43 minute read
Tithíocht agus Foirgníocht
Tá Rannóg Tithíochta na Comhairle gníomhach sna réimsí seo a leanas:
Tacaíocht tithíochta sóisialta a cheadú do theaghlaigh Tithe a leithdháileadh orthu siúd atá ar an Liosta Tithíochta Obair chothabhála agus feabhsúcháin ar an stoc tithíochta Bainistíocht Eastát Easpa dídine Cóiríocht do Thaistealaithe Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an Scéim
Advertisement
Deontas Áiseanna Soghluaisteachta Iniúchtaí ar Thionóntachtaí Príobháideacha ar Cíos Iasachtaí Tithíochta agus an Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí (Incriminteach) faoi Atógáil Éireann Tithe nua a sholáthar
Áirítear leis an raon roghanna tithíochta atá ar fáil anois do theaghlaigh a bhfuil tacaíocht tithíochta sóisialta ceadaithe dóibh:
Tithíocht Shóisialta faoi úinéireacht nó ar léas ag an Údarás Áitiúil Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT) An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC) Scéimeanna Deonacha Tithíochta Iasachtaí Tithíochta ó Atógáil Éireann
Aonaid Tithíochta de chuid an Údaráis Áitiúil a Chothabháil/a Fheabhsú
Ba é €1,189,698 an buiséad a cuireadh ar fáil i gcomhair obair chothabhála agus dheisiúcháin ar Stoc Tithíochta an Údaráis Áitiúil in 2020. Tugann an Chomhairle tús áite d’iarratais deisiúcháin i gcásanna ina bhfuil baol sláinte nó sábháilteachta ann don tionónta agus d’iarratais ó dhaoine scothaosta agus daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu. Rinne an Rannóg Tithíochta plé le breis agus 3,759 iarratas deisiúcháin in 2020.
Gach bliain cuireann an Roinn maoiniú ar fáil don Chomhairle le cumasú di, nuair is gá, obair oiriúnuithe agus sínidh
a dhéanamh ar stoc na Comhairle. I roinnt cásanna, caithfear na hoibreacha seo a dhéanamh le cumasú don tionónta filleadh abhaile tar éis dó a bheith in ospidéal.
Is ón Roinn a fhaightear 90% de leithdháileadh agus cuireann an Chomhairle an chuid eile ar fáil óna cuid acmhainní féin.
Leithdháil an Roinn suim €251,499.78 ar an gComhairle don bhliain 2020 ar an gcéad dul síos. Ba chúis díomá an leithdháileadh a fuarthas, toisc gur lorg an Chomhairle suim €672,415.70. Laghdú os cionn 30% ar an tsuim a fuarthas in 2019 ab ea an leithdháileadh. Lorg an Chomhairle maoiniú breise ina dhiaidh sin ón Roinn agus fuarthas leithdháileadh breise €161,386.72.
Rinneadh oibreacha oiriúnaithe ar 37 teach in 2020 agus rinneadh dul chun cinn ar cheithre shíneadh, leis.
Measúnú, Leithdháileadh agus Aistriú Tithíochta
Measúnú Tithíochta
Leagtar amach sna Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta, 2011, arna leasú, an nós imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar theaghlaigh atá ag lorg tacaíocht tithíochta sóisialta. Cinntear mar thoradh ar an measúnú cibé acu an bhfuil an teaghlach incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta agus an dteastaíonn sí uaidh.
Bhí 1,520 teaghlach ar an liosta feithimh/aistrithe tithíochta amhail an 31 Nollaig 2020
Líon na dTeaghlach Sonraí
755 Líon na dteaghlach atá ag fáil Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ar ceadaíodh aistriú dóibh
212 Líon na dtionóntaí de chuid na Comhairle/Comhlacht Ceadaithe Tithíochta ar ceadaíodh aistriú dóibh
553 Glanriachtanas Tithíochta
1,520 Iomlán
Cuireann an Rannóg Tithíochta comhairle ar fáil freisin maidir le roghanna agus tacaíochtaí tithíochta eile a bhféadfadh teaghlaigh a bheith incháilithe leas a bhaint astu in ionad tithíocht shóisialta agus/nó fad agus atá siad ag feitheamh ar leithdháileadh tithíochta.
Leithdháiltí
Leithdháileann an Chomhairle teaghaisí de réir a “Scéime Leithdháilte”, ar ghlac Comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh léi i mí an Mheitheamh 2011. Eisíodh 189 tairiscint tionóntachta san iomlán in 2020, agus glacadh le 109 (61%) acu.
Míchumas
Tá Plean Straitéiseach Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas curtha i bhfeidhm ag an gComhairle i gcomhar le FSS. Mar chuid den obair ullmhúcháin ar an bPlean Straitéiseach, aithníodh na riachtanais a bhí ag daoine faoi mhíchumas san am i láthair agus a bheadh acu san am a bhí le teacht (go ceann tréimhse cúig bliana). Aithníodh go mbeadh 528 teaghais ag teastáil ar an iomlán. Dúshlán suntasach a aithníodh ab ea an chaoi le déileáil le riachtanais chóiríochta na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa dá láthair chomhchónaithe do dhaoine faoi mhíchumas foghlama, atá lonnaithe i dTeach Chreig Uí Airt, an Ros agus i gCluain na Maithín. Tá sé beartaithe go mbeidh an Plean i bhfeidhm ó 2016 go 2020.
Aithníodh na roghanna féideartha soláthair sa Phlean. I gcás forbairtí a mbeidh deich n-aonad nó níos mó iontu atá le tógáil ag an Údarás Áitiúil nó ag Comhlacht Ceadaithe Tithíochta, beidh 15% ar a laghad de na haonaid go léir deartha go sonrach do dhaoine faoi mhíchumas. I gcás forbairtí a mbeidh níos lú ná deich n-aonad iontu, tuigtear go bhféadfar aon aonad amháin a chur i leataobh do dhaoine faoi mhíchumas.
Forbrófar Straitéis Náisiúnta Tithíochta nua do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2021, a bheidh i bhfeidhm ó 2022 go 2027.
Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (ICT)
Tá cur chun feidhme na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta (ICT) ina phríomhthosaíocht de chuid an Rialtais agus ina phríomhsprioc den Straitéis Tithíochta Sóisialta, 2020. Cineál tacaíochta tithíochta sóisialta is ea í, trínar féidir le húdaráis áitiúla cúnamh tithíochta a chur ar fáil do theaghlaigh a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu, lena n-áirítear iad siúd atá ag fáil forlíonadh cíosa le fada. Faigheann an scéim réidh le bac ar fhostaíocht de bharr go ligeann sí d’fhaighteoirí fanacht sa scéim má éiríonn leo fostaíocht lánaimseartha a bhaint amach. Feabhsóidh an ICT rialáil na dteaghaisí ar cíos a bhfuil tacaíocht á cur ar fáil ina leith, agus beidh tiarnaí talún in ann a bheith cinnte faoina n-ioncam cíosa.
Cuireadh ICT i bhfeidhm i Sligeach ar an 16 Samhain 2015 agus, amhail an 31 Nollaig 2020, tá 831 tionóntacht gníomhach, 202 acu a cuireadh ar bun in 2020. Murab ionann agus blianta eile, níor shocraigh an Roinn aon spriocanna maidir le ICT faoi Atógáil Éireann in 2020.
Tá sé beartaithe ag an gComhairle gach faighteoir forlíonta cíosa sa chontae, mar aon le gach iarratasóir air, a aistriú go ICT de réir a chéile agus de réir bheartas an Rialtais.
I gcomhréir le hImlitir 35/2018, tá Clár nua Cóiríochta Taistealaithe don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2024 curtha i dtoll a chéile ag Comhairle Contae Shligigh. Cheadaigh Comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh an clár sin an 2 Meán Fómhair 2019. Léirítear i dTábla 1 thíos na spriocanna bliantúla. Léirítear i dTábla 2 thíos an dul chun cinn go dtí seo.
Cineál Cóiríochta
Spriocanna le Baint Amach
19/20 20/21 21/22 22/23 23/24 Iomlán
Scéim Tithíochta Grúpa / Láithreáin stad 2 5 5 12
Ceannacháin Shonracha
Uasghrádú ar shaoráidí a bhí ann / Láithreáin sheirbhísithe
Tionóntacht Chomhairle 1 1 1 1 1 5
6 3 9
4 4 4 5 4 21
RAS/HAP
Tithíocht Dheonach
Iomlán
Tábla 1
3 3 3 4 4 17
1 1
2
11 14 13 11 17 66
Tionacht Chóiríochta faoin gClár Cóiríochta Taistealaithe, Iúil 2019-Meitheamh 2024
Cineál Cóiríochta Sprioc, Iúil 2019 go Meitheamh 2024 Bainte Amach, Iúil 2019 go Nollaig 2019 Bainte Amach, Eanáir 2020 go Nollaig 2020
Scéim Tithíochta Grúpa / Láithreáin stad 12 6 -
Ceannacháin Shonracha
Uasghrádú ar shaoráidí a bhí ann / Láithreáin sheirbhísithe
Tionóntacht Chomhairle 5
9
21 6
7 1
2
RAS/HAP
Tithíocht Dheonach 17
2 4
3 1
Iomlán
Tábla 2 66 26 4
Dul Chun Cinn faoin gClár Cóiríochta Taistealaithe, an 1 Iúil 2019 - an 31 Nollaig 2020
Tá 45% den Sprioc bainte amach go dtí seo, thart ar 18 mí tar éis tosú ar an gclár 5 bliana.
Athchóiriú agus athfhorbairt Láithreán Stad Radharc an Ghleanna, Lána na Fuinseoige, Sligeach (6 bhá):
Tosaíodh na hoibreacha ar an láithreán an 22 Iúil 2019 – cuireadh i gcrích an 1 Aibreán 2020 iad. Tá an fhorbairt lán anois.
Grúpthithíocht (an Scéim Cóiríochta Taistealaithe) ag Radharc an Ghleanna, Sligeach –3 Theaghais:
Ullmhaíodh dearaí do Scéim Tithíochta Grúpa ag Radharc an Ghleanna. Cuirfear an scéim seo chun cinn ach tacaíocht a fháil ó áititheoirí reatha an láithreáin agus ón Roinn.
Láithreán Stad Bhuaile Fraoigh
Cuireadh síneadh 3 sheomra leapa le haonad leasa in 2020. Tá sainchomhairleoir ceaptha le saoráid cóireála fuíolluisce a dhearadh don láithreán stad. Is ar an saothar sin a bheidh na huasghráduithe ar an láithreán amach anseo bunaithe.
Láithreán Stad Chluain na Maithín
Tá sainchomhairleoir ceaptha le saoráid cóireála fuíolluisce a dhearadh don láithreán stad. Is ar an saothar sin a bheidh na huasghráduithe ar an láithreán amach anseo bunaithe.
Bearta COVID-19
Leanann Comhairle Contae Shligigh uirthi ag déanamh monatóireacht ar gach láithreán agus cuirfidh gach tacaíocht is gá ar fáil le troid in aghaidh COVID-19 agus lena scaipeadh a chosc.
Riarachán Cíosa Tithíochta agus Ceannaigh ag Tionóntaí
An Scéim Cíosanna Difreálacha
Feidhmíonn an Chomhairle Scéim Cíosanna Difreálacha faoina ngearrtar cíos seachtainiúil ar thionóntaí de réir a nacmhainneachta. Tá Scéim nua beartaithe lena cur i bhfeidhm go luath in 2021, rud a éascóidh Clár Feabhsaithe Cothabhála Pleanáilte chomh maith.
An Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí (Incriminteach)
Tugadh isteach Scéim nua Ceannaigh ag Tionóntaí (Incriminteach) ar an 1 Eanáir 2016 d’fhonn cur ar chumas tionóntaí a dteach a cheannach. Ní mór do thionóntaí na critéir incháilitheachta atá leagtha amach faoin Scéim a chomhlíonadh le bheith incháilithe a dteach a cheannach. Faoin scéim nua, tugtar lascaine don cheannaitheoir i gcomhréir le hioncam an teaghlaigh (40%, 50% nó 60%) agus cuirtear muirear a bhaineann leis an lascaine ar an teaghais, a laghdóidh go nialas le himeacht tréimhse ach amháin má dhéantar an teach a athdhíol nó má theipeann ar an gceannaitheoir cloí leis na coinníollacha díola. I gcás go ndéanfaidh an ceannaitheoir tionónta an teaghais a athdhíol roimh dheireadh na tréimhse mhuirir, ní mór dó nó di cuid d’aon bhrabúis a d’eascair as an díol a íoc leis an gComhairle.
Bhain 4 theaghlach leas as an Scéim in 2020.
Tacaíocht Forbartha Pobail Tithíochta
Clár Bainistíochta Eastáit
Faoi láthair bainistíonn an Chomhairle seo stoc tithíochta atá comhdhéanta de níos mó ná 2,200 teaghais agus 6 láithreán stad. Agus í ag bainistiú an stoic tithíochta, téann an Chomhairle i dtuilleamaí a cuid Oifigeach Bainistíochta Eastáit, an Oifigigh Imscrúdaithe Tithíochta agus a cuid Maor Pobail, agus téann i gcomhar freisin le Cumainn Áitritheoirí agus leis an nGarda Síochána, d’fhonn a chinntiú, a mhéid is féidir, go mbíonn gach eastát de chuid na Comhairle ina áit dheas agus shábháilte le cónaí ann.
Tá sé de dhualgas ar an gComhairle a cuid teaghaisí agus cóiríochta tionóntachta, arna ligean ar cíos faoi na hAchtanna Tithíochta, a bhainistiú agus a rialú, chomh maith le leas a cuid tionóntaí, ceannaitheoirí tionónta agus ceadúnaithe a dhaingniú agus a chosaint, a mhéid is féidir, in áitiú síochánta na n-aonad.
Ghlac Comhairle Contae Shligigh le Straitéis um Iompar Frithshóisialta an 1 Deireadh Fómhair 2018. Déantar gach gearán maidir le hiompar frithshóisialta agus fadhbanna Bainistíochta Eastáit a dhoiciméadú agus déantar obair leantach orthu ó thaobh beartais agus straitéisí Bainistíochta Eastáit de.
Tá beartais ceaptha ag an Aonad Bainistíochta Eastáit atá deartha le bheith comhsheasmhach agus cothrom na Féinne a thabhairt agus plé á dhéanamh le gearáin agus tá sé mar aidhm aige fadhbanna a réiteach de réir reachtaíocht agus feidhmeanna tithíochta. Is fiú a lua, mar thoradh ar na tionscnaimh bainistíochta eastáit atá i bhfeidhm faoi láthair, nach dtarlaíonn iompar frithshóisialta in eastáit ná láithreáin na Comhairle ach go hanannamh agus go bhfuil an chuid is mó de thionóntaí na Comhairle in ann taitneamh a bhaint as a n-áit chónaithe saor ó aon deacrachtaí a bhaineann le hiompar frithshóisialta.
D’fhonn na cásanna easpa dídine a íoslaghdú agus le cúnamh a chur ar fáil i gcás go dtarlaíonn easpa dídine, tá Seirbhís choimisiúnaithe Tacaíochta agus Coinneála Athlonnaíochta/Tionóntachta curtha i bhfeidhm ag an gComhairle i gcomhar le Focus Ireland CLG.
Is é is aidhm leis an tseirbhís seo ná tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh go háirithe atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean. Cuirtear an tSeirbhís ar fáil do chliaint a bhfuil Riachtanais Ghinearálta acu agus do chliaint a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus/nó andúile acu.
Caighdeáin Cóiríochta Príobháidí ar Cíos
Tá dualgas dlíthiúil ar gach tiarna talún a chinntiú go mbíonn na teaghaisí a ligeann siad ar cíos ag teacht le híoschaighdeáin fhisiciúla áirithe. Is sna Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithe ar Cíos), 2019 (IR Uimh. 137/2019) a leagtar amach na híoschaighdeáin sin. Is ar an gComhairle atá an fhreagracht as na Rialacháin a fhorfheidhmiú.
Tá an Chomhairle gníomhach sa réimse seo agus rinne breis agus 761 iniúchadh in 2020. D’eisigh an Chomhairle 500 Fógra Feabhsúcháin agus 4 Fhógra Toirmisc do thiarnaí talún sa tréimhse chéanna.
Riarachán Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean
Déanann an Chomhairle gach iarracht freagairt go héifeachtach iomchuí dóibh siúd a thagann i láthair gan dídean nó i mbaol a bheith gan dídean.
Tá Foireann Gníomhaíochta do Dhaoine gan Dídean ag Comhairle Contae Shligigh, a thagann le chéile go rialta le cásanna aonair a mheas agus le cineálacha cur chuige a ghlacadh chun an tacaíocht agus an cúnamh is fearr a chur ar fáil do dhaoine atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean agus chun seirbhísí tacaíochta a chur ar bun dóibh.
Tá an cur chuige bainistíochta cásanna seo ríthábhachtach le bunphrionsabal an bheartais náisiúnta a chomhlíonadh, is é sin gur chóir daoine gan dídean a chur i gcóiríocht oiriúnach ar an gcéad dul síos, le tacaíochtaí nó gan iad, seachas i gcóiríocht éigeandáil, mar a thugtar air, atá costasach go leor. Cur chuige an-éifeachtach é seo don Chomhairle. Tugtar cúnamh do theaghlaigh freisin le cabhrú leo tosú ag maireachtáil go neamhspleách. I gcásanna áirithe, is féidir brú nó teach lóistín a úsáid.
Tá seirbhísí ar fáil ag na suíomhanna seo a leanas:
Maryville, Fionasclainn, Sligeach (Sligo Social Services Council CLG) –
Laghdaíodh líon na leapacha anseo ó 15 leaba go 11 leaba de réir na Treorach COVID-19 maidir le
Socruithe Grúpa do Dhaoine gan Dídean agus Grúpaí Leochaileacha eile. Baile Uí Theimhneáin, Sligeach (Sligo Social Services Council CLG) –5 leaba. Shalomar, Fionasclainn, Sligeach (Finisklin Housing Association Ltd) –in ann 16 leaba a chur ar fáil san iomlán. 23 aonad de thithíocht idirthréimhseach thacaithe ag Geata na Cathrach, Bóthar an Chóiste Poist, Sligeach. 2 aonad i mBaile Shligigh do theaghlaigh a dteastaíonn diantacaíochtaí uathu faoi chomhaontú seirbhíse le
Focus Ireland CLG.
Tá oibrí ar leith ag Comhairle Contae Shligigh a oibríonn le cóiríocht ICT a aimsiú do dhaoine gan dídean atá i gcóiríocht do dhaoine gan dídean ar feadh tréimhsí fada. Tá an duine seo ag obair le teacht ar dheiseanna nua le tiarnaí talún, gníomhaireachtaí agus an pobal i gcoitinne, agus tá sé ag meaitseáil áiteanna le cliaint. Mar sin féin, tá fadhbanna fós ann de bharr a shrianta atá an soláthar tithe príobháideacha ar cíos sna príomhcheantair éilimh, agus de bharr na difríochta idir na teorainneacha ICT agus na leibhéil chíosa do theaghaisí sna ceantair éilimh sin.
Tithíocht ar dTús
Sheol an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D., agus an tAire Sláinte, Simon Harris T.D., an Chéad Phlean Náisiúnta Forfheidhmithe Tithíochta (2018-2021) ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2018. Tá forfheidhmiú an Phlean i gcroílár iarrachtaí an Stáit le daoine a chodlaíonn amuigh agus úsáideoirí fadtéarmacha cóiríochta éigeandála a bhogadh isteach i dtionóntachtaí inbhuanaithe, neamhspleácha. Beidh clár comhtháite forfheidhmithe ag teastáil sna réimsí tithíochta agus sláinte araon le go n-éireoidh le Tithíocht ar dTús. Féachann an Clár oibre seo chun idir tionóntacht agus tacaíochtaí sláinte a sholáthar, arb aidhm leo cabhrú leis an duine aonair tithíocht chobhsaí a fháil, ach aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar a fhadhbanna bunúsacha sláinte coirp, meabhairshláinte agus andúile.
Is í an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a chuirfidh an t-airgead ar fáil do thacaíochtaí cóiríochta agus tionóntachta trí na socruithe maoinithe tharmligthe do sheirbhísí do dhaoine gan dídean atá i bhfeidhm le príomhúdaráis réigiúnacha. Déanfaidh FSS maoiniú ar na tacaíochtaí sláinte coirp, meabhairshláinte agus andúile trí na heagraíochtaí iomchuí cúraim sláinte pobail.
Cuirfear cóiríocht ar fáil faoin tsamhail seo do 24 duine aonair atá gan dídean go fadtéarmach i Sligeach, le himeacht na tréimhse trí bliana ar cuireadh tús léi an 13 Feabhra 2020.
Tá sé thionóntacht ‘Tithíocht ar dTús’ ar bun i Sligeach faoi láthair, agus tá pleananna ann le haghaidh dhá thionóntacht eile go luath in 2021 agus ocht gcinn eile sa dara bliain den Chlár.
Is í Comhairle Contae Shligigh an príomhúdarás i gcomhair Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean do Réigiún an Iarthuaiscirt (Sligeach, Dún na nGall agus Liatroim) go fóill agus tá sí freagrach as an mbuiséad a bhainistiú agus as an maoiniú a chomhordú don réigiún.
Tacaíocht do Chláir Caipitil Tithíochta agus Tithíochta Inacmhainne
An Straitéis Tithíochta Sóisialta
Sheol an Rialtas an Straitéis Tithíochta Sóisialta go déanach in 2014. Leagtar amach ann an fhís gur chóir go mbeadh rochtain ag gach uile theaghlach in Éirinn ar thithíocht dea-chaighdeáin atá oiriúnach dá riachtanais, ar fáil ar phraghas réasúnta, agus suite i bpobal inbhuanaithe.
Foilsíodh ‘Atógáil Éireann – Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine’ ar an 19 Iúil 2016. Bhí sé mar aidhm aige géarú ar an maidí ó thaobh tithe a chur ar fáil de i ngach réimse chun cabhrú le teaghlaigh a gcuid riachtanas tithíochta a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine freisin.
Leagadh síos spriocanna uaillmhianacha ann chun líon na n-aonad tithíochta a thógfaí gach bliain a mhéadú faoi dhó go 25,000, chun 47,000 aonad tithíochta sóisialta a chur ar fáil sa tréimhse go 2021 agus chun an úsáid is fearr a bhaint as an stoc atá ann cheana (a lán aonaid fholamha sa tír). Sa chuid deiridh de 2017, rinneadh an figiúr maidir le haonaid tithíochta sóisialta a choigeartú suas go 50,000 faoi 2021, líon a bhainfí amach trí thógáil (33,500), fáil (6,500) agus glacadh ar léas (10,000). Thug an Rialtas gealltanas go gcuirfí maoiniú €6 billiún ar fáil le tacú leis an bplean.
An Clár Caipitil Tithíochta
Is é 384 aonad an sprioclíon aonad atá le cur ar fáil ag an gComhairle don chlár seo faoi Atógáil Éireann sa tréimhse 2017-2021. D’fhéadfaí an sprioc sin a bhaint amach trí,
a) Tithíocht LA (Tógáil agus Fáil, lena n-áirítear aonaid a fháil faoi Chuid V) b) Scéim Cúnaimh Caipitil c) An Clár um Aonaid Fholmha Tithíochta Sóisialta a fhilleadh ar Úsáid Tháirgiúil agus an Clár um Aonaid
Tithíochta Sóisialta atá Folamh/Tréigthe go Fadtéarmach, agus d) Léasú agus Saoráid Léasaithe Airleacain Caipitil le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta.
Achoimre ar an gClár Tithíochta – 237 curtha ar fáil go dtí seo (sprioc 384)
2017 88
2018 71
2019 68
2020 46
Iomlán 273
a) Tithíocht LA (Tógáil, lena n-áirítear Cuid V agus Fáil) Tionscadail Tithíochta
Tá Comhairle Contae Shligigh ag obair go gníomhach ar roinnt tionscadal le tithíocht a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar. Tá na scéimeanna á gcur chun cinn trí phróiseas faofa ceithre chéim maidir le Tionscadail Tógála Tithíochta Sóisialta. Caithfidh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil gach céim ar leith a fhaomhadh. Seo a leanas na céimeanna a bhíonn i gceist:
Céim 1: Indéantacht an Tionscadail agus Breithmheas Caipitil
Céim 2:
Dearadh an Tionscadail, Faomhadh an Phlean Costas, agus aighneacht phleanála faoi Chuid 8 ina dhiaidh sin le cur faoi bhráid Chomhaltaí na Comhairle
Céim 3: Forbairt Shonraí Dearaidh an Tionscadail agus Plean Costas Réamhthairisceana
Céim 4:
Athbhreithniú ar Chostais an Tionscadail agus na Tairisceana agus Cur Isteach na Tairisceana. Tar éis don Chomhairle faomhadh Chéim 4 a fháil, is ceadmhach di conraitheoir a cheapadh agus dul ar aghaidh leis an tógáil.
2017
2018
2019
2020
10
19
42
28
99
Tá na Scéimeanna Tithíochta seo a leanas á gcur chun cinn go fóill:
Bóthar na Cnapaí, Sligeach: 28 aonad
Cuireadh tús leis na hoibreacha ar an láithreán ar an 15 Deireadh Fómhair 2018 – nach mór críochnaithe ag deireadh na bliana 2020.
Céide Fhearnáin, An Droim Mór Thiar, Co. Shligigh - Céim 2 - 10 nAonad
Mar thoradh ar an tionscadal seo cuirfear ar fáil 8 dteaghais dhá sheomra leapa agus 2 theaghais leathscoite trí sheomra leapa ag Céide Fhearnáin, An Droim Mór Thiar, Co. Shligigh. Thosaigh an conraitheoir ar an láithreán ar an 3 Nollaig 2019 agus tá an fhorbairt le cur i gcrích in 2021.
Tá an láithreán dúnta ó bhí mí na Nollag 2020 ann mar gheall ar shrianta COVID-19 an Rialtais.
San fhorbairt seo scartálfar roinnt teaghaisí tréigthe atá ann cheana agus cuirfear ar fáil 10 n-aonad: 4 árasán, ceann acu a bheidh deartha go speisialta do dhuine a bhfuil riachtanais speisialta aige, agus 6 theach leathscoite 3 sheomra leapa.
Síníodh conradh ar an 9 Meán Fómhair 2020 agus tá tús curtha leis na hoibreacha ar an láithreán. Tá an fhorbairt le cur i gcrích in 2021.
Tá an láithreán dúnta ó bhí mí na Nollag 2020 ann mar gheall ar shrianta COVID-19 an Rialtais.
Teach tuaithe ag Crumhach, An Droim Mór Thiar, Co. Shligigh
Cuirfear teaghais tuaithe 3 sheomra leapa ar fáil ag Crumhach, An Droim Mór Thiar. Tá conraitheoir ceaptha agus cuireadh tús leis na hoibreacha ar an láithreán ar an 16 Deireadh Fómhair 2020. Tá an fhorbairt le cur i gcrích in 2021.
Tá an láithreán dúnta ó bhí mí na Nollag 2020 ann mar gheall ar shrianta COVID-19 an Rialtais.
An Machaire Buí, Sligeach – 62 teaghais nua:
Tá scéim á hullmhú do réadmhaoin de chuid na Comhairle ag an Machaire Buí. Fuarthas faomhadh breithmheasa caipitil (Céim 1) ón Roinn ar an 23 Samhain 2018. Tá aighneacht breithmheasa caipitil (Céim 2) le cur faoi bhráid na Roinne in 2021.
Bailtíní Uí Ghormaile, Bun an Fheadáin, Co. Shligigh – 6 theaghais:
D’fhaomh an Roinn breithmheas caipitil (Céim 1) maidir le 6 aonad san áit seo ar an 31 Iúil 2020. D’fhaomh comhaltaí Chomhairle Contae Shligigh an Scéim ag an gcruinniú a bhí acu Dé Luain, an 5 Deireadh Fómhair 2020. Cuireadh aighneacht breithmheasa caipitil (Céim 2) faoi bhráid na Roinne ar an 23 Deireadh Fómhair 2020 agus fuarthas an faomhadh (Céim 2) ar an 19 Samhain 2020. Tá breithmheas caipitil (Céim 3) á ullmhú faoi láthair agus cuirfear faoi bhráid na Roinne é go luath in 2021.
Beidh na sé aonad seo in áit na 6 aonad atá ann cheana ar an láithreán seo, atá le scartáil de dheasca piríte.
D’fhaomh an Roinn breithmheas caipitil (Céim 1) maidir leis an áit seo ar an 24 Meán Fómhair 2020.
Tá breithmheas caipitil (Céim 2) á ullmhú faoi láthair agus cuirfear faoi bhráid na Roinne é in Eanáir 2021. Fógrófar nós imeachta pleanála faoi Chuid 8 in Aibreán 2021 tar éis don Roinn an aighneacht (Céim 2) a fhaomhadh.
Céide Geldof, Sligeach agus Bloc Láir an Chrainn Mhóir, Sligeach. Láithreán - 30 Aonad:
Cuireadh aighneacht breithmheasa caipitil, Céim 1, isteach chuig an Roinn ar an 20 Samhain 2020 maidir le tógáil 14 aonad ag Céide Geldof, an Crann Mór (8 n-árasán 1 seomra leapa agus 6 árasán 2 sheomra leaba), agus 16 aonad ag Bloc Láir an Chrainn Mhóir (8 n-árasán 1 seomra leapa agus 8 n-árasán 2 sheomra leaba). D’fhaomh an Roinn
Céim 1 i mí na Nollag 2020. Tá breithmheas caipitil (Céim 2) á ullmhú faoi láthair agus cuirfear faoi bhráid na Roinne é in 2021.
Ráth Eilín, Fionasclainn, Sligeach:
Mar chuid de Straitéis Soláthair Tithíochta Atógáil Éireann, chuir an rialtas buiséad €300m ar leataobh chun 1,500 teach a chur ar fáil trí phróiseas Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí. Chuirfí i bhfeidhm ina thrí bheart é agus bheadh thart ar 500 teaghais i ngach beart. Tá dhá chéim den phróiseas sin i gcrích nó á dtógáil anois.
In 2018 lorg an Roinn tograí maidir le talamh faoi úinéireacht Comhairlí a d’fhéadfaí a úsáid le tithe a dhearadh agus a fháil faoi chonradh náisiúnta. Cuireadh talamh faoi úinéireacht na Comhairle ag Ráth Eilín isteach mar fhreagairt ar iarratas na Roinne. D’eisigh an Roinn faomhadh le haghaidh forbairt 60 aonad ar an 23 Feabhra 2020, a bheadh ina cuid de Bheart CPP Tithíochta Sóisialta 3. Chuir an Chomhairle an treoir dhearaidh faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, arb í an tÚdarás Ceannais don chonradh náisiúnta í, ar an 11 Meitheamh 2020.
Tá an próiseas soláthair le foireann dearaidh a fháil don tionscadal curtha i gcrích anois agus tá siad le tosú ar an réamhobair dhearaidh go luath. Meastar go gcuirfear tús le nós imeachta pleanála faoi Chuid 8 i Ráithe 2, 2021 agus go dtabharfar os comhair chomhaltaí Chomhairle Contae Shligigh é lena bhreithniú i Ráithe 3, 2021.
Tionscadail Chaipitil Amach Anseo:
Tá sé beartaithe freisin clár a fhorbairt le haghaidh tionscadail bhreise i roinnt áiteanna eile, lena n-áirítear Fearann Uí Chearnaigh, an Ghráinseach, Ceathrú Bhuinneáin agus an Leathros. Braithfidh na tionscadail sin ar éileamh agus déanfar iad a mheas ar bhonn aighneachtaí breithmheasa caipitil (Céim 1) a chuirfear faoi bhráid na Roinne. Eisíodh glao ar léiriú spéise d’fhorbróirí tithíochta d’fhonn a mheas an bhféadfaí an earnáil tithíochta teaghaisí lándéanta a chur ar fáil de réir threoirlínte na Roinne.
Clár na Síntí.
Cuireadh síneadh le ceithre theach de chuid na Comhairle in 2019/2020.
Fáil, lena n-áirítear aonaid a fháil faoi Chuid V
Fuair an Chomhairle 58 teach in 2017, 2018 agus 2019. Cheannaigh an Ghníomhaireacht Tithíochta 3 aonad eile thar ceann na Comhairle chomh maith. Ceannaíodh 4 aonad san iomlán in 2020 – 3 cinn faoi chlár SHIP na Roinne agus ceann amháin faoi Chlár Cóiríochta Taistealaithe na Roinne.
b) Scéim Cúnaimh Caipitil
I mí Lúnasa 2017 d’eisigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ‘Glao ar Thograí, 2017’ faoin Scéim Cúnaimh Caipitil do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta le hiarraidh orthu tograí a chur faoi bhráid Údaráis Áitiúla maidir le cóiríocht tithíochta a thógáil nó a fháil le freastal ar ghrúpaí tosaíochta amhail:
daoine breacaosta; daoine gan dídean (lena n-áirítear ‘an lucht fágála cúraim’, i.e. na daoine siúd a fhágann cúraim stáit nuair a shlánaíonn siad 18 mbliana d'aois); agus daoine faoi mhíchumas, le béim ar leith ar dhaoine faoi mhíchumas a bhogadh ó shuíomhanna comhchruinnithe go maireachtáil phobalbhunaithe.
Níl aon spriocdháta ann maidir le hiarratais a chur isteach agus is glao oscailte rollach é i ndáiríre.
Scéim Cúnaimh Caipitil Tionscadail tógála a cuireadh i gcrích
Cuan Iosa, Baile an Mhóta, Co Shligigh - 8 n-aonad: Cumann Tithíochta Naomh Uinseann de Pól.
Cuireadh tús leis an obair ar an láithreán i mí na Nollag 2018 - cuireadh i gcrích an 15 Iúil 2020 í agus tá na haonaid uile áitithe anois.
Scéim Cúnaimh Caipitil Aonaid a fuarthas
Fuarthas 17 n-aonad i Sligeach in 2017, 2018 agus 2019. Fuarthas 1 aonad in 2020.
Aonaid a fuarthas (Saoráid Léasaithe Airleacain Caipitil le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta)
Fuarthas aon aonad amháin in 2018.
An Clár um Aonaid Fholmha Tithíochta Sóisialta a fhilleadh ar Úsáid Tháirgiúil
Tá an Clár seo dírithe ar chásanna ina mbeadh costais athchóirithe an aonaid tithíochta i bhfad níos mó ná na costais a mbeifí ag súil leo de ghnáth ag deireadh léasa. Rinneadh 227 aonad a athchóiriú sa tréimhse 2017-2020, agus cuireadh 44 acu sin san áireamh i spriocanna foriomlána Atógáil Éireann, de réir mar a threoraigh an Roinn.
D’fhógair an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil i mí Iúil 2016 go gcuirfí maoiniú ar fáil do Chomhairlí le roinnt aonaid tithíochta sóisialta a bhí folamh/tréigthe go fadtéarmach a athchóiriú/a fhilleadh ar úsáid tháirgiúil. Ceann de na coinníollacha ná gurbh éigean costas deisiúcháin an Aonaid a bheith ní ba mhó ná €30,000. Rinneadh 24 aonad a athchóiriú ó 2017, agus níor cuireadh ach 15 acu siúd san áireamh i sprioc foriomlán Atógáil Éireann, de réir mar a threoraigh an Roinn. Ní raibh aon aonaid a bhí folamh go fadtéarmach ag an gComhairle in 2020.
Léasú
Cuirtear aonaid ar fáil faoin gClár seo ar bhealaí éagsúla,
Is féidir le Comhairlí forbairtí ilaonad a ghlacadh ar léas go díreach, Is féidir le Comhairlí aonaid ar leith a ghlacadh ar léas nó trí shocruithe cíosa tar éis di ceadú tarmligthe a fháil chuige sin, agus Is féidir le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta aonaid a ghlacadh ar léas, a cheannach nó a thógáil.
Tá an Chomhairle i mbun cainteanna faoi láthair le forbróirí agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta maidir le roinnt aonad.
Cuireadh 18 dteach ar fáil in 2018 agus 2019. Cuireadh 2 aonad ar fáil in 2020 faoi Léas ‘Morgáiste go Cíos’ le cuideachta phríobháideach agus cuireadh 3 Shaoráid Léasaithe Airleacain Caipitil (Morgáiste go Cíos) ar fáil freisin.
Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe
Príomhghné d’Atógáil Éireann – Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine is ea scéim nua darb ainm an Scéim Deisithe agus Léasaithe Tithíochta Foilmhe, atá dírithe ar thithíocht shóisialta a chur ar fáil agus a chinntíonn freisin go mbaintear an úsáid is fearr is féidir as an stoc tithíochta atá ann cheana. Tá an Scéim oscailte d’úinéirí tí nó árasáin atá folamh ar feadh bliana ar a laghad (cruthúnas ag teastáil) agus a gcaithfear obair dheisiúcháin a dhéanamh air chun é a thabhairt chuig an gcaighdeán a éilítear i gcás teaghaisí ar cíos.
Is é Údarás Áitiúil nó Comhlacht Ceadaithe Tithíochta a mhaoineoidh na hoibreacha deisiúcháin agus feabhsúcháin atá ag teastáil ar theaghaisí oiriúnacha agus, mar chúiteamh air sin, ligfidh an t-úinéir an teaghais ar léas lena húsáid mar thithíocht shóisialta go ceann tréimhse idir 10 agus 19 mbliana. Bainfear costas na noibreacha as na híocaíochtaí léasa (cíosa) thar thréimhse aontaithe an léasa.
Is é €40,000 uaschostas na ndeisiúchán a cheadófar faoin Scéim. Breathnóidh an Chomhairle ar theaghaisí i ngach ceantar ach beidh spéis ar leith aici iontu siúd i gceantair ardéilimh. Caithfear éileamh a bheith ar thithíocht shóisialta sa cheantar agus caithfidh sé go bhféadfaí an teaghais a úsáid le tithíocht shóisialta a chur ar fáil. Tá sonraí faoin Scéim le fáil ar Láithreán Gréasáin na Comhairle. Tá an Chomhairle ag breathnú ar roinnt iarratais a fuarthas faoin Scéim seo faoi láthair.
Scéim Ceannaigh agus Athnuachana
Faoin Scéim seo is féidir leis an gComhairle aonaid tithíochta a bhfuil obair dheisiúcháin de dhíth orthu a cheannach agus a athnuachan agus iad a chur ar fáil ansin lena n-úsáid mar thithíocht shóisialta. Is ar sheanstoc a bheidh an obair dírithe go príomha, go háirithe mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh le dul i ngleic le tréigean agus le sráid-dreacha a fheabhsú/tacú le hathnuachan. Táthar ag súil go mbeadh aonaid a thagann faoin Scéim Ceannaigh agus Athnuachana folamh ar feadh tréimhse sula bhfaighfí chun críocha tithíocht shóisialta iad.
Tá an Chomhairle i mbun oibreacha faoi láthair ar theach amháin a cheannaigh sí faoin Scéim seo.
Clár SCC
An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC)
Cabhraíonn an Clár Cóiríochta ar Cíos le teaghlaigh atá ag fáil Forlíonadh Cíosa ar feadh níos mó ná 18 mí agus a mheas an tÚdarás Tithíochta a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu (gan iarrthóirí tearmainn ná neamhnáisiúnaigh eile nach bhfuil cead acu fanacht sa Stát go buan a áireamh).
Chuir an Chomhairle 23 aonad ar fáil in 2020. Tá laghdú ag teacht ar líon na n-aonad atá ar fáil faoin SCC. Tá claonadh ag úinéirí réadmhaoine i líon mór cásanna gan na haonaid a thairiscint arís nuair a bhíonn an conradh le hathnuachan.
Iasachtaí Tithíochta
Is morgáiste nua do cheannaitheoirí céaduaire í Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann, atá tacaithe ag an Rialtas. Tá sí ar fáil ó na húdaráis go léir ar fud na tíre ó bhí an 1 Feabhra 2018 ann.
Is féidir le ceannaitheoir céaduaire iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann le háit chónaithe nua nó athláimhe a cheannach, nó le teach a thógáil. Gnáthmhorgáiste caipitil agus úis í, a aisíoctar tríd an dochar díreach ar bhonn míosúil. Is féidir le duine suas le 90% de luach margaidh na háite cónaithe a fháil ar iasacht.
Seo a leanas na huasluachanna margaidh a bhaineann leis an iasacht:
€320,000 i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Dara, an Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin, agus €250,000 sa chuid eile den tír.
Tarraingíodh anuas 5 iasacht in 2020.
Deontas Tithíochta
Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus Scéimeanna do Dhaoine faoi Mhíchumas
Is é €1,415,423 an leithdháileadh faoin gceannteideal seo don Chomhairle in 2020, agus soláthraítear €283,085 (20%) den mhéid sin ó acmhainní ioncaim na Comhairle féin.
Seo a leanas na scéimeanna atá i gceist,
An Scéim um Dheontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas. An Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta. Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta
D’éirigh leis an gComhairle leithdháileadh beag breise €2,124 a fháil.
Úsáideadh an leithdháileadh faoi chomhair oibreacha oiriúnaithe a bhí á ndéanamh ar 162 teach.
Tá Comhairle Contae Shligigh agus Oifig Thionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir ag leanúint orthu céim cur chun feidhme Mháistirphlean Athbheochana Chathair Thoir Shligigh, an Chrainn Mhóir agus na bPurlán, 2016 a chur chun cinn.
Is é Fís na hAthbheochana ná:
Áit níos tarraingtí le cónaí ann a dhéanamh den cheantar agus naisc níos fearr, níos áisiúla a chur ar fáil le háiseanna nua agus áiseanna atá ann cheana sa cheantar áitiúil agus sa chuid eile de Shligeach.
Cur ar chumas daoine aonair agus pobal sa cheantar leas a bhaint as deiseanna atá ag teacht chun cinn agus rochtain ar sheirbhísí fostaíochta, oideachais, sláinte agus tacaíochta teaghlaigh.
An ceantar a dhaingniú do na glúnta atá le teacht mar cheantar le cónaí agus obair ann agus le cuairt a thabhairt air.
Déantar cur síos sa Mháistirphlean ar roinnt tionscadail fhisiceacha agus tionscnaimh shóisialta agus eacnamaíocha arb aidhm leo aghaidh a thabhairt ar riachtanais. Faoi na tionscadail seo cuirfear infheistíocht a bhfuil géarghá léi ar fáil chun tithíocht sa cheantar, spásanna oscailte agus bóithre a fheabhsú, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh in áiseanna pobail.
Tá maoiniú faighte le haghaidh cuid de ghnéithe an Phlean ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó fhoinsí eile.
Seo a leanas sonraí faoi roinnt tionscadal faoin bPLEAN FISICIÚIL atá á gcur chun cinn.
Spásanna Ardchaighdeáin a sholáthar d’Áiseanna Pobail Ionad Fiontair agus Pobail agus Páirc Uirbeach
Ó cuireadh tús le próiseas Athbheochana an Chrainn Mhóir, tá an pobal áitiúil ag rá go bhfuil gá le hIonad Fiontair agus Pobail nua sa cheantar a bheadh mar chroílár an phobal athbheoite.
Tá Ionad nua beartaithe dá bhrí sin, ina mbeidh cóiríocht do ghníomhaireachtaí atá ag obair sa cheantar, halla ilchuspóireach, seomraí ilchuspóireacha, fáiltiú/láthair chomhroinnte, siopa caife, srl. Tá an foirgneamh deartha chun a bheith solúbtha agus spás curtha i leataobh ann i gcomhair leathnú de réir mar a athróidh riachtanais agus mar a fhorbróidh cláir shóisialta amach anseo.
Tugadh Cead Pleanála don tionscadal faoi Chuid VIII ag an gcruinniú den Chomhairle i mí an Mhárta 2020. Fuarthas faomhadh breithmheasa caipitil (Céim 3) ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i nDeireadh Fómhair 2020. Chuir an Chomhairle tús le nós imeachta foirmiúil tairisceana ansin agus d’ullmhaigh Foireann Dearaidh CRP cáipéisí tairisceana maidir leis an Ionad le linn Ráithe 4, 2020.
Pobal Nua sa Chrann Mór
Acomhal Chéide Uí Dhaimhín/Bhóthar an Chrainn Mhóir, Obair Uasghrádaithe Sábháilteachta Coisithe
Cuireadh na hoibreacha ar an acomhal ag Céide Uí Dhaimhín agus Bóthar an Chrainn Mhóir i gcrích in R1, 2020. Tá nithe ab údar imní a d’ardaigh cónaitheoirí ag go leor imeachtaí comhairliúcháin pobail a cuireadh ar siúl síos trí na blianta curtha san áireamh i ndearadh an acomhail nua. Is é an smaoineamh atá taobh thiar den leagan amach ná luas an tráchta ar Chéide Uí Dhaimhín a laghdú, mar aon le pointí trasnaithe sábháilte do choisithe agus scáthlán bus a chur ar fáil.
Tá trí thrasrian coisithe faoi rialú ann a chabhraíonn le cónaitheoirí faoi mhíchumas Céide Uí Dhaimhín agus Bóthar an Chrainn Mhóir a thrasnú. Tá tús áite á thabhairt do choisithe agus ní mór do charranna slí a ghéilleadh dóibh. Tá sé seo ar cheann de roinnt bearta maolaithe tráchta den chineál céanna a thógfar feadh an stráice iomláin de Chéide Uí Dhaimhín, áit a mbeidh tionchar mór acu le chéile ó thaobh trácht a mhoilliú agus tosaíocht a thabhairt do choisithe agus do rothaithe.
Fuair an tionscadal seo maoiniú ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ó Rannóg Bóithre Chomhairle Contae Shligigh.
Oibreacha Foirgníochta agus Éifeachtúlachta Fuinnimh - Céim a hAon, Tionscadal Píolótach
Rinneadh dul chun cinn maith in 2020 ar na hoibreacha athchóirithe ar na tithe ar Chéide an Chrainn Mhóir, ar Phlás an Chrainn Mhóir agus ag Bailtíní an Chrainn Mhór. Chuir Kilcawley Construction tús leis an obair ar an láithreán ar an 13 Eanáir 2020.
Bhain an clár oibreacha le hoibreacha tógála agus timpeallachta, lena n-áirítear ballaí seachtracha gach tí a phéinteáil, insliú cuasbhalla a chur isteach, gáitéir agus fánphíobháin nua a fheistiú agus na díonta a ghlanadh. I measc na n-oibreacha timpeallachta bhí obair dheisiúcháin ar na cosáin agus fáil réidh le ceantair chúlchríche nach raibh á n-úsáid.
De bhreis ar na hoibreacha thuas, feistíodh na haonaid ar leis an gComhairle iad, lena n-áirítear áiseanna nua sláintíochta agus cistine a fheistiú, chomh maith leis na córais leictreachais agus pluiméireachta a athsholáthar ó bhonn. Ceann de phríomhghnéithe na n-oibreacha seo ab ea na teaschaidéil aer go huisce a suiteáladh i 28 aonad tithíochta. Teicneolaíocht é seo a laghdóidh costais fuinnimh na dtithe agus a thacóidh le beartas an Rialtais ó thaobh éirí as breoslaí iontaise a úsáid. Dúnadh an tionscadal ar feadh 8 seachtaine mar gheall ar shrianta COVID-19 agus meastar anois nach gcuirfear i gcrích é go dtí R1, 2021.
Comhairliúchán
Bhí próiseas fairsing comhairliúcháin ann roimh na hoibreacha agus lena linn, rud ar áiríodh leis seisiúin éascaithe agus teagmháil laethúil idir na teaghlaigh féin agus an Fhoireann Bainistíochta Eastát agus an tOifigeach Idirchaidrimh Cónaitheoirí.
Dí-Áitiú Sealadach
Leis na hoibreacha ar thithe na Comhairle a éascú, bhí ar 27 teaghlach a dteach a fhágáil agus aistriú chuig stoc de chuid na Comhairle a bhí curtha i leataobh chuige sin. Thosaigh an próiseas ar an 6 Eanáir 2020 agus aistríodh na teaghlaigh go léir ar bhonn rollach in dhá chéim.
Sa chéim dhí-áitithe den obair, d’oibrigh Foireann Athbheochana an Chrainn Mhóir le 3 chónaitheoir lena scéal a dhoiciméadú agus iad ag ullmhú lena dteach a fhágáil. Bogadh na cónaitheoirí, atá ina gcónaí sa cheantar le breis agus 46 bliain, chuig cóiríocht shealadach fad agus a bhí na hoibreacha ar bun.
Ullmhaíodh físeán gairid mar thaifead ar an gcaoi ar éirigh leo agus iad ar shiúl óna dteach agus ar na mothúcháin a bhí acu sular bhog siad isteach ina dteach arís tar éis a athchóirithe. Déantar plé san fhíseán chomh maith ar na pleananna atá ann le haghaidh tuilleadh obair athchóirithe ar fud Eastát an Chrainn Mhóir agus ar fhorbairt an Ionaid Fiontair agus Pobail nua i gcroílár an phobail. Tá an físeán le fáil ar leathanach Facebook agus cuntas YouTube na Comhairle Contae, mar aon leis an leathanach nuachta ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Shligigh.
Teach nua-athchóirithe ar Chéide an Chrainn Mhóir
Céim 2 – Uasghrádú Foirgníochta agus Timpeallachta - 126 Teach (Céide Geldof, Céide Sheosaimh Mhic Dhónaill, Céide Sheáin Uí Fhallúin agus Céide Uí Dhaimhín - Thiar agus Céide Uí Chearúill)
Tá clár oibreacha, cosúil leis na cinn i gCéim 1, beartaithe do Chéim 2, leis. Bhí na suirbhéanna láithreáin riachtanacha go léir críochnaithe sular cuireadh srianta COVID-19 i bhfeidhm agus bhí cuairt tugtha ag an bhFoireann Bainistíochta Eastát ar gach duine de na cónaitheoirí.
Cuireadh iarratas ar fhaomhadh Chéim 3 faoi bhráid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mí Lúnasa 2020 le cead a lorg le tús a chur leis an bpróiseas tairisceana. Tá Comhairle Contae Shligigh ag súil le cead chun an tionscadal a chur chun tairisceana in R1, 2021.
Tithíocht ag Céide Sheosaimh Mhic Dhónaill agus Nasc le Bóthar Chnoc an tSéipéil
Bhí an tionscadal seo curtha ar fionraí ar feadh tréimhse ama de dheasca cúinsí gan choinne. Tosaíodh ag labhairt le cónaitheoirí arís i Ráithe 4, 2020 agus táthar ag súil anois go bhféadfar an tionscadal seo a chur chun tairisceana in R2, 2021.
Tá cuspóir sa Mháistirphlean Athbheochana tacú le forbairt deiseanna áineasa uisce agus áiseanna gaolmhara i bPáirc Uí Dhúrthuile. Seo a leanas dhá thionscadal a ndearnadh dul chun cinn orthu in 2020:
Tá an Lóiste Geata ar léas ag Cumann Forbartha Turasóireachta Shligigh ar feadh tréimhse 10 mbliana agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Shligigh ar an tionscadal seo. Is cuid den oidhreacht áitiúil an foirgneamh seo de bharr go raibh sé ina Lóiste Geata do sheanDiméin Chliabhraí. Is struchtúr sainchomhartha cosanta é chomh maith, atá suite i gcroílár cheantar Pháirc Uí Dhúrthuile/Pháirc Chliabhraí/Lár Bhaile Shligigh. Ar an drochuair, cuireadh an obair ar an tionscadal seo ar fionraí de dheasca na srianta COVID-19 .
I mBealtaine 2020, d’éirigh leis an gCumann maoiniú a fháil faoin gClár LEADER um Fhorbairt Tuaithe le hoibreacha breise a dhéanamh taobh istigh agus taobh amuigh den fhoirgneamh. Cuirfear tús leis an gcéim dheiridh seo de na hoibreacha maoinithe a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an gconradh reatha athchóirithe. Nuair a bheidh an foirgneamh athchóirithe críochnaithe, d’fhéadfaí é a úsáid mar ionad eolais agus áirithinte do thurasóirí agus spás beag pobail/fiontair. D’fhéadfaí taispeántas beag stairiúil maidir leis an gceantar áitiúil a chur ar fáil ann chomh maith.
Lóiste Geata Cois Abhann, Páirc Uí Dhúrthuile
Tacóidh saoráid mar seo le forbairt leanúnach na n-eispéireas atá ar fáil do chuairteoirí i lár na cathrach, feabhsóidh an léirmhíniú agus an insint ar scéal Shligigh agus meallfaidh cuairteoirí le breathnú thart ar cheantair eile sa chathair.
Seastáin Slatiascaireachta
Tá forbairt seastán slatiascaireachta ar cheann de na bealaí ar féidir tarraingteacht an cheantair a fheabhsú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bpríomháis áitiúil seo. Suiteáladh dhá Sheastán Slatiascaireachta nua ar bhruach na Garbhóige i bPáirc Uí Dhúrthuile i mí Dheireadh Fómhair 2020.
Rinne Comhairle Contae Shligigh an obair seo trí Oifig Athbheochana an Chrainn Mhóir i gcomhar le Cumann Forbartha Turasóireachta Shligigh. Fuarthas an maoiniú le haghaidh na Seastán Slatiascaireachta ó Iascach Intíre Éireann agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cuirfidh na seastáin deiseanna ar fáil do dhaoine ar gach leibhéal cumais dul i mbun slatiascaireachta, éascóidh gníomhaíochtaí sláintiúla agus tabharfaidh buntáistí a bhaineann le fáil ar an abhainn don phobal.
SEASTÁIN SLATIASCAIREACHTA NUA AR AN nGARBHÓG
Tá forbairt seastán slatiascaireachta ar cheann de na bealaí ar féidir tarraingteacht an cheantair a fheabhsú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bpríomháis áitiúil seo. Suiteáladh dhá Sheastán Slatiascaireachta nua ar bhruach na Garbhóige i bPáirc Uí Dhúrthuile i mí Dheireadh Fómhair 2020.
Rinne Comhairle Contae Shligigh an obair seo trí Oifig Athbheochana an Chrainn Mhóir i gcomhar le Cumann Forbartha Turasóireachta Shligigh. Fuarthas maoiniú don tionscadal seo ón Scéim Deontas Caipitil a chuirtear ar fáil faoi Straitéis Náisiúnta Forbartha Slatiascaireachta Iascach Intíre Éireann, 2020 agus ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.
Cuirfidh na seastáin deiseanna ar fáil do dhaoine ar gach leibhéal cumais dul i mbun slatiascaireachta, éascóidh gníomhaíochtaí sláintiúla agus tabharfaidh buntáistí a bhaineann le fáil ar an abhainn don phobal.
Is é soláthar an dá sheastán seo céim a haon de thionscadal faoina gcuirfear ceithre sheastán iascaireachta nua ar fáil ar bhruach na Garbhóige d’fhonn fáil ar thaitneamhachtaí agus spásanna oscailte d’ardchaighdeán a fheabhsú i gceantar na Cathrach Thoir.
Dé Máirt, an 10 Samhain 2020, chuaigh Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, amach ag iascaireacht ar na seastáin in éineacht le hiascairí díograiseacha as ceantar an Chrainn Mhóir, Tom Clarke agus Anthony Mahon, mar aon le Frank Quinn agus Jim Sheridan ó Fhoireann Athbheochana an Chrainn Mhóir.
Chuir Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir agus Iascach Intíre Éireann fáilte roimh shuiteáil na seastán slatiascaireachta. Mhol Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, Ionad Maireachtála Neamhspleáiche Shligigh, gnóthais áitiúla tácla iascaireachta agus slatiascairí áitiúla na seastáin nua chomh maith.
Seo a leanas sonraí faoi na tionscadail faoin bPLEAN SÓISIALTA atá á gcur chun cinn:
Straitéis Oideachais agus Foghlama
Tá réimse leathan tacaíochtaí, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh oideachais á gcur ar fáil don phobal, idir óg agus aosta, mar a chuirtear Straitéis Oideachais agus Foghlama Thionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir chun feidhme. Is i gcomhar le seirbhísí cúraim leanaí, scoileanna, coláistí, gníomhaireachtaí tacaíochta agus eagraíochtaí pobail atá an méid sin á dhéanamh.
Mar sin féin, tar éis do COVID-19 teacht ar an bhfód in 2020, cuireadh isteach ar ghníomhaíochtaí scoile agus coláiste, go háirithe na scrúduithe stáit agus coláiste ag deireadh na bliana. Bhí tionchar ar leith aige sin ar scoláirí, mic léinn agus foghlaimeoirí aosacha a bhfuil tacaíocht á fáil acu faoin straitéis thuas.
Leanadh ar aghaidh leis an obair le tacú le daoine aonair agus le scoileanna mar seo a leanas:
Cuireadh Leabhrán Oideachais an Chrainn Mhóir i dtoll a chéile agus tugadh cóip do gach cónaitheoir sa limistéar athbheochana i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair, agus is é b’aidhm leis ná Seirbhís
Meantóireachta an Chrainn Mhóir a chur chun cinn, teachtaireachtaí ó scoileanna a scaipeadh agus tuairiscí chun dáta a thabhairt ar na cúrsaí, deiseanna oiliúna, deontais agus tacaíochtaí a bhí ar fáil. Seoladh láithreán gréasáin Cranmore Connects i mí an Mheithimh 2020. Cuirtear eolas faoi chúrsaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar fáil ar an láithreán gréasáin, mar aon le tacaíochtaí oideachais do dhaltaí, scoláirí, mic léinn, tuismitheoirí agus foghlaimeoirí aosacha. Rinneadh obair, i gcomhar le Bunscoil na Trócaire agus i gcomhpháirtíocht le Comharchumann an Chrainn
Mhóir agus leis an bhFoireann Bainistíochta Eastáit, ar phacáistí scoile baile a cuireadh chuig 30 leanbh a raibh cónaí orthu sa limistéar athbheochana. Bhí faisnéis á cur ar fáil ó thús deireadh 2020 faoi na tacaíochtaí teaghlaigh a bhíonn ar fáil trí Choiste Cúraim
Leanaí Chontae Shligigh, CYPSC agus Tusla.
Clár Meantóireachta Oideachais an Chrainn Mhóir
Comhthionscnamh é Clár Meantóireachta Oideachais an Chrainn Mhóir idir Tionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. Tá sé ar phríomhghné de chur i bhfeidhm Mháistirphlean Athbheochana Chathair Thoir Shligigh, an Chrainn Mhóir agus na bPurlán. Is cuid de thionscadal ‘Attract - Transition - Succeed (ATS)’ an Údaráis Ardoideachais é, a bunaíodh chun éagsúlacht agus meascán sóisialta na mac léinn a mhéadú sna hinstitiúidí ardoideachais in Iarthar agus in Iarthuaisceart na hÉireann.
Fuair an Clár Meantóireachta áit ar an ngearrliosta sa catagóir ‘Dea-Chleachtas i Rannpháirtíocht Pobail’ ag Gradaim Rialtais Áitiúil Chomhlachais Éireann, 2020.
Seoladh láithreán gréasáin Cranmore Connects le linn 2020 chun tacú le hobair an mheantóra, a bhíonn ar fáil do Phobal an Chrainn Mhóir trí lá sa tseachtain, agus é ag déanamh meantóireacht ar scoláirí dara leibhéal, ar mhic léinn tríú leibhéal agus ar dhaoine fásta atá ag iarraidh dul faoi athoiliúint, filleadh ar an oideachas nó gairmthreoir a fháil fiú amháin.
Tá an meantóir ag cur tacaíocht mheantóireachta duine le duine ar fáil do scoláirí, mic léinn, daoine óga agus daoine fásta, chomh maith le dul i dteagmháil leis an bpobal go ginearálta trí sheisiúin tacaíochta inrochtana duine le duine, ceardlanna tacaíochta staidéir atá bunaithe sa phobal agus tacaíocht foghlama ar líne. I rith ghéarchéim COVID-19, lean an meantóir air ag cur tacaíochta ar fáil do mheantaithe ar bhonn duine le duine ar an bhfón nó Zoom. Is foinse faisnéise agus tacaíochta iad láithreán gréasáin Cranmore Connects agus leathanach an tionscadail ar Facebook freisin.
Am le Léamh
Clár náisiúnta litearthachta 20 seachtaine é Am le Léamh, a gcuireann Gnó sa Phobal in Éirinn ar fáil é i gcomhpháirtíocht le bunscoileanna agus gnólachtaí áitiúla. Is é is aidhm leis an gclár ná cur leis an taitneamh a bhaineann na leanaí i Rang 2 as a bheith ag léamh agus muinín a thabhairt dóibh as a gcuid scileanna léitheoireachta. Cuireadh Am le Léamh ar fáil go rathúil in S.N. Eoin i Sligeach i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Shligigh sa bhliain acadúil 2019/2020 go dtí gur cuireadh an clár ar fionraí mar gheall ar dhúnadh na scoileanna. I ngach seisiún seachtainiúil, léigh duine d’fhoireann dheonach Chomhairle Contae Shligigh do bheirt pháistí ina dtimpeallacht scoile ar feadh 30 nóiméad. Thug na leanaí, na hoibrithe deonacha agus na tuismitheoirí cuairt ar Leabharlann Láir Shligigh freisin.
Rinneadh measúnú deiridh ar líne agus iarradh ar fhoireann na scoile, na léitheoirí deonacha agus foireann an tionscadail athbheochana é a dhéanamh. Tá maoiniú faighte anois ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil do chlár leantach ‘Am le Léamh’ don bhliain acadúil 2020/2021. Cuirfear an clár ar fáil in S.N. Eoin arís, faoi réir shrianta COVID-19.
Seo a leanas sonraí faoi na tionscadail faoin bPLEAN GEILLEAGRACH atá á gcur chun cinn:
Forbairt Gheilleagrach
Is é fís fhoriomlán an Phlean Gheilleagraigh ná fostaíocht agus forbairt gheilleagrach a fheabhsú sa cheantar. Cuireann an Plean Geilleagrach go mór le gníomhartha agus straitéisí na bPleananna Athbheochana Sóisialta agus Fisiciúla. Na tograí sa Phlean Sóisialta, iad siúd a bhaineann le hOideachas agus Foghlaim agus le Dífhostaíocht agus Oiliúint go háirithe, féachann siad le héascaíocht a dhéanamh ar athghiniúint eacnamaíoch rathúil trína chinntiú go bhfaigheann daoine, idir óg agus aosta, na tacaíochtaí a theastaíonn uathu le deiseanna a thapú.
Mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na bPost, a bhí ar siúl ó Dé Luain, a 2 Márta 2020, go dtí Dé hAoine, an 6 Márta 2020, d’eagraigh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta, i gcomhar le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir agus Tionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir, imeacht faisnéise fostaíochta do thuismitheoirí aonair in Ionad Cheathrú na Mainistreach Dé hAoine, an 6 Márta 2020. Is é b’aidhm leis an ócáid ná poist/gairmeacha agus deiseanna ábhartha oiliúna a bhí ar fáil i Sligeach, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, a chur ar taispeáint. As na 144 cliant ar thug an Roinn cuireadh dóibh chuig an ócáid, tháinig 20 acu ar an lá agus bhí 5 ghníomhaireacht agus 7 bhfostóir i láthair. Fuair Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir maoiniú don ócáid seo faoin Scéim Cuimsithe Shóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail.
Tátal
Beidh tionchar bunathraitheach ag straitéisí sóisialta, geilleagracha agus fisiciúla an Mháistirphlean ar cheantar na Cathrach Thoir óir gur plean gníomhaíochta é a chuirfidh bonn eolais faoi athrú a mbeidh buntáistí i gceist leis don phobal áitiúil agus don phobal i gcoitinne araon, forbairt Shligigh mar Mhol Fáis Réigiúnach Ainmnithe ina measc. Bainfear an méid sin amach trí chomhairliúchán agus comhoibriú leanúnach leis an bPobal agus, chuige sin, déanfar an caidreamh atá ann cheana idir Tionscadal Athbheochana an Chrainn Mhóir, Comharchumann Pobail an Chrainn Mhóir, Ionad Pobail Cheathrú na Mainistreach agus Seirbhís Tacaíochta Teaghlach Springboard a láidriú tuilleadh.