5 minute read

Acmhainní Daonna

Déanann an Rannóg Acmhainní Daonna cúram de gach ábhar a bhaineann le cúrsaí soláthair foirne i gComhairle Contae Shligigh, m.sh. earcaíocht, oiliúint, coinneáil taifead pearsanra, caidreamh tionsclaíoch, párolla, aoisliúntas, am agus tinreamh, srl. Tá sí freagrach freisin as beartais agus nósanna imeachta leasa foirne, bídís reachtúil nó neamhreachtúil, a chur i bhfeidhm agus coinníonn caidreamh tionsclaíoch seasmhach laistigh den Eagraíocht. Oibríonn an Rannóg Acmhainní Daonna le timpeallacht oibre atá cothrom, comhairleach agus tacúil a chruthú laistigh de Chomhairle Contae Shligigh.

Nuair a thosaigh paindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, cuireadh isteach go mór ar go leor gníomhaíochtaí laistigh den Rannóg Acmhainní Daonna. Bhí cuid mhaith d’aird na Rannóige dírithe ina dhiaidh sin ar shaincheisteanna a d’eascair as géarchéim COVID-19.

Advertisement

Nuair a tháinig COVID-19 ar an bhfód den chéad uair go luath in 2020, níorbh fhada go raibh na himpleachtaí féideartha don tsochaí i gcoitinne agus don eagraíocht ó thaobh foirne agus seirbhísí de soiléir. Forbraíodh Plean Leanúnachais Gnó ag an am sin, inar aithníodh na seirbhísí riachtanacha a bheadh ar an gComhairle a choinneáil i gcás paindéim cheart, na hacmhainní daonna a bheadh ag teastáil chuige sin, an cúltaca a bheadh ag teastáil i gcás baill foirne a bheith as láthair de dheasca breoiteachta, srl., na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na seirbhísí agus cén chaoi dul i ngleic leis na rioscaí sin. Chuir an plean seo seicliosta beart ar fáil don Chomhairle le hullmhú don ghéarchéim agus lena chinntiú go gcoinneofaí seirbhísí criticiúla.

De réir mar a cuireadh tuilleadh srianta i bhfeidhm, b’éigean don Chomhairle athruithe suntasacha a dhéanamh ar ár modh oibre le comhairle agus treoirlínte FSS agus an Rialtais a chomhlíonadh maidir le cén chaoi gnó a dhéanamh ar bhealach a thug cosaint do shláinte agus sábháilteacht ár gcuid fostaithe a mhéid ab fhéidir. Bunaíodh Grúpa Inmheánach Comhordaithe COVID-19 i mí an Mhárta 2020 d’fhonn sainaithint agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta le timpeallachtaí sábháilte oibre a choinneáil agus lena chinntiú go gcuirfí comhairle FSS/an Rialtais i bhfeidhm. Tá an grúpa seo fós ag teacht le chéile go rialta. Ceapadh Oifigigh Chomhlíonta COVID-19, mar aon le Príomhionadaí Oibrithe agus Ionadaí Oibrithe arna n-ainmniú ag na Ceardchumainn, le hoibriú i gcomhar leis an bhfostóir leis na bearta a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh ar a gcomhlíonadh.

Níorbh aon dóithín é cloí leis an gcomhairle scartha shóisialta, agus d’éirigh go maith leis an gComhairle cumasú go tapa do bhaill foirne obair ón mbaile, chomh maith sin go raibh thart ar 80% den fhoireann oifige ag obair ón mbaile nuair ba threise na srianta. Mar a cuireadh tús le maolú na srianta, d’fhoilsigh an Rialtas Prótacail um Fhilleadh ar an Obair go Slán Sábháilte i mí na Bealtaine 2020 d’fhonn tacú le fostóirí agus le hoibrithe bearta a chur i bhfeidhm le scaipeadh COVID-19 a chosc san ionad oibre. Leagadh amach sa Treochlár chun Sochaí agus Gnó a Athoscailt creat athoscailte cúig chéim, ar cuireadh tús leis ar an 18 Bealtaine 2020.

Tabhaíodh costais an-suntasach le hionaid oibre, cleachtais oibre, socruithe rochtana poiblí, srl. a chur in oiriúint lena chinntiú go mbeidís ag cloí go hiomlán le bearta cosanta sláinte poiblí a bhain le COVID-19.

Toisc gur cuireadh an leibhéal srianta ab airde i bhfeidhm arís ag meánoíche, an 21 Deireadh Fómhair 2020, athraíodh na socruithe agus na cleachtais oibre arís le go mbeidís ag teacht le comhairle Sláinte Poiblí agus le comhairle an Rialtais, agus é mar aidhm leo seirbhísí riachtanacha a choinneáil agus tacú le pobail agus gnólachtaí. Bhí srianta ar leibhéil éagsúla agus bearta scartha shóisialta i bhfeidhm go deireadh 2020, rud a raibh tionchar aige ar an gcaoi ar oibrigh foireann na Comhairle agus ar an gcaoi ar cuireadh seirbhísí ar fáil.

Earcaíocht Foirne

Nuair a thosaigh paindéim COVID-19, cuireadh isteach go mór ar go leor gníomhaíochtaí laistigh den Rannóg Acmhainní Daonna, gníomhaíochtaí earcaíochta go háirithe. Tháinig laghdú ar líon na bpost a líonadh in 2020 toisc nach raibh sé indéanta comórtais a chur chun cinn de dheasca riachtanais scartha shóisialta agus srianta taistil. Líonadh roinnt post, áfach, sa Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí, sa Rannóg Ealaíon, i Seirbhísí Dóiteáin, mar aon le roinnt poist riaracháin shealadacha.

Fógraítear folúntais i bpoist sna nuachtáin áitiúla agus/nó náisiúnta, ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Shligigh agus ar na Meáin Shóisialta. Reáchtáladh 16 chomórtas earcaíochta san iomlán in 2020, agus líonadh 18 bpost mar thoradh orthu.

Mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh ar an bpaindéim, b’éigean do Chomhairle Contae Shligigh breathnú as an nua ar na nósanna imeachta a bhí aici maidir le hagallaimh agus d’athraigh sí chuig córas agallaimh ar líne, trí Microsoft Teams, sa ráithe dheiridh de 2020.

Daoine a chuaigh ar scor

Le linn 2020, chuaigh 12 bhall foirne ar scor ó Chomhairle Contae Shligigh. (Féach Aguisín 1)

Oiliúint agus Forbairt

Mar a tharla le cúrsaí earcaíochta, chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm go mór ar chúrsaí oiliúna. Tá Comhairle Contae Shligigh tiomanta d’oiliúint ábhartha a chur ar fáil don fhoireann ar fad ach na hacmhainní a bheith ar fáil chuige sin. Bhí gníomhaíocht oiliúna in 2020 dírithe go háirithe ar Shláinte agus Sábháilteacht. Cuireadh maoiniú le haghaidh oiliúna ar fáil don Chomhairle faoi na ceannteidil Deontas Bóithre Neamhnáisiúnta, Deontas Seirbhísí Uisce agus Deontas Comhshaoil agus caitheadh iad ar chúrsaí ábhartha a chur ar fáil do bhaill foirne ag obair sna réimsí sin.

Caidreamh Oibreachais

Is é beartas na Rannóige Acmhainní Daonna ná timpeallacht mhaith a chothú ó thaobh caidreamh oibreachais de agus, chuige sin, eagraítear cruinnithe rialta idir an Rannóg Acmhainní Daonna agus ionadaithe/oifigigh cheardchumainn. Gabhann an Chomhairle uirthi féin ceisteanna caidrimh oibreachais a réiteach ar bhealach oscailte, comhoibritheach a luaithe is féidir nuair a thagann a leithéid chun cinn.

Leas Foirne

Tá an Rannóg Acmhainní Daonna freagrach as raon beartas agus meicníochtaí tacaíochta a cheapadh agus a chur chun feidhme d’fhonn cabhrú leis an bhfoireann cothromaíocht a bhaint amach idir an obair agus an saol. Is í an Rannóg Acmhainní Daonna a dhéanann an Scéim Saoire Breoiteachta a bhainistiú agus a chuireann cúnamh ar fáil d’fhostaithe nuair is gá. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil trí Oifigeach Leasa Foirne lánaimseartha, a bhíonn ar fáil don fhoireann go léir, agus trí Health Assured, eagraíocht a ndearna an Chomhairle comhaontú léi le cúnamh a chur ar fáil d’fhostaithe de réir mar is gá.

Tá sonraí faoi na beartais uile a thacaíonn le teaghlaigh ar fáil ar inlíon na Comhairle, lena n-áirítear Scéim na Bliana Oibre Níos Giorra, an Scéim um Shaoire do Thuismitheoirí, an Scéim Oibre Comhroinnte, Sosanna Gairme, an Scéim Force Majeure, Saoire Méala agus Saoire Mháithreachais agus Atharthachta.

Párolla

Tá an Rannóg Acmhainní Daonna freagrach as an bpárolla a riaradh i gcomhar le MyPay. Íoctar trí Ghrúpa Pá gach coicís: Pá agus Pá Pinsin, Tuarastail agus Tuarastail Phinsin agus Comhraiceoirí Dóiteáin.

This article is from: