1 minute read
Sláinte agus Sábháilteacht
Fuair Cosaint Shibhialta Shligigh otharcharr a cláraíodh in 2015 chomh maith, a bhí díchoimisiúnaithe ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. Tá an fheithicil seo á feistiú faoi láthair agus á déanamh réidh le haghaidh oibríochtaí. Glactar leis go dtiocfaidh an fheithicil nua-aimseartha seo in ionad otharcharr níos sine atá á úsáid againn faoi láthair.
Ní raibh an dara rogha againn ach go leor dár ranganna a chur ar fionraí de dheasca COVID-19, ach tá athdheimhniú teagascóirí agus oibrithe deonacha, cothabháil feithiclí agus gníomhaíochtaí riachtanacha eile fós ag dul ar aghaidh nuair a cheadaítear déanamh amhlaidh de réir na srianta agus na nósanna imeachta sábháilteachta.
Advertisement
Mar gheall gur minic a bhíomar amuigh i measc an phobail i mbliana, tá líon mór iarratas tagtha isteach ó dhaoine ar mian leo a bheith páirteach i mBrainse Cosanta Sibhialta Shligigh, rud atá ina údar misneach.
Leanfaidh Comhairle Contae Shligigh uirthi ag cur fhorálacha Chórais Bainistíochta Sábháilteachta na n-údarás áitiúil i bhfeidhm. Leis an méid sin a dhéanamh, déanfar athbhreithniú leanúnach ar na córais reatha agus cuirfear i bhfeidhm an dianchlár iniúchta bliantúil Sláinte agus Sábháilteachta. Déanfar cumarsáid agus comhairliúchán le fostaithe agus éascófar oiliúint Sláinte agus Sábháilteachta d’fhostaithe de réir mar is gá. Tabharfar tacaíocht d’fhostaithe córais shábháilte oibre a chur i bhfeidhm. Leanfar den chaidreamh leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, Uisce Éireann agus páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí.