5 minute read

Seirbhís Ealaíon Shligigh

FEIDHMIÚ AN CHLÁIR EALAÍON

Seirbhís Ealaíon Shligigh agus Clár Ealaíon 2021

Advertisement

Ghlac an Chomhairle Plean Ealaíon Shligigh, 2020-2025, i mí Dheireadh Fómhair 2020. Ceann de phríomhaidhmeanna an Phlean is ea tacú leis an ealaíontóir, rud a bheidh níos tábhachtaí ná riamh in 2021.

Díríodh in 2020, mar a dhéanfar arís in 2021, ar inmharthanacht leanúnach earnáil na n‑ealaíon a chinntiú. Bainfear é sin amach le líon sparánachtaí níos mó a bhronnadh ar ealaíontóirí agus líon deontas níos mó a bhronnadh ar eagraíochtaí.

Leanaí agus Daoine Óga

Leanfaidh Téatar Óige Shligigh de cheardlanna a chur ar fáil do dhaoine óga i dtrí aoisghrúpa gach seachtain. Tá sé beartaithe clár iomlán léiriúchán a chur ar siúl, lena n‑áirítear dráma bunaithe ar The Battle of the Books, lena chinntiú go bhfaighidh na baill go léir taithí éigin ar ghnéithe go léir an léirithe. Cloífear go docht daingean leis na treoirlínte sláinte poiblí. Táimid buíoch de Blue Raincoat Theatre Company as ceardlanna breise agus as spás taibhithe a chur ar fáil.

Cuireadh clár amharcealaíon ‘Primary Colours’ do bhunscoileanna in oiriúint le gur féidir le healaíontóirí é a sheachadadh ar bhealach solúbtha, ag brath ar riachtanais na scoileanna rannpháirteacha. D’fhorbair ealaíontóirí ó Shligeach ábhair ealaíne i gcló agus ar líne in 2020, agus déanfar iad sin a dháileadh ar scoileanna.

Na healaíona agus an tsláinte agus daoine breacaosta

D’éirigh go maith le Seirbhís Ealaíon Shligigh ina hiarratas chuig Ciste ‘Éire Shláintiúil’ chun tionscadal cianda anspeisialta a chruthú do dhaoine breacaosta a chabhróidh leo dul i ngleic leis an uaigneas trí cheangal a chruthú le scéalaíocht, comhrá, agus a samhlaíocht a spreagadh. Cruthóidh an tionscadal eispéireas i bpáirt agus ceangal le daoine eile ina bpobal agus ina gcontae.

Ealaíona pobail agus ealaíontóirí

Cuireann an tSeirbhís Ealaíon forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil d’ealaíontóirí chun dul i mbun oibre sa phobal agus chun a gcleachtais oibre a chur in oiriúint don phaindéim. Cuireadh le Painéal Ealaíontóirí na Seirbhíse Ealaíon in 2020 agus léirítear raon leathan cleachtas agus foirmeacha ealaíne leis ar féidir leis an tSeirbhís úsáid a bhaint astu chun a cláir a sheachadadh.

Cuirfear deiseanna cistithe feabhsaithe ar fáil d’ealaíontóirí i réimsí na dtaispeántas, na dtionscadal, na ndámhachtainí, na gcoimisiún agus na sparánachtaí.

An Oíche Chultúir

Seirbhís Ealaíon Shligigh i gcomhar leis na príomhionaid ealaíon agus páirtithe leasmhara a chuireann Oícheanta Cultúir ar fáil, agus is í Comhairle Contae Shligigh agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chuireann cistiú ar fáil.

Susan O’Keefe (Cumann Yeats, Sligeach), Diarmuid Woods (Téatar Óige Shligigh), Marie O’Byrne (Amharclann Hawk's Well, Sligeach), Bettina T. Gigante (Blue Raincoat Theatre Company), agus Mary McDonagh (Oifig Ealaíon Shligeach, Comhairle Contae Shligigh) ag teacht le chéile roimh an oscailt d’Oíche Chultúir 2020

Ceol

Níor cuireadh an 21ú leagan d’Fhéile Ceoil Aireagail Idirnáisiúnta Shligigh ar siúl in 2020 de dheasca na paindéime. Mar sin féin, tá súil againn go leanfaidh an Fhéile ar aghaidh in 2021 agus go gcuirfí clár 2020 i láthair ina ndéantar ceiliúradh ar bhreithlá Beethoven a bheadh 250 bliain d’aois. Úsáideadh cistiú ó 2020 chun trí shaothar nua a choimisiúnú le haghaidh ceoltóirí Éireannacha a bheidh ag seinm san Fhéile in 2021.

I gcás ina mbeidh cosc ar thaisteal idirnáisiúnta i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2021, d’fhéadfaimis leagan álainn laghdaithe den fhéile a chur ar siúl ina ndéanfaidh na ceoltóirí ó Éirinn na saothair nua a sheinm den chéad uair.

Scannán

Bliain mhór ab ea 2020 ó thaobh léiriú scannán i Sligeach. D’éirigh go hiontach le Normal People, rud a tharraing cáil ar Shligeach i measc cuideachtaí scannán idirnáisiúnta. Is í Seirbhís Ealaíon Shligigh pointe teagmhála na Comhairle le haghaidh cuideachtaí scannán, agus faigheann an tSeirbhís roinnt mhaith fiosrúcháin agus iarratas ar chabhair. Tá ról tábhachtach ag an gComhairle Contae i gcúrsaí scannánaíochta sa Chontae agus sa réigiún.

Tá Comhairle Contae Shligigh ina ball de Chiste do Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair (WRAP). Ciste Réigiúnach atá ann atá tiomanta d’infheistíocht straitéiseach ar théarmaí tráchtála lena ngintear tionchar eacnamaíoch, lena dtacaítear tallanna áitiúla, lena gcruthaítear fostaíocht inbhuanaithe, lena dtógtar an bonneagar closamhairc agus lena gcuirtear le cultúr agus le teanga Iarthar na hÉireann.

Tionscnamh comhpháirtíochta idir Seirbhísí Ealaíon Shligigh, Liatroma agus Ros Comáin is ea SLR Film. Tá SLR Film ina chomhpháirtí sa tairiscint rathúil don Chiste Réigiúnach maidir le Forbairt Fiontar le haghaidh thionscnamh na gCroíthailte Cruthaitheacha. Is é aidhm an tionscadail seo cur leis an bhfiontar agus leis an bhfiontraíocht laistigh d’fhiontair chruthaitheacha bheaga agus mheánmhéide i Sligeach, Liatroim agus Ros Comáin.

Rinneadh ceiliúradh sa bhaile ar Lá Yeats an 13 Meitheamh, 155ú breithlá an fhile.

Clár Ealaíne Poiblí agus Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon

Tá cistiú ealaíne chun ealaín phoiblí a choimisiúnú le fáil trí Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon le haghaidh gach tionscadal caipitiúil. Tá beartas maidir le cur i bhfeidhm leanúnach Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon glactha ag Comhairle Contae Shligigh ó 2002.

Earcaíodh Bainisteoir Tionscadal Ealaíne Poiblí in 2020. Mar chuid den ról sin, cuirfear Grúpa Stiúrtha Ealaíne Poiblí ar bun agus tacófar leis an nGrúpa chun Plean maidir le Coimisiúin Ealaíne Poiblí a fhorbairt agus a sheachadadh do na 3-5 bliana amach romhainn.

Ceapfaidh an Grúpa Stiúrtha roghnóirí in 2021 a roghnóidh ealaíontóirí trína saothair bheartaithe a mheas. Faomhfaidh an Grúpa Stiúrtha conarthaí le coimeádaithe nó idirghabhálaithe má bhíonn gá leo le haghaidh tionscadail shonracha. Leagfar amach i bPlean an Choimisiúin Ealaíne Poiblí an chaoi a ndéanfar cistiú faoi Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon a leithdháileadh agus aithneofar ann an líon agus na cineálacha coimisiún.

Cuirfidh an Bainisteoir Tionscadal Plean an Choimisiúin i bhfeidhm trí chur i bhfeidhm na dtionscadal a bhainistiú sa tréimhse 2 bhliain nó 3 bliana amach romhainn. Cuirfear an Plean agus an amlíne le haghaidh na dtionscadal i láthair SPC 3 in am trátha.

This article is from: