ghnóthais – a sheachaint, beidh tacaíochtaí eile ón Oifig ag teastáil amach uainn in 2021 mar thoradh ar impleachtaí an Bhreatimeachta. Cabhraíonn an Oifig le forbairt gheilleagrach níos forleithne, mar shampla trí cur cinn na turasóireachta, an ionaid oibre, agus gníomhaíochtaí forbartha lár na cathrach. Ina dtaobh sin, bhí baint mhór aige leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, chun an Timpeallacht Oibre Comhoibríche a fhorbairt ina bhfuil spás oifige nua-aoiseach le haghaidh gnóthais dhúchasacha agus gnóthais sheachtracha a bhfuil fonn orthu lonnú i Sligeach. Bhí ról mór ag an Oifig, i gcomhar leis an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, chun cistiú a fháil le haghaidh saoráid Thionscal 4.0 a bheidh lonnaithe ar áitreabh na Comhairle i gClós an Mhargaidh. Tá Ionad

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


103 Monaraíochta Digití don Todhchaí á thabhairt ar an tsaoráid go sealadach, agus déanfar speisialtóireacht i gcúrsaí lóistíochta, soláthrófar seirbhísí i ngach rud a bhaineann le Tionscal 4.0, agus cabhrófar le cáil Shligigh i gcúrsaí TFC a chur chun cinn. Cabhróidh sé freisin le cuid de chuspóirí na Comhairle maidir le stádas mar chathair chliste a bhaint amach do Shligeach agus cabhróidh sé freisin le cuspóirí áirithe sa Straitéis Dhigiteach a bhaint amach. Cabhraítear leis an bhforbairt gheilleagrach níos forleithne freisin trí bhallraíocht na hOifige i gcomhlachtaí forbartha áitiúla ábhartha amhail Ceantar Feabhsaithe Gnó Shligeach (a bhfuil an Comhairleoir Gibbons agus an Ceannaire Fiontraíochta ina stiúrthóirí air), an Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil / Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil i Sligeach, agus an Fóram Eacnamaíoch. Tá ionadaí ag an Oifig ar Bhoird agus ar Choistí comhlachtaí forbartha amhail Sligo County Enterprise Fund Limited ar an Leathros, Tubbercurry Development Company Limited, agus Enniscrone Leisure Company Ltd. atá i mbun Waterpoint a fheidhmiú ar sócmhainn thábhachtach d’Inis Crabhann é. Bhí an Oifig chun tosaigh freisin in iarratas chun cistiú a fháil le feabhas a chur ar Waterpoint (scannán de chineál trocal don díon, painéil PV chun an t‑ídiú fuinnimh a laghdú agus chun lorg carbóin na saoráide a fheabhsú, agus oibreacha eile). Ar leibhéal trasteorann agus idirnáisiúnta, cuimsítear le gníomhaíochtaí na hOifige cistiú seachtrach a aimsiú agus comhpháirtíochtaí a bhunú lena aghaidh (mar shampla an Clár Comhnuálaíochta, clár trasteorann i gcomhar le hIdirThrádáil Éireann mar an príomh-chomhpháirtí atá dírithe ar éifeachtúlacht gnó agus trádáil trasteorann a chur chun cinn). Ina theannta sin, in éineacht le comhghleacaithe sna húdaráis áitiúla i Maigh Eo, i Ros Comáin agus sa Chlár, tá an Oifig páirteach i dtionscnamh a bhfuil mar aidhm leis cúrsaí trádála agus gnó a chothú idir Pennsylvania agus an réigiún seo. Cuireadh an tionscnamh seo ar fionraí, cuid mhór, mar thoradh ar Covid‑19, ach cuireadh ar siúl arís é ar líne ag deireadh na bliana. Bíonn an Líonra Fiontar Eorpach á chur chun cinn ag an Oifig freisin. Faoin tionscnamh sin, cabhraítear le gnóthais ceangail a chruthú le gnóthais i dtíortha eile. Tá baint ag an Oifig freisin le roinnt tionscnaimh Rialtais a chur chun cinn ar bhonn áitiúil. Tá sé ag obair i ndlúthchomhar le Micrea-Airgeadas Éireann chun a thairiscint maidir le hiasachtaí do ghnóthais bheaga a chur chun cinn. D’éirigh go hiontach leis an Oifig maidir le cistiú seachtrach a aimsiú. In éineacht le ranníocaíochtaí ón gComhairle agus le ranníocaíochtaí áitiúla, chuir agus cuireann an cistiú sin ar ár gcumas réimse leathan tionscadal a chur ar fáil i réimsí na fóillíochta tuaithe, feabhsuithe ar bhailte agus ar shráidbhailte, agus feabhsuithe ar phointí amhairc feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is í an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a chuireann cuid mhór de chistiú micrea-airgeadais na hOifige ar fáil i gcomhar leis an Aontas Eorpach agus cuirtear an cistiú ar fáil trí Fhiontraíocht Éireann, a sholáthraíonn saineolas agus cabhair thacaíochta freisin. Ina theannta sin, cuirtear cuid de chistiú na hOifige ar fáil tríd an gComhairle. Gintear ioncam ó tháillí oiliúna agus ó ghné in-aisíoctha de chuid de na deontais a íoctar go hiondúil (cuireadh é sin ar fionraí freisin mar chuid den fhreagairt do Covid‑19). Faigheann sé cistiú freisin ó mhaoinitheoirí seachtracha amhail cláir iomaíocha náisiúnta agus Eorpacha agus, nuair is féidir, cabhraíonn sé le heagraíochtaí ábhartha eile lena n‑iarratais ar chistiú den sórt sin.

Foirgneamh ag Ionad/Clós an Mhargaidh i láthair na huaire

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


104

D’ÉIRIGH LE DALTAÍ FIONTRAÍOCHTA AN DARA hÁIT A BHAINT AMACH I gCRAOBH NÁISIÚNTA 2020 Reáchtáladh an Chraobh Náisiúnta ar líne i mBealtaine 2020 den chéad uair ó thosaigh an Clár Fiontraíochta Dalta in 2003, agus cuireadh ar fáil é le YouTube Live Streaming Podcast. Bhí an chraobh in ainm is a bheith ar siúl in Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh an 1 Bealtaine, ach fógraíodh go fíorúil buaiteoirí na ngradam arna reáchtáil ag an Oifig Fiontair Áitiúil ar chainéil Facebook agus YouTube na gClár Fiontraíochta Dalta. I Roinn na Sóisear, d’éirigh le ‘Bee Wrappi’ ó Choláiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach an dara háit a bhaint amach. Foireann céad bhliana a bhí ann faoi stiúir Dervilla Casey, múinteoir gnó, agus thacaigh príomhoide na scoile, Paul Keogh, leo ina gcuid oibre. Cuireadh BEE-Wrappi ar bun go luath in 2020, agus is cuideachta fiontraíochta dalta atá ann a dhíolann clúdaigh ardchaighdeáin. Is rogha in-athúsáide, in-nite agus inbhuanaithe atá sna clúdaigh sin in áit plaisteach aonúsáide nó scannán cumhdaithe. Ceathrar daltaí (Thibaud Gerard, Ben O’Loughlin, Patrick Donlon agus Mark Waldron) a bhunaigh an gnóthas BEE Wrappi, agus tá dúil mhór acu sa phláinéad a shábháil agus san úsáid a bhainimid as plaisteach a laghdú. Ba iad a chuimhnigh ar an smaoineamh dá ngnó, rinne siad taighde ar a dtáirge agus chruthaigh siad fréamhshamhail, d’éirigh go maith leis na tástálacha agus thosaigh siad ar tháirgeadh agus ar dhíolachán ar scála mór ag tús na bliana. Logáil daltaí agus múinteoirí ó gach cearn de tír isteach ar an imeacht ar líne a bhí á óstáil ag Rick O’Shea ó RTÉ, agus bhí buaiteoirí roimhe seo agus Ambasadóir an Chláir Fiontraíochta Dalta, Josh Van Der Flier, páirteach san ócáid chomh maith. Ghlac an réalta rugbaí páirt sa tionscnamh nuair a bhí sé féin ina dhalta i gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath. Cuireann an Oifig Fiontair Áitiúil i Sligeach an Clár Fiontraíochta Dalta ar fáil ar fud an chontae gach bliain, agus soláthraíonn an Oifig meantóir gnó agus comhordaitheoir do gach scoil atá rannpháirteach i rith na scoilbhliana. Dúirt John Reilly, Ceannaire na Fiontraíochta le Comhairle Contae Shligigh: “Comhghairdeas le BEE Wrappi agus le Dervilla Casey ar a nGradam Náisiúnta sa Chlár Fiontraíochta. Is iontach an éacht é an dara háit sa tír a bhaint amach i gcomórtas ina mbíonn breis is 20,000 duine san iomaíocht. Tá ríméad an domhain orainn go bhfuil Sligeach le feiceáil ar ardán náisiúnta, a bhuí leis na fiontraithe óga seo a bhfuil scoth na tallainne acu. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le Brian Dolan, Comhordaitheoir an Chláir, as a chuid iarrachtaí le cinntiú gur tugadh an clár chun críche i gContae Shligigh in ainneoin na ndúshlán go léir a bhí ann mar thoradh ar Covid‑19.”

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


105

FEIDHMIÚ NA SEIRBHÍSE LEABHARLAINNE AGUS CARTLAINNE Tá leabharlanna tuaithe i Sligeach ríthábhachtach do gach duine sa phobal, agus cuireann siad seirbhísí saor in aisce ar fáil lena n‑áirítear leabhair agus ábhair chlosamhairc a fháil ar iasacht, imeachtaí agus gníomhaíochtaí, rochtain ar ríomhairí agus ar Wi-Fi, agus seirbhísí priontála agus ar líne. Cuireadh na seirbhísí ar fionraí sa chéad ráithe nuair a fógraíodh go raibh paindéim dhomhanda ann. Cuireadh imeachtaí ar fáil ar líne agus tháinig méadú ar úsáid ríomh-sheirbhísí nuair a bhí na leabharlanna dúnta. Fógraíodh gur seirbhís bhunriachtanach atá i leabharlanna agus d’oscail siad arís i gCéim 2 de Threochlár an Rialtais (Meitheamh 2020). Bhí bainistíocht agus foireann na leabharlann ag ullmhú don athoscailt sin go déanach i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine. Cuairteanna ar leabharlanna

56,359

Laghdú 32% i gcomparáid le 2019

Eisiúintí foriomlána

127,846

Laghdú 63% i gcomparáid le 2019

Eisiúintí fisiciúla

57,886

Laghdú 34% i gcomparáid le 2019

Eisiúintí ar líne

69,960

Méadú 140% i gcomparáid le 2019

Ríomh-sheirbhísí leabharlainne:

Mar thoradh ar ranganna scileanna digiteacha, seirbhís do chustaiméirí ar an bhfón/ar ríomhphost, mar aon le feachtas margaíochta ar na meáin shóisialta, bhí an dara húsáid ba mhó á baint as BorrowBox i Leabharlanna Shligigh ar bhonn náisiúnta de réir mhéid an daonra.  Tugadh 11,236 ríomhleabhar ar iasacht le BorrowBox  Tugadh 12,856 ríomh-chlosleabhar ar iasacht le BorrowBox  Tugadh 8,603 iris dhigiteach ar iasacht le RBDigital  Léadh 198,060 alt i nuachtán le Press Reader  Tugadh faoi 5,577 ceacht ríomhfhoghlama trí Universal Class  Tugadh faoi 1,884 ríomhsheisiún foghlama teanga le Transparent Languages

An fhreagairt ar Covid-19

Mar fhreagairt ar threoirlínte sláinte agus sábháilteachta, rinneadh oibreacha i ngach leabharlann le gurbh fhéidir iad a oscailt go slán sábháilte i Meitheamh 2020. Cuireadh próiseas i bhfeidhm chun an stoc a chur ar coraintín mar bheart cáilíochta chun sábháilteacht na n‑úsáideoirí agus na foirne a chinntiú chun muinín a thabhairt dár gcustaiméirí.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


106

Lárleabharlann Shligigh

Chun sábháilteacht úsáideoirí agus bhaill foirne na leabharlainne a chinntiú, tógadh spiara agus haistí sciata ag an gcuntar agus cuireadh córas scuaine i bhfeidhm i Lárleabharlann Shligigh i mí an Mheithimh i mbliana. Fadhb chasta ar leith a bhí i gceist le freastal ar líon mór custaiméirí – breis is 400 cuairt sa lá ar an meán – gan ach spás teoranta a bheith ar fáil, agus an gá le scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm do bhaill foirne agus d’úsáideoirí, agus b’éigean réiteach a aimsiú i bhfoirgneamh réasúnta beag. Le déanamh cinnte nach mbeadh orainn úsáideoirí a chur ó dhoras ná iallach a chur orthu fanacht i scuaine taobh amuigh ar fead tréimhsí fada, cruthaíodh bealach isteach agus amach, rud a chuir ar chumas na n‑úsáideoirí fanacht sa scuaine lasmuigh den fhoirgneamh féin.

Leabharlann Phobail Bhaile an Mhóta

Cruthaíodh forhalla inmheánach le haiste cuntair sciata i Leabharlann Bhaile an Mhóta le cur leis an bpóirse a bhí ann cheana. Athraíodh an póirse ina limistéar feithimh agus freastalaíodh ar na custaiméirí san fhorhalla nua. Tá oibreacha eile ar siúl chun an limistéar seo sa phóirse a chur in oiriúint le rochtain shábháilte don phobal a chinntiú nuair a cheadófar a leithéid faoi na treoirlínte sláinte agus sábháilteachta.

Leabharlann Phobail Thobar an Choire

Cruthaíodh forhalla inmheánach le haiste seirbhíse cuntair i Leabharlann Thobar an Choire díreach laistigh de dhoras na leabharlainne. Rinneadh limistéar feithimh den limistéar inmheánach seo a bhí nua-mharcáilte, agus freastalaíodh ar chustaiméirí ag an haiste seirbhíse nua. Cuireadh tús le hoibreacha eile i Leabharlann Phobail Thobar an Choire in 2020 chun seomra cruinnithe agus leithreas poiblí nua a thógáil sa leabharlann. Cuirfidh na hoibreacha sin go mór leis an tseirbhís, go háirithe d’úsáideoirí na seirbhíse Leabharlainne Oscailte.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


107

Leabharlann Inis Crabhann

Cruthaíodh aiste cuntair sciata inmheánach nua i Leabharlann Inis Crabhann laistigh den phóirse a bhí ann cheana. Athraíodh an póirse ina limistéar feithimh agus freastalaíodh ar na custaiméirí ag an haiste cuntair nua. Tá oibreacha feabhsúcháin nua beartaithe don Leabharlann, le tacaíocht ó chistiú na Roinne a sannadh do Chomhairle Contae Shligigh faoi Chlár Oibreacha Caipitiúla ar Scála Beag i Leabharlanna Poiblí.

Díriú ar chustaiméirí

Cuireann dearadh na struchtúr go léir ar a gcumas d’úsáideoirí amharc ar an mbailiúchán ón líon mór fuinneog agus ó na haistí móra ónar féidir leo earraí atá ar coraintín go sábháilte a bhailiú agus cabhair a fháil ónár mbaill foirne oilte chun ábhar nua a roghnú. Cuireadh seirbhís Newspread ar bun arís i Meitheamh 2020. Cabhraíonn an tseirbhís sin le custaiméirí stoc a iarraidh ó Údarás Leabharlainne ar bith sa Phoblacht tríd an gCóras Náisiúnta Bainistíochta Leabharlainne. In ainneoin an chur isteach ar ár seirbhísí idir Márta agus Meitheamh 2020, bhí rannpháirtíocht mhaith ann i gcónaí, idir rannpháirtíocht sa leabharlann féin nuair ab fhéidir agus rannpháirtíocht ar líne nuair a bhí na srianta éagsúla i bhfeidhm.

Rannpháirtíocht an phobail ar líne

Cuireadh na seirbhísí go léir ar fáil ar líne i Márta 2020 i gcomhréir le treoirlínte an Rialtais.           

Seisiúin scéalaíochta seachtainiúla ar líne Imeacht liteartha míosúil ‘The Word’ Ceardlanna ceardaíochta ar líne Ranganna sa teanga chomharthaíochta do naíonáin Ranganna sna scileanna digiteacha Léachtaí sa chlár ‘Deich mBliana na gCuimhneachán’ Seoltaí ar líne Scéalaíocht agus clubanna leabhar do scoileanna Cuir i láthair ar líne do mheánscoileanna Nuashonrú rialta ar ábhair ar ardáin go léir na meán sóisialta Cruthaíodh cainéal YouTube Leabharlann Shligigh agus tá gach taifead físe le fáil ann tar éis na n‑imeachtaí

Tar éis oibríochtaí leabharlanna fadréimseacha a bhí ar siúl i rith na chéad ráithe in 2020, chuaigh foireann na leabharlainne i dtaithí go tapa ar an obair de réir na dtreoirlínte maidir leis an tsláinte phoiblí, agus thug siad faoi roinnt obair mhór tráth na dianghlasála.       

Oiliúint maidir le Sugar CRM agus an córas a chur i bhfeidhm Líne chabhrach Ghlao an Phobail Ábhair nua agus tabhartais a chlárú An stoc reatha a dheisiú agus a athnuachan Aistríodh línte fóin na leabharlann i rith na dianghlasála Freagairt ar cheisteanna ó chustaiméirí ar an bhfón agus ar ríomhphost Forbairt ghairmiúil leanúnach agus uasoiliúint trí chúrsaí ar líne

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


108  Lean baill foirne ainmnithe de fhreastal ar na leabharlanna chun leabhair a tugadh ar ais a phróiseáil faoin gcóras coraintín  Pleanáil agus comhordú ar imeachtaí ar líne  Nuashonruithe ar na meáin shóisialta agus cruthú inneachair

Meáin shóisialta na leabharlann

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


109 Bhí nuashonruithe rialta ag teastáil ó roinnt mhaith inneachair i rith na paindéime, agus cuireadh an cúram sin ar bhaill foirne áirithe na leabharlann. Cruthaíodh cainéal Leabharlanna Shligigh ar YouTube chun na físeáin go léir a stóráil le gur féidir breathnú siar ar imeachtaí a taifeadadh. Fuarthas freagairt dhearfach ón bpobal maidir leis na himeachtaí do leanaí agus do dhaoine fásta, seirbhís ar líne saor in aisce chun cabhair a chur ar fáil chun iad sin a rochtain, agus na seirbhísí agus na himeachtaí éagsúla a bhí ar fáil i rith na srianta de gach leibhéal.

An chéad ráithe 2020

Chuir Lárleabharlann Shligigh tús leis an Hublet, seirbhís nua, sa chéad ráithe de 2020. Stáisiún nasctha de shé cinn de tháibléid Android atá ann atá ar fáil d’úsáideoirí na leabharlainne chun Wi-Fi saor in aisce a úsáid sa leabharlann. I measc na n‑imeachtaí sa chéad ráithe, bhí:  Am scéalaíochta, scéalaíocht do lapadáin, cuairteanna ar ranganna réamhscoile agus bunscoile  Imeacht liteartha míosúil ‘The Word’ i gcomhar le baill foirne agus mic léinn an BA (Onóracha) sa Scríbhneoireacht agus sa Litríocht, an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach  Ceardlanna seachtainiúla de Chumann Disléicse Shligigh  Club Leabhar Sóisearach do Scoileanna  Ranganna ióga i gcathaoir ag am lóin  Ceardlanna le scoileanna a dtugtar cuireadh dóibh  Ranganna scileanna digiteacha ‘Digitise the Nation’  Tráth na gCeist  Cuir i láthair ag Oíche Ionduchtúcháin Iarbhunscoile

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


110

Lá oscailte na Leabharlann, Feabhra 2020

Ghlac Leabharlanna Shligigh páirt sa chéad Lá Oscailte náisiúnta ar an Satharn, 29 Feabhra 2020, agus reáchtáladh gníomhaíochtaí inár leabharlanna go léir. Bhain úsáideoirí na Leabharlann an-spraoi as an lá agus tháinig cuid mhór teaghlach chun clárú leis an leabharlann den chéad uair. Craoladh amuigh faoin aer le Ocean FM ó Lárleabharlann Shligigh. Reáchtáladh imeachtaí do leanaí, comórtais agus duaiseanna le haghaidh gach duine ar éirigh leo ticéad óir a fháil.

Chuir Leabharlanna Shligigh an clár ‘Ceart chun Léimh’ ar fáil i rith 2020. Clár náisiúnta atá ann chun an litearthacht agus forbairt na léitheoireachta a chur chun cinn. Cuireadh na himeachtaí go léir de na 4 chuid den chlár ar fáil ar líne le go bhféadfaí an clár a sholáthar i rith na paindéime.

Scéalaíocht an earraigh

Réaltaí an tsamhraidh

Líon iomlán amharc ar Facebook:

5,836

74,261

Líon iomlán amharc ar Instagram:

264

1436

2,268

4,824

8

6,990

Rannpháirtíocht iomlán ar Facebook (‘is maith liom’, comhroinnt, barúlacha) Rannpháirtíocht iomlán ar Instagram:

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


111

Féile na Leabhar do Am don teaghlach Leanaí sa leabharlann Líon iomlán imeachtaí ar líne a reáchtáladh:

22

6

Rannpháirtíocht iomlán / líon iomlán amharc ar imeachtaí:

330

306

Réaltaí an tsamhraidh

Spreagadh an léitheoireacht le Borrowbox, Teagmháil agus Bailigh, agus seirbhís ag an gcuntar. Reáchtáladh imeachtaí agus comórtais ar líne.  Comórtais Leabharlanna Shligigh o Comórtas Grianghrafadóireachta – Leabhar a thaitníonn leat o Scríobh dán gearr o Cé hé an carachtar is fearr leat nó céard í an áit is fearr leat i leabhar? o Is é … an duine is fearr liom.  Comórtais náisiúnta le Forbairt Leabharlann na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil o Comórtas Scéalaíochta “Eachtra nach raibh súil leis”  82% de na leabhair a eisíodh, eisíodh do leanaí iad  Chuir 152 leanbh isteach ar chomórtas  Bronnadh 46 duais ar leanaí ar fud Chontae Shligigh

Féile Leabhar na Leanaí, 2020 – Treoirthionscadal Scéalaíochta Leabharlanna Shligigh I gcomhréir leis na treoirlínte sláinte agus sábháilteachta maidir le Covid‑19, agus mar gheall ar oibreacha a rinneadh ina dhiaidh sin chun spásanna sna Leabharlanna a leagan amach ar bhealach eile, níorbh fhéidir imeachtaí a chur ar siúl sna leabharlanna. Chuir sé sin isteach ar an líon daoine a bhí ag freastal, go háirithe i measc ranganna bunscoileanna. Chun leanúint leis an litearthacht a chur chun cinn san aos óg agus léitheoirí a spreagadh chun leabhair a fháil ar iasacht ón leabharlann, ceapadh clár píolótach i gcomhar le clubanna tar éis na scoile a bhíonn á reáchtáil ag an bpobal. Cuireadh imeachtaí scéalaíochta beoga, idirghníomhacha ar siúl le leanaí bunscoile sna hionaid seo a leanas:

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


112     

Ionad Pobail Thuaidh, Cnoc an Dúin Bright Minds, Ionad Avalon, Sráid an tSéipéil Kid’s Lane, Ionad Pobail MCR, Bóthar an Chóiste Poist Seirbhís Tacaíochta Teaghlaigh Springboard Shligigh, Áras Acmhainne, an Crann Mór Dreamchasers, Ionad Pobail Merville, an Machaire Buí

D’éirigh go maith leis an gclár píolótach seo agus fuarthas aiseolas dearfach ó bhaill foirne agus ó leanaí. Mar ghealla air sin, cuireadh seisiúin scéalaíochta bhreise ar théama na Nollag ar fáil sna clubanna tar éis na scoile i rith mhí na Nollag 2020.

Scoileanna Tar éis na chéad ráithe, cuireadh na himeachtaí go léir ar siúl ar líne agus leanadh le seachadtaí chuig scoileanna i gcás ina ndearnadh socrú ina leith sin.  Cuireadh ranganna sna scileanna digiteacha d’iarbhunscoileanna ar fáil ar líne agus chuir baill foirne na Leabharlainne treoir ar fáil maidir le haipeanna na leabharlainne agus leis an réimse ríomhsheirbhísí saor in aisce sa leabharlann  14 chur i láthair d’iar-bhunscoileanna – ba iad Leabharlanna Shligigh a rinne an líon ba mhó cur i láthair de réir mheasúnú na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil  Cuireadh an scéim ‘Leabhair i mBosca’ ar siúl i rith na bliana go léir – d’iarr múinteoirí ábhar sonrach agus seachadadh an t‑ábhar sin agus/nó rogha na leabharlainne go sábháilte do scoileanna má rinne socrú chuige sin  Seachadadh Sraitheanna Ranga do scoileanna – cóipeanna iomadúla den úrscéal ranga  Seoladh treoirlínte léitheoireachta, leabharmharcanna, greamáin, agus póstaeir ‘CBI Mind Yourself chuig gach bunscoil i mí Dheireadh Fómhair 2020  Coinníodh i dteagmháil le scoileanna trí nuashonruithe ar ríomhphost  Clubanna leabhar ar líne do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna

Scéalaíocht ar líne do scoileanna (SOS) Cuireadh 8 seisiún scéalaíochta ar líne ar fáil faoin gclár seo, agus ba é ball foirne a roghnaigh agus a léigh an leabhar. Seoladh sceidil agus meabhrúcháin amach chuig gach bunscoil. Reáchtáladh seisiúin scéalaíochta ar líne faoi dhó in aghaidh na seachtaine thar thréimhse 4 seachtaine i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2020. D’fhreastail 121 rang ó 41 bhunscoil ar fud an chontae ar an gclár SOS. Tá na scéalta ón gclár le fáil anois ar chainéal Leabharlanna Shligigh ar YouTube le gur féidir le scoileanna agus tuismitheoirí breathnú orthu nuair is mian leo. Thug múinteoirí le fios gur thug an clár an Leabharlann chun an tseomra ranga, agus ba rud an-dearfach é sin le linn na paindéime.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


113

Éire Shláintiúil

I rith 2020, reáchtáil Éire Shláintiúil sna Leabharlanna cuid mhór de na himeachtaí ar líne, lena n‑áirítear ranganna ióga le linn na dianghlasála. Baineadh leas as leithdháileadh deontais dar luach €5,000 ón Roinn chun cabhrú leis an leabharlann leanúint d’imeachtaí Éire Shláintiúil a chur ar fáil faoi na srianta nua atá i bhfeidhm mar thoradh ar an bpaindéim. Ceannaíodh ceamaraí físbhlagála ar ardchaighdeán, soilsiú iniompartha, micreafóin gan sreang, callairí agus bogearraí chun cabhrú le foireann na leabharlainne ábhar ar líne a chruthú. Tá oiliúint don fhoireann in úsáid an trealaimh nua ag dul ar aghaidh lena chinntiú go leanfaidh seirbhísí na Leabharlainne de bheith ar fáil dóibh siúd óna bhfuil siad ag teastáil.

Éire Chruthaitheach 2020 Riar na Gairme Oscailte Faoin nGairm Oscailte, déantar €40,000 de chistiú ó Éire Chruthaitheach a leithdháileadh go díreach chun tacú le hacmhainneacht chruthaitheach gach duine sa phobal, de réir théamaí agus uaillmhianta an Chláir ‘Éire Chruthaitheach’, 20172022. Trí phróiseas deontas na Gairme Oscailte, rinne an Leabharlann agus an tSeirbhís Ealaíon 24 iarratasóir as measc 48 a roghnú, rinneadh iad a fhaomhadh ag comhaltaí tofa, a chistiú agus a riar in 2020. Seirbhís na Leabharlainne a rinne an tionscadal a riar ó mhí Iúil ar aghaidh, agus chuaigh an tseirbhís i dteagmháil arís leis na rannpháirtithe go léir lena chinntiú gur tacaíodh leo chun a dtionscadal a chur in oiriúint do shrianta na paindéime agus chun cistiú ó thionscadail nárbh fhéidir iad a chur in oiriúint a leithdháileadh ar thionscadail eile. Thacaigh an cistiú le saothar de chineálacha éagsúla, lena n‑áirítear suiteáil ealaíne ‘Faoi thoinn’ le Bettina Seitz san fharraige, foilsiú leabhar dar teideal ‘Maugherow, a much Wilder Place’ le féile Tread Softly ag obair go díreach leis an bpobal, agus taibhithe le compántas amharclannaíochta Mad Ravens ar shráideanna Shligigh ar Oíche Chultúir, agus saothair eile nach iad.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


114 Leithdháileadh cistiú breise faoi Phacáiste Spreagtha Fostaíochta an Rialtais, agus leithdháileadh an cistiú sin ar na tionscadail seo a leanas:        

Bealach Shligigh Tionscadal Sparánachta an Ghréasáin Ealaíontóirí i Sligeach / Yeats Society Tionscadal Sparánachta an Ghréasáin Ealaíontóirí i Sligeach / Filippe Lopes Tionscadal Sparánachta Chompántas Amharclannaíochta Blue Raincoat Sraith Máistir-Ranganna Ionad Ceoil Coleman Tionscadal Sparánachta Amharclann Hawks Well Sligo Colmcille 2021 Battle of the Books Tionscadal Sparánachta ‘The Model’

I rith 2020, chuaigh an Fhoireann Cultúir i mbun páirtíochta le heagraíochtaí cruthaitheacha agus le pobail chun réimse leathan tionscadal a sheachadadh a chloígh leis na critéir a leagadh amach sa Straitéis Cúig Bliana maidir le Cultúr agus Cruthaitheacht. An tionscadal ba thábhachtaí i measc na dtionscadal go léir a rinne an Fhoireann Cultúir ná an réiteach agus an t-ullmhúchán a rinneadh chun comhdháil idirnáisiúnta ar líne a sholáthar dar teideal RIOT. Cúrsaí áite is ábhar don chomhdháil. Seoladh an Chomhdháil agus an coimisiún i mí na Samhna 2020 agus beidh sé ar siúl thar dhá lá in earrach na bliana 2021. Cuireadh cistiú ar fáil do chláir eile faoi chistiú feidhmithe ó Éire Chruthaitheach:            

2020 Éire Chruthaitheach Tionscnamh ‘Déanta i Sligeach’ ‘Adjust Your Position’: Téatar Óige Shligigh Anna Newell: Sing Me to The Sea/The Hawk's Well Líonra ealaíontóirí: Sligeach laistigh den Stiúideo Sárthaispeántas ‘Scoth Shligigh’ Comhaltas Trans-Atlantic Connections Seisiúin scéalaíochta le Niall De Búrca Sraith léachtaí ar líne le Shane Martin, síceolaí Líonra ealaíontóirí Shligigh Físeán ‘Sligo Colmcille 2021 Battle of the Books’ Sligo Musicfest Leabhar Shligigh: Blue Raincoat Theatre Company

Cruinniú na nÓg, 2020

Tionscnamh suaitheanta den Chlár Éire Chruthaitheach is ea Cruinniú na nÓg. An cuspóir atá leis is ea acmhainneacht chruthaitheach leanaí agus daoine óga a chumasú. Chuir Covid‑19 isteach ar imeachtaí sna leabharlanna i rith na hócáide bliantúla seo. Cuireadh Cruinniú na nÓg 2020 i Sligeach ar siúl ar líne ar an Satharn 13 Meitheamh ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Shligigh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


115 Spreagadh teaghlaigh agus daoine óga le páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí spraíúla saor in aisce ar líne, agus bhí rannpháirtíocht agus freagairt iontach ann i rith an lae. Bhí cuid mhór comórtas ar siúl i rith an lae freisin. Reáchtáladh imeachtaí eile freisin amhail taispeántais cheardaíochta agus chriadóireachta, teicneolaíocht (priontáil 3T agus ceardlann Lego), seónna puipéad, ranganna léaráidí, scéalaíocht, agus go leor eile nach iad. Bhí Cruinniú na nÓg ar siúl ag an am céanna leis an gceiliúradh bliantúil chun comóradh a dhéanamh ar lá breithe William Butler Yeats. Chuamar i gcomhar le Cumann Yeats i Sligeach, agus craoladh léamh filíochta le leanaí i rith an lae agus comhroinneadh é ar na meáin shóisialta.

Deich mBliana na gCuimhneachán, 2020 Clár Imeachtaí

 Comhairle Contae Phoblachtach 1920, Meitheamh 2020  Comóradh Céad Bliain ar Éirí Amach na Connaught Rangers san India, 28 Meitheamh 1920: Ghlac Mary Henry (gariníon le James Gorman), Oliver Hawes, (garmhac le Joseph Hawes), Danny Tiernan, (garmhac le William Tiernan) agus Ronan McGreevy, (údar agus iriseoir) páirt sa chomhrá seo, in éineacht le Micheál Ó Domhnaill a bhí ina Láithreoir agus ina chathaoirleach.  Frank Carty: Escape from Sligo Gaol: Cur i Láthair leis an Dr Pádraig Deignan inar tugadh cur síos ar scéal drámatúil an éalaithe sin agus ar shaol fir ó Shligeach a bhí fiontrach, spéisiúil agus tiomanta  Luíochán Mhuine Dhúltaigh: Luíochán a rinne an IRA ar phatról de chuid an RIC ag Muine Dhúltaigh, an Ghráinseach, Co. Shligigh, 25 Deireadh Fómhair 1920  Luíochán Loch na Cáithe: Luíochán a rinne an IRA ar phatról gluaisteáin de chuid an RIC ag Loch na Cáithe, Co. Shligigh, 30 Meán Fómhair 1920  Linda Kearns (1920/21): Linda Kearns, banaltra arbh as an Droim Ard, Co. Shligigh ó dhúchas di, a gabhadh i mí na Samhna 1920 agus airm á n‑iompar aici don IRA  Plé painéil le bunaitheoirí an fheachtais Lest Sligo Forgets: Cumann pobail is ea Lest Sligo Forgets a bhfuil mar aidhm leo Gairdín Cuimhneacháin a chruthú do na hóglaigh agus do na sibhialtaigh arbh as Chontae Shligigh dóibh a fuair bás sa Chogadh Mór, 1914-1918  Stair na hEaglaise Comhthionólaí i Sligeach

Rinneadh poiblíocht do na himeachtaí go léir ar ardáin na meán sóisialta, Facebook, Twitter, Instagram agus Youtube ina measc. Tá na físeáin go léir le fáil ar chainéal Youtube Leabharlanna Shligigh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


116

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


117

FEIDHMIÚ AN CHLÁIR EALAÍON Seirbhís Ealaíon Shligigh agus Clár Ealaíon 2021 Ghlac an Chomhairle Plean Ealaíon Shligigh, 2020-2025, i mí Dheireadh Fómhair 2020. Ceann de phríomhaidhmeanna an Phlean is ea tacú leis an ealaíontóir, rud a bheidh níos tábhachtaí ná riamh in 2021. Díríodh in 2020, mar a dhéanfar arís in 2021, ar inmharthanacht leanúnach earnáil na n‑ealaíon a chinntiú. Bainfear é sin amach le líon sparánachtaí níos mó a bhronnadh ar ealaíontóirí agus líon deontas níos mó a bhronnadh ar eagraíochtaí.

Leanaí agus Daoine Óga Leanfaidh Téatar Óige Shligigh de cheardlanna a chur ar fáil do dhaoine óga i dtrí aoisghrúpa gach seachtain. Tá sé beartaithe clár iomlán léiriúchán a chur ar siúl, lena n‑áirítear dráma bunaithe ar The Battle of the Books, lena chinntiú go bhfaighidh na baill go léir taithí éigin ar ghnéithe go léir an léirithe. Cloífear go docht daingean leis na treoirlínte sláinte poiblí. Táimid buíoch de Blue Raincoat Theatre Company as ceardlanna breise agus as spás taibhithe a chur ar fáil. Cuireadh clár amharcealaíon ‘Primary Colours’ do bhunscoileanna in oiriúint le gur féidir le healaíontóirí é a sheachadadh ar bhealach solúbtha, ag brath ar riachtanais na scoileanna rannpháirteacha. D’fhorbair ealaíontóirí ó Shligeach ábhair ealaíne i gcló agus ar líne in 2020, agus déanfar iad sin a dháileadh ar scoileanna.

Na healaíona agus an tsláinte agus daoine breacaosta D’éirigh go maith le Seirbhís Ealaíon Shligigh ina hiarratas chuig Ciste ‘Éire Shláintiúil’ chun tionscadal cianda anspeisialta a chruthú do dhaoine breacaosta a chabhróidh leo dul i ngleic leis an uaigneas trí cheangal a chruthú le scéalaíocht, comhrá, agus a samhlaíocht a spreagadh. Cruthóidh an tionscadal eispéireas i bpáirt agus ceangal le daoine eile ina bpobal agus ina gcontae.

Ealaíona pobail agus ealaíontóirí Cuireann an tSeirbhís Ealaíon forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil d’ealaíontóirí chun dul i mbun oibre sa phobal agus chun a gcleachtais oibre a chur in oiriúint don phaindéim. Cuireadh le Painéal Ealaíontóirí na Seirbhíse Ealaíon in 2020 agus léirítear raon leathan cleachtas agus foirmeacha ealaíne leis ar féidir leis an tSeirbhís úsáid a bhaint astu chun a cláir a sheachadadh. Cuirfear deiseanna cistithe feabhsaithe ar fáil d’ealaíontóirí i réimsí na dtaispeántas, na dtionscadal, na ndámhachtainí, na gcoimisiún agus na sparánachtaí.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


118

An Oíche Chultúir Seirbhís Ealaíon Shligigh i gcomhar leis na príomhionaid ealaíon agus páirtithe leasmhara a chuireann Oícheanta Cultúir ar fáil, agus is í Comhairle Contae Shligigh agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chuireann cistiú ar fáil.

Susan O’Keefe (Cumann Yeats, Sligeach), Diarmuid Woods (Téatar Óige Shligigh), Marie O’Byrne (Amharclann Hawk's Well, Sligeach), Bettina T. Gigante (Blue Raincoat Theatre Company), agus Mary McDonagh (Oifig Ealaíon Shligeach, Comhairle Contae Shligigh) ag teacht le chéile roimh an oscailt d’Oíche Chultúir 2020

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


119

Ceol

Níor cuireadh an 21ú leagan d’Fhéile Ceoil Aireagail Idirnáisiúnta Shligigh ar siúl in 2020 de dheasca na paindéime. Mar sin féin, tá súil againn go leanfaidh an Fhéile ar aghaidh in 2021 agus go gcuirfí clár 2020 i láthair ina ndéantar ceiliúradh ar bhreithlá Beethoven a bheadh 250 bliain d’aois. Úsáideadh cistiú ó 2020 chun trí shaothar nua a choimisiúnú le haghaidh ceoltóirí Éireannacha a bheidh ag seinm san Fhéile in 2021. I gcás ina mbeidh cosc ar thaisteal idirnáisiúnta i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2021, d’fhéadfaimis leagan álainn laghdaithe den fhéile a chur ar siúl ina ndéanfaidh na ceoltóirí ó Éirinn na saothair nua a sheinm den chéad uair.

Scannán

Bliain mhór ab ea 2020 ó thaobh léiriú scannán i Sligeach. D’éirigh go hiontach le Normal People, rud a tharraing cáil ar Shligeach i measc cuideachtaí scannán idirnáisiúnta. Is í Seirbhís Ealaíon Shligigh pointe teagmhála na Comhairle le haghaidh cuideachtaí scannán, agus faigheann an tSeirbhís roinnt mhaith fiosrúcháin agus iarratas ar chabhair. Tá ról tábhachtach ag an gComhairle Contae i gcúrsaí scannánaíochta sa Chontae agus sa réigiún. Tá Comhairle Contae Shligigh ina ball de Chiste do Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair (WRAP). Ciste Réigiúnach atá ann atá tiomanta d’infheistíocht straitéiseach ar théarmaí tráchtála lena ngintear tionchar eacnamaíoch, lena dtacaítear tallanna áitiúla, lena gcruthaítear fostaíocht inbhuanaithe, lena dtógtar an bonneagar closamhairc agus lena gcuirtear le cultúr agus le teanga Iarthar na hÉireann. Tionscnamh comhpháirtíochta idir Seirbhísí Ealaíon Shligigh, Liatroma agus Ros Comáin is ea SLR Film. Tá SLR Film ina chomhpháirtí sa tairiscint rathúil don Chiste Réigiúnach maidir le Forbairt Fiontar le haghaidh thionscnamh na gCroíthailte Cruthaitheacha. Is é aidhm an tionscadail seo cur leis an bhfiontar agus leis an bhfiontraíocht laistigh d’fhiontair chruthaitheacha bheaga agus mheánmhéide i Sligeach, Liatroim agus Ros Comáin.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


120

Rinneadh ceiliúradh sa bhaile ar Lá Yeats an 13 Meitheamh, 155ú breithlá an fhile.

Clár Ealaíne Poiblí agus Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon

Tá cistiú ealaíne chun ealaín phoiblí a choimisiúnú le fáil trí Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon le haghaidh gach tionscadal caipitiúil. Tá beartas maidir le cur i bhfeidhm leanúnach Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon glactha ag Comhairle Contae Shligigh ó 2002. Earcaíodh Bainisteoir Tionscadal Ealaíne Poiblí in 2020. Mar chuid den ról sin, cuirfear Grúpa Stiúrtha Ealaíne Poiblí ar bun agus tacófar leis an nGrúpa chun Plean maidir le Coimisiúin Ealaíne Poiblí a fhorbairt agus a sheachadadh do na 3-5 bliana amach romhainn. Ceapfaidh an Grúpa Stiúrtha roghnóirí in 2021 a roghnóidh ealaíontóirí trína saothair bheartaithe a mheas. Faomhfaidh an Grúpa Stiúrtha conarthaí le coimeádaithe nó idirghabhálaithe má bhíonn gá leo le haghaidh tionscadail shonracha. Leagfar amach i bPlean an Choimisiúin Ealaíne Poiblí an chaoi a ndéanfar cistiú faoi Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon a leithdháileadh agus aithneofar ann an líon agus na cineálacha coimisiún. Cuirfidh an Bainisteoir Tionscadal Plean an Choimisiúin i bhfeidhm trí chur i bhfeidhm na dtionscadal a bhainistiú sa tréimhse 2 bhliain nó 3 bliana amach romhainn. Cuirfear an Plean agus an amlíne le haghaidh na dtionscadal i láthair SPC 3 in am trátha.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


121

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


122

RÉAMHRÁ Tá an Stiúrthóireacht freagrach as forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar an ngréasán iompair ar bhóithre, bonneagar seirbhísí uisce, (faoi chomhaontú leibhéil seirbhíse le hUisce Éireann, céanna agus calaí, páirceanna, limistéir fóillíochta agus reiligí i Sligeach, mar aon le cosaint agus feabhsú na timpeallachta i Sligeach, lena n‑áirítear timpeallacht an chósta, agus feidhmiú na Seirbhísí Dóiteáin agus cosaint na beatha agus na maoine tríd an tSeirbhís sin. Tá an gníomhú ar son na haeráide, i dtéarmaí an tomhaltas fuinnimh a chur in oiriúint agus a laghdú, ina chuid lárnach de ghníomhaíochtaí go léir na Stiúrthóireachta i gcónaí. Cuireadh dúshláin romhainn go léir in 2020 ach, mar thoradh ar dhúnadh sealadach láithreán agus na prótacail a cuireadh i bhfeidhm maidir le Covid‑19, bliain an-táirgiúil a bhí ann don Stiúrthóireacht. Anuas ar chláir oibre bhliantúla a sheachadadh ar fud na Rannóg go léir, rinneadh dul chun cinn ollmhór ar thionscadail mhóra bhonneagair a rachaidh i gcion go mór ar Shligeach agus ar an Iarthuaisceart trí chéile, agus a chabhróidh lena ainmniú mar Lárionad Réigiúnach i dTionscadal Éireann 2040. Rinneadh infheistíocht os cionn €200 milliún i dtionscadail bhonneagair a bhí ar siúl i Sligeach in 2020, agus áirítear na tionscadail seo a leanas ina measc:  Tionscadal Phríomhbhóthar an N4 idir Cúil Mhuine agus Béal Átha na gCarraigíní  Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4-N15 i Sligeach  Scéim Bhóthar Dáileacháin an Iarthair (a osclaíodh do gach modh iompair go luath i mí Eanáir 2021)  Céim 1 d’oibreacha feabhsúcháin ar Shráid Uí Chonaill (curtha i gcrích ag deireadh 2020)  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt (curtha i gcrích ag deireadh 2020)  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Phluais an tSionnaigh  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Fuíolluisce i mBaile an Mhóta agus i gCúil Mhuine I measc na dtionscadal mór atá ag céim an deartha, áirítear:  Tionscadal Dhroichead Oirthir na Garbhóige  Scéim an N17 idir Cnoc Mhuire agus Cúil Mhuine (roghnú bealaigh) Bhí cúrsaí timpeallachta i Sligeach chun tosaigh in 2020 nuair a thuig daoine a thábhachtaí atá áiseanna agus spás poiblí ardchaighdeáin nuair a bhí an dianghlasáil i bhfeidhm de dheasca Covid‑19. Bhain daoine taitneamh agus tairbhe as tránna iomadúla Shligigh i rith mhíonna an tsamhraidh agus iad ar saoire sa bhaile, an trá brait ghoirm ag an Ros ina measc. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na baill foirne go léir as a sárthiomantas i leith seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil i gcónaí in ainneoin na ndúshlán a bhí romhainn go léir in 2020.

Emer Concannon, Stiúrthóir Cúnta Seirbhísí

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


123

BÓITHRE, IOMPAR AGUS SÁBHÁILTEACHT Clár na mBóithre Cuireadh €73,696,023 i leataobh do chlár na mbóithre chun feabhas agus cothabháil a dhéanamh ar thionscadail straitéiseacha thábhachtacha ar bhóithre náisiúnta agus eile a fhreastalaíonn ar Chontae Shligigh agus ar Chathair Shligigh – Lárionad Fáis Réigiúnach ainmnithe. Is iad Bonneagar Iompair Éireann, an Roinn Iompair, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, agus Comhairle Contae Shligigh na príomhghníomhaíochtaí cistiúcháin don Chlár seo. Tá sonraí sna táblaí thíos ar na Bóithre Náisiúnta, Réigiúnacha agus Áitiúla i Sligeach.

Príomhbhóithre Náisiúnta Bealach

Cur síos

Fad (km)

N4

Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin

34.35

N15

Cathair Shligigh go dtí Droichead Bhun Duibhe

27.04

N16

Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Liatroma

10.39

N17

Cúil Mhuine go Baile Eachaidh

34.06

Iomlán

105.84

Bóthar náisiúnta den dara grád Bealach

Cur síos

Fad (km)

N59

Baile Easa Dara go dtí an teorainn le Contae Mhaigh Eo

Iomlán

47.38

47.38

Bóithre réigiúnacha Bealach

Cur síos

Fad (km)

R277

Cill Easpaig Bhróin go dtí Aerfort Shligigh

1.7

R278

Sligeach go Carraig Ó Néillín

7.63

R279

Cliafuine go dtí an Mullach Mór

4.4

R284

An Cheathrú Rua go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin

26.6

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


124

R286

Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Liatroma

11.2

R287

Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Liatroma tríd an gCeathrú Rua

15.89

R290

Baile Easa Dara go Baile an Tóchair

14.63

R291

Cathair Shligigh go dtí an Ros

R292

Cathair Shligigh go dtí an Leathros go Béal Átha Droichid

18.23

R293

Baile na bPoll go Goirtín go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin

25.8

R294

Cluain Lua go Tobar an Choire go Loch Tailt

42.5

R295

Baile an Mhóta go dtí an Chéis go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin

14.6

R296

Baile an Mhóta go Bun an Fheadáin go dtí an R294

10.2

R297

An Droim Mór Thiar go hInis Crabhann go dtí teorainn an chontae

29.8

R298

An N59 go Leacán an tSléibhe go dtí an R297

4.9

R361

Taobh leis an teorainn le Contae Ros Comáin

1.6

R869

Cathair Shligigh – Bóthar Dáileacháin an Iarthair

2.5

R870

Cathair Shligigh – Bóthair an Phiarsaigh / Bóthar Markievicz

1.37

7.83

Iomlán

241.38

Bóithre áitiúla Bealach

Cur síos

Fad (km)

Príomhbhealaí áitiúla

Príomhbhóithre áitiúla

600

Bealaí áitiúla tánaisteacha

Bóithre áitiúla den dara grád

980

Bealaí áitiúla den tríú grád

Bóithre rochtana áitiúla, cul-de-sac, bóithre ar eastát

860

Iomlán

2,440

Bóithre náisiúnta: Cuireann Bonneagar Iompair Éireann cistiú mór ar fáil le haghaidh na mbóithre náisiúnta i gContae Shligigh. Roinntear an cistiú idir cothabháil, feabhsúchán, sábháilteacht, agus mórscéimeanna agus mionscéimeanna athailínithe.

Cothabháil Leanadh d’oibreacha cothabhála in 2020 agus ina measc siúd bhí dromchla nua, oibreacha deisiúcháin do bhacainní, cothabháil ar dhroichead, comharthaíocht agus soilsiú, oibreacha draenála, soilsiú poiblí srl. Cláraítear gach fadhb chothabhála ar aip Geo de chuid Bhonneagar Iompair Éireann ar tháibléid láimhe agus is féidir cur isteach ar chistí breise le haghaidh fadhbanna cothabhála ar leith más gá faoin gcóras. Cuireann Comhairle Contae Shligigh clár bliantúla cothabhála geimhridh i bhfeidhm freisin.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


125 Chuir Bonneagar Iompair Éireann €700,000 ar an iomlán ar fáil do Chomhairle Contae Shligigh chun cothabháil a dhéanamh ar na príomhbhóithre náisiúnta in 2020.

Feabhsúchán Scéimeanna athnuachana dromchla Chuir Bonneagar Iompair Éireann díreach os cionn €4 mhilliún ar fáil chun dromchla bóithre a athchóiriú ar an ngréasán bóithre náisiúnta i Sligeach in 2020. Rinneadh oibreacha móra sna suíomhanna seo a leanas in 2020:  N15 Cliafuine Thuaidh  N15 Caiseal an Ghearráin

N15 Cliafuine Thuaidh Cuimsíodh le Forleagan Dromchla an N15 ag Cliafuine Thuaidh athshlánú struchtúrach agus neartú fad 2.5 km de dhromchla reatha an N15 idir an Chraobhaigh Chaol agus Caisle Geala i gContae Shligigh. Cuireadh na hoibreacha i gcrích i mí an Mhárta 2020.

Athshlánú Dhromchla an N15 ag Cliafuine Thuaidh, Feabhra 2020

N15 Caiseal an Ghearráin Cuimsítear le Forleagan Dromchla an N15 ag Caiseal an Ghearráin athshlánú struchtúrach agus neartú fad 3.6 km de dhromchla reatha an N15 idir Achadh Gaid, Muine na nÉan agus Caiseal an Ghearráin i dTuaisceart Shligigh. Cuireadh tús leis na hoibreacha i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus tá siad ar siúl i gcónaí in 2021.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


126

Forleagan Dhromchla an N15 ag Caiseal an Ghearráin, mí na Nollag 2020

Deisiúcháin cothabhála caipitiúla Chuir Bonneagar Iompair Éireann €490,000 ar an iomlán ar fáil faoin gceannteideal seo. Tá scéimeanna faoin gcistiú seo dírithe ar lochtanna logánta dromchla a dheisiú ar an ngréasán bóithre náisiúnta a bhfuil costas faoi bhun €200,000 ag baint leo. Cuireadh cistiú €490,000 ar fáil in 2020 le haghaidh scéimeanna ag na suíomhanna seo a leanas:  N16 Acomhal Ghleann an Chairthe  N17 Ráth Scanláin  N59 Ceathrú na gCaorach agus an Feadán  N15 Cliafuine agus an Ghráinseach  N4 Béal Átha na gCarraigíní

Sábháilteacht Scéimeanna Feabhsúcháin Sábháilteachta N15 ag an gCraobhaigh Chaol Cuireadh díreach os cionn €100,000 ar leataobh le haghaidh scéim sábháilteachta ar an N15 ag an gCraobhaigh Chaol. Rinneadh an obair mar athrú ar an gConradh le haghaidh Athnuachan Dhromchla an N15 ag Cliafuine Thuaidh, agus cuireadh an obair i gcrích i mí an Mhárta 2020.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


127

Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta an N15 ag an gCraobhaigh Chaol

N15 ag Achadh Gaid Cuimsíodh leis an Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta seo lána mall a bhaint ar an taobh ó dheas den Ghráinseach, agus rinneadh an obair mar athrú ar an gconradh le haghaidh Athnuachan Dhromchla an N15 ag Caiseal an Ghearráin, tar éis do Bhonneagar Iompair Éireann €50,000 a chur ar fáil.

Cigireachtaí Sábháilteachta ar Bhóithre Náisiúnta Rinne Bonneagar Iompair Éireann suirbhé forléargais ar na bóithre náisiúnta go léir sa chontae faoin Scéim Cigireachta Sábháilteachta ar Bhóithre. Eisíodh tuarascáil ina sainaithnítear suíomhanna ar a bhféadfaí iniúchadh breise a dhéanamh le fáil amach an mbeadh tairbhe ag baint le feabhsúcháin sábháilteachta áitiúla a dhéanamh. Tá straitéis á cur i gcrích ag Comhairle Contae Shligigh chun na suíomhanna sin a iniúchadh agus chun scéimeanna feabhsúcháin a fhorbairt.

Mórscéimeanna agus mionscéimeanna athailínithe Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta de chuid Bhonneagar Iompair Éireann i Sligeach (Oifig Tionscadail Shligigh) a dhéanann bainistíocht ar mhórscéimeanna agus mionscéimeanna athailínithe ar bhóithre náisiúnta i Sligeach. Is iad seo a leanas na scéimeanna reatha:  N4 Cúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní – oibreacha ar siúl  N4/N15 Scéim Feabhsúcháin Uirbigh – oibreacha ar siúl  N16 Athailíniú Log an Tobair – á dhearadh  N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine – forbairt pleanála  N59 An Chorrthamhnach go Cnoc an Chuilinn – forbairt pleanála

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


128

Bóithre nach bóithre náisiúnta iad Is í an Roinn Iompair an phríomhfhoinse chistiúcháin le haghaidh bóithre nach bóithre náisiúnta iad. Faightear cistiú breise ón Údarás Náisiúnta Iompair agus ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, mar aon le cistiú ó Chomhairle Contae Shligigh féin.

Deontas Feabhsúcháin Athshlánaithe Chuir an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt €6,897,500 ar fáil in 2020 chun bóithre réigiúnacha agus áitiúla a athshlánú agus a fheabhsú. Bhí feabhas le cur ar 55.6 km de bhóithre ag 66 suíomh ar fud an Chontae faoin deontas seo. Cuimsíodh iad seo a leanas i measc na n‑oibreacha a cuireadh i gcrích:  Dromchla coincréite asfailt a leagan síos chun bóithre a mhúnlú agus a neartú, agus cóiriú dromchla a dhéanamh ina dhiaidh sin.  Clocha meilte a leagan síos chun an bóthar a mhúnlú agus a neartú, agus cóiriú dromchla dúbailte a dhéanamh ar an gcloch chun dromchla an bhóthair a shéalú agus friotaíocht in aghaidh sciorrthaí a chur ar fáil.  Athchúrsáil – rinneadh é sin sa chás ina raibh go leor cloch i struchtúr an bhóthair cheana féin ach go raibh an bóthar tite as a chéile (bóithre portaigh a bhíonn i gceist go hiondúil).  Marcálacha ar bhóithre a athdhéanamh.

Deontais Cothabhála Athchóirithe / Athchóirithe Bhreise Le haghaidh cóiriú dromchla ar bhóithre réigiúnacha agus náisiúnta a bhfuil bail réasúnta orthu i gcónaí atá na deontais seo, agus tá siad beartaithe mar chothabháil choisctheach le déanamh cinnte nach dtagann meath ar an dromchla le go mbeadh móroibreacha deisiúcháin ag teastáil ina dhiaidh sin. Cuireadh deontais €1,982,500 ar fáil in 2020 chun cóiriú dromchla a chur ar bhóithre réigiúnacha agus náisiúnta. Bhíothas in ann cóiriú dromchla a dhéanamh ar 101.3 km de bhóithre ag 78 suíomh ar fud an chontae mar thoradh ar na deontais sin.

Deontas lánroghnach Cuireadh deontas lánroghnach €2,313,500 ar fáil in 2020 le haghaidh oibreacha feabhsúcháin agus cothabhála ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla ar fud an chontae. Cuimsíodh leis na hoibreacha a cuireadh i gcrích leis an deontas seo cothabháil ar bhóithre réigiúnacha/náisiúnta, oibreacha deisiúcháin ar bhóithre, cothabháil an gheimhridh, cothabháil ar dhroichid, marcálacha ar bhóithre, srl.

Deontas draenála Chuir an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt deontas sonrach €573,238 ar fáil in 2020 le haghaidh bearta feabhsúcháin draenála. Úsáideadh an cistiúchán seo chun oibreacha feabhsúcháin draenála a raibh géarghá leo a chur i gcrích ag 46 suíomh ar fud an chontae.

Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail Chuir an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cistiú ar fáil do Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail in 2020. D’íoc an deontas seo as oibreacha ar bhóithre náisiúnta den tríú grád den chuid ba mhó nach bhfuair mórán cistiúcháin thar na blianta. Bíonn an deontas seo ag brath ar chuid den chistiú a bheith á cur ar fáil ag an bpobal áitiúil. Fuair Comhairle Contae Shligigh leithdháileadh €730,000 in 2020 faoin gceannteideal seo le haghaidh oibreacha ag 24 suíomh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


129

Oibreacha feabhsúcháin sábháilteachta ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla Fuarthas deontas €270,000 in 2020 le haghaidh Oibreacha Feabhsúcháin Sábháilteachta i roinnt suíomhanna mar seo a leanas:  Sráidbhaile Bhaile an Tóchair

 R296 Baile an Mhóta

 Sráidbhaile Bhaile idir Dhá Abhainn

 Sráidbhaile Bhaile Uí Dhálaigh

 Cúirt Bhaile na Coille

 Scoil Náisiúnta na Cille Glaise

 Bóthar an Ghalltrumpa

 Goirtín

 Bóthar Chliabhraigh

Athshlánú Droichead Cuireann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt tacaíocht ar fáil gach bliain le haghaidh oibreacha deisiúcháin agus feabhsúcháin ar dhroichid, agus cuireadh méadú 25% le deontas 2020 go dtí €489,000 le hais 2019. In ainneoin na moille de dheasca shrianta Covid‑19, d’éirigh linn clár cuimsitheach athshlánaithe droichead a sheachadadh in 2020 lenar cuimsíodh deisiú agus athchóiriú 18 ndroichead. Rinneadh móroibreacha deisiúcháin in ionaid éagsúla, lena n‑áirítear:  Droichead Ruacháin, Baile an Tóchair  Droichead Ráth Dúna, Baile an Mhóta  Droichead Chluain Each, Goirtín  Droichead Frenchford, Cluain na Cúile agus  Roinn an tSrutháin, an Ghaobhach.

Droichead Achadh Gaid, an Ghráinseach – dromchla, ballaí saoirseachta agus ráillí uchtbhalla nua

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


130

Droichead Frenchford, Cluain na Cúile – Feabhra 2020

Droichead Frenchford, Cluain na Cúile – Meán Fómhair 2020

Deontais Feabhsúcháin ar leith R284 Cuireadh €212,000 i leataobh in 2020 chun ciumhaiseanna a leathnú agus a neartú ar an R284. In 2019 a tosaíodh ar an obair sin.

Tionscadail Lár na Cathrach (Deontais Feabhsúcháin ar leith) Bóthar ceangail Shráid an Bhurtúnaigh Tá sé beartaithe bóthar ceangail a thógáil idir Sráid an Bhurtúnaigh agus Bóthar an Chóiste Poist ó dheas ó lár na cathrach. Beidh an bóthar ceangail ina chuid de phlean mhór chun cuarbhealach timpeall ar lár na cathrach a spreagadh in ionad úsáid a bhaint as na sráideanna móra tráchtála i lár na cathrach. Foilsíodh ordú ceannaigh éigeantaigh i mí an Mhárta 2020 chun forbairt na scéime sin a chur chun cinn. Déanfar dul chun cinn ar an scéim in 2021, tar éis don Bhord Pleanála an t‑ordú ceannaigh éigeantaigh a dheimhniú.

Tionscadal Dhroichead Coisithe Markievicz Cosán taobh le Droichead Markievicz i lár chathair Shligigh atá sa scéim seo. Beidh an cosán ina ghné lárnach den straitéis iompair chomhtháite le haghaidh lár na cathrach. Ullmhaíodh na doiciméid seo a leanas chun dul chun cinn a dhéanamh ar stádas pleanála na forbartha seo:  Tuarascáil pleanála  Tuarascáil scagthástála MTT  Ráiteas tionchair Natura Meastar go gcuirfear aighneacht pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála in 2021. Tá ordú ceannaigh éigeantaigh á ullmhú freisin maidir leis na tailte atá riachtanach chun an struchtúr a thógáil.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


131

Tionscadal Feabhsúcháin Shráid Uí Chonaill Sráid Uí Chonaill – Céim 1: Cuireadh tús leis an tógáil le haghaidh Chéim 1 den tionscadal in Aibreán 2019. Cuireadh Céim 1 i gcrích ag deireadh 2020.

Sráid-dreach críochnaithe le haghaidh Chéim 1 de Thionscadal Feabhsúcháin Shráid Uí Chonaill, Sligeach

Cuireadh spás uirbeach ardchaighdeáin ar fáil faoi Chéim 1 den tionscadal lena mbaineann saintréithe uathúla, agus coinníodh sainghnéithe inaitheanta cultúrtha agus oidhreachta na sráide. Bhain an scéim an leas is fearr agus is féidir as naisc le limistéir coisithe eile laistigh de chroílár na cathrach. Tá an bhunchloch leagtha síos ag an tionscadal le haghaidh limistéar cathrach nua-aimseartha atá idir dhinimiciúil agus bheoga. Ba é an t‑éiteas dearaidh ón tús feabhas a chur ar an eispéireas do choisithe ar Shráid Uí Chonaill. Tugtar tús áite sa sráiddreach do choisithe seachas d’úsáid mótarfheithiclí i gcroílár na cathrach.

Sráid Uí Chonaill – Céim 2: In 2020 a rinne an soláthar le haghaidh Chéim 2, agus táthar ag súil go ndéanfar an obair thógála in 2021.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


132

Leagan amach beartaithe le haghaidh Chéim 2 de Thionscadal Feabhsúcháin Shráid Uí Chonaill, Sligeach

Leanfar i gCéim 2 d’úsáid a bhaint as na prionsabail dearaidh a cuireadh i bhfeidhm faoi Chéim 1. Faoi Chéim 2, leathnófar an sráid-dreach nua ar Shráid Uí Chonaill siar agus soir i dtreo Shráid Knox Íochtarach agus Shráid an Fhíona faoi seach. Faoin gcur chuige seo, ní bhraithfear an t‑aistriú ó shráid go sráid, rud a chuirfidh feabhas eile leis an eispéireas do choisithe. Soláthrófar acomhal uasghrádaithe faoi Chéim 2 (Sráid an Fhíona/Sráid Uí Chonaill/Sráid Knox Íochtarach) lena gcuimseofar trasrianta coisithe rialaithe nua. Cuirfidh an t‑acomhal nua bearta sábháilteachta níos fearr ar fáil le haghaidh úsáideoirí bóthair gan chosaint. Leanfaidh Céim 2 den nuálaíocht a chuimsiú trí bhearta suntasacha a ghlacadh chun freastal ar theicneolaíochtaí cliste a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo chun sonraí a mhalartú i limistéar na cathrach. Ina measc siúd, cuimsítear soláthar Wi-Fi ar an tsráid, sonraí comhshaoil fíor-ama a bhailiú, agus monatóireacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí coisithe agus tráchta.

Scéimeanna Feabhsúcháin Bóithre Straitéiseacha nach Bóithre Náisiúnta iad: Droichead Thoir na Garbhóige agus bóithre isteach chuige Le Scéim bheartaithe Droichead Thoir na Garbhóige agus bóithre isteach chuige, soláthrófar bóthar ceangail áitiúil ar an taobh thoir de Chathair Shligigh. Tá an scéim ag teastáil mar ní leor an gréasán bóithre atá ann cheana féin chun freastal ar an taisteal áitiúil idir limistéir thoir na cathrach gan gá a bheith ann dul trí lár na cathrach féin. Leis an bhforbairt seo, déanfar ceangal idir na pobail ó thuaidh agus ó dheas den Ghearbhóg, cuirfear feabhas ar shruth an tráchta, agus laghdófar an brú tráchta i lár na cathrach. D’fhaomh an Bord Pleanála an Ráiteas Tionchair Timpeallachta agus an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh le haghaidh na scéime seo. Cuireadh conradh i gcrích i mí na Nollag 2018 le haghaidh glanadh láithreáin agus fálta, rud a dhaingnigh na tailte ó thuaidh le haghaidh chéim na tógála. Tá imscrúduithe seandálaíochta agus imscrúduithe ar an talamh curtha i gcrích. Tá ceannach na talún ar siúl i gcónaí.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


133

Airíodh an scéim le haghaidh cistiú tógála sa Phlean Forbartha Náisiúnta reatha. Chuir Comhairle Contae Shligigh iarratas ar chistiú le haghaidh na scéime faoi bhráid na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil in 2018 faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha Uirbí. Fuarthas gealltanas ón Roinn in 2019 le haghaidh leithdháileadh €6 mhilliún ón gciste sin. Tá an Roinn Iompair tiomanta don scéim a chistiú freisin. Meastar go gcuirfear ullmhúchán na ndoiciméad mionsonraithe dearaidh agus tairisceana i gcrích in 2021, agus go gcuirfear tús leis an obair thógála in 2022.

Bóthar Dáileacháin an Iarthair, Céim 2 Bhí Bóthar Dáileacháin nua an Iarthair beagnach críochnaithe ag deireadh 2020, agus osclaíodh an bóthar don trácht in Eanáir 2021. Ceanglaíonn an bóthar seo Príomhbhealach Náisiúnta an N4 ag an gCealtrach agus Bóthar Roger Eames (Baile Uí Dhúgáin) agus ar aghaidh chuig an Bóthar an Leathrois R292, agus cuirfidh an bóthar nua feabhas mór ar an rochtain ar Pháirc Gnó Fhionasclainn. Cuimsítear na gnéithe seo a leanas leis an scéim:  2.0 km de charrbhealach aonair lena n‑áirítear haisteáil láir le haghaidh lánaí a bheidh ann amach anseo chun casadh ar dheis  Ciumhaiseanna le rotharbhealach 2 m agus cosán 2 m ar an dá thaobh den charrbhealach  Athailíniú ar 0.4 km de Bhóthar Dhoire Darach atá ann cheana féin  Droichead bóthair nua thar an líne iarnróid reatha idir Baile Átha Cliath agus Sligeach, agus  2 acomhal timpealláin chomhréidh ag Doire Darach Soláthrófar freisin rochtain ardchaighdeáin ar an bpáirc gnó atá beartaithe ag ÚFT ag Doire Darach agus ar thailte criosaithe siar ó dheas ó chathair Shligigh. Táthar ag súil freisin go gcabhróidh an scéim leis an mbrú tráchta a laghdú le linn na mbuaicthréimhsí ar an mBóthar Faoisimh Laistigh, Cnoc an Teampaill, agus Bóthar an Leathrois.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


134 Atkins Lavalin a dhear an scéim, agus SIAC Construction Ltd a rinne an obair thógála.

Bóthar Bhaile Uí Dhúgáin – Bóthar Roger Eames

Timpeallán an Mhachaire Bhuí ag breathnú soir i dtreo na Cealtraí (N4)

Timpeallán an Mhachaire Bhuí ag breathnú ó thuaidh i dtreo Bhaile Uí Dhúgáin

Droichead iarnróid nua

Timpeallán Pháirc Dhoire Darach (ÚFT) ag féachaint i dtreo Chathair Shligigh

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


135

MÓRSCÉIMEANNA AGUS MIONSCÉIMEANNA BÓTHAIR NÁISIÚNTA Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta i Sligeach (Oifig Tionscadail Shligigh) atá freagrach as seachadadh na mórscéimeanna agus na mionscéimeanna feabhsúcháin agus athailínithe bóithre náisiúnta go léir i gContae Shligigh. Is iad seo a leanas na scéimeanna atá á bhforbairt faoi láthair ag an Oifig Tionscadail, agus a ndearnadh dul chun cinn orthu in 2020.

Scéim Forbartha Bhóthar an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní

Tá Príomhbhealach Náisiúnta an N4 ar an bpríomhnasc idir-uirbeach idir Baile Átha Cliath agus Réigiún an Iarthuaiscirt. Cuimsíodh Tionscadal an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní in Cur leis an Téarnamh: Bonneagar agus Infheistíocht Chaipitiúil, 2016-2021 mar cheann de na príomhthosaíochtaí i gclár na mbóithre a thacóidh leis an bhfás eacnamaíoch. Aithníodh é sa Phlean mar cheann de na “bearnaí criticiúla” inár mbonneagar reatha ar gá é a uasghrádú. Ceann de na príomhthosaíochtaí faoin gCreat Náisiúnta Pleanála “Tionscadal Éireann 2040” is ea an bunriachtanas chun an rochtain idir lárionaid uirbeacha daonra agus a réigiúin a fheabhsú agus a uasghrádú, i gcomhthráth le tús a chur le fás dlúth ionad uirbeach. Tá sé sin ríthábhachtach chun acmhainneacht fáis na n‑ionad uirbeach réigiúnach (ionad uirbeach réigiúnach is ea Sligeach) agus an geilleagar ina iomláine a mhéadú an oiread is féidir. Tá seachadadh Scéim an N4 idir Cúil Mhuine agus Béal Átha na gCarraigíní liostaithe mar cheann de na príomhscéimeanna atá le seachadadh faoi Thoradh Straitéiseach 2, ‘Inrochtaineacht Réigiúnach Fheabhsaithe’, sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Soláthrófar díreach faoi bhun 14 km de Dhébhealach (Cineál 2) faoi scéim, mar aon le díreach faoi bhun 1 km de charrbhealach aonair ar an ngréasán bóithre náisiúnta, rud a cheanglóidh débhealach reatha an N4 ag Cúil Mhuine le Seachbhóthar an Chorrshléibhe, soir ó Bhéal Átha na gCarraigíní. Cuirfidh sé sin uasghrádú an N4 de réir caighdeáin nua-aimseartha i gContae Shligigh i gcrích. Cuirfidh an tionscadal seo feabhas mór ar shábháilteacht an stráice sin den bhóthar ar a bhfuair 30 duine bás le 40 bliain anuas nó mar sin. Tar éis an phróisis soláthair shrianta le haghaidh Oibreacha arna nDearadh ag an gConraitheoir, uasdátú Chás Gnó na Scéime, agus faomhadh ón gComh-Aireacht, dámhadh an conradh tógála le haghaidh na Scéime ar Roadbridge Ltd. i mí Feabhra 2019. Maireann an conradh 30 mí, rud a thugann an 21 Iúil 2021 mar an chéad dáta faoina bhféadfaí an obair a chur i gcrích nach mór. Lean an obair thógála ar aghaidh go dtí an chéad ráithe de 2020, ach dúnadh an láithreán ar feadh 7 seachtaine idir an 29 Márta agus an 18 Bealtaine 2020 mar thoradh ar phaindéim Covid‑19, de réir na dtreoirlínte ón Rialtas. Cuireadh tús arís leis an obair ar bhonn céimnithe nuair a athosclaíodh an láithreán arís i mí na Bealtaine 2020, i gcomhréir leis na treoirlínte ón Rialtas agus ó Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta, agus cuireadh leis na hoibreacha le himeacht ama. Rinneadh dul chun cinn seasta ar oibreacha sa chuid eile de 2020 agus sa chéad ráithe de 2021, agus níor dúnadh an láithreán faoi Shrianta Leibhéal 5 a fógraíodh go luath i mí Eanáir, i gcomhréir iomlán leis na treoirlínte agus na prótacail ó FSS maidir le Covid‑19.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


136

Radharc ón aer ag breathnú ó dheas i dtreo an timpealláin nuathógtha ag Béal Átha na gCarraigíní

Radharc ón aer ag breathnú ó thuaidh ó Thimpeallán Bhéal Átha na gCarraigíní agus na bóithre isteach chuige

Struchtúir Ceithre thardhroichead, sé fhodhroichead agus dhá dhroichead glanréise thar abhainn Dhroim Fionn agus abhainn Thuar na Lodán is gá a thógáil faoin tionscadal. Rinneadh dul chun cinn ar na struchtúir sin go léir in 2020 agus tá siad beagnach curtha i gcrích.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


137

Amharc siar ó thuaidh ag Struchtúr 1 ag Tobar Bríde.

Fodhroichead Dhúirle thar bhóthar áitiúil L-55015-0, ag breathnú soir (Ch. 3+400)

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


138

Tardhroichead Chnoc na gCruach a bheidh ina chuid de bhóthar áitiúil athailínithe an L-55016-0, ag breathnú ó thuaidh (Ch. 4+000)

Lintéir Ba ghá thart ar 50 lintéar mór a thógáil mar chuid den tionscadal freisin chun srutháin agus córais draenála a bhí ann cheana féin a cheangal le chéile. Rinneadh na lintéir sin a dhearadh agus a thógáil i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí agus le hIascaigh Intíre na hÉireann, agus cuireadh ceanglais go léir na gComhlachtaí Reachtúla sin san áireamh.

Radharc ón aer soir ó thuaidh ó Lintéar 0 atá á thógáil ag Tobar Scaineamháin a fhreastalaíonn ar an gcainéal amach as Loch Thobar Scaineamháin

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


139

Amharc soir ó thuaidh ó lintéar atá á thógáil sa Chlochóg Íochtarach chun freastal ar bhóthar garaíochta úinéara talún (is léir an maolú ar leaba an tsrutháin)

Cosán/rotharbhealach comhcheangailte Cuimsítear leis an tionscadal 3.4 km de chosán/rotharbhealach comhcheangailte a thógáil idir Tobar Bríde i gCúil Mhuine agus Dúirle. Rinneadh an suíomh a athdhearadh as líne le linn chéim an deartha mhionsonraithe chun áis a sholáthar atá níos cosúla le glasbhealach agus lena soláthrófar timpeallacht níos sábháilte lena mbainfidh luach taitneamhachta níos fearr. Cuireadh tógáil an ghlasbhealaigh sin i gcrích in 2020, agus raibh le déanamh i gcónaí ach an obair chun fabhtanna a chur ina gceart.

Amharc soir ó thuaidh ó lintéar atá á thógáil sa Chlochóg Íochtarach chun freastal ar bhóthar garaíochta úinéara talún (is léir an maolú ar leaba an tsrutháin)

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


140

Sealbhú talún agus tithe Ba ghá thart ar 450 acra talún a fháil go héigeantach faoin tionscadal, rud a chuaigh i bhfeidhm ar 135 úinéir talún agus 16 úinéir tí. Cuireadh na cásanna tí go léir i gcrích, agus níl ach ceithre chás talún le réiteach i gcónaí.

Dul chun cinn i láthair na huaire Cuireadh na hoibreacha glanta láithreáin i gcrích. Tá an draenáil roimh na hoibreacha créafóige agus na hoibreacha créafóige féin go léir beagnach críochnaithe. Tá beagnach 90% den obair críochnaithe maidir le draenáil bhuan an ghréasáin agus leis an atreorú fóntas. Tá na struchtúir beagnach tógtha, agus tá beagnach 95% den obair déanta. Tá thart ar 95% d’oibreacha tógála na dtaobh-bhóithre curtha i gcrích, agus tá deich gcinn den aon bhóthar áitiúil athailínithe déag oscailte don trácht anois. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar na hoibreacha cosán, agus tá 80% den obair déanta. Tá oibreacha cóiríochta le haghaidh úinéirí talún ar siúl, agus tá thart ar 45% den obair curtha i gcrích faoin am seo. Leanfar den tógáil in 2021. Agus dúnadh an láithreáin agus moill de dheasca Covid‑19 in 2020 agus na srianta breise agus an gá prótacail mhóra in aghaidh Covid‑19 a ghlacadh chun leanúint leis an obair go slán sábháilte á gcur san áireamh, meastar go mbeidh an bóthar nua oscailte don trácht sa tríú nó sa cheathrú ráithe de 2021.

Radharc ón aer soir ó thuaidh ón L-5502 tar éis é a oscailt don trácht faoi bhainistiú tráchta i mí Mheán Fómhair 2020

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


141

Radharc ón aer ó thuaidh ón acomhal ilairde ag Droim Fionn / Cluain Lorg ar bhóthar an L-1502 atá á thógáil

Bóthar Ceangail Comhthreomhar an Oirthir, agus rotharbhealach easbhóthair taobh leis, ag breathnú ó dheas (Ch. 1+450)

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


142

Bóthar Ceangail Comhthreomhar an Iarthair agus Bóthar Ceangail Comhthreomhar an Oirthir ag breathnú ó thuaidh (Ch. 2+100)

Ábhar gráinneach stroighniúil á leagan (Ch. 10+500)

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


143

N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine

Tá Tionscadal an N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine [Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh] (www.n17knockcollooney.ie) ag Céim 2 (Roghanna a Dhéanamh) de Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadail. Is é is cuspóir le Céim 2 féachaint ar roghanna malartacha chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha is fearr.

Ach feabhas a chur ar an N17 idir Cnoc Mhuire agus Cúil Mhuine, cuirfear feabhas ar an nascacht réigiúnach, rud a éascóidh geilleagar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus réigiún an Iarthuaiscirt trí chéile agus a thacóidh leis. Ar an ábhar sin, beidh acmhainn fáis ó bhonn ann i gcúrsaí fostaíochta mar aon le haschur eacnamaíochta níos fearr, rud a chuirfidh ar chumas Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh a bheith ag cur le Cósta an Oirthir atá faoi bhláth agus rogha eile a chur ar fáil. Tá an tionscadal á bhainistiú, á dhearadh agus á sheachadadh ag foireann thiomnaithe intí in Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta i Sligeach, agus tá foireann leathan saineolaithe ildisciplíneacha ar fáil ó thús 2020 chun tacú le foireann na hoifige.

Roghanna féideartha tosaigh (an ‘Liosta Fada’) agus Comhairliúchán Poiblí

Tar éis dianphróiseas dearaidh, leagadh amach thart ar 450 km de roghanna féideartha tosaigh (an Liosta Fada) i samhradh 2020 agus foilsíodh an liosta go poiblí an 6 Deireadh Fómhair 2020. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí neamhreachtúil idir an dáta sin agus an 15 Eanáir 2021, agus iarradh ar an bpobal aighneachtaí a chur isteach le linn na tréimhse sin. Cuimsíodh leis an bpróiseas comhairliúcháin láithreán gréasáin a bhaineann go sonrach leis an tionscadal a sheoladh, ábhar a fhoilsiú i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta, preasráitis i nuachtáin agus ar na meáin shóisialta, agallaimh ar an raidió áitiúil, fógraí ar an raidió áitiúil, cur i láthair don Ghréasán Rannpháirtíochta Poiblí, 2 dháta in óstán (thart ar 200 coinne), agus beagnach 500 comhrá ar an nguthán idir innealtóirí an tionscadail agus daoine sa phobal. Fuair an fhoireann tionscadail breis is 500 aighneacht le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Rinneadh athbhreithniú ar gach aighneacht, agus rinneadh iad a tharchur nuair ba ghá chuig saineolaithe éagsúla atá i mbun breithmheas comhshaoil (lena n‑áirítear, mar shampla, saineolaithe atá ag plé le Pobal, Réadmhaoin, Bithéagsúlacht, Uisce, Oidhreacht, srl.).

Láithreán gréasáin Thionscadal an N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine [Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh]

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


144

Liosta Fada na Roghanna i gContae Shligigh

Measúnú ar na réamhroghanna agus stádas reatha Tá measúnú (de chineál ilchritéar thar réimse staidéar ildisciplíneach) ar na réamhroghanna ar an liosta fada ar siúl i gcónaí. Meastar go reáchtálfar comhairliúchán poiblí neamhreáchtúil eile maidir leis na roghanna mionchoigeartaithe (an Liosta Gearr Roghanna) i samhradh 2021, agus go roghnófar Rogha na Tosaíochta faoi dheireadh na bliana 2021.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


145

Forbairt Bhóthar an N16 (Log an Tobair go Log na nGall) Chuir Foireann Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta de chuid Chomhairle Contae Shligigh Forbairt Bhóthar an N16 (Droim Chill Saileach go Log na nGall) tríd an gcéim dearaidh luaith agus na pleanála reachtúla. Anuas ar an bpróiseas dearaidh, ullmhaíodh measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ráiteas tionchair Natura. Rinneadh é sin tar éis próiseas roghnaithe bealaigh d’iomlán an N16 i gContae Shligigh, próiseas a cuireadh i gcrích in 2017. Nuair a bheidh an Scéim curtha i gcrích, bainfear ceann de na codanna is measa ó thaobh geoiméadrachta ar ghréasán na mbóithre náisiúnta i Sligeach. Cuimsítear leis athailíniú úrnua ar dhíreach os cionn 2.5 km de phríomhbhóthar náisiúnta, idir Bóthar an Druma (L3406-0) ar an taobh ó thuaidh go dtí díreach i ndiaidh an acomhail le Bóthar Ghleann an Chairthe (L3404-0). Laghdófar amanna aistir agus cuirfear feabhas ar an tsábháilteacht ar an mbealach, agus cuirfear feabhas freisin ar an inrochtaineacht le haghaidh úsáideoirí bóthair gan chosaint trí raonta rothar tiomnaithe a chur ar fáil.

Sealbhú talún agus tithe Dheimhnigh Comhairle Contae Shligigh an t‑ordú ceannaigh éigeantaigh don fhorbairt bóthair an 27 Lúnasa 2019. 23.8355 heicteár ar an iomlán a bhí i gceist, lenar cuimsíodh:    

41 ghrúpa faoin ordú 130 ceapach faoin ordú 51 úinéir ar leith, nó úinéir measta agus 3 léasaí aonair.

Cuimsíodh leis freisin múchadh 11 cheart slí poiblí agus 2 cheart slí phríobháideacha. Seirbheáladh an fógra gnóthaíochta i mí Feabhra 2020 agus glacadh seilbh ar na tailte ar fad le linn na bliana. Aontaíodh breis is 40% de na héilimh maidir le sealbhú talún freisin le linn 2020.

Réiteach Seandálaíochta Cheap Comhairle Contae Shligigh Archaeological Management Solutions (AMS) i samhradh 2020 chun réiteach seandálaíochta iomlán a dhéanamh ar an láithreán. Cuimsíodh leis na hoibreacha imscrúdaithe suirbhé geoifisiceach ar thart ar 9 heicteár agus breis is aon chiliméadar déag de thrinseáil thrialach seandálaíochta, rud a chabhraigh le seandálaithe teacht ar láithreáin seandálaíochta nua a bhí faoi cheilt faoin talamh leis na mílte bliain. Cuimsíodh freisin leis na hoibreacha suirbhé suirbhéanna lapadaíola seandálaíochta agus braite miotal ar shruthchúrsaí agus suirbhéanna ar an oidhreacht thógtha. Idir Meitheamh agus Nollaig 2020 a rinneadh na hoibreacha imscrúdaithe agus tochailte agus bhí suas le 30 seandálaí ag obair ar 15 láithreán éagsúla. Ar na rudaí ba shuntasaí a aimsíodh, bhí fál mór agus pailis (sconsa adhmaid) thart air atá suite in áit fheiceálach ar an taobh thiar de bhun Shliabh Cope i gCaisle Geala. Seans go dtéann an fál seo siar chomh fada leis an gCréumhaois nó leis an Iarannaois (idir 4,500 agus 1,500 bliain ó shin) agus b’fhéidir gur baineadh úsáid as le haghaidh ócáidí reiligiúnacha nó deasghnátha agus gníomhaíochtaí pobail tábhachtacha eile. Díoga fáinneacha a thugtar ar na séadchomharthaí adhlactha réamhstairiúla seo, agus aimsíodh díoga eile in aice láimhe (i gCaisle Geala agus i Log an Tobair) agus rinneadh tochailt orthu. Tugann siad léiriú ar thírdhreach inar cuireadh na mairbh agus inar tugadh urraim dóibh sa tréimhse réamhstairiúil. I measc rudaí tábhachtacha eile a aimsíodh, cuimsíodh foirgneamh a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an aimsir réamhstairiúil agus claiseanna déanta gualaigh. Aimsíodh gualach agus clocha dóite freisin, agus b’fhéidir gur léiriú iad sin ar áiteanna cócaireachta ársa.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


146

Radharc ón aer ar an bhfál réamhstairiúil agus sconsa adhmaid timpeall air i gCaisle Geala [grianghraf le caoinchead ó AMS]

Lann bhreochloiche a d’aimsigh seandálaithe ó fhoirgneamh adhmaid réamhstairiúil i Log an Tobair [grianghraf le caoinchead ó AMS]

Cuireadh na hoibreacha tochailte i gcrích ag deireadh 2020, agus tá oibreacha iar-thochailte ar siúl anois. Mar chuid de na hoibreacha sin, déanfar anailís eolaíoch ar ábhair sheandálaíochta agus ar nithe a fuarthas le linn na dtochailtí. Níl aon amhras ann ach go dtabharfadh torthaí na n‑oibreacha iar-thochailte léargais nua spéisiúla dúinn ar na láithreáin iontacha seo.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


147

Réamhoibreacha glanta agus fál sealadach Ceapadh P&D Lydon Contractors i mí na Samhna 2020 chun réamhoibreacha glanta láithreáin a dhéanamh lenar airíodh baint fálta sceach agus crann ar an talamh ar a dtógfar an bóthar. Ina theannta sin, cuireadh suas breis is 6 km d’fhál sealadach (cuirfear suas fál buan mar chuid den phríomhchonradh tógála). Mar thoradh ar na hoibreacha sin, i gcomhar leis an réiteach seandálaíochta, is féidir tosú ar phríomhoibreacha an tionscadail.

Glanadh láithreáin agus roinnt láithreáin réitigh seandálaíochta

Dearadh mionsonraithe agus príomhchonradh tógála Ceapadh JB Barry Transportation mar Shainchomhairleoirí Teicniúla do Chomhairle Contae Shligigh an 3 Feabhra 2020. Faoin gcoimisiún, ceanglaítear ar an sainchomhairleoir seirbhísí sainchomhairleora innealtóireachta a sholáthar don chliant i rith Chéim 5 (Cumasú agus Soláthar), Chéim 6 (Riar na Tógála) agus Chéim 7 (Cur i gCrích) de Threoirlínte Bainistíochta Tionscadal de chuid Bhonneagar Iompair Éireann. Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, agus Eamon Daly, Stiúrthóir Barry Transportation, a shínigh doiciméid an chonartha i láthair an Chomhairleora Gino O’Boyle, Leas-Chathaoirleach na Comhairle. Bhí baill na Foirne Tionscadail i láthair ag an síniú. I measc na gcomhairleoirí a bhí i láthair, bhí an Comhairleoir Tom Fox agus bhí a mháthair siúd an-ghníomhach ar feadh na mblianta i mbun feachtais ar son feabhsúchán ar an N16 agus í ina Comhairleoir ar Chomhairle Contae Shligigh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


148

Síniú dhoiciméid an Chonartha le haghaidh Mhionscéim an N16 ag Log an Tobair le Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, agus Eamon Daly, Stiúrthóir Barry Transportation, i láthair an Chomhairleora Gino O’Boyle, Leas-Chathaoirleach na Comhairle, agus na gComhairleoirí Dónal Gilroy, Tom Fox, Thomas Healy, agus Thomas Walsh, agus daoine ón bhFoireann Tionscadail ó Chomhairle Contae Shligigh

Rinne an dearadh mionsonraithe agus ullmhaíodh doiciméid an chonartha tógála in 2020. Tá athbhreithniú piaraí neamhspleách á dhéanamh ar na doiciméid sin faoi láthair roimh dhul ar aghaidh chuig foilsiú na tairisceana. Táthar ag súil (ag brath ar chistiú ó Bhonneagar Iompair Éireann) go bhféadfar dul ar aghaidh chuig céim na tógála sa chuid deiridh de 2021 nó go luath in 2022. Bhí teagmháil shuntasach le húinéirí talún i gceist leis na hoibreacha sin go léir. Iarrfar cead ó Bhonneagar Iompair Éireann in 2021 chun dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana le haghaidh obair thógála na scéime. Tá faisnéis bhreise ar an tionscadal le fáil ar www.sligococo.ie/n16lugatober.

Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4-N15 i Sligeach

Tar éis chur i gcrích Scéim Dhroichead Mhic Aoidh ar an N4, is é Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4-N15 i Sligeach an chéad chuid eile den N4-N15 atá á forbairt. Tá Oifig Thionscadail Shligigh i mbun Bainistíocht Tionscadail ar an Scéim seo agus fostaíodh Jacobs Engineering Ireland Ltd chun an Dearadh Mionsonraithe a dhéanamh, chun na doiciméid don phróiseas reachtúil a ullmhú, agus chun seirbhísí maoirseachta tógála a chur ar fáil. D’fhaomh an Bord Pleanála an Scéim seo i mí Feabhra 2018, agus cuimsítear leis leathnú agus athailíniú Phríomhbhóthar Náisiúnta an N4/N15 ón taobh ó thuaidh de Dhroichead Mhic Aoidh go dtí ó thuaidh ón acomhal le Bóthar an Rois, mar aon le huasghrádú ar acomhail Bhóthar an Rois, Shráid na Lachan agus Bhóthar Markievicz. Cuid den Scéim freisin is ea uasghrádú Dhroichead Abhainn an Chopair mar aon le ballaí coinneála suntasacha, bonneagar Uisce Éireann, agus uasghráduithe ar fhóntais éagsúla. Ina theannta sin, déanfar líon iomlán de 13 acomhal ar an mBóthar Faoisimh Laistigh agus ar an nGréasán Bóithre Áitiúla/Réigiúnacha cóngaracha a uasghrádú go Córas Rialaithe Tráchta Uirbigh, agus cuimseofar ann an

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


149 teicneolaíocht is nuaí le haghaidh soilse tráchta agus cumarsáid snáthoptaice. Úsáidfidh an Córas Cliste Iompair seo sonraí fíor-ama ó bhraiteoirí feithiclí le go bhféadfadh na soilse tráchta éagsúla labhairt le chéile agus cinntí ‘cliste’ a ghlacadh, rud a chuirfidh barr feabhais ar an sruth tráchta. Tá thart ar 4 heicteár talún (ceapacha sealadacha san áireamh) san iomlán á fháil le haghaidh na scéime seo. Eisíodh an fógra gnóthaíochta do na húinéirí talún an 27 Meitheamh 2018, agus bhíothas in ann tús a chur leis an bhfáil talún le haghaidh na Scéime ansin. Tá caibidlíocht ar siúl i gcónaí maidir leis an bhfáil talún, agus tá formhór na gcásanna curtha i gcrích. Leanfar den phróiseas in 2021. Dámhadh an conradh tógála ar Fox Building & Engineering Ltd. tar éis próiseas soláthair le haghaidh an phríomhchonraitheora tógála, agus cuireadh tús leis an obair thógála ar an láithreán i mí Mheán Fómhair 2019. Lean an obair thógála ar aghaidh go dtí an chéad ráithe de 2020, ach dúnadh an láithreán ar feadh 7 seachtaine idir an 29 Márta agus an 18 Bealtaine 2020 mar thoradh ar phaindéim Covid‑19, de réir na dtreoirlínte ón Rialtas. Cuireadh tús arís leis an obair ar bhonn céimnithe nuair a athosclaíodh an láithreán arís, i gcomhréir leis na treoirlínte ón Rialtas agus ó Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta, agus cuireadh leis na hoibreacha le himeacht ama. Tá an bhainistíocht tráchta ina príomhghné den Scéim seo mar gheall ar a suíomh áit a dtagann 3 Phríomhbhóthar Náisiúnta le chéile. Bíonn ceann de na bóithre sin, an N4, in úsáid ag 25,000 feithicil ar an meán in aghaidh an lae sa bhliain. Rinneadh dul chun cinn mór i ndáil le tógáil na scéime go dtí seo, agus tá na hoibreacha ar na 7 struchtúr ainmnithe, Droichead Abhainn an Chopair san áireamh, ag druidim chun deiridh. Rinneadh dul chun cinn maith freisin ar leathnú agus ar athailíniú an phríomh-charrbhealaigh, agus ar uasghrádú agus ar atreorú na n‑acomhal bóthair ag Bóthar an Rois, Sráid na Lachan agus Bóthar Markievicz, agus tá lorg nua-dheartha na n‑acomhal sin leagtha amach anois. Ar aon gcaoi chéanna, tá dul chun cinn maith déanta freisin ar na huasghráduithe móra ar fhóntais tríú páirtí agus na malairtí slí a bhaineann leo sin agus ar shuiteáil Bhonneagair Chaipitiúil nua straitéiseach de chuid Uisce Éireann. Tá an Córas Rialaithe Tráchta Uirbigh agus an líonra cumarsáide gaolmhar á suiteáil freisin. Meastar go mbeidh na hoibreacha tógála foriomlána curtha i gcrích go luath sa tríú ráithe de 2021.

Forléargas ar an láithreán

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


150

Forléargas ar shuiteáil lintéar Bhóthar an Chopair ag breathnú soir ón sruth éalaithe ag Acomhal Bhóthar an Rois - aonaid choincréite réamhtheilgthe á n‑ardú ag craein

Forléargas ar an láithreán ag breathnú ó thuaidh díreach ó thuaidh ó acomhal Shráid na Lachan - Lintéir Abhainn an Chopair le feiceáil ag dul trasna an N15 ón N15 ag breathnú ó dheas

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


151

Bunsraith le haghaidh balla coinneála ó thuaidh ó Dhroichead Mhic Aoidh ar thaobh an inbhir (thiar), ag breathnú ó dheas

Oibreacha pábhála ar lána ó thuaidh an N15, ag breathnú ó dheas

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


152

Scéim Feabhsúcháin Bhóthar an N59 ón gCorrthamhnach go Cnoc an Chuilinn – forbairt pleanála Tar éis chur i gcrích chéimeanna na Féidearthachta agus na Srianta, tá an tionscadal seo ag dul trí Chéim 2 (Roghnú Roghanna) de Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadal. Athailíniú an N59 idir an Chorrthamhnach agus Cnoc an Chuilinn atá i gceist leis an Scéim. Tá bainistíocht tionscadail á déanamh ar an Scéim seo ag Oifig Tionscadal Shligigh, agus is í an Oifig na Príomhdhearthóirí Bóthair agus PSDP le haghaidh na Scéime freisin. Tá Céim 2 (Roghanna a Dhéanamh) den tionscadal ar bun faoi láthair de réir Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadail. Bhí comhairliúchán leis an bpobal agus teagmháil le húinéirí talún i gceist leis an bpróiseas, mar aon le hionchur speisialaithe comhshaoil, innealtóireachta agus eacnamaíochta sa dearadh. Cuireadh an bealach is dealraithí a roghnófar ar taispeáint go poiblí i mí na Nollag 2019 agus i mí Eanáir 2020. Tá an Oifig Tionscadal ag súil leis an Scéim seo a thabhairt go dtí Céim 3 (Dearadh agus Measúnú Timpeallachta) de Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadail in 2021.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


153

PÁIRCEANNA AGUS ÁINEAS Aithníonn Comhairle Contae Shligigh a thábhachtaí atá soláthar leordhóthanach spásanna oscailte atá suite go háisiúil ar fud na cathrach. Mealltar daoine le cur fúthu, dul i mbun oibre, teacht ar cuairt, agus infheistíocht a dhéanamh i limistéir ina bhfuil bonneagar áineasa glas ardchaighdeáin ar fáil. Leag an phaindéim béim ar a thábhachtaí atá an bonneagar seo, ní hamháin chun críocha áineasa ach ar mhaithe lenár sláinte agus lenár sábháilteacht chomh maith. Leanann Comhairle Contae Shligigh d’fhorbairt páirceanna agus bonneagair áineasa do Shligeach a chur chun cinn agus d’infheistíocht a dhéanamh ann. Bíonn dúshláin ag baint leis an soláthar cistiúcháin le haghaidh bonneagar agus cothabháil páirceanna, ach tá na comhaltaí tofa agus an fhoireann feidhmiúcháin tiomanta i gcónaí do bhonneagar glas ardchaighdeáin a fhorbairt agus a chothabháil. Leanfaidh an tSeirbhís Páirceanna, i gcomhairliúchán agus i gcomhar leis an bpobal, d’fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar áilleacht na timpeallachta áitiúla. Lean an tSeirbhís Páirceanna de bhainistiú agus de chothabháil a dhéanamh ar réimse áiseanna atá ag dul i méid, lena n‑áirítear Páirc Dhúirle, Páirc Réigiúnach Chliabhraigh, Páirc Chnoc an Dúin, Páirc Mitchell Curley, Faiche an Aonaigh, Páirc Radharc na Mara, Promanáid Chéide Radharc na Mara, Salmon Point agus Faiche an Aonaigh. Anuas ar na páirceanna, agus le fáil i gcuid díobh, tá 11 pháirc imeartha, 6 áit súgartha, 6 MUGA, trealamh aclaíochta faoin spéir, cosáin agus rianta siúlóide/bogshodair/rothaíochta, limistéir áineasa, réimse limistéar tírdhreachaithe uirbeacha, 33 acra de spás oscailte atá tírdhreachaithe agus forbartha i bpáirt, agus 290 acra de spás oscailte neamhfhorbartha lena gcuimsítear coillearnach agus cosáin agus talamh féaraigh talmhaíochta neamhfhorbartha. Cuimsítear leis an obair chothabhála a rinne Rannóg na bPáirceanna i limistéir spáis oscailte gníomhaíochtaí amhail baint féir, bailiú bruscair, cothabháil agus feabhas ar limistéir thírdhreachaithe, cothabháil ar sconsaí, bainistiú agus cur crann, agus cothabháil ar shéadchomharthaí agus ar throscán páirceanna, agus leanadh de na gníomhaíochtaí sin go léir in 2020.

Bithéagsúlacht

Chruthaíomar roinnt cluainte bláthanna fiáine taobh le bóithre agus i bpáirceanna. Cuimsítear leis sin bláthanna fiáine a chur agus limistéir féir a bhainistiú trí theorainn a chur leis an líon uaireanta a bhaintear an féar sa bhliain. Déantar limistéir eile a bhainistiú de réir an mhana “Ná bain an féar – bíodh sé ag fás”. Mar thoradh ar an bhféar a bhaint níos déanaí san earrach agus go luath sa samhradh, tá borradh faoi bhláthanna áirithe, an caisearbhán go háirithe. Tá bláthanna fiáine ag fás go nádúrtha taobh le roinnt cosán srl. Chuireamar freisin leis an méid plandaí a thaitníonn le pailneoirí a bhíonn á gcur i nGairdín na mBeach againn. Ligeamar don tsaileach agus don aiteann teacht chun cinn agus leathnú amach i limistéir chuí sna páirceanna agus sna spásanna oscailte. Plandaí is mó a thaitníonn leis na pailneoirí a chuireamar inár mboscaí bláthanna uirbeacha – antairíneam, lus buí Francach, tormán léana, cosmos srl – agus chuireamar crainn dhúchasacha óga lena n‑áirítear an cárthann agus an donnroisc. Chuireamar leis an méid bláthanna san earrach agus go luath sa samhradh sna páirceanna agus ar thaobh an bhóthair, lena n‑áirítear níos mó bláthanna a thaitníonn le pailneoirí amhail dáthabha dubh, plúirín sneachta, cróch, hiasaint agus cineálacha allium.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


154

Saoráidí Is é seo a leanas liosta de na Páirceanna go léir mar aon leis na háiseanna i ngach páirc a bhíonn á mbainistiú agus á gcothabháil ag an Rannóg Páirceanna:

Páirc/Limistéar Taitneamhachta

Saoráidí • • • • •

1 Pháirc Rugbaí 1 Pháirc CLG 1 Chúirt Leadóige 1 Láthair Bollaí Conairí siúlóide/bogshodair/rothaíochta (tuilsoilse)

• • • • •

1 Pháirc Sacair MUGA Páirc Spraoi Conairí siúlóide/bogshodair/rothaíochta (tuilsoilse) Suíocháin

• • • • • • •

1 Pháirc Sacair 1 Pháirc CLG MUGA Cúirt boules Giomnáisiam Allamuigh agus Conair Páirc Spraoi Conairí siúlóide/bogshodair

Suíocháin

• • • • •

2 Pháirc Sacair 1 Pháirc CLG Seomraí gléasta in aice na páirce imeartha MUGA 2 Chúirt Chispheile (Tuilsoilse)

Conair siúlóide/bogshodair

• •

1 Pháirc Sacair MUGA

Páirc Spraoi

Páirc Seán Fallon

1 Pháirc Sacair

Áit súgartha do leanaí óga

Páirc Spraoi

Páirc Eachtraíochta Hillside

Páirc Spraoi

M.C.R. Ionad Pobail

Páirc Spraoi

Páirc Bhaile Uí Theimhneáin

MUGA

Promanáid Chéide Radharc na Mara

Limistéar taitneamhachta

Salmon Point

Limistéar taitneamhachta

Páirc Réigiúnach Chliabhraigh

Páirc Dhúirle

Páirc Mitchell Curley

Páirc Uí Bhaoill

Páirc Radharc na Mara

Faiche an Aonaigh

MUGA

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


155

Páirceanna imeartha Leanann an Rannóg Páirceanna de mhaoirseacht agus rialáil a dhéanamh ar bhainistiú, cothabháil, cur in áirithe, agus ligean ar cíos an 11 pháirc imeartha i mBaile Shligigh. Tá páirceanna ardchaighdeáin sacair, CLG agus rugbaí ar fáil do chlubanna, eagraíochtaí agus scoileanna ar fud Shligeach lena dtógáil ar cíos. Freastalaíodh ar chlubanna spóirt agus ar ghrúpaí éagsúla agus cuireadh na páirceanna imeartha ar fáil an oiread agus ab fhéidir. Áirítear ardchaighdeán na bpáirceanna imeartha ó cheann ceann na bliana le córas leanúnach cothabhála páirceanna ardchaighdeáin lena n‑áirítear baint rialta an fhéir, draenáil dromchla, rialú fiailí, leasú, agus scraith a chur.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


156

SEIRBHÍSÍ UISCE Bíonn Seirbhísí Uisce Chomhairle Contae Shligigh ag feidhmiú faoi Chomhaontú Leibhéal Seirbhíse le hUisce Éireann atá i bhfeidhm ó Eanáir 2014. Bliain mhór arís eile ab ea 2020 do na Seirbhísí Uisce, sa Rannóg Oibriúcháin agus sa Rannóg Chaipitil araon. Ba iad na réimse seo thíos na rudaí ba mhó lena raibh an rannóg ag plé i rith na bliana.  Soláthar agus cothabháil leanúnach uisce óil agus seirbhísí fuíolluisce den chéad scoth ar bhonn laethúil do mhuintir Shligigh i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe le hUisce Éireann.  Forbairt leanúnach tionscadal bonneagair uisce agus fuíolluisce i Sligeach i gcomhpháirtíocht le hUisce Éireann.  Cur i bhfeidhm leanúnach an tionscadail “Aimsigh agus Deisigh” atá á chistiú ag Uisce Éireann chun laghdú mór a bhaint amach ar sceitheadh.  Bainistíocht leanúnach saincheisteanna “Athraigh” de chuid Uisce Éireann. I dteannta roinnt tionscadail bheaga, ba iad seo a leanas na mórthionscadail a bhí ag dul ar aghaidh nó a críochnaíodh sna Seirbhísí Uisce, i gcomhar le hUisce Éireann, in 2020:  Uasghráduithe ar ionaid cóireála fuíolluisce Thobair an Choire, na Gráinsí, an Leathrois, agus Bhéal an Átha Fada – curtha i gcrích go luath in 2020  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt – curtha i gcrích in 2020  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Uisce Phluais an tSionnaigh, Céim 2 – le cur i gcrích go luath in 2021  Uasghrádú ar Ionad Cóireála Fuíolluisce i mBaile an Mhóta agus i gCúil Mhuine – le cur i gcrích go luath in 2021  Oibreacha ar Líonra Séarachais an Rois go dtí Cóireáil Fuíolluisce Chathair Shligigh – tá sé beartaithe tús a chur leis an tógáil i dtreo dheireadh na bliana 2021.

An Clár Uisce Tuaithe Gníomhaíonn Seirbhísí Uisce mar éascaitheoir maidir le seachadadh, feabhsú, agus cothabháil leanúnach an Chláir Uisce Tuaithe atá á chistiú ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil (an Clár Uisce Tuaithe, 20192021). Ceadaíodh cistiú €2,000,428 do Chomhairle Contae Shligigh le caitheamh ar 43 scéim sa tréimhse sin. Lean Comhairle Contae Shligigh de bheith ag obair le scéimeanna maidir lena leithdháileadh faoin gClár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil agus na híocaíochtaí fordheontais a leithdháiltear.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


157

Ionad Cóireála Uisce Loch Tailt

Ionad Cóireála Fuíolluisce an Leathrois

Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhéal an Átha Fada

Ionad Cóireála Fuíolluisce Thobar an Choire

Ionad Cóireála Fuíolluisce na Gráinsí

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


158

CÉANNA, CALAFOIRT AGUS COSAINT AN CHÓSTA Calafort Shligigh Tá Calafort Shligigh ar an aon chalafort amháin i mbun oibre idir Gaillimh agus Doire. Is iad sleaic, adhmad (lomáin agus laíon) agus min éisc príomhlasta an chalafoirt. Meastar go mbeidh thart ar 20 long tar éis teacht i dtír ag Calafort Shligigh faoi dheireadh 2020 agus dealraíonn sé go dtiocfaidh méadú ar an líon long in 2021.

Lomáin á lódáil ag an gcé dhomhain

Áiseanna loingseoireachta Tá Comhairle Contae Shligigh freagrach as a chinntiú go bhfuil na háiseanna loingseoireachta go léir sa chainéal isteach go Calafort Shligigh i riocht oibre i gcónaí. Áirítear ina measc:  29 áis loingseoireachta a bhfuil solas orthu  7 gcuaille gan solas sa chainéal féin Mar chuid den chonradh bliantúil, déanann Triur Construction Ltd. monatóireacht agus cothabháil ar na háiseanna loingseoireachta go léir thar ceann Chomhairle Contae Shligigh. Bhí go leor de na háiseanna loingseoireachta sin breis is 15 bliana d’aois agus ní raibh cuid acu iontaofa a thuilleadh. Ar an ábhar sin, thug Triur Construction Ltd. faoi chlár iomlán athsholáthair i dtreo dheireadh na bliana 2020. Tá na soilse sin go léir iontaofa go hiomlán anois agus rinne Coimisinéirí Soilse na hÉireann cigireacht orthu go léir.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


159 Tá Comhairle Contae Shligigh freagrach as na struchtúir seo a leanas freisin:  an Fear Miotail  Baoi Bungar  Teach Solais na Ros Íochtarach  Teach Solais Oileán na nOisrí Rinneadh oibreacha móra deisiúcháin ar an bhFear Miotail in 2020.

Teach Solais na Ros Íochtarach – athchóiríodh na feistis soilse in 2020

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


160

Pontún ar snámh Tá an pontún ag Cé an Bhallasta ag Calafort Shligigh le fáil lena úsáid ag úinéirí bád fóillíochta agus ag a gcriú. Is le Comhairle Contae Shligigh an pontún, agus is í an chomhairle a dhéanann é a bhainistiú agus a fheidhmiú. Tá an pontún 60 m ar fhad, agus is féidir le gach bád fóillíochta ón gceantar féin nó ar cuairt ann é a úsáid le haghaidh turais lae, tréimhsí gearrthréimhseacha nó beartanna fada. Is féidir le báid fóillíochta dul i mbeart go slán sábháilte i gcóngar na cathrach, rud a chuireann le hacmhainneacht

Shligigh

ó

thaobh

na

turasóireachta de. Cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara 75% den chistiú ar fáil le haghaidh oibreacha cáilitheacha athshlánaithe agus deisiúcháin ar chéanna agus ar chalafoirt i Sligeach. Thacaigh an Roinn leis na tionscadail seo a leanas in 2020.

Cé Eachrois: Oibreacha neartaithe cheann na cé – druileáil agus grútáil barraí cruach isteach sa bhuncharraig

Ina measc siúd, bhí:  Cé Eachrois – móroibreacha neartaithe ar cheann na cé  Cuan na Srithidí – mionoibreacha deisiúcháin agus feabhsúcháin.

Cosaint an chósta Tá Aonad na Mara agus na Struchtúr de chuid Chomhairle Contae Shligigh i mbun staidéar agus oibreacha a bhaineann le cosaint na timpeallachta ar an gcósta le blianta fada anuas. Ag brath ar an gcás ar leith agus na dúshláin atá i gceist, baineadh leas as réitigh bhoginnealtóireachta agus chrua-innealtóireachta araon chun an cósta a chosaint. Bhronn Oifig na nOibreacha Poiblí deontas ranníocach ar Chomhairle Contae Shligigh ag deireadh na bliana 2020 chun cabhrú le bearta cosanta a shuiteáil ar an mbealach isteach chuig an dara trá ag an Ros. Tá sé beartaithe an tógáil a dhéanamh in earrach 2021.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


161

CÁILÍOCHT AN UISCE, TRUAILLIÚ AEIR & TRUAILLIÚ DE DHEASCA TORAINN Bainistíocht Dobharcheantair Is í an Chreat-Treoir Uisce ón Aontas Eorpach an phríomhreachtaíocht a bhaineann le cosaint cháilíocht an uisce dromchla, an screamhuisce, an uisce taoide agus an uisce cósta in Éirinn. Tá obair ar siúl ar bhonn náisiúnta ar an dara timthriall de chur chun feidhme na Treorach in Éirinn. D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil an Plean Bainistíochta Abhantrach d’Éirinn, 2018-2021, i mí Aibreáin 2018. Faoi fhorálacha an Phlean, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí comhordú a dhéanamh ar a mbeartais, a bhfeidhmeanna agus a n‑oibríochtaí chun dobharlaigh a bhfuil dea-stádas acu anois a chothabháil agus chun feabhas a chur ar dhobharlaigh nach bhfuil sásúil faoi láthair. Bíonn ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla chun cláir na mbeart atá sonraithe sa Phlean a chur i bhfeidhm ina limistéar feidhme. Tá comhairliúchán ar siúl freisin agus é mar aidhm leis Plean Náisiúnta Bainistíochta Abhantraí nua a sheachadadh don tríú timthriall de chur chun feidhme na Creat-Treorach Uisce. Déanfar comhairliúchán mór leis an bpobal agus le gníomhaireachtaí stáit eile chun an plean bainistíochta nua a tháirgeadh. Lean Comhairle Contae Shligigh den chaidreamh leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus le gníomhaireachtaí stáit eile in 2020 maidir le cur i bhfeidhm an phlean reatha agus ullmhú an phlean náisiúnta nua. Cuireadh coistí bainistíochta agus oibriúcháin ar bun, agus ghlac Comhairle Contae Shligigh páirt ghníomhach i bpróiseas an chur chun feidhme in 2020. Ar bhonn náisiúnta, cuirtear an bhéim ar bhainistíocht chomhtháite dobharcheantair agus baineann sé go príomha leis na limistéir shonracha oibre seo a leanas, ar tugadh tús áite dóibh i gcónaí in 2020:  Ceadúnú agus forfheidhmiú sceití eisiltigh ó fhoinsí trádála agus teaghlaigh isteach in uiscí faoin Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977, arna leasú.  Moltaí pleanála inrochtana le aghaidh forbairtí teaghlaigh, tráchtála, talmhaíochta agus foraoiseachta i dtéarmaí an tionchair ar an gcomhshaol, le tagairt ar leith do chosaint cháilíocht an uisce.  An Plean Cigireachta Náisiúnta a chur chun feidhme le haghaidh córais cóireála fuíolluisce tí mar atá foilsithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, agus cur chun feidhme na nósanna imeachta cigireachta a tugadh isteach le déanaí le haghaidh córais cóireála fuíolluisce tí i nDobharcheantair Ardstádais agus Limistéir Gnímh Tosaíochta atá sonraithe sa Phlean Náisiúnta Bainistíochta Abhantraí.  Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2017 (I.R. Uimh. 605 de 2017), arna leasú, a chur chun feidhme.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


162  Freagairt do ghearáin agus do cheisteanna a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil ginearálta, cáilíocht an uisce, agus cúrsaí pleanála.

Uisce Ólacháin Is le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014 agus 2017, a rialaítear cáilíocht an uisce óil in Éirinn. Sainmhínítear sa reachtaíocht cé na paraiméadair a thástáiltear, agus minicíocht na monatóireachta. Rinneadh monatóireacht in 2020 ar gach soláthar uisce poiblí, gach grúpscéim uisce agus gach soláthar príobháideach beag i gcomhréir leis na ceanglais reachtúla agus leis na ceanglais atá leagtha síos ag Uisce Éireann nuair is ábhartha. Chuaigh Comhairle Contae Shligigh i dteagmháil le hUisce Éireann maidir le neamhchomhlíonadh/fadhbanna i ndáil le huisce óil, agus rinne an Chomhairle bainistíocht ar a gclár monatóireachta agus ar thuairisciú na dtorthaí maidir le huisce óil. Lean Comhairle Contae Shligigh de ghníomhú mar an t‑údarás maoirseachta i ndáil leis an soláthar uisce trí ghrúpscéimeanna uisce agus soláthairtí príobháideacha beaga, agus rinne an Chomhairle bainistíocht ar mhonatóireacht na ngrúpscéimeanna agus na soláthairtí in 2020 lena chinntiú go raibh ceanglais na Rialachán Uisce Óil á gcomhlíonadh. Chuaigh Comhairle Contae Shligigh i dteagmháil le FSS maidir le neamhchomhlíonadh i ndáil le huisce óil. Bhí srian ar an leibhéal oibre a rinneadh ar sholáthairtí neamhrialaithe in 2020 de dheasca srianta ar acmhainní.

Uisce Snámha Chomhlíon Comhairle Contae Shligigh ár gceanglais reachtúla i ndáil leis na Rialacháin maidir le hUisce Snámha mar a léirítear thíos:  Uiscí snámha a aithint  Ullmhú agus bainistiú an chláir monatóireachta bhliantúil  Bainistiú, measúnú agus tuairisciú na dtorthaí maidir le huisce snámha  Bainistíocht teagmhas i ndáil le huisce snámha  Tuairisceáin uisce snámha a chur ar ais chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC). D’aithin Comhairle Contae Shligigh cúig thrá go foirmiúil in 2020 faoi na Rialacháin um Uisce Snámha, 2008:  An Ros  Inis Crabhann  An Mullach Mór  An tSrithideach  Dún Móráin.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


163 Rinneadh monatóireacht ar an uisce snámha ag na 5 thrá in 2020, agus rinneadh monatóireacht ar thrá an Leathrois freisin. Cuireadh torthaí na monatóireachta ar taispeáint go poiblí ag gach ceann de na tránna agus ar láithreán gréasáin na Comhairle i rith an tséasúir snámha. Cuireadh iarratas faoi bhráid an Taisce chun Bratach Ghorm agus Dámhachtain Cósta Ghlais a fháil.

Cuireann Pete, ár nOifigeach Sábháilteachta Uisce, agus beirt dár ngardaí tarrthála, fáilte roimh an mBratach Ghorm ag an Ros in 2020

Bratach Ghorm / Gradam an Chósta Ghlais Tá cósta Shligigh ina chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus tá tránna iontacha gan mhilleadh ann ag bun sléibhte mórthaibhseacha. Bhronn an Taisce Bratach Cósta Ghlais ar 3 thrá i Sligeach in 2020 (an tSrithideach, Dún Móráin agus an Ros), agus bronnadh Bratach Ghorm ar thrá amháin (an Ros) freisin. Ní bhfuair ach 5 thrá sa tír an dá bhratach in 2020, agus bhí Trá an Rois i Sligeach ar cheann de na tránna a bhain amach idir Bhratach Ghlas agus Bhratach Ghorm. Chomhlíon an Ros critéir na Brataí Goirme go léir maidir le cáilíocht an uisce, acmhainní le haghaidh cuairteoirí, bainistíocht trá, oideachas comhshaoil, agus soláthar faisnéise. Ina theannta sin, chomhlíon an trá ceanglas na Brataí Glaise maidir le rannpháirtíocht an phobail i mbainistíocht an láithreáin. Bhí 2020 ar cheann de na blianta ba ghnóthaí ar ár dtránna, agus tháinig daoine ina sluaite chuig na tránna go léir sa samhradh. Srianta Covid‑19 agus saoire sa bhaile ba chúis leis sin go príomha, mar aon leis an dea-aimsir.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


164

Bhronn an Taisce Bratach Ghlas ar Thrá Dhún Móráin

Bhronn an Taisce Bratach Ghlas ar Thrá na Srithidí

Bhronn an Taisce Bratach Ghlas agus Bratach Ghorm ar Thrá an Rois

Sábháilteacht Uisce Chuir Comhairle Contae Shligigh gardaí tarrthála ar fáil i rith an tséasúir snámha in 2020 ar na tránna in Inis Crabhann, Dún Móráin, an tSrithideach, agus an Ros, mar aon le maor trá ag an Leathros. Níor cuireadh aon gharda tarrthála ar fáil ar an Mullach Mór mar gheall ar imní leanúnach ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de. Cuireadh trealamh tarrthála poiblí ar fáil in áiteanna eile gar don uisce freisin. Tógtar isteach cuid den trealamh sin sa gheimhreadh, ach bíonn cuid mhór den trealamh ar fáil i rith na bliana ar fad. Déantar cigireacht thréimhsiúil air, agus déantar é a dheisiú nó a athsholáthar faoi mar is gá má fheictear go bhfuil drochbhail air nó gur cuireadh isteach air nó gur tógadh ón láthair é. Crochadh fógraí rabhaidh bhreise i roinnt áiteanna freisin mar thoradh ar an líon níos mó daoine a úsáideann na fóntais sin. Chuamar i dteagmháil freisin le Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus leis an gCoiste Sábháilteachta Uisce áitiúil, agus le roinnt páirtithe leasmhara eile, maidir le saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht uisce.

Aibhneacha agus Locha Rinne Comhairle Contae Shligigh bainistíocht agus maoirseacht ar an gclár monatóireachta lochanna agus thug an Chomhairle faoin monatóireacht ar aibhneacha i gcomhréir leis an gClár Monatóireachta Náisiúnta de chuid GCC.

Loch Bó

Loch Uí Ghadhra

Loch Gile

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


165

Rialú torainn Cuireann an Rannóg Comhshaoil comhairle agus faisnéis ar fáil maidir le torann ó thithe cónaithe agus ó áitribh thráchtála faoin Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992.

Cáilíocht an Aeir Leanann an Rannóg Comhshaoil de 1 Cheadúnas amháin um Thruailliú Aeir a fhorfheidhmiú. Cuireadh i gcrích suiteáil mhonatóir GCC le haghaidh cháilíocht an aeir ar an mbóthar faoisimh laistigh in 2020, agus ceannaíodh roinnt monatóirí níos lú le haghaidh cháilíocht an aeir chun tacú leis sin. Cuireadh iad sin lasmuigh d’oifigí Chomhairle Contae Shligigh agus i gceantar an Chrainn Mhóir, agus leanfar de shonraí a bhailiú ar cháilíocht an aeir sna ceantair sin. Úsáidfear na sonraí sin chun bonn eolais a chur faoi fheachtais faisnéise poiblí maidir lena thábhachtaí atá aer ar cháilíocht mhaith. Tá sé i gceist againn freisin dul ag obair as lámha a chéile le hinstitiúidí tríú leibhéal amach anseo chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as na sonraí atá ar fáil.

Cosc ar bhreoslaí deatúla Thug an Roinn rialacháin nua isteach in 2012 lenar fairsingíodh an limistéar srianta maidir le breoslaí deatúla (gual biotúmanach) a chur ar an margadh, a dhíol agus a dháileadh. Faoi na rialacháin sin, cion is ea an cineál breosla sin a úsáid laistigh den limistéar srianta. Tá Comhairle Contae Shligigh freagrach as forfheidhmiú na Rialachán sin. Tá forfheidhmiú na rialachán dúshlánach i gcónaí, agus is gá do mhuintir Bhaile Shligigh agus an cheantair máguaird a gcuid nósanna a athrú maidir leis an gcineál breosla a úsáideann siad chun an teach a théamh. Mar sin féin, ba cheart go gcinnteofar leis na Rialacháin go ndéanfar an feabhas ar cháilíocht an aeir, rud atá le sonrú ó cuireadh na chéad rialacháin i bhfeidhm in 2003, a chothú agus a fheabhsú.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


166

SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL Bainc ‘Fág Anseo’, bainc teicstílí, agus saoráidí athchúrsála agus múirínithe Leanfar de na saoráidí seo a leanas a chur ar fáil don phobal:  Bainc ‘Fág Anseo’ (44 láithreán)  Bainc teicstílí  Ionad Athchúrsála Thobar an Choire  Saoráid Mhúirínithe Bhaile Easa Dara Cuireadh an banc ‘fág anseo’ ar an gCeathrú Rua i gcrích i mí na Nollag 2020.

Trádáil Ócáideach Cuimsítear leis an Acht Corr-Thrádála, 1955, trádáil faoi aer d’earraí ag bánna ainmnithe ar fud Chontae Shligigh. Déanann an Rannóg Comhshaoil na Fodhlíthe Corrthrádála, 2018, a chur i bhfeidhm chun an chorrthrádáil ar mhaoin phoiblí a rialáil. Leanfaidh Oifigigh Thrádála cheaptha na Comhairle de chigireachtaí rialta a dhéanamh lena chinntiú go bhfeidhmítear na bánna trádála i gcomhréir leis an reachtaíocht.

Fáilte á cur ag Lorraine roimh cuid de na corrthrádálaithe i gClós an Mhargaidh.

Bruscar Tá beirt Mhaor Bruscair lánaimseartha fostaithe ag Comhairle Contae Shligigh, agus tá siad freagrach as limistéir shonracha laistigh den Chontae. Déantar patróil rialta sna limistéir sin, ar bhonn réamhghníomhach agus mar fhreagairt ar ghearáin ón bpobal agus ó ghníomhaireachtaí rialtais eile amhail an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), an Taisce, srl.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


167 Tá clár tionscnamh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun tacú le hÚdaráis Áitiúla agus chun iad a neartú chun dul i ngleic le bruscar. Ina measc siúd, bhí:  Fíneáil ar an láthair €150  Deontais a thabhairt do na húdaráis áitiúla chun feachtais múscailte feasachta in aghaidh an bhruscair a chomhchistiú  Tabhairt isteach an Achta um Chaomhnú an Chomhshaoil, 2003, lena mbronntar cumhachtaí ar an údarás áitiúil chun dul i ngleic le bruscar  Tobhach ar mhálaí plaisteacha  Cistí a leithdháileadh ar na hÚdaráis Áitiúla faoin Tionscnamh Frithdhumpála trína gcinntítear go ndírítear ar limistéir ina gcaitear go leor bruscair, go nglantar iad agus go gcrochtar comharthaí leormhaithe mar aon le himeachtaí athchúrsála a reáchtáil amhail tréimhsí maithiúnais le haghaidh earraí móra agus tochtanna srl. Reáchtáil Comhairle Contae Shligigh na himeachtaí sin le roinnt blianta anuas, agus d’éirigh go hiontach leo.

Bruscar i Sligeach roimh an nglanadh suas

Dumpáil mhídhleathach i dTuaisceart Shligigh á himscrúdú ag Brian, ár Maor Bruscair.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


168

Gearáin maidir le bruscar Tá Córas Bainistíochta Gearán i bhfeidhm ag Comhairle Contae Shligigh ina gcláraítear sonraí ar na gearáin go léir i mbunachar sonraí lárnach agus leithdháiltear ansin iad ar an mball foirne ábhartha a dhéanfaidh an gearán a fhiosrú agus a réiteach. Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar chaitheamh bruscair nó ar dhumpáil, féadfar fógraí forfheidhmiúcháin dlíthiúla a eisiúint, fíneálacha a ghearradh, nó an dlí a chur ar chiontóirí (ag obair i gcomhar le haturnae an chontae agus leis an tSeirbhís Cúirteanna). Bíonn maoir bhruscair ag obair freisin chun bruscar agus dumpáil mhídhleathach ar scála beag a ghlanadh suas agus, nuair is gá, rachaidh siad i dteagmháil leis an Rannóg Bóithre den Chomhairle Contae chun dramhaíl a dhumpáiltear go mídhleathach a ghlanadh suas.

Feasacht comhshaoil Tacaíonn Comhairle Contae Shligigh le roinnt tionscnaimh feasachta comhshaoil lena n‑áirítear Feasacht Ghlas Shligigh, Glantachán Náisiúnta Earraigh, Clár na Scoileanna Glasa, agus Deontais Chomhshaoil a riar: Scéim Deontas Feasachta Frithbhruscair agus Frithghrafaití agus an Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail (ar a dtugtaí Scéim Deontas Chlár 21 Áitiúil roimhe seo). Chuir Covid‑19 isteach ar sheachadadh cuid de na tionscnaimh sin, ach meastar go mbeidh siad á bhfeidhmiú mar is gnáth arís in 2021. Bíonn an Rannóg Comhshaoil ag obair go dlúth le An Taisce, le Líonra Coiscthe na nÚdarás Áitiúil, le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, leis an Oifig Feasachta Réigiúnach, PPN, na Bailte Slachtmhara, agus líon mór eagraíochtaí eile chun scéimeanna agus tionscnaimh éagsúla a chur chun cinn i rith na bliana. Le roinnt blianta anuas, rinne an Rannóg Comhshaoil tionscadail ghlantacháin éagsúla a sheachadadh faoin Tionscnamh Náisiúnta Frithdhumpála, agus rinne an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh an cistiú a riar i gcomhar leis an Roinn Cumarsáide, Gníomh ar son na hAeráide, agus an Chomhshaoil. I measc na dtionscadal a rinneadh in 2020, áirítear imeacht le haghaidh earraí dramhaíola móra agus ócáid bailithe tochtanna, mar aon leis an tionscnamh Rothair don Afraic faoinar thug daoine den phobal na céadta rothar le seoladh chuig an Afraic. Tá an tionscadal sonrach seo á reáchtáil i gcomhar le Cumann Rothlaigh na hÉireann. Rinneadh glantacháin mhóra freisin ar 20 láithreán ar fud an chontae agus bailíodh 86 tonna dramhaíola ar an iomlán i rith na bliana.

Reáchtáladh Glanadh Shliabh an Bhricshléibhe / na Ceathrún Caoile i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2020

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


169

Reáchtáladh imeacht d’earraí dramhaíola móra Dé Sathairn, 8 Lúnasa 2020

Tionscnamh ‘Rothair don Afraic’ – Tom Kilfeather, Stiúrthóir na Seirbhísí le Comhairle Contae Shligigh in éineacht le Jimmy Waters, Uachtarán an Chumainn Rothlaigh i Sligeach mar aon le baill foirne eile de Chomhairle Contae Shligigh agus comhaltaí eile de Chumann Rothlach Shligeach

Tionscnamh ‘Rothair don Afraic’ – Comhairle Contae Shligigh i gcomhar le Club Rothlach na hÉireann

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


170

Gníomhú ar son na hAeráide Tar éis ghlacadh na Straitéise maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide de chuid Chomhairle Contae Shligigh i mí Mheán Fómhair 2019, cuireadh Foireann Gníomhaithe ar son na hAeráide ar bun le cur chun feidhme na Straitéise a phleanáil. Lean an Chomhairle de bheith ag obair leis an Oifig Réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide ar roinnt topaicí éagsúla, lena n‑áirítear oiliúint do bhaill foirne, sásraí tacaíochta a fhorbairt le haghaidh Pobail Fuinnimh Inmharthana, agus gníomhartha sa Straitéis a chur chun feidhme. Reáchtáladh an chéad chruinniú den Choiste um Beartais Straitéiseacha maidir leis an Aeráid (SPC4) in 2020 freisin agus dréachtaíodh clár oibre don réimse seo. Cuimsítear leis an gclár sin idir ghníomhartha oiriúnaithe agus maolaithe, mar shampla ullmhú le páirt a ghlacadh sa scéim deontais chun Coillearnach Dhúchasach a Bhunú nó obair a dhéanamh i gcomhar le heagraíochtaí eile ar thopaicí amhail bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil. Leanamar den obair le BSL freisin ar thionscadal mór athfheistithe solais a bheidh ar siúl in 2021. Ní dhearnadh aon dul chun cinn mór ar thionscnamh feasachta fuinnimh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí in 2020 mar thoradh ar na srianta de dheasca Covid‑19, ach táthar ag súil le dul chun cinn a dhéanamh in 2021. Tháinig feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle ó 13.8% in 2018 go 26.4% in 2019. Feabhas mór a bhí ann a tomhaiseadh in 2020. Is é 33% an sprioc le haghaidh dheireadh na bliana 2020, agus tomhaisfear é sin in 2021. Tosaíocht níos mó de chuid na heagraíochta is ea iad réimsí an Ghníomhaithe ar son na hAeráide agus na hÉifeachtúlachta Fuinnimh, agus leanfar leis sin agus iarracht á déanamh againn bearta a chur i bhfeidhm chun ár Spriocanna Náisiúnta a chomhlíonadh.

Bainistíocht Dramhaíola Tá an bhainistíocht dramhaíola ina tosaíocht de chuid Fhiontraíocht Éireann agus an Rialtais i gcónaí. Aithnítear an tábhacht a bhaineann leis mar gheall ar an reachtaíocht mhéadaithe agus ar an gcistiú méadaithe a bhaineann leis. Is féidir iomlán na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin maidir le dramhaíl a fháil ar ais trí chistiú an Rialtais. Tagann an cistiú sin ó thionscnaimh amhail an tobhach ar mhálaí plaisteacha agus an tobhach ar láithreáin líonta talún. Cuirtear freagracht ar tháirgeoirí sa reachtaíocht a thug an Rialtas isteach, rud a ghineann airgead breise. Tá na héilimh ar eagraíochtaí agus ar theaghlaigh ag méadú i gcónaí, ach tá géarghá le bainistíocht dramhaíola cheart ar chúiseanna eacnamaíochta, reachtaíochta agus timpeallachta. Is gá dúinn táirgeadh dramhaíola ag an bhfoinse a sheachaint, agus ár seacht ndícheall a dhéanamh an méid dramhaíola a chuirtear i láithreáin líonta talún a laghdú an oiread agus is féidir. Déantar é sin trí shaoráidí agus seirbhísí a chur ar fáil, oideachas a chur ar dhaoine, agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Cabhraíonn an líonra banc ‘fág anseo’, ionaid fóntais poiblí, láithreán múirínithe, athchúrsáil cois bóthair, múiríniú baile, agus tabhairt isteach bailiúcháin orgánaigh ar leith chun dramhaíl a sheachaint i láithreán líonta talún. Gné eile de bhainistíocht dramhaíola is ea iarracht a dhéanamh go mbainistíonn daoine a gcuid dramhaíola ar bhealach lena seachnaítear truailliú na timpeallachta. Beidh mar aidhm le gníomhaíochtaí leanúnacha forfheidhmiúcháin dramhaíola an truailliú sin a laghdú an oiread agus is féidir.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


171

James, Feighlí na mBanc Buidéal, ag obair mar is gnáth ar na bainc buidéal in ainneoin méadú mór ar an éileamh i rith na dianghlasála.

Beidh mar thosaíocht i gcónaí ag an mbainistíocht dramhaíola agus ag an bhforfheidhmiúchán deireadh a chur le láithreáin neamhúdaraithe, na rátaí athchúrsála agus athshlánaithe a fheabhsú, agus iarracht a dhéanamh go mbíonn oibreacha na nÚdarás Áitiúil i Sligeach i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol.

Pleanáil bainistíochta dramhaíola Roinntear an tír ina 3 réigiún ó thaobh na bainistíochta dramhaíola de. Tá Sligeach i réigiún Chúige Chonnacht agus Chúige Uladh. Comhaontaíodh plean 6 bliana in 2015 ina leagtar amach treochlár chun tiomantais a bhaint amach, agus tá an plean sin ar an gcreat atá in úsáid chun dramhaíl a sheachaint agus a bhainistiú. Doiciméad reachtúil atá sa phlean, agus tá ceanglais ar Chomhairle Contae Shligigh cistiú a chur ar fáil do thionscnaimh sa phlean agus don oifig réigiúnach i gComhairle Contae Mhaigh Eo.

Forfheidhmiú Bainistíochta Dramhaíola Tá an Oifig Forfheidhmithe Réigiúnach i leith Dramhaíola ar an bhfód ó Eanáir 2016 agus is é aidhm na hOifige cur i bhfeidhm éifeachtach an bheartais forfheidhmithe dramhaíola i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh a chinntiú. Cuspóir tábhachtach is ea seachadadh cur chuige comhtháite i leith an fhorfheidhmithe dramhaíola, rud a spreagfaidh forfheidhmiú comhsheasmhach na reachtaíochta.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


172

AN tSEIRBHÍS TRÉIDLIACHTA Sábháilteacht Bia In ainneoin na srianta ó thaobh Covid‑19 de, leanann Comhairle Contae Shligigh den reachtaíocht go léir maidir le sábháilteacht bia a chur i bhfeidhm faoin gConradh Seirbhíse idir Comhairle Contae Shligigh agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Cuimsítear leis sin maoirseacht a dhéanamh ar dhá sheamlas agus ar dhá ghléasra bheaga feola. Tá an cistiú bunaithe ar Chonradh Seirbhíse a caibidlíodh go náisiúnta idir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus CCMA. Bhí an chaibidlíocht deacair go maith idir an tÚdarás agus CCMA maidir le cistiú, ach thángthas ar chomhaontú ag deireadh na bliana 2020 síneadh bliana a chur leis an gconradh. Tá todhchaí fhadtéarma na seirbhíse á plé i gcónaí.

Leas Ainmhithe Leanann an Chomhairle den Acht um Rialú Capall a chur i bhfeidhm, agus tá laghdú mór tagtha ar an líon capall a thréigtear. Feidhmítear an conradh maidir le hurghabháil capall faoi chreat náisiúnta. Lean seirbhís na Maor Madraí d’fheidhmiú faoi shrianta Covid‑19. Tháinig laghdú mór ar an líon madraí a tógadh isteach, agus níor cuireadh madra ar bith chun suain in 2020 sa tearmann. Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an athshocrú madraí ón tearmann in éineacht le roinnt eagraíochtaí carthanachta, ach d’fhéadfadh an éiginnte maidir leis an mBreatimeacht cur isteach air sin mar seoltar cuid mhaith de na madraí chuig an Ríocht Aontaithe. Rinneadh cigireachtaí ar bhunaíochtaí póraithe madraí in 2020. Rinne bunaíocht amháin a ceadúnas a athnuachan ach roghnaigh bunaíocht eile gan a ceadúnas a athnuachan. Chuir an Post agus an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil tús le córas nua ceadúnúcháin do mhadraí in 2018, agus seolann an Post amach na chéad litreacha meabhrúcháin anois. Tá tairseach ar líne ag an gcóras chun ceadúnas madra a fháil, agus tá an-tóir air sin ó cuireadh tús leis i samhradh na bliana 2018.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


173

SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN Is é Comhairle Contae Shligigh atá ainmnithe go reachtúil mar an tÚdarás Dóiteáin le haghaidh Chontae Shligigh faoi Alt 9 de na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin, 1981-2003 Ceithre réimse leathana gníomhaíochta atá ag Seirbhís Dóiteáin Shligigh a thacaíonn le cheile chun seirbhís chomhtháite a sholáthar don phobal:  Oibríochtaí Dóiteáin/Éigeandála  Cosc Dóiteáin agus Sábháilteacht Dóiteáin i measc an Phobail  Pleanáil Móréigeandála  Ionad Oiliúna Réigiúnach

Oibríochtaí Dóiteáin/Éigeandála Cuireann Seirbhís Dóiteáin Shligigh seirbhísí éigeandála dóiteáin agus tarrthála ar fáil le 4 aonad den Bhriogáid Dóiteáin lonnaithe i Sligeach, Baile an Mhóta, Tobar an Choire agus Inis Crabhann. Bliain dheacair aisteach do chách ab ea 2020. In ainneoin na paindéime agus na dianghlasála náisiúnta, mar chéad fhreagróirí éigeandála, lean Seirbhís Dóiteáin Shligigh de sheirbhís dóiteáin a sholáthar sa chontae.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


174 Rinne Seirbhís Dóiteáin Shligigh go leor athruithe oibriúcháin le seirbhís dóiteáin a chinntiú ar bhealach slán sábháilte do gach ball den tSeirbhís Dóiteáin agus don phobal. Ar na hathruithe sin, rinneadh athstruchtúrú ar chriúnna chun an líon teagmhálaithe a laghdú, bearta rialaithe breise le haghaidh na ngníomhaíochtaí go léir lena n‑áirítear trealamh cosanta pearsanta sa bhreis agus Nósanna Imeachta Oibriúcháin athbhreithnithe le haghaidh gach gníomhaíochta. In 2020, d’fhreastail Seirbhís Dóiteáin Shligigh ar 458 dteagmhas éigeandála ar an iomlán i gcomparáid le 448 in 2019, 470 in 2018 agus 448 in 2017. Tháinig méadú ar an líon teagmhas a chuaigh i gcion ar an gcomhshaol in 2020, agus bhí líon mór dóiteáin aitinn/coille agus tuilte ann. Tháinig méadú 45% ar na teagmhais den sórt sin le hais 2019. Tréimhse thar a bheith gnóthach do Sheirbhís Dóiteáin Shligigh ab ea Meitheamh 2020. Tharla ceithre theagmhas Leibhéal 3 (an leibhéal is airde acmhainní oibriúcháin) laistigh de thréimhse 8 lá, lena n‑áirítear 3 tine mhóra choille agus tine ar áitreabh tráchtála mór ar aonad tionsclaíochta 24,000 troigh chearnach. Teagmhais mhóra fhada a bhí iontu sin agus cuireadh acmhainní iomlána Sheirbhís Dóiteáin Shligigh ar fáil chun dul i ngleic leo, le cabhair ó bhriogáidí in aice láimhe uaireanta.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


175

Seirbhís Dóiteáin Shligigh ag dul i ngleic le tine mhór ag iosta athchúrsála i Meitheamh 2020

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


176 Chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh tús in 2020 le feachtas earcaíochta le haghaidh comhraiceoirí dóiteán ar áirithíocht. 6 chomhraiceoir dóiteáin nua ar a laghad atá ag teastáil i Stáisiúin Dóiteáin Bhaile an Mhóta, Thobar an Choire agus Inis Crabhann. Bíonn ar earcaigh nua cúrsa 3 seachtaine ar scileanna múchta tine, cúrsa coicíse ar threalamh anála, agus cúrsa seachtaine ar iompar dóiteáin i bhfoirgneamh a dhéanamh, mar aon le hoiliúint fhairsing sa stáisiún féin. Tá creidiúnú ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann ag gabháil leis na cúrsaí ar scileanna múchta tine, trealamh anála agus iompar dóiteáin i bhfoirgnimh, agus bronntar dámhachtain Leibhéal 6 faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí ar fhoghlaimeoirí ar chríochnú na gcúrsaí dóibh.

Cosc Dóiteáin agus Sábháilteacht Dóiteáin i measc an Phobail

Feidhm thábhachtach de Sheirbhís Dóiteáin Shligigh is ea Sábháilteacht Dóiteáin agus Cosc Dóiteáin. Déanann Rannóg na Seirbhísí Dóiteáin gach iarratas ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán a phróiseáil faoin reachtaíocht maidir le rialú foirgneamh. Aistríodh na hiarratais ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán chuig córas ar líne BCMS in Iúil 2020. Cuireadh an córas i bhfeidhm ina iomláine agus bhí caidreamh dearfach leis na páirtithe leasmhara go léir. Tá ról ag Seirbhís Dóiteáin Shligigh freisin maidir le hatreorúcháin phleanála le haghaidh forbairtí tráchtála, cigireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar iarratais a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche maidir le háiteanna siamsaíochta poiblí, clárú armlón agus stóras pléascach, agus ceadúnais faoi na rialacháin maidir le peitriliam. Leanadh de chigireacht a dhéanamh ar áitrigh cheadúnaithe agus d’aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le sábháilteacht dóiteáin in áitribh a léirigh daoine den phobal, rannóga eile de Chomhairle Contae Shligigh, agus na hOibríochtaí Seirbhíse Dóiteáin in 2020, fiú amháin agus srianta Covid-19 i bhfeidhm. I gcás foirgnimh neamhchomhlíontacha, cuireadh comhairle ar na húinéirí agus cuireadh i bhfeidhm na cumhachtaí faoin Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 agus 2003, mar is gá. In 2020, lean Seirbhís Dóiteáin Shligigh den chaidreamh le páirtithe leasmhara, áitribh cheadúnaithe agus cuideachtaí bainistíochta árasán chun tábhacht na sábháilteachta dóiteáin sa timpeallacht thógtha a chur chun cinn. Bíonn Seirbhís Dóiteáin Shligigh páirteach sa tSeachtain Náisiúnta Sábháilteachta Dóiteáin, cláir feasachta maidir le haonocsaíd charbóin, cláir sábháilteachta dóiteáin do scoileanna, agus cuireann an tSeirbhís na cláir sin chun cinn. Tugann an tSeirbhís cainteanna sábháilteachta dóiteáin agus cuireann brathadóirí deataigh saor in aisce ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. Déanann Seirbhís Dóiteáin Shligigh an tsábháilteacht dóiteáin sa phobal a chur chun cinn go gníomhach i rith na bliana. Dírítear ar ghrúpaí leochaileacha sa phobal, agus d’éascaigh foireann gach stáisiúin dóiteáin cuairteanna ar na stáisiúin agus iarratais ó ghrúpaí deonacha, amhail daoine scothaosta agus daoine gníomhacha ar scor, chun cainteanna ar an tsábháilteacht dóiteáin a dhéanamh Mar thoradh ar na srianta i ngeall ar Covid‑19, chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh comhairle maidir le sábháilteacht dóiteáin ar fáil ar mheáin éagsúla, lena n‑áirítear feachtas fairsing maidir le sábháilteacht dóiteáin ar na meáin shóisialta.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


177

Cuid de na híomhánna a úsáideadh ar na meáin shóisialta i rith Sheachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin, 2020

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


178

Pleanáil Móréigeandála

Is é is móréigeandáil ann imeacht, gan choinne nó gach ach fíorbheagán coinne go hiondúil, atá ina chúis nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le díobháil nó le bás, nó cur isteach mór ar sheirbhísí bunriachtanacha. D’fhéadfadh móréigeandáil a bheith ina cúis freisin le dochar do mhaoin, don timpeallacht nó don bhonneagar agus d’fhéadfaí nach bhféadfadh na príomhsheirbhísí éigeandála i limistéar na móréigeandála déileáil leis an dochar sin gan chabhair. Bíonn nósanna imeachta breise ag teastáil agus is gá úsáid a bhaint as acmhainní breise chun freagairt éifeachtúil éifeachtach a chinntiú. Tá an Creat reatha um Bainistíocht Móréigeandála i bhfeidhm ó 2006. An aidhm atá leis an gCreat seo socruithe a chur i bhfeidhm a chuirfidh ar chumas na bpríomhghníomhaireachtaí práinnfhreagartha, na n‑údarás áitiúil, an Gharda Síochána agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a n‑iarrachtaí a chomhordú nuair a tharlaíonn éigeandáil mhór, rud a chuirfidh feabhas ar chumas na hÉireann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le himeacht den sórt sin. Tá Seirbhís Dóiteáin Shligigh ar an bpríomhghníomhaireacht pleanála móréigeandála le haghaidh Chomhairle Contae Shligigh, agus lean an tSeirbhís de Phlean Móréigeandála Chomhairle Contae Shligigh agus de na fophleananna a thabhairt chun dáta. Rinne Seirbhís Dóiteáin Shligigh comhordú ar fhreagairtí ar theagmhais – cé nár mhóréigeandálaí iad, baineadh leas as prionsabail agus as córais an Chreata um Bainistíocht Móréigeandála. Mar chuid den fhreagairt ar Covid‑19 in 2020, úsáideadh struchtúir mhóréigeandála Réigiún an Iarthuaiscirt chun ullmhacht agus comhordú iomchuí a chinntiú thar na trí Phríomhghníomhaireacht Freagartha, lena n‑áirítear Plean maidir le Líon Mór Básanna a fhorbairt srl. In 2020, rinne Seirbhís Dóiteáin Shligigh Plean Móréigeandála Chomhairle Contae Shligigh a thabhairt chun dáta agus d’fhorbair Plean Práinnfhreagartha do Thuilte de chuid Chomhairle Contae Shligigh.

Ionad Oiliúna Réigiúnach

Tá Stáisiún Dóiteáin Shligigh ar Ionad Oiliúna Réigiúnach na Seirbhíse Dóiteáin don Iarthuaisceart, agus cuireann an t‑ionad oiliúint náisiúnta, réigiúnach agus láraithe ar fáil. Tá foirgneamh ag an ionad chun oiliúint a dhéanamh maidir le gaireas análaithe a úsáid, rud a chuireann timpeallacht réalaíoch dóiteáin ar na caighdeáin is airde agus is sábháilte ar fáil do chomhraiceoirí dóiteáin chun teicnící cuardaigh agus tarrthála a fhoghlaim i bhfoirgnimh chasta trí thine. Nuair a bhí Céim 3 den Phlean Athoscailte i bhfeidhm, chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh tús arís le hoiliúint ball foirne bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais oiliúna.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


179 Faoi Teacht Aniar agus Téarnamh, Plean an Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19, aithnítear údaráis áitiúla agus an tSeirbhís Dóiteáin mar sheirbhís bhunriachtanach. Le cur i bhfeidhm beart rialaithe iomchuí, lean ár nIonad Oiliúna d’áiseanna agus de theagascóirí in oiliúint le gaireas anála agus oiliúint maidir le hiompar dóiteáin i bhfoirgnimh a chur ar fáil d’údaráis dóiteáin eile i Stáisiúin Dóiteáin Shligigh agus Thobar an Choire. Cé is moite de Sheirbhís Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, tá Seirbhís Dóiteáin Shligigh ar an aon Seirbhís Dóiteáin amháin in Éirinn arb Ionad Oiliúna de chuid na Comhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil (PHECC) í. Tá oiliúnóirí cáilithe againn a chuireann cúrsaí ar fáil le haghaidh Freagróirí Céadchabhrach, Céad Fhreagróirí Cairdiacha, agus Céad Fhreagróirí Práinnfhreagracha. In 2020, le bearta rialaithe breise i bhfeidhm, chuir Seirbhís Dóiteáin Shligigh oiliúint mar Chéad Fhreagróirí Cairdiacha, agus Céad Fhreagróirí Práinnfhreagracha ar fáil d’údaráis dóiteáin eile.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


180

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


181

RÉAMHRÁ Cuimsítear leis an Stiúrthóireacht seo Airgeadas, Soláthar agus Teicneolaíocht Faisnéise. Bhí barrachas ioncaim €1.028 milliún ann in 2020 le hais barrachas €1.017 milliún in 2019. Fuarthas cistiú ón Rialtas chun an Chomhairle a chúiteamh as an gcaillteanas ioncaim agus as costais bhreise a tabhaíodh de dheasca Covid‑19. Lean an Chomhairle de dhíriú ar dhianrialú buiséid, éifeachtúlachtaí a bhaint amach, an bonn costas a laghdú, agus buiséid stuama a ghlacadh. Bhí barrachas ioncaim ag an gComhairle don séú bliain as a chéile arbh fhiú €9.1 milliún é ar bhonn carnach don tréimhse 2015 go 2020. Mar thoradh ar an bhfeidhmíocht láidir, tháinig laghdú ar easnamh carntha ioncaim na Comhairle ó €26.6 milliún in 2014 go €17.45 milliún ag deireadh 2020. Tá roinnt buntáistí airgeadais eile ag baint leis an bhfeidhmíocht mhaith fhoriomlán amhail feabhas ar an sreabhadh airgid, agus laghdú ar an méid a rabhthas ag brath ar an tsaoráid rótharraingthe, mar aon le coigilteas ar chostas an chistithe dá bharr sin. Chuir an scéim deontais atosaithe deontais dhíreacha ar fáil do mhicreaghnóthais agus go ghnóthais bheaga chun cabhrú leo leis na costais a bhaineann leis an athoscailt agus daoine a fhostú arís tar éis a bheith dúnta mar thoradh ar Covid‑19. Rinne Comhairle Contae Shligigh deontais atosaithe dar luach €9 milliún a riar agus a íoc in 2020. Fuarthas an cistiú le haghaidh na ndeontas atosaithe ar ais ón Roinn Gnó, Fiontraíochta agus Nuálaíochta. Bhí ról ríthábhachtach ag an Rannóg TF in 2020 leis an soláthar leanúnach seirbhísí teicneolaíochta faisnéise don chomhairle a chinntiú tráth a ndeachaigh Éire i ngleic le srianta Covid‑19. Chuir foireann na rannóige réitigh i bhfeidhm go tapa le cur ar chumas na n‑úsáideoirí a bheith ag obair ón mbaile. Reáchtáladh cruinnithe fíorúla go fairsing agus tugadh tacaíocht teicneolaíochta faisnéise do bhaill foirne agus do chomhairleoirí le go bhféadfaí cruinnithe a reáchtáil i gcónaí. Cuireadh feabhas ar chúrsaí slándála freisin trína chinntiú go mbíonn fíordheimhniú iolrach chun líonra na comhairle a rochtain go cianda.

Anailís ar Bhailiú Fáltas 2020: Rátaí Tráchtála Ba é 69% an céatadán d’ioncam a bailíodh ó rátaí tráchtála in 2020. Rinne an Rialtas scéim um tharscaoileadh rátaí 9 mí a chistiú maidir le rátaí tráchtála chun tionchar Covid‑19 ar ghnóthais incháilithe in 2020 a mhaolú.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


182

Chun críche comparáid a dhéanamh leis an mbliain roimhe sin, dá gcuirfí an t‑ioncam faoin tarscaoileadh leis an méid airgid a bailíodh, ba é 81% an céatadán a bhaileofaí in 2020 le hais 82% in 2019.

Iasachtaí Tithíochta Ba é 68% an céatadán a bailíodh ó iasachtaí tithíochta ag deireadh 2020, méadú 4% ar an méid a bailíodh ag deireadh 2019.

Cíos Tithíochta Tháinig méadú ar an gcéatadán a bailíodh ó chíosanna ó 80% in 2019 go dtí 82% in 2020. Tháinig laghdú €171,000 ar riaráistí cíosa in 2020 mar thoradh air sin.

Mótarcháin Ba é 80% an céatadán d’idirbhearta mótarchánach a láimhseáladh ar líne in 2020 .i. próiseáladh idirbhearta agus eisíodh diosca cánach, le hais 64% in 2019. Marie Whelan Ceann na Stiúrthóireachta Airgeadais

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


183

AIRGEADAS Cuntas Ioncaim agus Caiteachais RÁITEAS AR IONCAM CUIMSITHEACH (RÁITEAS AN CHUNTAIS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS) DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH AN 31 NOLLAIG 2020 Leagtar amach sa Ráiteas ar an gCuntas Ioncaim agus Caiteachais an t-ioncam agus an caiteachas ar fad. Léirítear ann an barrachas/(an t-easnamh) don bhliain.

2020 € 11,163,778

Glanchaitea chas 2020 € 1,069,231

Glanchaitea chas 2019 € 917,608

24,971,168

19,020,867

5,950,300

5,150,056

4,497,851

4,543,787

(45,935)

10,966

15,759,080

11,976,903

3,782,177

3,586,404

Seirbhísí Comhshaoil

6,831,050

1,213,586

5,617,464

5,760,262

Áineas agus Fóntas

4,680,706

256,334

4,424,372

3,800,799

Talmhaíocht. Oideachas, Sláinte agus Leas

1,147,815

850,518

297,297

81,395

Seirbhísí Ilghnéitheacha

14,289,862

12,710,311

1,579,551

3,307,065

Caiteachas/Ioncam Iomlán

84,410,541

61,736,084

Glanchostas na Rannóige atá le maoiniú ó Rátaí agus ón gCáin Mhaoine Áitiúil

22,674,457

22,614,555

Rátaí

14,119,007

13,546,966

Cáin Mhaoine Áitiúil

11,293,320

10,802,627

2,737,870

1,735,038

(1,709,187)

(717,949)

1,028,683

1,017,089

Cúlchiste Ginearálta an 1 Eanáir

(18,483,135)

(19,500,224)

Cúlchiste Ginearálta an 31 Nollaig

(17,454,453)

(18,483,135)

Caiteachas de réir Rannóige Tithíocht agus Foirgníocht Bóithre, Iompar agus Sábháilteacht Seirbhísí Uisce Bainistíocht Forbartha

Barrachas / (Easnamh) don Bhliain roimh Aistriú Aistrithe ón/chuig an gCúlchiste Barrachas/(Easnamh) Foriomlán don Bhliain

Ollchaiteach as 2020 € 12,233,009

Ioncam

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


184

RÁITEAS AR AN STAID AIRGEADAIS (CLÁR COMHARDAITHE) AN 31 NOLLAIG 2020 2020 €

2019 €

Oibríochtúil

457,651,382

448,680,264

Bonneagair

1,187,513,456

1,187,559,070

9,063,942

9,063,942

19,673,719

19,673,719

1,673,902,499

1,664,976,995

250,333,079

195,125,531

24,352,997

26,446,563

292,576

258,470

10,971,442

8,207,549

1,481,170

1,472,376

17,929,452

15,531,743

1,625

1,625

30,676,264

25,471,762

-

-

35,759,150

32,630,320

-

-

35,759,150

32,630,320

(5,082,886)

(7,158,558)

83,883,530

87,253,368

-

-

768,766

772,670

-

-

84,652,297

88,026,038

1,858,853,392

1,791,364,494

1,673,902,494

1,664,976,991

248,353,387

193,142,673

32,264

32,264

Cúlchiste Ioncaim Ginearálta

(17,454,453)

(18,483,135)

Iarmhéideanna Eile

(45,980,300)

(48,304,298)

Iomlán na gCúlchistí

1,858,853,391

1,791,364,494

Sócmhainní Seasta

Pobal Neamhoibríochtúil

Obair idir Lámha agus Réamhspeansais Féichiúnaithe Fadtréimhseacha Sócmhainní Reatha Stoc Féichiúnaithe Trádála agus Réamhíocaíochtaí Infheistíochtaí Bainc Airgead sa Bhanc Airgead faoi Bhealach

Dliteanais Reatha Rótharraingt Bhainc Creidiúnaithe agus Fabhruithe Léasanna Airgeadais

Glansócmhainní/(Glandliteanais) Reatha Creidiúnaithe (méideanna atá dlite le breis is bliain amháin) Iasachtaí Iníoctha Léasanna Airgeadais Éarlaisí In-aisíoctha Eile

Glansócmhainní / (Glandliteanais) Léirithe ag Caipitliú Ioncam ó Obair idir Lámha Cúlchiste Ioncaim chun críoch ar leith

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


185

MÓTARCHÁIN Tá Oifigí Mótarchánach Chontae Shligigh lonnaithe i Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach (teileafón 071 911 1830) agus i dTeach Laighne, Sráid Humbert, Tobar an Choire, Contae Shligigh (teileafón 071 911 1719), agus is ann a dhéantar iarratais ar mhótarcháin a phróiseáil d’úinéirí feithiclí a choinnítear i gContae Shligigh go hiondúil. Tá gach eolas a bhaineann leis na hoifigí mótarchánach le fáil ar ár láithreán gréasáin ag www.sligococo.ie/Services/MotorTaxation/ D’íoc úinéirí cláraithe feithiclí €2,923,737 leis na hOifigí Mótarchánach i Sligeach agus i dTobar an Choire in 2020 ar idirbhearta mótarchánach. Ba laghdú 40% é sin le hais €4,861,276 a bailíodh in 2019. Bhain an laghdú ar idirbhearta san oifig féin le Covid‑19. Dúnadh na deasca poiblí le linn na paindéime agus iarradh ar chustaiméirí a gcuid idirbheart a dhéanamh ar líne nuair ab fhéidir.

Neamhúsáid shealadach feithicle a dhearbhú Tugadh isteach nósanna imeachta nua in 2013 chun neamhúsáid shealadach feithicle a dhearbhú ionas nach gá do chustaiméirí mótarcháin a íoc le haghaidh na tréimhse sin. Ón 1 Deireadh Fómhair 2013, is gá dearbhú a dhéanamh roimh ré nach mbeidh feithicil in úsáid ar feadh tréimhse idir 3 mhí agus 12 mhí le Foirm RF 150 Neamhúsáid Shealadach Feithicle a Dhearbhú. Ní mór an neamhúsáid a dhearbhú sa mhí chéanna ina dtéann an diosca mótarchánach reatha in éag. Má tá riaráistí mótarchánach dlite, ní mór iad sin a íoc ina n‑iomláine, mar aon le mótarcháin 3 mhí ar a laghad, sula bhféadtar neamhúsáid a dhearbhú.

Mótarcháin ar líne

Seirbhís ar líne is ea www.motortax.ie atá á cur ar fáil ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Moltar do chustaiméirí a mótarcháin a íoc ar líne chun moilleanna ina n-oifigí áitiúla a sheachaint. Léirítear na hidirbhearta mótarchánach seo a leanas le haghaidh Chontae Shligigh sna staitisticí ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt:  31% in 2011

 56% in 2016

 35% in 2012

 58% in 2017

 39% in 2013

 62% in 2018

 48% in 2014

 64% in 2019

 53% in 2015

 80% in 2020

Ceadúnais Thiomána

Ghlac an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre freagracht iomlán as an tseirbhís ceadúnas tiomána in 2013. Tá oifig na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána i Sligeach lonnaithe ag Urlár na Talún, Áras na Mílaoise, Sráid Stiofáin, Sligeach trasna ó Bhanc Uladh – Teileafón: 076 108 7880. Bíonn an oifig ar oscail idir 9 r.n. agus 5 i.n. ó Luan go hAoine, agus idir 9 r.n. agus 2 i.n. ar an Satharn. Féach freisin www.ndls.ie.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


186

CÚRSAÍ SOLÁTHAIR Is é príomhchuspóir Chomhairle Contae Shligigh ó thaobh soláthair de an luach is fearr ar airgead a fháil agus gach treoir ón Aontas Eorpach, an reachtaíocht náisiúnta, an beartas maidir le soláthar poiblí, na ciorcláin agus na treoirlínte go léir a chomhlíonadh ag an am céanna. Cuimsítear leis na príomhphrionsabail soláthair an chothroime, an oscailteacht, an trédhearcacht, aitheantas frithpháirteach, an neamh-idirdhealú, agus an chomhréireacht. Baineann Comhairle Contae Shligigh leas gníomhach as socruithe soláthair náisiúnta nuair atá siad oiriúnach dár riachtanais. An Oifig Soláthair Rialtais agus Ionad Soláthair Oibriúcháin na Rialtas Áitiúil a chuir na socruithe sin i bhfeidhm. Tá an Rannóg Soláthair faoi threoir an Oifigigh Soláthair, agus is é cuspóir na Rannóige acmhainn thiomnaithe inmheánach a chur ar fáil don eagraíocht i ndáil le ceanglais maidir le Soláthar Poiblí. Ceann na Rannóige Airgeadais atá freagrach go foirmiúil as an Rialachas Soláthair. Tá an soláthar díláraithe laistigh den eagraíocht agus tá ceannaitheoirí i ngach réimse den chomhairle. Déantar formhór an tsoláthair ardluacha ar an dá thairseach soláthair leictreonacha: www.etenders.gov.ie agus www.SupplyGov.ie. Soláthraithe a bhfuil spéis acu tairiscint a chur isteach ar chonarthaí, ba cheart dóibh a bheith cláraithe leis an dá thairseach sin. In 2020, chuaigh Comhairle Contae Shligigh chun an mhargaidh le 182 deis tairisceana maidir le soláthar earraí agus seirbhísí nó conarthaí le haghaidh oibreacha. Mar thoradh ar phaindéim Covid‑19 a tháinig sa mhullach orainn gan choinne, ba ghá trealamh cosanta pearsanta iomchuí, seirbhísí glantacháin, trealamh TF agus comharthaí a fháil go práinneach, agus ba ghá tabhairt faoi oibreacha práinneacha chun athruithe a dhéanamh ar fhoirgnimh phoiblí agus ar spásanna poiblí.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


187

TEICNEOLAÍOCHT FAISNÉISE Déanann Rannóg na gCóras Faisnéise bainistiú ar chrua-earraí agus ar bhogearraí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide go léir de chuid na Comhairle. Tá an bonneagar seo le fáil in ionaid éagsúla sa chontae, agus bíonn sé in úsáid ag gar do 400 úsáideoir. Tá an rannóg freagrach as láithreáin ghréasáin agus meáin shóisialta na gcomhairlí, agus feidhmchláir ghréasánbhunaithe inmheánacha agus sheachtracha araon. Tá an rannóg freagrach freisin as bainistiú sonraí na gcomhairlí, agus cuimsítear leis sin freastalaithe comhad agus líon mór bunachar sonraí. Bíonn an bonneagar á athbhreithniú agus á bheachtú de shíor ag an rannóg faoi mar a thagann dúshláin nua chun cinn. Bhí ról ríthábhachtach ag an Rannóg TF in 2020 leis an soláthar leanúnach seirbhísí teicneolaíochta faisnéise don chomhairle a chinntiú tráth a ndeachaigh Éire i ngleic le srianta Covid‑19.

Chuir foireann na rannóige réitigh i bhfeidhm go tapa le cur ar chumas na n‑úsáideoirí a bheith ag obair ón mbaile. Reáchtáladh cruinnithe fíorúla go fairsing agus tugadh tacaíocht teicneolaíochta faisnéise do bhaill foirne agus do chomhairleoirí le go bhféadfaí cruinnithe a reáchtáil i gcónaí. Cuireadh feabhas ar chúrsaí slándála freisin trína chinntiú go mbíonn fíordheimhniú iolrach chun líonra na comhairle a rochtain go cianda. Ghlac Rannóg na gCóras Faisnéise obair bhreise lena n‑áirítear an Deasc Freagartha do Ghlaonna ón bPobal a chur ar bun agus an acmhainneacht do ghnóthais áitiúla le cur isteach ar Dheontais Atosaithe Gnó ar láithreán gréasáin www.sligococo.ie. Bhí ról mór ag foireann na rannóige chun rannán nua ar an bhFolláine a fhorbairt ar láithreán gréasáin na comhairle, agus d’aistrigh an rannán sin ina fheachtas Fan Folláin in 2021 https://www.sligococo.ie/keepwell. Cuireadh cruinnithe na comhairle ar siúl in ionaid éagsúla in 2020, mar shampla an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, agus Ionad Spóirt Shligigh. Rinne Rannóg na gCóras Faisnéise na cruinnithe sin a éascú trí chóras plé móibíleach a fháil agus trí sheirbhísí tacaíochta TF a chur ar fáil.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


188 Bliain dhúshlánach ab ea 2020 don fhoireann tacaíochta teicniúla mar lean an fhoireann dá tiomantas chun seirbhís tacaíochta teicniúla ardchaighdeáin a chur ar fáil d’úsáideoirí. Déanann an fhoireann líonra, ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine, córais teileafóin, fóin phóca, táibléid, gléasanna logála sonraí, agus SIManna na Comhairle a bhainistiú. Tháinig méadú mór ar an líon fadhbanna a cláraíodh leis an deasc chabhrach. Cuireadh bogearraí Microsoft Office 365 i bhfeidhm ar bhonn píolótach in 2020 agus d’éirigh go maith leis. Uasghrádaíodh breis is 60 úsáideoir agus tá sé beartaithe go mbeidh Office 365 in úsáid ag na baill foirne go léir faoi dheireadh 2021.

Reáchtáladh cruinnithe na Comhairle in ionaid éagsúla in 2020 de dheasca na srianta i ngeall ar Covid‑19

Oifigeach Leathanbhanda

Lean an tOifigeach Leathanbhanda de chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a éascú ar fud an chontae. Leanadh den obair de sheirbhísí leathanbhanda gan sreang a sholáthar in 2020 in ainneoin na gcúinsí thar a bheith deacair. Tá Pointí Nasctha Leathanbhanda á suiteáil chun Wi-Fi tiomnaithe ardluais, idir laistigh agus lasmuigh, a chur ar fáil in ionaid phobail ainmnithe agus hallaí spóirt ar fud an chontae, agus tá na bpointí sin á gcur i bhfeidhm de réir a chéile in 2021. Faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, tá 14,800 áitreabh ar an liosta i limistéar idirghabhála an Stáit i gContae Shligigh nach bhfuil rochtain ar leathanbhanda ar ardluas acu. Tá sé beartaithe go mbeidh 2,513 de na háitribh sin réidh le nascadh le leathanbhanda ardluais in 2021. Ón malartán réigiúnach i mbaile Shligigh atá an chéad limistéar feidhme, agus rachfar ar aghaidh uaidh sin (dath buí ar an léarscáil thíos). Tá suirbhé agus dearadh déanta le haghaidh an limistéir sin, agus tá sé beartaithe an clár a chur i bhfeidhm sa tríú nó sa cheathrú ráithe de 2021. Leanfar ar aghaidh ansin den chlár a chur i bhfeidhm sna limistéir eile i gcontae Shligigh.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


189

Forbraíodh straitéis dhigiteach don chontae agus ghlac an Chomhairle í ag cruinniú na Comhairle i Samhain 2020. Forbraíodh an straitéis i gcomhar le páirtithe leasmhara éagsúla ó na hearnálacha go léir sa chontae lena n‑áirítear gnó, oideachas, saoránaigh agus pobail. Táthar ag tosú anois ar na pleananna gnímh atá leagtha amach sa straitéis a chur chun feidhme. Tá sé mar aidhm ag an gComhairle Wi-Fi poiblí a chur ar fáil timpeall an Chontae agus tá an Chomhairle gníomhach chun an scéim WiFi4EU a chur i bhfeidhm i bpobail éagsúla. Faigheann an scéim WiFi4EU cistiú ón Aontas Eorpach agus ón Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Forbartha Pobail, agus is í an Chomhairle a íocann as na costais reatha. Cuirfear Wi-Fi poiblí ar fáil in 20 ionad i dtosach, agus d’fhéadfaí cur leis an scéim amach anseo.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


190

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


191

AGUISÍN 1 Baill foirne a chuaigh ar scor in 2020  Bartley Gavin  Brendan Lynch  Brian McMorrow  Janet McNamara  Jerome Walsh  John O'Donnell  Martin McCrann  Mary Anderson  Maura Marren  Paul Harper  Rose Jordan  Seamus Egan

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


192

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH, 2020


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Teicneolaíocht Faisnéise

4min
pages 187-190

Cúrsaí Soláthair

1min
page 186

Mótarcháin

2min
page 185

Réamhrá

2min
pages 181-182

Seirbhísí Dóiteáin

7min
pages 173-180

An tSeirbhís Tréidliachta

1min
page 172

Seirbhísí Comhshaoil

8min
pages 166-171

Cáilíocht an Uisce, Truailliú Aeir agus Truailliú de dheasca Torainn

7min
pages 161-165

Céanna, Calafoirt agus Cosaint an Chósta

2min
pages 158-160

Páirceanna agus Áineas

4min
pages 153-155

Seirbhísí Uisce

2min
pages 156-157

Mórscéimeanna agus Mionscéimeanna Bóthair Náisiúnta

19min
pages 135-152

Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre

14min
pages 123-134

Réamhrá

2min
page 122

Seirbhís Ealaíon Shligigh

5min
pages 117-121

Seirbhís Leabharlainne agus Cartlainne Shligigh

16min
pages 105-116

Oifig Fiontair Áitiúil

8min
pages 102-104

Forbairt Phobail agus Gheilleagrach

50min
pages 73-101

Bainistíocht Forbartha

5min
pages 57-59

Forfheidhmiú Rialacháin Pleanála

3min
pages 60-61

Réamhrá

2min
page 56

Seirbhísí Oidhreachta agus Caomhnaithe

17min
pages 62-72

Sláinte agus Sábháilteacht

1min
pages 54-55

Acmhainní Daonna

5min
pages 50-52

Cosaint Shibhialta

1min
page 53

Seirbhísí Corparáideacha

18min
pages 38-49

Tithíocht agus Foirgníocht

43min
pages 11-37

Comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh

2min
pages 5-6

Coistí Beartais Straitéisigh

1min
pages 8-9

Réamhrá

2min
page 10

Focal ón gCathaoirleach agus ón bPríomhfheidhmeannach

1min
page 4
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.