19 minute read
Mórscéimeanna agus Mionscéimeanna Bóthair Náisiúnta
Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta i Sligeach (Oifig Tionscadail Shligigh) atá freagrach as seachadadh na mórscéimeanna agus na mionscéimeanna feabhsúcháin agus athailínithe bóithre náisiúnta go léir i gContae Shligigh. Is iad seo a leanas na scéimeanna atá á bhforbairt faoi láthair ag an Oifig Tionscadail, agus a ndearnadh dul chun cinn orthu in 2020.
Advertisement
Tá Príomhbhealach Náisiúnta an N4 ar an bpríomhnasc idir-uirbeach idir Baile Átha Cliath agus Réigiún an Iarthuaiscirt. Cuimsíodh Tionscadal an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní in Cur leis an Téarnamh: Bonneagar agus Infheistíocht Chaipitiúil, 2016-2021 mar cheann de na príomhthosaíochtaí i gclár na mbóithre a thacóidh leis an bhfás eacnamaíoch. Aithníodh é sa Phlean mar cheann de na “bearnaí criticiúla” inár mbonneagar reatha ar gá é a uasghrádú.
Ceann de na príomhthosaíochtaí faoin gCreat Náisiúnta Pleanála “Tionscadal Éireann 2040” is ea an bunriachtanas chun an rochtain idir lárionaid uirbeacha daonra agus a réigiúin a fheabhsú agus a uasghrádú, i gcomhthráth le tús a chur le fás dlúth ionad uirbeach. Tá sé sin ríthábhachtach chun acmhainneacht fáis na n‑ionad uirbeach réigiúnach (ionad uirbeach réigiúnach is ea Sligeach) agus an geilleagar ina iomláine a mhéadú an oiread is féidir. Tá seachadadh Scéim an N4 idir Cúil Mhuine agus Béal Átha na gCarraigíní liostaithe mar cheann de na príomhscéimeanna atá le seachadadh faoi Thoradh Straitéiseach 2, ‘Inrochtaineacht Réigiúnach Fheabhsaithe’, sa Phlean Forbartha Náisiúnta.
Soláthrófar díreach faoi bhun 14 km de Dhébhealach (Cineál 2) faoi scéim, mar aon le díreach faoi bhun 1 km de charrbhealach aonair ar an ngréasán bóithre náisiúnta, rud a cheanglóidh débhealach reatha an N4 ag Cúil Mhuine le Seachbhóthar an Chorrshléibhe, soir ó Bhéal Átha na gCarraigíní. Cuirfidh sé sin uasghrádú an N4 de réir caighdeáin nua-aimseartha i gContae Shligigh i gcrích. Cuirfidh an tionscadal seo feabhas mór ar shábháilteacht an stráice sin den bhóthar ar a bhfuair 30 duine bás le 40 bliain anuas nó mar sin.
Tar éis an phróisis soláthair shrianta le haghaidh Oibreacha arna nDearadh ag an gConraitheoir, uasdátú Chás Gnó na Scéime, agus faomhadh ón gComh-Aireacht, dámhadh an conradh tógála le haghaidh na Scéime ar Roadbridge Ltd. i mí Feabhra 2019. Maireann an conradh 30 mí, rud a thugann an 21 Iúil 2021 mar an chéad dáta faoina bhféadfaí an obair a chur i gcrích nach mór.
Lean an obair thógála ar aghaidh go dtí an chéad ráithe de 2020, ach dúnadh an láithreán ar feadh 7 seachtaine idir an 29 Márta agus an 18 Bealtaine 2020 mar thoradh ar phaindéim Covid‑19, de réir na dtreoirlínte ón Rialtas. Cuireadh tús arís leis an obair ar bhonn céimnithe nuair a athosclaíodh an láithreán arís i mí na Bealtaine 2020, i gcomhréir leis na treoirlínte ón Rialtas agus ó Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta, agus cuireadh leis na hoibreacha le himeacht ama. Rinneadh dul chun cinn seasta ar oibreacha sa chuid eile de 2020 agus sa chéad ráithe de 2021, agus níor dúnadh an láithreán faoi Shrianta Leibhéal 5 a fógraíodh go luath i mí Eanáir, i gcomhréir iomlán leis na treoirlínte agus na prótacail ó FSS maidir le Covid‑19.
Radharc ón aer ag breathnú ó dheas i dtreo an timpealláin nuathógtha ag Béal Átha na gCarraigíní
Radharc ón aer ag breathnú ó thuaidh ó Thimpeallán Bhéal Átha na gCarraigíní agus na bóithre isteach chuige
Struchtúir
Ceithre thardhroichead, sé fhodhroichead agus dhá dhroichead glanréise thar abhainn Dhroim Fionn agus abhainn Thuar na Lodán is gá a thógáil faoin tionscadal. Rinneadh dul chun cinn ar na struchtúir sin go léir in 2020 agus tá siad beagnach curtha i gcrích.
Amharc siar ó thuaidh ag Struchtúr 1 ag Tobar Bríde.
Fodhroichead Dhúirle thar bhóthar áitiúil L-55015-0, ag breathnú soir (Ch. 3+400)
Tardhroichead Chnoc na gCruach a bheidh ina chuid de bhóthar áitiúil athailínithe an L-55016-0, ag breathnú ó thuaidh (Ch. 4+000)
Radharc ón aer soir ó thuaidh ó Lintéar 0 atá á thógáil ag Tobar Scaineamháin a fhreastalaíonn ar an gcainéal amach as Loch Thobar Scaineamháin
Lintéir
Ba ghá thart ar 50 lintéar mór a thógáil mar chuid den tionscadal freisin chun srutháin agus córais draenála a bhí ann cheana féin a cheangal le chéile. Rinneadh na lintéir sin a dhearadh agus a thógáil i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí agus le hIascaigh Intíre na hÉireann, agus cuireadh ceanglais go léir na gComhlachtaí Reachtúla sin san áireamh.
Amharc soir ó thuaidh ó lintéar atá á thógáil sa Chlochóg Íochtarach chun freastal ar bhóthar garaíochta úinéara talún (is léir an maolú ar leaba an tsrutháin)
Amharc soir ó thuaidh ó lintéar atá á thógáil sa Chlochóg Íochtarach chun freastal ar bhóthar garaíochta úinéara talún (is léir an maolú ar leaba an tsrutháin)
Cosán/rotharbhealach comhcheangailte
Cuimsítear leis an tionscadal 3.4 km de chosán/rotharbhealach comhcheangailte a thógáil idir Tobar Bríde i gCúil Mhuine agus Dúirle. Rinneadh an suíomh a athdhearadh as líne le linn chéim an deartha mhionsonraithe chun áis a sholáthar atá níos cosúla le glasbhealach agus lena soláthrófar timpeallacht níos sábháilte lena mbainfidh luach taitneamhachta níos fearr. Cuireadh tógáil an ghlasbhealaigh sin i gcrích in 2020, agus raibh le déanamh i gcónaí ach an obair chun fabhtanna a chur ina gceart.
Sealbhú talún agus tithe
Ba ghá thart ar 450 acra talún a fháil go héigeantach faoin tionscadal, rud a chuaigh i bhfeidhm ar 135 úinéir talún agus 16 úinéir tí. Cuireadh na cásanna tí go léir i gcrích, agus níl ach ceithre chás talún le réiteach i gcónaí.
Dul chun cinn i láthair na huaire
Cuireadh na hoibreacha glanta láithreáin i gcrích. Tá an draenáil roimh na hoibreacha créafóige agus na hoibreacha créafóige féin go léir beagnach críochnaithe. Tá beagnach 90% den obair críochnaithe maidir le draenáil bhuan an ghréasáin agus leis an atreorú fóntas. Tá na struchtúir beagnach tógtha, agus tá beagnach 95% den obair déanta. Tá thart ar 95% d’oibreacha tógála na dtaobh-bhóithre curtha i gcrích, agus tá deich gcinn den aon bhóthar áitiúil athailínithe déag oscailte don trácht anois. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar na hoibreacha cosán, agus tá 80% den obair déanta. Tá oibreacha cóiríochta le haghaidh úinéirí talún ar siúl, agus tá thart ar 45% den obair curtha i gcrích faoin am seo. Leanfar den tógáil in 2021. Agus dúnadh an láithreáin agus moill de dheasca Covid‑19 in 2020 agus na srianta breise agus an gá prótacail mhóra in aghaidh Covid‑19 a ghlacadh chun leanúint leis an obair go slán sábháilte á gcur san áireamh, meastar go mbeidh an bóthar nua oscailte don trácht sa tríú nó sa cheathrú ráithe de 2021.
Radharc ón aer soir ó thuaidh ón L-5502 tar éis é a oscailt don trácht faoi bhainistiú tráchta i mí Mheán Fómhair 2020
Radharc ón aer ó thuaidh ón acomhal ilairde ag Droim Fionn / Cluain Lorg ar bhóthar an L-1502 atá á thógáil
Bóthar Ceangail Comhthreomhar an Oirthir, agus rotharbhealach easbhóthair taobh leis, ag breathnú ó dheas (Ch. 1+450)
Bóthar Ceangail Comhthreomhar an Iarthair agus Bóthar Ceangail Comhthreomhar an Oirthir ag breathnú ó thuaidh (Ch. 2+100)
Ábhar gráinneach stroighniúil á leagan (Ch. 10+500)
N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine
Tá Tionscadal an N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine [Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh] (www.n17knockcollooney.ie) ag Céim 2 (Roghanna a Dhéanamh) de Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadail. Is é is cuspóir le Céim 2 féachaint ar roghanna malartacha chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha is fearr.
Ach feabhas a chur ar an N17 idir Cnoc Mhuire agus Cúil Mhuine, cuirfear feabhas ar an nascacht réigiúnach, rud a éascóidh geilleagar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus réigiún an Iarthuaiscirt trí chéile agus a thacóidh leis. Ar an ábhar sin, beidh acmhainn fáis ó bhonn ann i gcúrsaí fostaíochta mar aon le haschur eacnamaíochta níos fearr, rud a chuirfidh ar chumas Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh a bheith ag cur le Cósta an Oirthir atá faoi bhláth agus rogha eile a chur ar fáil.
Tá an tionscadal á bhainistiú, á dhearadh agus á sheachadadh ag foireann thiomnaithe intí in Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta i Sligeach, agus tá foireann leathan saineolaithe ildisciplíneacha ar fáil ó thús 2020 chun tacú le foireann na hoifige.
Tar éis dianphróiseas dearaidh, leagadh amach thart ar 450 km de roghanna féideartha tosaigh (an Liosta Fada) i samhradh 2020 agus foilsíodh an liosta go poiblí an 6 Deireadh Fómhair 2020. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí neamhreachtúil idir an dáta sin agus an 15 Eanáir 2021, agus iarradh ar an bpobal aighneachtaí a chur isteach le linn na tréimhse sin.
Cuimsíodh leis an bpróiseas comhairliúcháin láithreán gréasáin a bhaineann go sonrach leis an tionscadal a sheoladh, ábhar a fhoilsiú i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta, preasráitis i nuachtáin agus ar na meáin shóisialta, agallaimh ar an raidió áitiúil, fógraí ar an raidió áitiúil, cur i láthair don Ghréasán Rannpháirtíochta Poiblí, 2 dháta in óstán (thart ar 200 coinne), agus beagnach 500 comhrá ar an nguthán idir innealtóirí an tionscadail agus daoine sa phobal. Fuair an fhoireann tionscadail breis is 500 aighneacht le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Rinneadh athbhreithniú ar gach aighneacht, agus rinneadh iad a tharchur nuair ba ghá chuig saineolaithe éagsúla atá i mbun breithmheas comhshaoil (lena n‑áirítear, mar shampla, saineolaithe atá ag plé le Pobal, Réadmhaoin, Bithéagsúlacht, Uisce, Oidhreacht, srl.).
Láithreán gréasáin Thionscadal an N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine [Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh]
Liosta Fada na Roghanna i gContae Shligigh
Measúnú ar na réamhroghanna agus stádas reatha
Tá measúnú (de chineál ilchritéar thar réimse staidéar ildisciplíneach) ar na réamhroghanna ar an liosta fada ar siúl i gcónaí. Meastar go reáchtálfar comhairliúchán poiblí neamhreáchtúil eile maidir leis na roghanna mionchoigeartaithe (an Liosta Gearr Roghanna) i samhradh 2021, agus go roghnófar Rogha na Tosaíochta faoi dheireadh na bliana 2021.
Chuir Foireann Oifig Thionscadal na mBóithre Náisiúnta de chuid Chomhairle Contae Shligigh Forbairt Bhóthar an N16 (Droim Chill Saileach go Log na nGall) tríd an gcéim dearaidh luaith agus na pleanála reachtúla. Anuas ar an bpróiseas dearaidh, ullmhaíodh measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ráiteas tionchair Natura. Rinneadh é sin tar éis próiseas roghnaithe bealaigh d’iomlán an N16 i gContae Shligigh, próiseas a cuireadh i gcrích in 2017.
Nuair a bheidh an Scéim curtha i gcrích, bainfear ceann de na codanna is measa ó thaobh geoiméadrachta ar ghréasán na mbóithre náisiúnta i Sligeach. Cuimsítear leis athailíniú úrnua ar dhíreach os cionn 2.5 km de phríomhbhóthar náisiúnta, idir Bóthar an Druma (L3406-0) ar an taobh ó thuaidh go dtí díreach i ndiaidh an acomhail le Bóthar Ghleann an Chairthe (L3404-0). Laghdófar amanna aistir agus cuirfear feabhas ar an tsábháilteacht ar an mbealach, agus cuirfear feabhas freisin ar an inrochtaineacht le haghaidh úsáideoirí bóthair gan chosaint trí raonta rothar tiomnaithe a chur ar fáil.
Sealbhú talún agus tithe
Dheimhnigh Comhairle Contae Shligigh an t‑ordú ceannaigh éigeantaigh don fhorbairt bóthair an 27 Lúnasa 2019. 23.8355 heicteár ar an iomlán a bhí i gceist, lenar cuimsíodh:
41 ghrúpa faoin ordú 130 ceapach faoin ordú 51 úinéir ar leith, nó úinéir measta agus 3 léasaí aonair.
Cuimsíodh leis freisin múchadh 11 cheart slí poiblí agus 2 cheart slí phríobháideacha.
Seirbheáladh an fógra gnóthaíochta i mí Feabhra 2020 agus glacadh seilbh ar na tailte ar fad le linn na bliana. Aontaíodh breis is 40% de na héilimh maidir le sealbhú talún freisin le linn 2020.
Réiteach Seandálaíochta
Cheap Comhairle Contae Shligigh Archaeological Management Solutions (AMS) i samhradh 2020 chun réiteach seandálaíochta iomlán a dhéanamh ar an láithreán.
Cuimsíodh leis na hoibreacha imscrúdaithe suirbhé geoifisiceach ar thart ar 9 heicteár agus breis is aon chiliméadar déag de thrinseáil thrialach seandálaíochta, rud a chabhraigh le seandálaithe teacht ar láithreáin seandálaíochta nua a bhí faoi cheilt faoin talamh leis na mílte bliain. Cuimsíodh freisin leis na hoibreacha suirbhé suirbhéanna lapadaíola seandálaíochta agus braite miotal ar shruthchúrsaí agus suirbhéanna ar an oidhreacht thógtha. Idir Meitheamh agus Nollaig 2020 a rinneadh na hoibreacha imscrúdaithe agus tochailte agus bhí suas le 30 seandálaí ag obair ar 15 láithreán éagsúla.
Ar na rudaí ba shuntasaí a aimsíodh, bhí fál mór agus pailis (sconsa adhmaid) thart air atá suite in áit fheiceálach ar an taobh thiar de bhun Shliabh Cope i gCaisle Geala. Seans go dtéann an fál seo siar chomh fada leis an gCréumhaois nó leis an Iarannaois (idir 4,500 agus 1,500 bliain ó shin) agus b’fhéidir gur baineadh úsáid as le haghaidh ócáidí reiligiúnacha nó deasghnátha agus gníomhaíochtaí pobail tábhachtacha eile. Díoga fáinneacha a thugtar ar na séadchomharthaí adhlactha réamhstairiúla seo, agus aimsíodh díoga eile in aice láimhe (i gCaisle Geala agus i Log an Tobair) agus rinneadh tochailt orthu. Tugann siad léiriú ar thírdhreach inar cuireadh na mairbh agus inar tugadh urraim dóibh sa tréimhse réamhstairiúil. I measc rudaí tábhachtacha eile a aimsíodh, cuimsíodh foirgneamh a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an aimsir réamhstairiúil agus claiseanna déanta gualaigh. Aimsíodh gualach agus clocha dóite freisin, agus b’fhéidir gur léiriú iad sin ar áiteanna cócaireachta ársa.
Radharc ón aer ar an bhfál réamhstairiúil agus sconsa adhmaid timpeall air i gCaisle Geala [grianghraf le caoinchead ó AMS]
Lann bhreochloiche a d’aimsigh seandálaithe ó fhoirgneamh adhmaid réamhstairiúil i Log an Tobair [grianghraf le caoinchead ó AMS]
Cuireadh na hoibreacha tochailte i gcrích ag deireadh 2020, agus tá oibreacha iar-thochailte ar siúl anois. Mar chuid de na hoibreacha sin, déanfar anailís eolaíoch ar ábhair sheandálaíochta agus ar nithe a fuarthas le linn na dtochailtí. Níl aon amhras ann ach go dtabharfadh torthaí na n‑oibreacha iar-thochailte léargais nua spéisiúla dúinn ar na láithreáin iontacha seo.
Réamhoibreacha glanta agus fál sealadach
Ceapadh P&D Lydon Contractors i mí na Samhna 2020 chun réamhoibreacha glanta láithreáin a dhéanamh lenar airíodh baint fálta sceach agus crann ar an talamh ar a dtógfar an bóthar. Ina theannta sin, cuireadh suas breis is 6 km d’fhál sealadach (cuirfear suas fál buan mar chuid den phríomhchonradh tógála).
Mar thoradh ar na hoibreacha sin, i gcomhar leis an réiteach seandálaíochta, is féidir tosú ar phríomhoibreacha an tionscadail.
Glanadh láithreáin agus roinnt láithreáin réitigh seandálaíochta
Dearadh mionsonraithe agus príomhchonradh tógála
Ceapadh JB Barry Transportation mar Shainchomhairleoirí Teicniúla do Chomhairle Contae Shligigh an 3 Feabhra 2020. Faoin gcoimisiún, ceanglaítear ar an sainchomhairleoir seirbhísí sainchomhairleora innealtóireachta a sholáthar don chliant i rith Chéim 5 (Cumasú agus Soláthar), Chéim 6 (Riar na Tógála) agus Chéim 7 (Cur i gCrích) de Threoirlínte Bainistíochta Tionscadal de chuid Bhonneagar Iompair Éireann.
Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, agus Eamon Daly, Stiúrthóir Barry Transportation, a shínigh doiciméid an chonartha i láthair an Chomhairleora Gino O’Boyle, Leas-Chathaoirleach na Comhairle. Bhí baill na Foirne Tionscadail i láthair ag an síniú. I measc na gcomhairleoirí a bhí i láthair, bhí an Comhairleoir Tom Fox agus bhí a mháthair siúd an-ghníomhach ar feadh na mblianta i mbun feachtais ar son feabhsúchán ar an N16 agus í ina Comhairleoir ar Chomhairle Contae Shligigh.
Síniú dhoiciméid an Chonartha le haghaidh Mhionscéim an N16 ag Log an Tobair le Ciarán Hayes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, agus Eamon Daly, Stiúrthóir Barry Transportation, i láthair an Chomhairleora Gino O’Boyle, Leas-Chathaoirleach na Comhairle, agus na gComhairleoirí Dónal Gilroy, Tom Fox, Thomas Healy, agus Thomas Walsh, agus daoine ón bhFoireann Tionscadail ó Chomhairle Contae Shligigh
Rinne an dearadh mionsonraithe agus ullmhaíodh doiciméid an chonartha tógála in 2020. Tá athbhreithniú piaraí neamhspleách á dhéanamh ar na doiciméid sin faoi láthair roimh dhul ar aghaidh chuig foilsiú na tairisceana.
Táthar ag súil (ag brath ar chistiú ó Bhonneagar Iompair Éireann) go bhféadfar dul ar aghaidh chuig céim na tógála sa chuid deiridh de 2021 nó go luath in 2022.
Bhí teagmháil shuntasach le húinéirí talún i gceist leis na hoibreacha sin go léir.
Iarrfar cead ó Bhonneagar Iompair Éireann in 2021 chun dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana le haghaidh obair thógála na scéime.
Tá faisnéis bhreise ar an tionscadal le fáil ar www.sligococo.ie/n16lugatober.
Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4-N15 i Sligeach
Tar éis chur i gcrích Scéim Dhroichead Mhic Aoidh ar an N4, is é Scéim Feabhsúcháin Uirbigh an N4-N15 i Sligeach an chéad chuid eile den N4-N15 atá á forbairt. Tá Oifig Thionscadail Shligigh i mbun Bainistíocht Tionscadail ar an Scéim seo agus fostaíodh Jacobs Engineering Ireland Ltd chun an Dearadh Mionsonraithe a dhéanamh, chun na doiciméid don phróiseas reachtúil a ullmhú, agus chun seirbhísí maoirseachta tógála a chur ar fáil.
D’fhaomh an Bord Pleanála an Scéim seo i mí Feabhra 2018, agus cuimsítear leis leathnú agus athailíniú Phríomhbhóthar Náisiúnta an N4/N15 ón taobh ó thuaidh de Dhroichead Mhic Aoidh go dtí ó thuaidh ón acomhal le Bóthar an Rois, mar aon le huasghrádú ar acomhail Bhóthar an Rois, Shráid na Lachan agus Bhóthar Markievicz. Cuid den Scéim freisin is ea uasghrádú Dhroichead Abhainn an Chopair mar aon le ballaí coinneála suntasacha, bonneagar Uisce Éireann, agus uasghráduithe ar fhóntais éagsúla.
Ina theannta sin, déanfar líon iomlán de 13 acomhal ar an mBóthar Faoisimh Laistigh agus ar an nGréasán Bóithre Áitiúla/Réigiúnacha cóngaracha a uasghrádú go Córas Rialaithe Tráchta Uirbigh, agus cuimseofar ann an
teicneolaíocht is nuaí le haghaidh soilse tráchta agus cumarsáid snáthoptaice. Úsáidfidh an Córas Cliste Iompair seo sonraí fíor-ama ó bhraiteoirí feithiclí le go bhféadfadh na soilse tráchta éagsúla labhairt le chéile agus cinntí ‘cliste’ a ghlacadh, rud a chuirfidh barr feabhais ar an sruth tráchta.
Tá thart ar 4 heicteár talún (ceapacha sealadacha san áireamh) san iomlán á fháil le haghaidh na scéime seo. Eisíodh an fógra gnóthaíochta do na húinéirí talún an 27 Meitheamh 2018, agus bhíothas in ann tús a chur leis an bhfáil talún le haghaidh na Scéime ansin. Tá caibidlíocht ar siúl i gcónaí maidir leis an bhfáil talún, agus tá formhór na gcásanna curtha i gcrích. Leanfar den phróiseas in 2021.
Dámhadh an conradh tógála ar Fox Building & Engineering Ltd. tar éis próiseas soláthair le haghaidh an phríomhchonraitheora tógála, agus cuireadh tús leis an obair thógála ar an láithreán i mí Mheán Fómhair 2019. Lean an obair thógála ar aghaidh go dtí an chéad ráithe de 2020, ach dúnadh an láithreán ar feadh 7 seachtaine idir an 29 Márta agus an 18 Bealtaine 2020 mar thoradh ar phaindéim Covid‑19, de réir na dtreoirlínte ón Rialtas. Cuireadh tús arís leis an obair ar bhonn céimnithe nuair a athosclaíodh an láithreán arís, i gcomhréir leis na treoirlínte ón Rialtas agus ó Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta, agus cuireadh leis na hoibreacha le himeacht ama.
Tá an bhainistíocht tráchta ina príomhghné den Scéim seo mar gheall ar a suíomh áit a dtagann 3 Phríomhbhóthar Náisiúnta le chéile. Bíonn ceann de na bóithre sin, an N4, in úsáid ag 25,000 feithicil ar an meán in aghaidh an lae sa bhliain.
Rinneadh dul chun cinn mór i ndáil le tógáil na scéime go dtí seo, agus tá na hoibreacha ar na 7 struchtúr ainmnithe, Droichead Abhainn an Chopair san áireamh, ag druidim chun deiridh. Rinneadh dul chun cinn maith freisin ar leathnú agus ar athailíniú an phríomh-charrbhealaigh, agus ar uasghrádú agus ar atreorú na n‑acomhal bóthair ag Bóthar an Rois, Sráid na Lachan agus Bóthar Markievicz, agus tá lorg nua-dheartha na n‑acomhal sin leagtha amach anois.
Ar aon gcaoi chéanna, tá dul chun cinn maith déanta freisin ar na huasghráduithe móra ar fhóntais tríú páirtí agus na malairtí slí a bhaineann leo sin agus ar shuiteáil Bhonneagair Chaipitiúil nua straitéiseach de chuid Uisce Éireann. Tá an Córas Rialaithe Tráchta Uirbigh agus an líonra cumarsáide gaolmhar á suiteáil freisin. Meastar go mbeidh na hoibreacha tógála foriomlána curtha i gcrích go luath sa tríú ráithe de 2021.
Forléargas ar an láithreán
Forléargas ar shuiteáil lintéar Bhóthar an Chopair ag breathnú soir ón sruth éalaithe ag Acomhal Bhóthar an Rois - aonaid choincréite réamhtheilgthe á n‑ardú ag craein
Forléargas ar an láithreán ag breathnú ó thuaidh díreach ó thuaidh ó acomhal Shráid na Lachan - Lintéir Abhainn an Chopair le feiceáil ag dul trasna an N15 ón N15 ag breathnú ó dheas
Bunsraith le haghaidh balla coinneála ó thuaidh ó Dhroichead Mhic Aoidh ar thaobh an inbhir (thiar), ag breathnú ó dheas
Oibreacha pábhála ar lána ó thuaidh an N15, ag breathnú ó dheas
Scéim Feabhsúcháin Bhóthar an N59 ón gCorrthamhnach go Cnoc an Chuilinn –forbairt pleanála
Tar éis chur i gcrích chéimeanna na Féidearthachta agus na Srianta, tá an tionscadal seo ag dul trí Chéim 2 (Roghnú Roghanna) de Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadal. Athailíniú an N59 idir an Chorrthamhnach agus Cnoc an Chuilinn atá i gceist leis an Scéim. Tá bainistíocht tionscadail á déanamh ar an Scéim seo ag Oifig Tionscadal Shligigh, agus is í an Oifig na Príomhdhearthóirí Bóthair agus PSDP le haghaidh na Scéime freisin.
Tá Céim 2 (Roghanna a Dhéanamh) den tionscadal ar bun faoi láthair de réir Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadail. Bhí comhairliúchán leis an bpobal agus teagmháil le húinéirí talún i gceist leis an bpróiseas, mar aon le hionchur speisialaithe comhshaoil, innealtóireachta agus eacnamaíochta sa dearadh. Cuireadh an bealach is dealraithí a roghnófar ar taispeáint go poiblí i mí na Nollag 2019 agus i mí Eanáir 2020.
Tá an Oifig Tionscadal ag súil leis an Scéim seo a thabhairt go dtí Céim 3 (Dearadh agus Measúnú Timpeallachta) de Threoirlínte Bhonneagar Iompair Éireann maidir le Bainistíocht Tionscadail in 2021.