14 minute read
Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
BÓITHRE, IOMPAR AGUS SÁBHÁILTEACHT
Clár na mBóithre
Advertisement
Cuireadh €73,696,023 i leataobh do chlár na mbóithre chun feabhas agus cothabháil a dhéanamh ar thionscadail straitéiseacha thábhachtacha ar bhóithre náisiúnta agus eile a fhreastalaíonn ar Chontae Shligigh agus ar Chathair Shligigh – Lárionad Fáis Réigiúnach ainmnithe. Is iad Bonneagar Iompair Éireann, an Roinn Iompair, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, agus Comhairle Contae Shligigh na príomhghníomhaíochtaí cistiúcháin don Chlár seo.
Tá sonraí sna táblaí thíos ar na Bóithre Náisiúnta, Réigiúnacha agus Áitiúla i Sligeach.
Príomhbhóithre Náisiúnta
Bealach Cur síos
N4
N15
N16
N17 Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin
Cathair Shligigh go dtí Droichead Bhun Duibhe
Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Liatroma
Cúil Mhuine go Baile Eachaidh
Iomlán Fad (km)
34.35
27.04
10.39
34.06
105.84
Bealach Cur síos
Bóthar náisiúnta den dara grád
N59 Baile Easa Dara go dtí an teorainn le Contae Mhaigh Eo
Iomlán
Bealach Cur síos
Bóithre réigiúnacha
R277 Cill Easpaig Bhróin go dtí Aerfort Shligigh
R278 Sligeach go Carraig Ó Néillín R279 Cliafuine go dtí an Mullach Mór
R284 An Cheathrú Rua go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin
Fad (km)
47.38
47.38
Fad (km)
1.7
7.63
4.4
26.6
R286 Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Liatroma
R287
Cathair Shligigh go dtí an teorainn le Contae Liatroma tríd an gCeathrú Rua R290 Baile Easa Dara go Baile an Tóchair
R291 Cathair Shligigh go dtí an Ros
R292 Cathair Shligigh go dtí an Leathros go Béal Átha Droichid
R293 Baile na bPoll go Goirtín go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin
R294 Cluain Lua go Tobar an Choire go Loch Tailt
R295
Baile an Mhóta go dtí an Chéis go dtí an teorainn le Contae Ros Comáin R296 Baile an Mhóta go Bun an Fheadáin go dtí an R294
R297 An Droim Mór Thiar go hInis Crabhann go dtí teorainn an chontae
R298 An N59 go Leacán an tSléibhe go dtí an R297
R361 Taobh leis an teorainn le Contae Ros Comáin
R869 Cathair Shligigh – Bóthar Dáileacháin an Iarthair
R870 Cathair Shligigh – Bóthair an Phiarsaigh / Bóthar Markievicz
Iomlán
11.2
15.89
14.63
7.83
18.23
25.8
42.5
14.6
10.2
29.8
4.9
1.6
2.5
1.37
241.38
Bóithre áitiúla
Bealach Cur síos
Príomhbhealaí áitiúla Príomhbhóithre áitiúla
Bealaí áitiúla tánaisteacha Bóithre áitiúla den dara grád
Bealaí áitiúla den tríú grád Bóithre rochtana áitiúla, cul-de-sac, bóithre ar eastát
Iomlán Fad (km)
600
980
860
2,440
Bóithre náisiúnta:
Cuireann Bonneagar Iompair Éireann cistiú mór ar fáil le haghaidh na mbóithre náisiúnta i gContae Shligigh. Roinntear an cistiú idir cothabháil, feabhsúchán, sábháilteacht, agus mórscéimeanna agus mionscéimeanna athailínithe.
Cothabháil
Leanadh d’oibreacha cothabhála in 2020 agus ina measc siúd bhí dromchla nua, oibreacha deisiúcháin do bhacainní, cothabháil ar dhroichead, comharthaíocht agus soilsiú, oibreacha draenála, soilsiú poiblí srl. Cláraítear gach fadhb chothabhála ar aip Geo de chuid Bhonneagar Iompair Éireann ar tháibléid láimhe agus is féidir cur isteach ar chistí breise le haghaidh fadhbanna cothabhála ar leith más gá faoin gcóras. Cuireann Comhairle Contae Shligigh clár bliantúla cothabhála geimhridh i bhfeidhm freisin.
Chuir Bonneagar Iompair Éireann €700,000 ar an iomlán ar fáil do Chomhairle Contae Shligigh chun cothabháil a dhéanamh ar na príomhbhóithre náisiúnta in 2020.
Feabhsúchán
Scéimeanna athnuachana dromchla
Chuir Bonneagar Iompair Éireann díreach os cionn €4 mhilliún ar fáil chun dromchla bóithre a athchóiriú ar an ngréasán bóithre náisiúnta i Sligeach in 2020. Rinneadh oibreacha móra sna suíomhanna seo a leanas in 2020:
N15 Cliafuine Thuaidh N15 Caiseal an Ghearráin
N15 Cliafuine Thuaidh
Cuimsíodh le Forleagan Dromchla an N15 ag Cliafuine Thuaidh athshlánú struchtúrach agus neartú fad 2.5 km de dhromchla reatha an N15 idir an Chraobhaigh Chaol agus Caisle Geala i gContae Shligigh. Cuireadh na hoibreacha i gcrích i mí an Mhárta 2020.
Athshlánú Dhromchla an N15 ag Cliafuine Thuaidh, Feabhra 2020
N15 Caiseal an Ghearráin
Cuimsítear le Forleagan Dromchla an N15 ag Caiseal an Ghearráin athshlánú struchtúrach agus neartú fad 3.6 km de dhromchla reatha an N15 idir Achadh Gaid, Muine na nÉan agus Caiseal an Ghearráin i dTuaisceart Shligigh. Cuireadh tús leis na hoibreacha i mí Dheireadh Fómhair 2020 agus tá siad ar siúl i gcónaí in 2021.
Forleagan Dhromchla an N15 ag Caiseal an Ghearráin, mí na Nollag 2020
Deisiúcháin cothabhála caipitiúla
Chuir Bonneagar Iompair Éireann €490,000 ar an iomlán ar fáil faoin gceannteideal seo. Tá scéimeanna faoin gcistiú seo dírithe ar lochtanna logánta dromchla a dheisiú ar an ngréasán bóithre náisiúnta a bhfuil costas faoi bhun €200,000 ag baint leo. Cuireadh cistiú €490,000 ar fáil in 2020 le haghaidh scéimeanna ag na suíomhanna seo a leanas:
N16 Acomhal Ghleann an Chairthe N17 Ráth Scanláin N59 Ceathrú na gCaorach agus an Feadán N15 Cliafuine agus an Ghráinseach N4 Béal Átha na gCarraigíní
Sábháilteacht
Scéimeanna Feabhsúcháin Sábháilteachta
N15 ag an gCraobhaigh Chaol
Cuireadh díreach os cionn €100,000 ar leataobh le haghaidh scéim sábháilteachta ar an N15 ag an gCraobhaigh Chaol. Rinneadh an obair mar athrú ar an gConradh le haghaidh Athnuachan Dhromchla an N15 ag Cliafuine Thuaidh, agus cuireadh an obair i gcrích i mí an Mhárta 2020.
Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta an N15 ag an gCraobhaigh Chaol
N15 ag Achadh Gaid
Cuimsíodh leis an Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta seo lána mall a bhaint ar an taobh ó dheas den Ghráinseach, agus rinneadh an obair mar athrú ar an gconradh le haghaidh Athnuachan Dhromchla an N15 ag Caiseal an Ghearráin, tar éis do Bhonneagar Iompair Éireann €50,000 a chur ar fáil.
Cigireachtaí Sábháilteachta ar Bhóithre Náisiúnta
Rinne Bonneagar Iompair Éireann suirbhé forléargais ar na bóithre náisiúnta go léir sa chontae faoin Scéim Cigireachta Sábháilteachta ar Bhóithre. Eisíodh tuarascáil ina sainaithnítear suíomhanna ar a bhféadfaí iniúchadh breise a dhéanamh le fáil amach an mbeadh tairbhe ag baint le feabhsúcháin sábháilteachta áitiúla a dhéanamh. Tá straitéis á cur i gcrích ag Comhairle Contae Shligigh chun na suíomhanna sin a iniúchadh agus chun scéimeanna feabhsúcháin a fhorbairt.
Mórscéimeanna agus mionscéimeanna athailínithe
Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta de chuid Bhonneagar Iompair Éireann i Sligeach (Oifig Tionscadail Shligigh) a dhéanann bainistíocht ar mhórscéimeanna agus mionscéimeanna athailínithe ar bhóithre náisiúnta i Sligeach. Is iad seo a leanas na scéimeanna reatha:
N4 Cúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní – oibreacha ar siúl N4/N15 Scéim Feabhsúcháin Uirbigh – oibreacha ar siúl N16 Athailíniú Log an Tobair – á dhearadh N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine – forbairt pleanála N59 An Chorrthamhnach go Cnoc an Chuilinn – forbairt pleanála
Bóithre nach bóithre náisiúnta iad
Is í an Roinn Iompair an phríomhfhoinse chistiúcháin le haghaidh bóithre nach bóithre náisiúnta iad. Faightear cistiú breise ón Údarás Náisiúnta Iompair agus ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, mar aon le cistiú ó Chomhairle Contae Shligigh féin.
Deontas Feabhsúcháin Athshlánaithe
Chuir an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt €6,897,500 ar fáil in 2020 chun bóithre réigiúnacha agus áitiúla a athshlánú agus a fheabhsú. Bhí feabhas le cur ar 55.6 km de bhóithre ag 66 suíomh ar fud an Chontae faoin deontas seo.
Cuimsíodh iad seo a leanas i measc na n‑oibreacha a cuireadh i gcrích:
Dromchla coincréite asfailt a leagan síos chun bóithre a mhúnlú agus a neartú, agus cóiriú dromchla a dhéanamh ina dhiaidh sin. Clocha meilte a leagan síos chun an bóthar a mhúnlú agus a neartú, agus cóiriú dromchla dúbailte a dhéanamh ar an gcloch chun dromchla an bhóthair a shéalú agus friotaíocht in aghaidh sciorrthaí a chur ar fáil. Athchúrsáil – rinneadh é sin sa chás ina raibh go leor cloch i struchtúr an bhóthair cheana féin ach go raibh an bóthar tite as a chéile (bóithre portaigh a bhíonn i gceist go hiondúil). Marcálacha ar bhóithre a athdhéanamh.
Deontais Cothabhála Athchóirithe / Athchóirithe Bhreise
Le haghaidh cóiriú dromchla ar bhóithre réigiúnacha agus náisiúnta a bhfuil bail réasúnta orthu i gcónaí atá na deontais seo, agus tá siad beartaithe mar chothabháil choisctheach le déanamh cinnte nach dtagann meath ar an dromchla le go mbeadh móroibreacha deisiúcháin ag teastáil ina dhiaidh sin. Cuireadh deontais €1,982,500 ar fáil in 2020 chun cóiriú dromchla a chur ar bhóithre réigiúnacha agus náisiúnta. Bhíothas in ann cóiriú dromchla a dhéanamh ar 101.3 km de bhóithre ag 78 suíomh ar fud an chontae mar thoradh ar na deontais sin.
Deontas lánroghnach
Cuireadh deontas lánroghnach €2,313,500 ar fáil in 2020 le haghaidh oibreacha feabhsúcháin agus cothabhála ar bhóithre réigiúnacha agus áitiúla ar fud an chontae. Cuimsíodh leis na hoibreacha a cuireadh i gcrích leis an deontas seo cothabháil ar bhóithre réigiúnacha/náisiúnta, oibreacha deisiúcháin ar bhóithre, cothabháil an gheimhridh, cothabháil ar dhroichid, marcálacha ar bhóithre, srl.
Deontas draenála
Chuir an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt deontas sonrach €573,238 ar fáil in 2020 le haghaidh bearta feabhsúcháin draenála. Úsáideadh an cistiúchán seo chun oibreacha feabhsúcháin draenála a raibh géarghá leo a chur i gcrích ag 46 suíomh ar fud an chontae.
Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail
Chuir an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cistiú ar fáil do Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail in 2020. D’íoc an deontas seo as oibreacha ar bhóithre náisiúnta den tríú grád den chuid ba mhó nach bhfuair mórán cistiúcháin thar na blianta. Bíonn an deontas seo ag brath ar chuid den chistiú a bheith á cur ar fáil ag an bpobal áitiúil. Fuair Comhairle Contae Shligigh leithdháileadh €730,000 in 2020 faoin gceannteideal seo le haghaidh oibreacha ag 24 suíomh.
Fuarthas deontas €270,000 in 2020 le haghaidh Oibreacha Feabhsúcháin Sábháilteachta i roinnt suíomhanna mar seo a leanas:
Sráidbhaile Bhaile an Tóchair Sráidbhaile Bhaile idir Dhá Abhainn Cúirt Bhaile na Coille Bóthar an Ghalltrumpa Bóthar Chliabhraigh R296 Baile an Mhóta Sráidbhaile Bhaile Uí Dhálaigh Scoil Náisiúnta na Cille Glaise Goirtín
Athshlánú Droichead
Cuireann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt tacaíocht ar fáil gach bliain le haghaidh oibreacha deisiúcháin agus feabhsúcháin ar dhroichid, agus cuireadh méadú 25% le deontas 2020 go dtí €489,000 le hais 2019. In ainneoin na moille de dheasca shrianta Covid‑19, d’éirigh linn clár cuimsitheach athshlánaithe droichead a sheachadadh in 2020 lenar cuimsíodh deisiú agus athchóiriú 18 ndroichead.
Rinneadh móroibreacha deisiúcháin in ionaid éagsúla, lena n‑áirítear:
Droichead Ruacháin, Baile an Tóchair Droichead Ráth Dúna, Baile an Mhóta Droichead Chluain Each, Goirtín Droichead Frenchford, Cluain na Cúile agus Roinn an tSrutháin, an Ghaobhach.
Droichead Achadh Gaid, an Ghráinseach – dromchla, ballaí saoirseachta agus ráillí uchtbhalla nua
Droichead Frenchford, Cluain na Cúile – Feabhra 2020 Droichead Frenchford, Cluain na Cúile – Meán Fómhair 2020
Deontais Feabhsúcháin ar leith R284
Cuireadh €212,000 i leataobh in 2020 chun ciumhaiseanna a leathnú agus a neartú ar an R284. In 2019 a tosaíodh ar an obair sin.
Tionscadail Lár na Cathrach (Deontais Feabhsúcháin ar leith) Bóthar ceangail Shráid an Bhurtúnaigh
Tá sé beartaithe bóthar ceangail a thógáil idir Sráid an Bhurtúnaigh agus Bóthar an Chóiste Poist ó dheas ó lár na cathrach. Beidh an bóthar ceangail ina chuid de phlean mhór chun cuarbhealach timpeall ar lár na cathrach a spreagadh in ionad úsáid a bhaint as na sráideanna móra tráchtála i lár na cathrach. Foilsíodh ordú ceannaigh éigeantaigh i mí an Mhárta 2020 chun forbairt na scéime sin a chur chun cinn. Déanfar dul chun cinn ar an scéim in 2021, tar éis don Bhord Pleanála an t‑ordú ceannaigh éigeantaigh a dheimhniú.
Tionscadal Dhroichead Coisithe Markievicz
Cosán taobh le Droichead Markievicz i lár chathair Shligigh atá sa scéim seo. Beidh an cosán ina ghné lárnach den straitéis iompair chomhtháite le haghaidh lár na cathrach. Ullmhaíodh na doiciméid seo a leanas chun dul chun cinn a dhéanamh ar stádas pleanála na forbartha seo:
Tuarascáil pleanála Tuarascáil scagthástála MTT Ráiteas tionchair Natura
Meastar go gcuirfear aighneacht pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála in 2021. Tá ordú ceannaigh éigeantaigh á ullmhú freisin maidir leis na tailte atá riachtanach chun an struchtúr a thógáil.
Tionscadal Feabhsúcháin Shráid Uí Chonaill
Sráid Uí Chonaill – Céim 1:
Cuireadh tús leis an tógáil le haghaidh Chéim 1 den tionscadal in Aibreán 2019. Cuireadh Céim 1 i gcrích ag deireadh 2020.
Cuireadh spás uirbeach ardchaighdeáin ar fáil faoi Chéim 1 den tionscadal lena mbaineann saintréithe uathúla, agus coinníodh sainghnéithe inaitheanta cultúrtha agus oidhreachta na sráide. Bhain an scéim an leas is fearr agus is féidir as naisc le limistéir coisithe eile laistigh de chroílár na cathrach. Tá an bhunchloch leagtha síos ag an tionscadal le haghaidh limistéar cathrach nua-aimseartha atá idir dhinimiciúil agus bheoga. Ba é an t‑éiteas dearaidh ón tús feabhas a chur ar an eispéireas do choisithe ar Shráid Uí Chonaill. Tugtar tús áite sa sráiddreach do choisithe seachas d’úsáid mótarfheithiclí i gcroílár na cathrach.
Sráid-dreach críochnaithe le haghaidh Chéim 1 de Thionscadal Feabhsúcháin Shráid Uí Chonaill, Sligeach
Sráid Uí Chonaill – Céim 2:
In 2020 a rinne an soláthar le haghaidh Chéim 2, agus táthar ag súil go ndéanfar an obair thógála in 2021.
Leagan amach beartaithe le haghaidh Chéim 2 de Thionscadal Feabhsúcháin Shráid Uí Chonaill, Sligeach
Leanfar i gCéim 2 d’úsáid a bhaint as na prionsabail dearaidh a cuireadh i bhfeidhm faoi Chéim 1. Faoi Chéim 2, leathnófar an sráid-dreach nua ar Shráid Uí Chonaill siar agus soir i dtreo Shráid Knox Íochtarach agus Shráid an Fhíona faoi seach. Faoin gcur chuige seo, ní bhraithfear an t‑aistriú ó shráid go sráid, rud a chuirfidh feabhas eile leis an eispéireas do choisithe. Soláthrófar acomhal uasghrádaithe faoi Chéim 2 (Sráid an Fhíona/Sráid Uí Chonaill/Sráid Knox Íochtarach) lena gcuimseofar trasrianta coisithe rialaithe nua. Cuirfidh an t‑acomhal nua bearta sábháilteachta níos fearr ar fáil le haghaidh úsáideoirí bóthair gan chosaint.
Leanfaidh Céim 2 den nuálaíocht a chuimsiú trí bhearta suntasacha a ghlacadh chun freastal ar theicneolaíochtaí cliste a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo chun sonraí a mhalartú i limistéar na cathrach. Ina measc siúd, cuimsítear soláthar Wi-Fi ar an tsráid, sonraí comhshaoil fíor-ama a bhailiú, agus monatóireacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí coisithe agus tráchta.
Scéimeanna Feabhsúcháin Bóithre Straitéiseacha nach Bóithre Náisiúnta iad:
Le Scéim bheartaithe Droichead Thoir na Garbhóige agus bóithre isteach chuige, soláthrófar bóthar ceangail áitiúil ar an taobh thoir de Chathair Shligigh. Tá an scéim ag teastáil mar ní leor an gréasán bóithre atá ann cheana féin chun freastal ar an taisteal áitiúil idir limistéir thoir na cathrach gan gá a bheith ann dul trí lár na cathrach féin. Leis an bhforbairt seo, déanfar ceangal idir na pobail ó thuaidh agus ó dheas den Ghearbhóg, cuirfear feabhas ar shruth an tráchta, agus laghdófar an brú tráchta i lár na cathrach.
D’fhaomh an Bord Pleanála an Ráiteas Tionchair Timpeallachta agus an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh le haghaidh na scéime seo. Cuireadh conradh i gcrích i mí na Nollag 2018 le haghaidh glanadh láithreáin agus fálta, rud a dhaingnigh na tailte ó thuaidh le haghaidh chéim na tógála. Tá imscrúduithe seandálaíochta agus imscrúduithe ar an talamh curtha i gcrích. Tá ceannach na talún ar siúl i gcónaí.
Airíodh an scéim le haghaidh cistiú tógála sa Phlean Forbartha Náisiúnta reatha. Chuir Comhairle Contae Shligigh iarratas ar chistiú le haghaidh na scéime faoi bhráid na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil in 2018 faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha Uirbí. Fuarthas gealltanas ón Roinn in 2019 le haghaidh leithdháileadh €6 mhilliún ón gciste sin. Tá an Roinn Iompair tiomanta don scéim a chistiú freisin. Meastar go gcuirfear ullmhúchán na ndoiciméad mionsonraithe dearaidh agus tairisceana i gcrích in 2021, agus go gcuirfear tús leis an obair thógála in 2022.
Bóthar Dáileacháin an Iarthair, Céim 2
Bhí Bóthar Dáileacháin nua an Iarthair beagnach críochnaithe ag deireadh 2020, agus osclaíodh an bóthar don trácht in Eanáir 2021. Ceanglaíonn an bóthar seo Príomhbhealach Náisiúnta an N4 ag an gCealtrach agus Bóthar Roger Eames (Baile Uí Dhúgáin) agus ar aghaidh chuig an Bóthar an Leathrois R292, agus cuirfidh an bóthar nua feabhas mór ar an rochtain ar Pháirc Gnó Fhionasclainn. Cuimsítear na gnéithe seo a leanas leis an scéim:
2.0 km de charrbhealach aonair lena n‑áirítear haisteáil láir le haghaidh lánaí a bheidh ann amach anseo chun casadh ar dheis Ciumhaiseanna le rotharbhealach 2 m agus cosán 2 m ar an dá thaobh den charrbhealach Athailíniú ar 0.4 km de Bhóthar Dhoire Darach atá ann cheana féin Droichead bóthair nua thar an líne iarnróid reatha idir Baile Átha Cliath agus Sligeach, agus 2 acomhal timpealláin chomhréidh ag Doire Darach
Soláthrófar freisin rochtain ardchaighdeáin ar an bpáirc gnó atá beartaithe ag ÚFT ag Doire Darach agus ar thailte criosaithe siar ó dheas ó chathair Shligigh. Táthar ag súil freisin go gcabhróidh an scéim leis an mbrú tráchta a laghdú le linn na mbuaicthréimhsí ar an mBóthar Faoisimh Laistigh, Cnoc an Teampaill, agus Bóthar an Leathrois.
Atkins Lavalin a dhear an scéim, agus SIAC Construction Ltd a rinne an obair thógála.