50 minute read

Forbairt Phobail agus Gheilleagrach

FORBAIRT POBAIL AGUS GHEILLEAGRACH

Tacaíonn an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí le hobair chomhoibritheach, straitéiseach le heagraíochtaí eile ar na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha le forbairt pobail agus gheilleagrach a chur chun cinn agus a spreagadh sa Chontae. Tacaíonn sé le heagraíochtaí pobail, spreagann obair dheonach agus saoránacht ghníomhach, cuireann ionchuimsiú sóisialta chun cinn agus soláthraíonn raon tacaíochtaí agus cúnamh deontais d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus neamhbhrabúis ar fud an chontae.

Advertisement

Tá an clár oibre geilleagrach ag dul i méid i gcónaí de réir mar a théann an Rannóg i gcomhar le páirtithe leasmhara ar fud na n-earnálacha gnó agus geilleagracha, amhail Fóram Eacnamaíoch Shligigh, earnáil na turasóireachta, Conair Eacnamaíoch an Atlantaigh agus an diaspóra, gan ach beagán a lua.

An Coiste Forbartha Pobail Áitiúil

Bunaíodh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh in 2014 faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 chun críocha cur chuige stuama, comhtháite a fhorbairt, a chomhordú agus a chur chun feidhme i leith forbairt áitiúil agus phobail. Tá an coiste comhdhéanta d’ionadaithe do na hearnálacha rialtais áitiúil agus forbartha áitiúla, do chomhlachtaí poiblí agus do leasanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus pobail.

I mí an Mhárta 2020, d’éirigh an Comhairleoir Chris MacManus as an gcathaoirleacht ar Choiste Forbartha Áitiúil/Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil Shligigh le post a ghlacadh mar FPE i bParlaimint na hEorpa. Toghadh an Comhairleoir MacManus ina Chathaoirleach ag cruinniú den Choiste i mí Iúil 2019. Tar éis dó éirí as, ghlac an LeasChathaoirleach Hugh MacConville le ról an Chathaoirligh ar bhonn eatramhach, mar a bhí comhaontaithe ag na comhaltaí. Chuir ráig COVID-19 moill ar an bpróiseas le cathaoirleach nua a thoghadh toisc gur ar líne a bhí na cruinnithe ar siúl. Thug oifigigh sa Roinn le fios go mbeadh sé in ord dul ar aghaidh le toghadh an Chathaoirligh ar líne. Tar éis an toghcháin ar líne, daingníodh an Comhairleoir Dara Mulvey go foirmiúil mar Chathaoirleach an Choiste ag an gcruinniú i mí Dheireadh Fómhair.

Amhail go leor struchtúir eile, iarradh ar an gCoiste dul i mbun gnímh ag tús phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020 agus lean sé air ag teacht le chéile ar líne i bhfianaise a thábhachtaí atá a chuid clár ó thaobh tacú leis an bpobal de.

Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i mbun cruinniú fíorúil in Áras na Cathrach i mí Aibreáin 2020.

In 2021 beidh an Coiste dírithe arís ar mhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht phobail i Sligeach, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Gheilleagraigh agus Pobail Áitiúil, 2016-2021. Fágann struchtúr idirghníomhaireachta an Choiste agus an cúram monatóireachta atá air go bhfuil sé san áit cheart le monatóireacht a dhéanamh ar chláir eile, amhail an Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail, an Líonra Rannpháirtíochta Pobail, Éire Shláintiúil, deiseanna maoinithe, agus cláir de chuid an AE, ar nós PEACE. Cinnteoidh a fheidhm mar an Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil maidir le cur chun feidhme Chlár Forbartha Tuaithe 20142020 i Sligeach go mbeidh príomhról aige freisin i gcur chun feidhme an Chláir LEADER.

Is mian leis an gCoiste go mbainfí leas as gach uile dheis le maoiniú Eorpach a fháil ar son Shligigh, go gcuirfí infheistíocht i Sligeach chun cinn agus go mbunófaí struchtúir d’fhonn comhoibriú ní b’fhearr a chinntiú ar leibhéal an chontae.

Plean Geilleagrach agus Pobail Áitiúil 2016 – 2021

Tá treochlár comhghníomhaíochta leagtha amach ag an gCoiste maidir le forbairt áitiúil gheilleagrach agus phobail i gContae Shligigh.

Seo a leanas na sé réimse tosaíochta a leagtar amach sa Phlean:

 Fostaíocht agus Gníomhaíocht Eacnamaíoch Inbhuanaithe  Oideachas agus Oiliúint  Sláinte agus Folláine  Cuimsiú Sóisialta, Comhionannas agus Bochtaineacht  Comhshaol agus Athrú Aeráide  Creat Comhoibríoch

Tá monatóireacht á déanamh ar bhonn leanúnach ar na bearta atá leagtha amach sa Phlean Geilleagrach agus Pobail Áitiúil agus tugann gníomhaireachtaí atá freagrach as príomhbhearta den Phlean cur i láthair don Choiste ó am go chéile.

Cuirfear tús in 2021 leis an gcéad tréimhse phleanála eile, a chuirfidh cruth ar an bhfís do Shligeach ó thaobh pobail agus geilleagair de as seo go ceann 5 bliana. Tá sé beartaithe tabhairt faoin obair seo ag an am céanna le Tionscadal Jaspers Shligigh, 2030 toisc go mbeidh na próisis chéanna chomhairliúcháin agus chomhoibrithe i gceist leis an dá cheann acu. Sa phróiseas sin, tabharfar aird ar threoir maidir leis an bPlean Geilleagrach agus Pobail Áitiúil, atá le heisiúint ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

BREIS IS 4,500 SCÁTHLÁN AGHAIDHE CURTHA AR FÁIL AG AN INSTITIÚID TEICNEOLAÍOCHTA, SLIGEACH, D’FHOIRNE FREAGARTHA

Mar fhreagairt ar ghlao ó FSS, chuir an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, foireann tionscadail le chéile le scáthláin aghaidhe a mhonarú d’fhonn cabhrú le daoine ar an líne thosaigh déileáil le géarchéim COVID-19. Tá níos mó ná 4,500 scáthlán táirgthe agus dáilte ar fud an réigiúin go dtí seo.

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Tom MacSharry (Cathaoirleach go dtí an CCB i mí an Mheithimh 2020) a bhuíochas in iúl don Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, agus do Ruth Moran go háirithe, a chomhordaigh an clár.

Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Tom MacSharry, ag an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, le buíochas a chur in iúl d’fhoireann sa choláiste as scáthláin aghaidhe a dhéanamh. In éineacht leis an gCathaoirleach bhí (C-D) an Comhairleoir Marie Casserly, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady, an Comhairleoir Dónal Gilroy, an Comhairleoir Tom Fox, an Dr. Brendan McCormack, Uachtarán na hInstitiúide Teicneolaíochta, Sligeach, an Comhairleoir Martin Connolly, agus an Comhairleoir Thomas Walsh

‘Is mór ag Comhairle Contae Shligigh agus ag Fóram Tacaíochta Pobail Shligigh an beart seo. Cuireadh na maisc aghaidhe ar fáil do raon leathan gníomhaireachtaí agus chuir cuid mhaith daoine a bhí ag soláthar seirbhísí riachtanacha ar fud an chontae fáilte is fiche rompu.’

Dar le comhordaitheoir an tionscadail, Ruth Moran, Oifig Taighde na hInstitiúide Teicneolaíochta, Sligeach; ‘Faoi láthair tá 99 oibrí deonach ag tacú le monarú trí chineál scáthláin. Is foireann thrasfheidhmiúil iad, a dhéanann plé le hInnealtóireacht agus Dearadh, Eolaíocht agus Taighde araon. Tá baill d’Aontas na Mac Léinn ag obair go deonach linn freisin.’

An Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail

Is clár náisiúnta é an Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta trí rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht áitiúil idir daoine faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus gníomhaireachtaí den earnáil phoiblí. Tugadh an Clár isteach i mí Aibreáin 2015 agus is ar Choistí Forbartha Áitiúla an fhreagreacht as an gclár a bhainistiú ar an leibhéal áitiúil le tacaíocht ó Pobal agus maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Faigheann sé maoiniú freisin ó Chiste Sóisialta na hEorpa faoin gClár um Infhostaitheacht, Ionchuimsiú agus Foghlaim, 2014-2020.

Comhaltaí de Choiste Forbartha Áitiúil Shligigh a bhí i láthair ag ócáid faisnéise um Fhilleadh ar Obair do Mhná (a bhí maoinithe faoin gClár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus Foireann Athbheochana an Chrainn Mhóir)

Cuireadh tús leis an gClár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail, 2018 – 2022 in 2018 agus d’éirigh le hiarratas Chomhpháirtíocht LEADER Chontae Shligigh le leanúint ag aghaidh ag soláthar an chláir i Sligeach. Tar éis próiseas comhairliúcháin náisiúnta, rinneadh roinnt athruithe ar an gclár agus mairfidh sé cúig bliana anois. Tá Clár 2018 – 2022 níos solúbtha ná an seanchlár agus béim níos láidre á leagan ar idirghabhálacha agus cáilíocht na hoibre seachas tuairisciú ar spriocanna cainníochtúla, mar a bhí ann sa seanchlár.

Is éard atá i gceist leis an gclár féin ná tacaíochtaí a sholáthar do dhaoine agus grúpaí imeallaithe agus do phobail faoi mhíbhuntáiste. Tá foireann Chomhairle Contae Shligigh freagrach as riaradh an chonartha agus as tuarascálacha monatóireachta agus maoirseachta a ullmhú thar ceann an Choiste Forbartha Pobail Áitiúil. Méadaíodh an buiséad bliantúil don Chlár 3% in 2020 go €603,079.

Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar an gcaoi ar cuireadh an clár ar fáil in 2020 agus, de réir comhairle a fuarthas ó Pobal, rinneadh an chuid ba mhó de na hidirghabhálacha ar an bhfón agus úsáideadh tacaíochtaí ar líne le hoiliúint a sholáthar. Ina theannta sin, chuir an Coiste, i gcomhar le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh CTR, Scéim Deontais ar bun faoin gClár le maoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail i spriocghrúpaí an Chláir a bhí ag freagairt go díreach do ghéarchéim COVID-19 i gContae Shligigh.

Is é €603,079 an leithdháileadh buiséid le haghaidh an Chláir in 2021, ach thug an Roinn le fios i mí na Samhna 2020, i bhfianaise thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an gClár in 2020, go gceadófaí tearc-chaitheamh suas le 10% a thabhairt ar aghaidh go 2021. Ní cheadófaí aon tearc-chaitheamh a thabharfaí ar aghaidh a chaitheamh ach ar chostais ghníomhaíochta (costais tuarastail agus neamhthuarastail araon), áfach.

An Clár Forbartha Tuaithe, 2014–2020

Is é Coiste Forbartha Áitiúil Shligigh an Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil atá freagrach as an gClár Forbartha Tuaithe (LEADER), agus oibríonn sé i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Shligigh mar Chomhpháirtí Airgeadais agus le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh mar Chomhpháirtí Feidhmithe.

Téamaí agus Buiséid

Tugann Straitéis Forbartha Áitiúil Chontae Shligigh (2014-2020) cuntas ar thrí phríomhthéama a sainaithníodh mar riachtanais uileghabhálacha don chontae, chomh maith leis na naoi bhfothéama seo a leanas:

Téama 1

Forbairt Gheilleagrach, Forbairt Fiontar agus Cruthú Poist Fothéamaí

 Turasóireacht Tuaithe  Forbairt Fiontar  Bailte Tuaithe  Leathanbhanda  Seirbhísí Bunúsacha dírithe ar phobail iargúlta  Óige Thuaithe  Acmhainní uisce a chosaint agus a úsáid go hinbhuanaithe  Bithéagsúlacht Áitiúil  Fuinneamh in-athnuaite

€2.32m

Téama 2 Téama 3

Cuimsiú Sóisialta Comhshaol Tuaithe

Fothéamaí

€2.83m Fothéamaí

€572,070

Tá buiséad €5.7m ag an Tionscadal, a bhfuil miondealú air sa tábla thuas. Ina theannta sin, tá €1.9m curtha ar fáil faoin gClár le híoc as an obair riaracháin, tacaíochta agus seiceála a bheidh ag teastáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm go rathúil. Is é €7.6m an buiséad foriomlán don Chlár Forbartha Tuaithe, 2014-2020.

Sa ghrianghraf thuas tá ionadaithe do Choiste Forbartha Áitiúil/Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil Shligigh, Comhairle Contae Shligigh, Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, agus an pobal ag oscailt Pháirc AstroTurf agus Páirc Phobail Chúil Áine, a bhí maoinithe faoin gClár Forbartha Tuaithe

Tháinig Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Shligigh le chéile 6 huaire le linn 2020 agus cheadaigh 65 tionscadal san iomlán ar luach €2,595,452.02. Tagann na tionscadail sin faoi scáth raon leathan téamaí ón Straitéis Forbartha Áitiúla, lena n-áirítear Turasóireacht Tuaithe, Forbairt Fiontar, Seirbhísí Bunúsacha do phobail iarghúlta, Óige Thuaithe agus Bailte Tuaithe.

Clár Idirthréimhseach LEADER

Ar an 16 Nollaig 2020, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, go gcuirfí an spriocdháta le haghaidh Chlár 2014-2020 siar go dtí an 31 Márta 2021, mar aon le roinnt leasuithe eile ar an gClár (lena n-áirítear Comhar agus Tionscnamh Bia LEADER). D’fhógair an tAire maoiniú €20 milliún freisin do Chlár Idirthréimhseach LEADER, a bhí mar ghealltanas i gClár an Rialtais. Is é is aidhm le Clár Idirthréimhseach LEADER ná ligean do thionscadail phobal-treoraithe um fhorbairt tuaithe leanúint ar aghaidh faoin tsamhail reatha LEADER go dtí go gcuirfear tús le clár nua an Aontais Eorpaigh in 2023. Tá Clár Idirthréimhseach LEADER le tosú ar an 1 Aibreán 2021 agus le bheith ar siúl go dtí an 31 Nollaig 2022.

Príomhfhócas den Chlár Idirthréimhseach is ea acmhainn a fhorbairt i bpobail nach bhfuair maoiniú LEADER roimhe seo. Tacóidh an clár le cruthú post chomh maith, déanfaidh fiontraíocht a chothú agus a spreagadh, agus tacóidh le tionscadail a thugann aghaidh ar an athrú aeráide, ar an aistriú digiteach agus a spreagann pobail tuaithe le cur leis na láidreachtaí agus na sócmhainní atá acu cheana féin. Faoin gClár Idirthréimhseach, méadófar an ráta deontais d’fhiontair agus do thionscadail tráchtála ó uasmhéid 50% go huasmhéid 75% d’fhonn tacú le forbairt fiontar agus cruthú post i gceantair thuaithe.

An Clár Feabhsúcháin Pobail

Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail dhá thráinse maoinithe ar fáil faoin gClár Feabhsúcháin Pobail in 2020. Seoladh an chéad leithdháileadh ginearálta arbh fhiú €56,540 é i mí an Mheithimh agus fuair 57 grúpa san iomlán deontais idir €500 agus €2,500. Ba é €900 meánluach na ndeontas.

Fógraíodh an dara tráinse i mí Lúnasa, agus é dírithe go sonrach ar Ionaid agus Foirgnimh Phobail. Ba é €116,932 an leithdháileadh do Choiste Forbartha Áitiúil Shligigh. Stopadh ag glacadh le hiarratais ar an 25 Meán Fómhair agus cuireadh moltaí faoi bhráid an Choiste ag cruinniú ar an 29 Deireadh Fómhair 2020. Ceadaíodh maoiniú do 49 grúpa pobail.

Tacaíocht don Earnáil Phobail agus Dheonach

Clúdaíonn an Scéim Deontais don Earnáil Phobail agus Dheonach raon leathan gníomhaíochta pobail sa chontae, lena n-áirítear tacaíocht d’fhorbairt áitiúil phobal-bhunaithe. Tacaíonn an Scéim seo le grúpaí pobail, amhail Coistí Bailte Slachtmhara, Coistí Reiligí, Coistí Féilte agus Eagraithe Imeachtaí Idirnáisiúnta/Náisiúnta agus Áitiúla lena gceantar agus a gcontae a chur chun cinn go ginearálta. Deis iontach í an scéim deontais do phobail leas a bhaint as foinse ioncaim a chuirfidh ar a gcumas cláir a chur i bhfeidhm, tionscadail a eagrú agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil, rudaí nach bhféadfaidís a dhéanamh murach an tacaíocht sin. Fágann an ciste seo agus an t-éiteas láidir oibre deonaí atá ann go mbeifear in ann cur chuige ón mbonn aníos a ghlacadh i leith forbairt agus rannpháirtíocht áitiúil. Cuireadh buiséad méadaithe €130,000 i leataobh don tionscnamh seo in 2020 agus bhain 181 coiste/grúpa leas as an Scéim ghinearálta i mbliana. Ina theannta sin, cuireadh catagóir eile leis chun ‘Soilse Nollag do Bhailte agus Sráidbhailte Tuaithe’ a chur san áireamh.

Léirítear níos mó agus níos mó spéise sa Scéim bliain i ndiaidh blianta agus tagann méadú ar líon na n-iarratas a fhaightear, leis. Táthar ag súil go mbeidh an buiséad céanna ar a laghad ar fáil in 2021.

An Líonra Rannpháirtíochta Poiblí

Bliain iontach gnóthach a bhí ann in 2020 do Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Shligigh. Cé go raibh ar an Líonra a phlean oibre a chur in oiriúint go suntasach do COVID-19, bhí sé in ann leanúint air ag obair ar an gcuid ba mhó de chroíchuspóirí an Líonra, chomh maith le ról gníomhach a ghlacadh sa chlár freagartha pobail COVID-19 i Sligeach. Ag tús na bliana, tosaíodh ag obair le hionadaithe pobail nuathofa agus á nullmhú do róil ar Choistí Beartais Straitéisigh (CBSanna). D’éirigh leis an Líonra an comhairliúchán oifigiúil “Vision for Wellbeing” a óstáil chomh maith, atá mar chuid de thionscnamh náisiúnta atá á rolladh amach chuig na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí go léir in Éirinn. Go dtí seo tá páirt glactha ag os cionn 1,000 duine sa phróiseas seo i Sligeach. Tá casadh nuálach curtha ag an Líonra ar fhorbairt na físe seo trí dhul i gcomhar le KidsOwn Publishing, rud a rinne sé d’fhonn a chinntiú go dtabharfaí cead cainte do leanaí sa phróiseas, agus go mbeadh bealach acu leis an lucht déanta cinntí a chur ar an eolas faoi na nithe is údar dóchais agus imní dóibh faoi Shligeach.

Tar éis fhógairt na dianghlasála i mí an Mhárta, ghlac an Líonra ról gníomhach san obair le comhordú a dhéanamh ar bhreis is 80 grúpa pobail a chláraigh le tacú leis na daoine ba leochailí sa phobal. Rinneadh na grúpaí sin a chur ar léarscáil agus iarradh orthu cuidiú le Deasc Chabhrach Chomhairle Contae Shligigh freagairt ar chásanna sa phobal de réir mar a tháinig siad chun cinn.

D’oibrigh na grúpaí seo as lámha a chéile le Deasc Chabhrach Chomhairle Contae Shligigh le haghaidh a thabhairt ar chásanna sa phobal de réir mar a tháinig siad chun cinn agus lena chinntiú go bhfuair na daoine ba mhó a bhí i mbaol an cúnamh a bhí ag teastáil uathu. Thug an Líonra faoin bpróiseas céanna le gnólachtaí áitiúla: chuir sé na seirbhísí a bhí ar oscailt sa chontae ar léarscáil agus chruthaigh leathanach ar leith maidir le COVID-19 ar a láithreán gréasáin, áit ar cuireadh an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil. D’oibrigh an Líonra go dlúth le Comhairle Contae Shligigh, Ionad Oibrithe Deonacha Shligigh agus Comhpháirtíocht LEADER Shligigh le freagairt chomhordaithe phobail a chur ar bun d’fhonn cabhrú le grúpaí agus ionaid phobail oscailt arís. I measc phríomhghníomhaíochtaí an Líonra bhí StepUpForSligo, feachtas a rinne iarracht béim a leagan ar an méid a bhí á dhéanamh ag an earnáil phobail, agus páirt a ghlacadh i bpíosa taighde náisiúnta a bhí á dhéanamh ag an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch na hoibre deonaí a mheas in aimsir na dianghlasála.

Léarscáil Idirghníomhach Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Shligigh

Cé nach raibh an dara rogha ann ach go leor de na himeachtaí móra a bhí beartaithe ag an Líonra a chur siar, Gradaim an Líonra agus an Seimineár Comhshaoil, mar shampla, d’éirigh leis an Líonra sraith clár a reáchtáil ar líne. I measc na gclár sin bhí ár sraith chomhshaoil, ag a raibh cainteanna ón Ollamh John Sweeney agus Brian Kirwan ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Leanadh le hoibríochtaí ginearálta an Líonra ar líne chomh maith, lena n-áirítear cruinnithe den Rúnaíocht agus d’ionadaithe pobail, chomh maith le seisiúin den Ghrúpa Comhairleach Náisiúnta agus de na hoibrithe náisiúnta acmhainne.

I mí Mheán Fómhair 2020, thug an Líonra faoi shuirbhé anailíse riachtanas le ballghrúpaí agus cuirfidh na torthaí bonn eolais faoi chuid mhaith de shaothar an Líonra amach anseo. Áirítear leis na bearta atá le déanamh ar dtús óstáil clinicí meán sóisialta agus forbairt cláir oideachais agus faisnéise le tacú le grúpaí a bheith níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

Ó thaobh beartais agus pleanála de, chuir an Líonra aighneachtaí faoi bhráid an athbhreithnithe náisiúnta tosaigh ar CBSanna, ar Phlean Corparáideach Chomhairle Contae Shligigh agus ar Athbhreithniú Struchtúrach Náisiúnta na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí. D’óstálamar sraith toghchán freisin, lena n-áirítear ionadaithe don Líonra a ainmniú chun Choiste Comhairleach Míchumais Shligigh agus Chuideachta Comhpháirtíochta LEADER Sligeach. Faoi dheireadh 2020, beidh toghcháin reáchtáilte ag an Líonra do Thascfhórsa Réigiúnach Drugaí agus Alcóil an Iarthuaiscirt, d’Fhóram Oidhreachta Shligigh agus do Choiste Logainmneacha Shligigh.

Leanann an Líonra air ag obair go leanúnach le grúpaí amhail an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, Comhairle na nÓg agus Tionscadal Idirchultúrtha Shligigh d’fhonn cumhacht agus tarraingt an Líonra a mhéadú agus grúpaí a mbíonn sé ‘níos deacra dul chomh fada leo’ a mhealladh isteach sa phróiseas rannpháirtíochta poiblí.

An Clár Aoisbhá

Tá Sligeach páirteach sa Chlár Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Aoisbháúla, is tionscnamh arb aidhm leis an tír is fearr ar domhan le dul in aois a dhéanamh d’Éirinn.

Forbraíodh Straitéis Aoisbhá Shligigh do Chontae Shligigh in 2016 agus tugtar aitheantas ann gur acmhainn luachmhar iad daoine scothaosta a bhfuil saineolas, taithí agus acmhainní ollmhóra acu le cabhrú le fás agus forbairt an chontae. Cé gur ghlac Comhairle Contae Shligigh ceannas ar fhorbairt na straitéise, is cur chuige ilghníomhaireachta í i ndáiríre a thugann tús áite do dhaoine scothaosta.

Tionscnaimh aoisbháúla ar tugadh fúthu in 2020

Tionscnamh a forbraíodh in Aibreán 2020 ab ea “an Clár um Dhul in Aois go Maith sa Bhaile” trí chomhpháirtíocht idir Clár Aoisbhá Shligigh, Rannóg Fisiteiripe FSS agus Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, i gcomhar le Seó Francie Boylan ar Ocean FM. Spreag an Clár daoine scothaosta le páirt a ghlacadh i gcleachtaí sa bhaile agus iad ag éisteacht le clár beo raidió ag 10.30 r.n. ar an Máirt agus ar an Déardaoin i rith mhí na Bealtaine. In éineacht leis an gClár, a bhí dírithe ar dhaoine a bhí ag clutharú, bhí leabhrán éasca le leanúint inar tugadh breac-chuntas na cleachtaí fisiteiripeoir-dheartha d’fhonn daoine a spreagadh leis na cleachtaí a dhéanamh sa bhaile. Scaip an Fhoireann Forbartha Pobail agus Geilleagraí thart ar 3,000 bileog ar fud an chontae.

Sa ghrianghraf thuas, ag seoladh an Chláir um Dhul in Aois go Maith sa Bhaile, an Cathaoirleach Tom MacSharry (Bealtaine 2020), Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Shligigh, Ciarán Hayes, agus ionadaithe ó Chlár Aoisbhá Shligigh, Rannóg Fisiteiripe FSS, agus Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh.

Éire Shláintiúil

Is treochlár é an Creat um Éire Sláintiúil (2019-2025) le muintir na hÉireann a dhéanamh níos sláintiúla agus glao chun gnímh le Sláinte agus Folláine na tíre a fheabhsú trí chreat leathan gníomhaíochtaí a bheidh le cur i bhfeidhm ag an Rialtas. Seo a leanas na ceithre chuspóir atá i gceist leis:

1. An cion de na ndaoine a bhíonn sláintiúil ag gach céim den saol a mhéadú. 2. Éagothroime shláinte a laghdú. 3. An pobal a chosaint ar bhagairtí do shláinte agus folláine. 4. Timpeallacht a chruthú inar féidir le gach duine agus gach cuid den tsochaí a gcion féin a dhéanamh chun

Éire Shláintiúil a bhaint amach.

Tuairisc chun dáta ar an bPlean ‘Sligeach Sláintiúil’

Faoi Bhabhta 3 de Chiste ‘Éire Shláintiúil’, bronnadh €246,010 ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh leis an gclár ‘Sligeach Sláintiúil’ a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Thosaigh Comhordaitheoir ‘Sligeach Sláintiúil’ ina phost i mí Lúnasa 2020 agus is éard atá sa Chlár ná 6 phríomhthionscadal a chur ar fáil faoi na téamaí seo a leanas:

 Sláinte Choirp,  Meabhairshláinte,  Cothú agus  Spásanna agus áiteanna le haghaidh Sláinte agus Folláine.

I measc na dtionscadal tá:

 An Tionscadal le Tacú le Beathú Cíche i Sligeach  Bealaí chun Folláine – Gníomhaíochtaí Sláinte agus Folláine do spriocghrúpaí, lena n-áirítear Daoine

Scothaosta, Pobail Nua, Pobail faoi Mhíbhuntáiste agus Daoine Dífhostaithe.  Oideasú Sóisialta  Níos láidre Níos Faide – clár aclaíochta bunaithe ar neart do dhaoine scothaosta  Scéim Deontas Beag Meabhairshláinte agus Grúpa Gníomhaíochta Meabhairshláinte Pobail

Caithfear an Clár a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2021 anois toisc gur chuir an Roinn Sláinte agus Pobal síneadh ama leis i mí na Samhna 2020 de dheasca phaindéim COVID-19. Na tionscadail atá maoinithe faoin gClár, tá siad ar bun cheana féin nó le cur ar fáil in 2021. Rinneadh athbhreithniú ar na tionscadail i mí Mheán Fómhair 2020 ar iarratas ó Pobal agus an Roinn Sláinte lena gcur in oiriúint d’aimsir COVID-19. Mar thoradh air sin, rinne na ceannairí tionscadail machnamh ar bhealaí eile a bhféadfaí gníomhaíochtaí a chur ar fáil do rannpháirtithe, lena n-áirítear iad a chur ar fáil ar líne agus meáin eile a úsáid, amhail an raidió, le dul chomh fada leo siúd a bhí ag féinleithlisiú nó ag fanacht amach ó dhaoine eile.

Sa ghrianghraf thuas, ag seoladh an Tionscadail ‘Níos Láidre Níos Faide’, a bhí maoinithe faoin gclár ‘Éire Shláintiúil’ de chuid an Choiste Forbartha Pobail Áitiúil: Ó Chlé go Deas: Shayne Hayes, Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, Hugh MacConville, Cathaoirleach Gníomhach ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, Paul Toland, Ionad Pobail an Churraigh Mhóir, Deirdre Lavin, Comhpháirtíocht Spórt agus Áineasa Shligigh, Aisling Smyth, an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí.

Feachtas ‘Fan Sláintiúil’ an Rialtais a chur chun cinn (Náisiúnta agus Áitiúil)

Leanann Sligeach Sláintiúil air ag cur fheachtas ‘Coinnigh Sláintiúil’ an Rialtais chun cinn go háitiúil trí thionscnaimh a chur chun cinn atá ag teacht le teachtaireacht an fheachtais ar láithreán gréasáin na Comhairle ag https://www.sligococo.ie/keepwell/

agus tríd na meáin shóisialta. Cuirtear an feachtas ‘Coinnigh Sláintiúil’ chun cinn trí bhearta Phlean ‘Sligeach Sláintiúil’ agus trí na bearta atá leagtha amach sa Phlean Athléimneachta Pobail chomh maith. I measc phríomhtheachtaireachtaí an fheachtais bhí:

 Bealach an-mhaith chun do ghiúmar a fheabhsú is ea coinneáil gníomhach agus a bheith amuigh faoin aer, fiú sa gheimhreadh, agus tá sé tábhachtach do d’fholláine choirp freisin.  Coinneáil i dteagmháil – tá sé tábhachtach fanacht i dteagmháil le daoine agus aghaidh a thabhairt ar aonrú, mar tá caidrimh duine le duine tábhachtach dár bhfolláine.  Múchadh le bheith cruthaitheach, rud éigin nua a fhoghlaim, filleadh ar an dúlra agus do scíth a ligean –bealaí iad lenár bhfolláine ghinearálta a fheabhsú.  Ithe go maith – trínár gcorp agus ár n-intinn a chothú is féidir linn tionchar dearfach a imirt ar ár bhfolláine choirp agus mheabhrach.  Do ghiúmar a bhainistiú – daoine a chur ar an eolas faoi na háiteanna ar féidir leo tacaíocht a fháil

Plean Athléimneachta Pobail Shligigh:

Tá Foireann ‘Sligeach Sláintiúil’ freagrach freisin as Plean Athléimneachta Pobail a chur i bhfeidhm. Leithdháileadh €67,225.00 ar Údaráis Áitiúla faoin gCiste Athléimneachta Pobail le príomhbhearta a chur i ngníomh agus ar fáil faoi na téamaí “Do Chontae” “Fanacht Nasctha” agus “Múchadh le bheith cruthaitheach”. D’fhorbair Comhordaitheoir ‘Sligeach Sláintiúil’ an plean do Shligeach i gcomhar le baill d’Fhóram Freagartha Pobail COVID-19. Leagtar amach ann 16 bheart phraiticiúla, chomhoibritheacha atá le déanamh faoin spriocdháta nua i mí an Mheithimh 2021. I measc na mbeart atá le déanamh faoin bPlean tá Crann Nollag Fíorúil don Diaspóra agus, in 2021, Cócaireacht Fhíorúil do Dhaoine Scothaosta, Beo ag a 3, agus Clár Acorn do Thithe Altranais.

Sa ghrianghraf thuas, ag seoladh an Chrainn Nollag Fhíorúil don Diaspóra, tionscnamh de chuid an Chiste Athléimneachta Pobail. Ó Chlé go Deas: Dorothy Clarke, Stiúrthóir Seirbhísí agus Príomhoifigeach Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, Marcella McGarry Comhordaitheoir ‘Sligeach Sláintiúil’, Aisling Smyth, an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí, an Comhairleoir Dara Mulvey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh agus Cathaoirleach Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh agus Des McFadden, Champ Cloud.

PEACE IV

Tá Clár Shligigh PEACE IV á chur i bhfeidhm faoi láthair ag Comhairle Contae Shligigh tríd an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil. Bhunaigh an coiste Fochoiste PEACE IV le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir. I measc na n-eagraíochtaí a ndéantar ionadaíocht orthu ar Fhochoiste PEACE IV tá Comhairle Contae Shligigh, Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo agus Shligigh, an Garda Síochána, an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, Comhdháil na gCeardchumann agus creidimh mhionlacha.

Is é Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) a dhéanann Clár PEACE IV a bhainistiú agus is í Comhairle Contae Shligigh a dhéanann Clár Shligigh a riaradh agus buiséad €979,395 ag baint leis. Is éard atá i gceist leis an gClár ná sraith tionscnamh a chuirtear ar fáil faoi na trí théama seo a leanas:

1. Leanaí agus Daoine Óga 2. Spásanna agus Seirbhísí Comhroinnte 3. Caidreamh Dearfach a Chothú

Cuireadh gach tionscadal faoin téama Leanaí agus Daoine Óga i gcrích le linn 2019. Is iomaí gníomhaíocht tionscadail éagsúil a bhí ann faoin téama seo, lena n-áirítear campaí gníomhaíochta amuigh faoin aer, ceol, éagsúlacht a chur chun cinn, saoránacht ghníomhach, ceannaireacht phobail agus tuiscint ar na Trioblóidí. Faoin am ar críochnaíodh iad, bhí 283 duine aonair tar éis páirt a ghlacadh sna Tionscadail, líon a sháraigh an sprioc 243 duine a leag síos SEUPB.

Faoin téama Caidreamh Dearfach a Chothú, bhí na tionscadail dírithe ar oidhreacht, ar chomhfhorbairt phobail agus ar naisc liteartha trasteorann. Faoin téama seo freisin, thacaigh Ciste na nDeontas Beag le cúig thionscadal pobaltreoraithe forbartha síochána. Is éard a bhí i gceist leis sin ná maoiniú a chur ar fáil do na hocht bhfairtheoir cloiche a bheidh i gcroílár Ghairdín Cuimhneacháin an Chogaidh Mhóir, atá á fhorbairt ag Lest Sligo Forgets i bPáirc Réigiúnach Chliabhraí, Sligeach.

Léiriú amhairc ar an gcosán chun Ghairdín Cuimhneacháin an Chogaidh Mhóir

Mar chuid den téama Spásanna agus Seirbhísí Comhroinnte, tógadh starrmhaide ag Carrchlós Shráid Stiofáin ar bhruach na Garbhóige i Sligeach. Cuirfidh an spás comhroinnte seo le lár Shligigh agus cuirfidh áit chruinnithe agus láthair amhairc ar fáil do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon.

Cuireadh Clár PEACE IV i gcrích i mí na Nollag 2020. Tá Clár PEACE PLUS á fhorbairt faoi láthair ag SEUPB, agus beidh comhairliúchán poiblí reachtúil le reáchtáil ina dhiaidh sin. Tá deimhnithe ag SEUPB go mbeidh Pleananna Gníomhaíochta Síochána faoi stiúir Údarás Áitiúil fós ina ngné den chlár nua seo.

Léiriú amhairc ar an Spás Starrmhaide Comhroinnte ag Carrchlós Shráid Stiofáin

Seat Scáileáin de chruinniú den Fhóram Freagartha Pobail i mí an Mheithimh 2020, agus an PF Ciarán Hayes i mbun cathaoirleachta

Fóram Freagartha Pobail agus Glao Pobail COVID-19

D’fhógair an tAire Tithíochta an Tionscnamh Glao Pobail Dé hAoine, an 27 Márta 2020. Leis sin, cuireadh Fóram Freagartha Pobail COVID-19 ar bun faoi chathaoirleacht an Phríomhfheidhmeannaigh agus tháinig sé le chéile den chéad uair Dé Domhnaigh, an 29 Márta 2020.

Is é ba chuspóir don Fhóram mar aonán comhoibritheach ná an fhreagairt do phaindéim dhomhanda gan fasach a bhí ag bagairt ar Shligeach a threorú agus a chomhordú. Bhí air machnamh a dhéanamh ar an mbealach ab fhearr a bhféadfadh na gníomhaireachtaí reachtúla agus na gníomhaireachtaí deonacha ábhartha go léir teacht le chéile le freastal ar an riachtanas láithreach seo agus a chinntiú go dtacófaí leis na daoine ba leochailí agus iad siúd ba mhó a bhí thíos leis.

Bhí air athléimneacht an phobail a fhorbairt agus a chothú. I measc na ngníomhaireachtaí reachtúla a bhí páirteach san Fhóram bhí FSS, na Gardaí, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta, Tusla, An Post, an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil, Cosaint Shibhialta, Athbheochan an Chrainn Mhóir, agus d’oibrigh siadsan i gcomhar le heagraíochtaí neamhreachtúla, deonacha agus pobal-tacaithe eile, amhail Comhpháirtíocht LEADER Shligigh, an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, an CLG, Ionad Deonach Shligigh, CFG Shligigh, LocalLink, Faisnéis do Shaoránaigh, Alone, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Grúpa Tacaíochta Shligigh don Lucht Siúil, Comhpháirtíocht Phobail Thuaisceart na Cathrach, Ord Mhálta agus neart eile.

Líne Chabhrach Tacaíochta Pobail

Le taobh bhunú Fhóram Freagartha Pobail COVID-19, bhí géarghá leis an Líne Chabhrach Tacaíochta Pobail le plé a dhéanamh le glaonna, ríomhphoist agus téacsanna ó dhaoine sa phobal a bhí buailte ag na srianta a cuireadh i bhfeidhm.

D’oibrigh na Rannóga Corparáideacha, TF agus Pobail go gasta as lámha a chéile chun an sprioc seo a bhaint amach agus is daoine a bhí ag obair ón mbaile a chuir an tseirbhís ar fáil den chuid ba mhó. D’fhorbair an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí bunachar sonraí úsáideach de na háiteanna a raibh grúpaí pobail lonnaithe d’fhonn sainaithint a dhéanamh ar ghrúpaí pobail agus deonacha i gceantair áitiúla a bhí toilteanach cabhrú le glaoiteoirí ar an líne thacaíochta, m.sh. bia a sheachadadh, plé le hiarratais ar bhia te, cógas a bhailiú ón gcógaslann agus go leor iarratais eile.

Baill foirne ag freagairt glaonna ar Líne Chabhrach Tacaíochta Pobail COVID-19

Ciste Éigeandála COVID-19

In 2020, rinne an Rannóg Pobail Ciste Éigeandála COVID-19 a riaradh mar bheart díreach le cabhrú leis an bpobal agus le grúpaí deonacha na costais a sheasamh a bhain le bheith páirteach sa ghlao pobail, a chabhraigh le daoine leochaileacha sa phobal le linn na paindéime. Thacaigh sé freisin le costais a tabhaíodh san Earnáil Phobail agus Dheonach le suíomhanna pobail a athrú/a chur in oiriúint in aimsir na paindéime. Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail scéim deontas éigeandála COVID-19 ar fáil arbh fhiú €63,000 é, a úsáideadh le maoiniú a chur ar fáil do roinnt mhaith grúpaí le tacaíochtaí riachtanacha pobail a chur ar fáil, amhail TCP, bia agus breosla.

Bhí na deontais le húsáid faoi chomhair costais eisceachtúla aonuaire a bhain le hobair freagartha maidir le COVID19.

Fuáil agus Maisc Shligigh: Fuáil Masc agus Cultacha Máinliachta an Iarthuaiscirt

Tá breis agus 8,000 masc aghaidh agus 550 culaith mháinliachta déanta ag foireann 40 oibrí deonach d’oibrithe líne tosaigh ó thosaigh géarchéim Covid-19.

Rinne siad soláthar freisin do ghrúpaí deonacha áitiúla, ar nós Bhothán na bhFear agus na Seirbhíse ‘Béilí ar Rothaí’ a chuireann Seirbhísí Sóisialta Shligigh ar fáil.

Ag déanamh ionadaíocht don ghrúpa anseo tá Anne Feehily, an Comhairleoir Marie Casserly, Mary Durcan agus Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh) agus an bhaisc is déanaí ullmhaithe acu don Chumann Gníomhaíochta Lucht Scoir.

D’éirigh le hiarratas Fhuáil Masc agus Cultacha Máinliachta an Iarthuaiscirt ar scéim deontais an chiste éigeandála, a bhí á riaradh ag Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh. Fágfaidh an maoiniú sin go mbeidh an tionscnamh iontach seo in ann leanúint ar aghaidh i mbun oibre.

Chuir Coiste Old Fair Day Thobar an Choire dlús faoin obair le cabhrú le baill leochaileacha den phobal áitiúil nuair a tháinig COVID-19 ar an bhfód den chéad uair.

Cuireadh ‘Malaí Cúraim’ le chéile agus seachadadh iad le cabhair ó na Gardaí áitiúla. Sna málaí sin bhí roinnt soláthairtí bunúsacha, amhail tae, caife, siúcra, brioscaí, marmaláid, nuachtán, srl. Bhí sé mar aidhm ag na malaí daoine leochaileacha agus scoite a chur ar a suaimhneas nach raibh dearmad déanta orthu. Ba thábhachtaí an smaoineamh ná a raibh sa mhála féin, ‘nach deas an rud é teacht anuas agus rud éigin a fheiceáil ag do dhoras,’ arsa bean amháin.

Nuair a bhí oibrithe deonacha ag seachadadh na málaí, rinne siad iarracht seiceáil ar dhaoine agus comhrá a dhéanamh leo, fiú más ón ngeata a bhí sé.

Sa ghrianghraf anseo tá Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh), an Comhairleoir Dara Mulvey thar ceann Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, an Comhairleoir áitiúil Paul Taylor, Lisa Maloney ó Choiste Old Fair Day agus Joan Brett ón gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir.

Rinne Joan agus an ARA obair na gcapall leis na daoine ba mhó a bhí i ngátar a aithint.

Mhaoinigh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh an tionscnamh seo trí iarratas a dhéanamh ar scéim deontais an chiste éigeandála.

Cúram Pobail Ghoirtín

Maith Mary O’Hara agus a foireann i gCúram Pobail Ghoirtín, chomh maith leis an gComhairleoir áitiúil Paul Taylor, as a dtiomantas leanúnach dá bpobal áitiúil ag an aimsir dheacair seo. Is iomaí deacracht a bhí le sárú le haire a thabhairt do na húsáideoirí nuair a dúnadh an tseirbhís go sealadach de dheasca na srianta COVID-19. Mar sin féin, cosúil le tionscnamh i dTobar an Choire síos an bóthar, cuireadh ‘málaí cúraim’ le chéile lena ndáileadh agus, dá bhrí sin, bhí comhluadar de shaghas éigin acu.

Tá buíochas ag dul freisin le Myra McCoy agus le gach duine i gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Ghoirtín agus as an ról tábhachtach atá acu sa phobal.

Mhaoinigh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh an tionscnamh seo trí iarratas a dhéanamh ar scéim deontais an chiste éigeandála.

Sa ghrianghraf ó Chlé go Deas: Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh), an Comhairleoir Dara Mulvey thar ceann Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh, Kathleen Clancy, an Comhairleoir Paul Taylor, Mary O’Hara, Carmel Lennon, Packie Feeney agus Myra McCoy

Níl i gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Chalraí ná CLG Calraigh Naomh Iosef ach 2 cheann de bhreis

is 80 grúpa pobail agus deonach ar fud Shligigh a chláraigh leis an tionscnamh ‘Glao Pobail’ agus leis an Líne Chabhrach, a chuir Comhairle Contae Shligigh ar bun mar fhreagairt ar na dúshláin ollmhóra a bhain le géarchéim COVID-19.

Rinne Sandra, rúnaí an chlub CLG, agus Chris Davis, ó CARA, plé go toilteanach díograiseach le go leor iarratais ar chabhair a fuair líne chabhrach na Comhairle, ó dhaoine scothaosta agus leochaileacha sa phobal go háirithe.

Anseo tá Chris ag glacadh le cártaí poist Bealtaine, a coimisiúnaíodh go speisialta, ó Jude Mannion (oifig Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Shligigh i gComhairle Contae Shligigh).

Leanann siad seo seantraidisiún na hÉireann bláthanna Bealtaine a fhágáil ag doras do chomharsa le go n-éireoidh an t-ádh leis. Sheachaid Chris iad seo go pearsanta do bhaill uile an Chumainn Gníomhaíochta Lucht Scoir, mar aon leis na leabhráin aclaíochta baile a forbraíodh go speisialta do dhaoine scothaosta in aimsir na paindéime. D’fhreagair Sandra agus foireann oibrithe deonacha a club roinnt iarratas le siopadóireacht, post agus cógas a bhailiú.

SÍNTIÚS FLAITHIÚIL PHIBRO DON FHÓRAM FREAGRACHTA POBAIL

D’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Tom MacSharry (Cathaoirleach go dtí an CCB i mí an Mheithimh 2020) roimh síntiús an-fhlaithiúil an a rinne gnólacht áitiúil darb ainm Phibro Animal Health Corporation d’Fhóram Freagartha Pobail Shligigh.

‘Beidh an síntiús €5,000 ina chúnamh ollmhór agus iarracht á déanamh dúshláin COVID-19 a shárú i Sligeach.’

Chuaigh Ottaline Cawley ó Phibro i dteagmháil le Comhpháirtíocht LEADER Shligigh i mí Aibreáin tar éis di teacht ar an eolas faoin gClár Crainn Taca Pobail. Is clár é atá á bhainistiú ag LEADER d’fhonn freagairt go háitiúil ar thionchar sochaíoch ráig an choróinvíris.

Bhí Phibro ag iarraidh a chinntiú go mbainfeadh a síntiús croí an phobail amach agus go mbeadh an tionchar ba mhó ab fhéidir aige san aimsir dhúshlánach seo. Bhunaigh Comhairle Contae Shligigh Fóram Freagartha Pobail Shligigh le tacaíochtaí pobail a bhain le COVID-19 a chomhordú agus le freastal ar riachtanais daoine leochaileacha agus scoite inár bpobal.

Ina seasamh ó chlé: Aisling Smyth, an Rannóg Forbartha Pobail agus Geilleagraí, Comhairle Contae Shligigh; an Cathaoirleach Tom MacSharry; an Príomhfheidhmeannach Ciarán Hayes

Ina suí ó chlé: Donna Taaffe, Curadh Pobail/LEADER Shligigh; Ottaline Cawley, Phibro; June Murphy, POF Gníomhach LEADER Shligigh

Fóram Eacnamaíoch Shligigh

Tá obair Fhóram Eacnamaíoch Shligigh bunaithe i gcónaí ar thacú le Sligeach mar áit chun dul i mbun gnó, maireachtáil, infheistíocht a dhéanamh agus cuairt a thabhairt air, chun an obair sin go léir a chomhordú, agus chun Sligeach a chur chun cinn. Seoladh an Fhéiniúlacht Bhranda uileghabhálach nua do Shligeach in 2019, agus rinneadh dul chun cinn eile maidir le straitéis margaíochta agus cumarsáide a fhorbairt chun tacú leis an mbranda. Chuaigh an Fóram i dteagmháil le páirtithe leasmhara éagsúla chun teachtaireachtaí a bhaineann go sonrach le Sligeach a fhorbairt, bunaithe ar na téamaí Cónaí, Infheistíocht, agus Cuairt.

Sligeach: Glór amháin, Fís amháin – I dTreo 2030 (Sligeach 2030)

Rinne Fóram Eacnamaíoch Shligigh, i gcomhar leis an gComhairle, óstáil ar thoscaireacht ó chlár Eorpach JASPERS in 2020 agus rinneadh plé comhoibríoch ar phleanáil straitéiseach le haghaidh straitéis 10 mbliana do Shligeach ar a dtugtar Glór amháin, Fís amháin: Sligeach 2030. Ainmníodh Sligeach mar bhaile píolótach faoin gclár seo, agus cuirfear tacaíocht ar fáil chun an plean straitéiseach seo don chontae a fhorbairt. Cuirfear comhairle ar fáil freisin faoi chlár JASPERS maidir le leas a bhaint as deiseanna chun cistiú a fháil ón Aontas Eorpach.

Tá sé i gceist ag an gComhairle, i gcomhpháirtíocht le Fóram Eacnamaíoch Shligigh agus leis an gClár um Fhorbairt Pobail Áitiúil i Sligeach, Creat Straitéiseach uileghabhálach a chur i bhfeidhm ar fud an chontae chun forbairt Chontae Shligigh a threorú sna 10 mbliana amach romhainn.

Beidh ‘Sligeach: Glór amháin, Fís amháin – I dTreo 2030’ ina straitéis chomhtháite ilearnála bunaithe ar phrionsabail na forbartha cliste inbhuanaithe agus na hinbhuanaitheachta eacnamaíochta agus comhshaoil, beidh sé freagrúil don athrú aeráide, agus cruthóidh sé sochaí chothromasach a bheidh cuimsitheach ar bhonn sóisialta. An aidhm atá ann is ea Contae Shligigh a chur ar thús cadhnaíochta ó thaobh úsáid teicneolaíochta cliste de, agus bainfear leas as tairbhí na teicneolaíochta sin chun an clár gníomhaíochta ar son na haeráide a chur i bhfeidhm go rathúil, gníomhaíocht eacnamaíoch i Sligeach agus i réigiún an iarthuaiscirt a fhorbairt, feabhas a chur ar an gcuimsiú sóisialta, agus timpeallacht tharraingteach a chruthú le maireachtáil agus obair ann. An cuspóir atá ann ná Cathair Chliste agus Contae Cliste a dhéanamh de Shligeach, agus é mar aidhm leis sin comharsanachtaí atá tíosach ar fhuinneamh a chruthú, soghluaisteacht ghlan a chur i bhfeidhm, agus bonneagair atá ann cheana féin a chomhtháthú. Déanfar é sin trí obair as lámha a chéile le gnóthais, institiúidí eolais agus saoránaigh, agus bainfear an úsáid is fearr agus is féidir as féidearthachtaí TFC. Bainfear leas freisin as an acmhainneacht chun anailísíocht sonraí ó theicneolaíocht chliste a úsáid chun an fhaisnéis agus na próisis a sholáthar, rud a chumasóidh feabhas leanúnach gach gné den chathair agus den chontae ar mhaithe leis na saoránaigh.

Tá tús á chur leis an bpróiseas le KPMG, an tairgeoir tosaíochta, chun forbairt a dhéanamh ar an straitéis a bheidh ina Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail nua do Shligeach freisin.

Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh

Tionscnamh is ea Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh a d’fhorbair an Rialtais chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as scála don réigiún idir Ciarraí agus Dún na nGall, agus é mar aidhm chomhroinnte Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh atá aontaithe, nasctha agus iomaíoch a chruthú. Déanann an tionscnamh seo forbairt ar ionchur ó réimsí geografacha, earnálacha agus téamacha, agus é mar aidhm leis todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a chruthú don réigiún, agus do Shligeach go háirithe. Tá sé beartaithe ann sócmhainní bonneagair, tallainne, turasóireachta, teicneolaíochta cliste agus fiontair a thabhairt le chéile, agus beidh baint freisin ag moil, braislí agus ceantair eacnamaíochta chun infheistíocht a mhealladh, iomaíochas a fheabhsú, tacú le cruthú poist, agus cáilíocht saoil níos fearr a chur ar fáil.

Tacaíonn Fóram Eacnamaíoch Shligigh le haschuir Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh a ghlacfaidh struchtúr bunaithe ar thionscadal chuige féin amach anseo. D’éirigh leis an gConair mapáil a dhéanamh ar 277 spás fiontraíochta feadh chósta an iarthair, agus tá obair ar siúl chun straitéis chomhtháite a chur le chéile le haghaidh na mol fiontraíochta atá ar fáil i ngach contae rannpháirteach. D’fhoilsigh an Chonair glao oscailte ar chistiú le haghaidh Moil Chianoibre. An aidhm a bhí ann ná tacú le moil na bearta riachtanacha a ghlacadh chun tacú leo agus chun trealamh a thabhairt dóibh lena chinntiú go gcomhlíonann siad na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta agus na rialacha maidir le leagan amach an ionaid oibre mar thoradh ar Covid-19 agus chun tacú leo amach anseo forbairt a dhéanamh le bheith ina áiteanna ríthábhachtacha ar an gconair mar ionaid oibre agus ghnó. Chuir cúig mhol i Sligeach isteach ar chistiú agus d’éirigh lena n‑iarratas.

Seoladh Treoirthionscadal na Sráidbhailte Cliste faoi struchtúr na Conaire i mí Mheán Fómhair 2020. An aidhm atá leis an tionscadal seo atá á chistiú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ná roinnt sráidbhailte píolótacha a fhorbairt ina soláthrófar réitigh chliste ar dhúshláin mhóra sa réigiún atá aitheanta i gcreat an bheartais forbartha réigiúnaí. Chuir Comhairle Contae Shligigh iarratas isteach i gcomhar le ceannairí an Phobail Chliste i dTobar an Choire, agus deimhníodh go luath i mí na Nollag gur éirigh lenár n‑iarratas. Soláthrófar ionad oideachais chliste agus aghaidh siopa fhíorúil i dTobar an Choire leis an gcistiú €29,779 a fuarthas.

Tá tionscadal Mhoil na Conaire – córais TFC ar siúl ag Coimisiún Forbartha an Iarthair i gcomhar le hoifigigh na Conaire. Tá ardán ar líne á fhorbairt chun láithreáin ghréasáin, innill áirithinte agus saoráidí líonraithe ar líne a chur ar fáil do gach Mol den Chonair atá páirteach.

Feachtas ‘Ar ais i mbun gnó’

I gcomhar le gnóthais eile agus le tionscnaimh den Chomhairle mar thoradh ar thionchar Covid-19, reáchtáil an t‑aonad eacnamaíochta feachtas ‘Ar ais i mbun gnó’ i lár na bliana 2020 chun na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ag gnóthais a chur chun cinn agus chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt.

Tugadh faoi na tionscnaimh seo a leanas:

Láithreán Gréasáin

Forbraíodh leathanach lamairne nua ar Sligo.ie ar a bhfuil eolaire iomlán ar an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do ghnóthais.

Aicmítear na tacaíochtaí go léir faoi 4 chatagóir: 1. Treoir agus faisnéis 2. Airgeadas agus Fiontraíocht 3. Tuarascálacha tionscail 4. Áiseanna bunaithe ar fhianaise

Sraith alt i nuachtáin ar an gceannaireacht agus buneolas ar an bhfeachtas (CE, Cathaoirleach Fhóram Eacnamaíoch Shligigh agus Cathaoirleach) mar aon le béim ar Bhaile an Mhóta, gnóthais caitheamh aimsire amuigh faoin aer a dtacaíonn an Oifig Fiontair Áitiúil leo: caifé nua a oscailt in Sligo Surf Experience/Island View Riding Stables, Pudding Row, mar aon le béim ar ghnóthais ar baill de BID iad ag oscailt arís agus a n‑eispéireas faoi Covid agus béim ar shaoire sa bhaile i Sligeach / Turasóireacht mar aon le cur chun cinn na Mol (gnó agus fiontraíocht agus an chaoi ar féidir le ciste na Conaire cabhrú).

Na Meáin Shóisialta

Nasc leis an ábhar ar an láithreán gréasáin agus leis an eolaire mar aon le gearrthóga físe, teistiméireachtaí agus íomhánna ag eascairt as na hailt faoi ghnóthais a dtacaítear leo srl agus úsáidtear cuid den fhíseán branda bunaidh freisin a cuireadh amach ar na meáin shóisialta go léir (facebook, twitter, Instagram, youtube).

@SligoLiveInvestVisit

@Sligo @SligoLiveInvestVisit

@SligoLiveInvestVisit

Ocean FM

Agallaimh ar Ocean FM chun poiblíocht a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil agus samplaí praiticiúla a thabhairt de ghnóthais ag baint tairbhe as na tacaíochtaí, mar shampla Turasóireacht, Fáilte Ireland chun dul i mbun gnó arís.

Gineadh réimse alt agus íomhánna i rith an fheachtais, Sligo Surf Experience ina measc.

Aithníonn Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, na dúshláin atá roimh bhailte tuaithe chun dul ar ais i mbun gnó agus é ag bualadh le Patrick Ward, Bainisteoir an Coach House Hotel, Baile an Mhóta

Gradaim na mBailte Fiontraíochta

Chuir Sligeach isteach ar Ghradaim na mBailte Fiontraíochta de chuid Bhanc na hÉireann le roinnt blianta anuas, agus tá na torthaí ag éirí níos fearr gach bliain. Chuireamar isteach ar an gcomórtas arís in 2020 agus d’éirigh thar cionn linn: bhíomar ar cheann den 2 bhaile dheireanacha sa chatagóir de réir daonra. Bhí béim mhór ar Covid‑19 sa chomórtas i mbliana agus bhí líon mór iarrthóirí ann, rud a fhágann go raibh ríméad orainn a bheith sa chraobh. Ar líne a reáchtáladh an cur i láthair don mholtóireacht, agus dian-iarracht chomhoibríoch a bhí ann faoi choimirce na Comhairle agus an Fhóraim Eacnamaíoch. Ábhar físe a bhí ann mar aon le roinnt cainteoirí a bhí i láthair i Halla na Cathrach, agus cuimsíodh réimse topaicí ann lena n‑áirítear infheistíocht, oideachas agus tacaíocht don phobal. Tá ríthábhacht leis an rannpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach agus le líon mór gníomhaireachtaí, agus téann siad go léir i gcomhpháirt le chéile chun cabhrú le Sligeach a chur i láthair mar áit mhealltach fhiontrach le maireachtáil.

Pictiúr a glacadh ag an gcur i láthair a rinneadh os comhair na moltóirí i nGradaim na mBailte Fiontraíochta – Tosú le Chéile, 2020. D’éirigh le Sligeach an dara háit a bhaint amach

Sligeach: Feachtas margaíochta don bhranda ‘Maireachtáil, Infheistíocht, Cuairt’

Tá Comhairle Contae Shligigh ag obair le Bua Consulting tar éis próiseas iomaíoch tairisceana chun feachtas poiblíochta a fhorbairt do bhranda Shligigh ina gcuimseofar 4 fhíseán, 6 alt agus 30 íomhá nua chun ábhar a chur ar fáil do Sligo.ie agus chun tionscnamh brandála ‘Maireachtáil/Infheistíocht/Cuairt’ a chur chun cinn le tacú le haidhm Shligigh a bheith ina gceann scríbe den chéad scoth chun maireachtáil ann, infheistíocht a dhéanamh ann, nó cuairt a thabhairt air.

Tá sé i gceist go n‑úsáidfear an t‑ábhar seo chun díriú ar theaghlaigh, ar ghairmithe, ar lucht cruthaitheachta, agus ar nuálaithe chun iad a mhealladh le cur fúthu i Sligeach, le hinfheistiú ann nó le teacht ar cuairt. Is é aidhm na straitéise gnóthais nua agus infheisteoirí a mhealladh agus iad a spreagadh le tús a chur le hoibríochtaí i Sligeach nó le cur lena gcuid oibríochtaí ann mar is ceann scríbe forásach é a chomhlíonfaidh riachtanas na ndaoine sin atá ag iarraidh tosú as an nua agus atá fiosrach ó thaobh cultúir de, agus riachtanais ó thaobh forbairt gnó agus infheistíochta de.

Straitéis maidir le Diaspóra Chontae Shligigh, 2019-2024

Ar aon dul le líon mór contaetha eile, tá diaspóra mór ar fud na cruinne ag Sligeach, agus cuireann siad spéis mhór ar a dtarlaíonn ‘sa bhaile’. Níor baineadh leas mór as an acmhainn seo go fóill, ach is iontach na féidearthachtaí a bhaineann leis an diaspóra chun ár ndeiseanna a leathnú. Beidh na caidrimh sin ríthábhachtach chun acmhainneacht shóisialta, eacnamaíochta agus forbartha pobail an chontae a bhaint amach.

Seoladh an Straitéis in 2019 agus cuireadh fáilte mór roimhe. Bhí an diaspóra ina earnáil thábhachtach dár sochaí i rith na paindéime, mar níorbh fhéidir le cuid mhór dár dteaghlach níos forleithne filleadh abhaile. Thug an Chomhairle faoi thionscadal ‘Filleadh abhaile ar Shligeach’ faoinar iarradh ar chainteoirí ábhar a chruthú le haghaidh Sligo.ie as a measc siúd a d’fhill ar Shligeach le cur fúthu anseo mar thoradh ar an bpaindéim.

Ina theannta sin, thacaigh an Chomhairle le Comhaltas chun tionscadal ceoil don diaspóra a fhorbairt inar insíodh scéal ceoltóirí traidisiúnta mór le rá ó Shligeach a chuaigh ar imirce chun na Stát Aontaithe. Rinneadh forbairt ar ghné thras-Atlantach ina ndearnadh nasc idir Sligeach agus a phobal diaspóra i Meiriceá trí cheol agus trí scéalta.

Rinne an Chomhairle, i gcomhar leis an bpobal agus le comhpháirtithe eile, roinnt gníomhartha a chur i bhfeidhm chun an Straitéis maidir leis an Diaspóra a sheachadadh go dtí seo, agus leanfaidh an Chomhairle de na gníomhartha sin.

Forbairt Turasóireachta

Tá comhoibriú leanúnach ar siúl idir Comhairle Contae Shligigh agus Sligo Tourism Ltd agus leis an réimse leathan páirtithe leasmhara atá ag gabháil do chur chun cinn agus d’fhorbairt Chontae Shligigh mar cheann scríbe turasóireachta den chéad scoth. Faoin gcur chuige spriocdhírithe comhoibríoch seo, bainfear leas as acmhainní poiblí agus príobháideacha chun tacú le Sligeach a fhorbairt mar cheann scríbe mór turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Leanann an infheistíocht leanúnach i mbonneagar na turasóireachta agus an fás ar an líon cuairteoirí den fhorás eacnamaíochta a spreagadh sa réigiún, agus treisíonn siad tairbhí tábhachtacha sóisialta agus cultúrtha sa cheantar áitiúil freisin.

Tá Sligo Tourism, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Shligigh agus leis an gClár Forbartha Tuaithe (LEADER), tar éis dul chun cinn a dhéanamh ar phleananna chun a rannpháirtíocht leis na meáin dhigiteacha a fhorbairt le méadú mór ar an líon cuairteoirí chuig an láithreán gréasáin agus ar láithreacht ar na meáin shóisialta ar líne. Táthar ag leanúint leis an obair chun cruthú ábhair a fhorbairt agus cuireadh fáilte mhór roimh an bhfíseán poiblíochta is déanaí.

D’oibrigh Comhairle Contae Shligigh agus Sligo Tourism Ltd i gcomhar a chéile chun Straitéis Turasóireachta Chontae Shligigh, 2018-2023, a fhorbairt. Tá sé i gceist go mbeidh an straitéis ina treochlár cuimsitheach straitéiseach a threoróidh forbairt agus treoir an tionscail sa chontae. D’fhaomh Comhairle Contae Shligigh an straitéis i mí Feabhra 2018, agus seoladh go hoifigiúil í i mí an Mhárta 2018 agus tá sí á cur i bhfeidhm faoi láthair.

Leagtar amach 4 thosaíocht straitéiseacha sa straitéis atá le seachadadh i rith shaolré an chláir, mar atá:

1. Forbairt Táirgí agus Eispéireas 2. Margaíocht agus Cumarsáid 3. Forbairt Tionscail agus Inniúlachta 4. Ceannaireacht agus Comhoibriú

Leagtar amach roinnt cuspóirí, tionscnaimh agus gníomhartha ríthábhachtacha chun na Tosaíochtaí Straitéiseacha sin a bhaint amach. Ina measc, cuimsítear béim spriocdhírithe ar théama Yeats a fhorbairt mar an príomhthéama nó an ghné is mó a mheallfaidh turasóirí chuig Contae Shligigh, ó thaobh táirge agus margaíochta de araon. Roghnaíodh an téama sin mar d’fhéadfadh sé difreáil mhargaidh a thabhairt do Chontae Shligigh ar ar féidir buntáiste uathúil a bhreith. Ina theannta sin, díríonn an Plean ar an dara leibhéal d’eispéiris théamacha agus de dhíol suntais a fhorbairt a roghnaítear iad bunaithe ar a láidreacht agus ar a gcumas coibhneasta chun cuairteoirí a mhealladh agus eispéiris den chéad scoth a thairiscint. Seo a leanas iad:

 Eachtraíocht amuigh faoin aer  Seandálaíocht agus stair, agus  Cultúr agus Cruthaitheacht.

Margaíocht idirnáisiúnta ar Iarthuaisceart na hÉireann, ag díriú ar Shligeach, Dún na nGall, agus Maigh Eo

Tá an Chomhairle ag tabhairt faoi thionscadal comhpháirteach le Maigh Eo agus le Dún na nGall i réimse na margaíochta turasóireachta idirnáisiúnta. Tá cistiú faighte faoi chiste comhair LEADER, an clár forbartha tuaithe, chun staidéar féidearthachta a dhéanamh le féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an réigiún líon níos mó turasóirí idirnáisiúnta a mhealladh chun teacht aneas as Gaillimh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin chomh fada le réigiún álainn an iarthuaiscirt.

Tar éis taighde cuimsitheach agus mapáil a dhéanamh ar an tírdhreach reatha, agus bearnaí agus deiseanna a shainaithint, tá treochlár don réigiún le forbairt maidir leis an dea-chleachtas le haghaidh na todhchaí. An toradh a bhí air ná straitéis chomhpháirteach a fhorbairt chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt mhargaíocht idirnáisiúnta thairiscint an iarthuaiscirt agus obair a dhéanamh i gcomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara turasóireachta sna 3 chontae chun straitéis bunaithe ar fhianaise a sholáthar mar aon le plean gnímh agus tosaíochtaí.

Ba mhaith leis an réigiún leas a bhaint as cistiú reatha LEADER mar chuid den chlár idirthréimhseach.

Féilte agus Imeachtaí

Is iomaí féile a bhíonn ar siúl i gContae Shligigh ar bhonn bliantúil idir fhéilte áitiúla atá fréamhaithe sa phobal a bhfuil tarraingt éagsúil acu do thurasóirí agus na féilte agus na himeachtaí is mó a bhíonn ar siúl agus a mbíonn na sluaite i láthair. Mar sin féin, tá beocht áirithe ag baint leo go léir don phobal, agus tugann siad daoine le chéile.

Cuid lárnach d’fhorbairt na turasóireachta is ea féilte nua a fhorbairt a bheidh ina ndíol suntais do Shligeach ó thaobh na heacnamaíochta de

D’fhéadfadh imeachtaí ar an scála sin cuairteoirí a mhealladh chuig ceantar agus gineann siad ioncam don cheantar sin, agus spreagann siad mórtas saoránaigh sa phobal freisin. D’fhéach féilte ar fud an chontae arís ar a dtairiscint in 2020, agus cuireadh tacaíocht ar fáil dóibh trí roinnt scéimeanna deontais. Ina measc siúd, bhí na Deontais Phobail agus Dheonacha, an Scéim d’Fhéilte agus d’Imeachtaí Rannpháirteacha Réigiúnacha i gContae Shligigh, an Scéim maidir le Rannchuidiú leis na hEalaíona, ciste ‘Éire Chruthaitheach’, agus clár LEADER. I Straitéis Turasóireachta Chontae Shligigh, 2018-2023, féachtar ar choincheap 6-7 imeacht níos mó a fhorbairt lena léireofaí uathúlacht agus cumas turasóirí thar oíche a mhealladh (ó thar lear, más féidir) agus lena bhféadfaí an gnó a fhás ag tréimhsí seachbhuaice.

Tá Straitéis maidir le Féilte agus Imeachtaí le haghaidh Chontae Shligigh á forbairt ag an gComhairle i gcomhar le Comhpháirtíocht Leader Shligigh. Féachtar leis an straitéis creat agus sraith moltaí a chur ar fáil chun cabhrú le príomhthorthaí na straitéise turasóireachta a sheachadadh trí thacú leis na buntáistí a bhaineann le féilte Shligigh agus trí thús áite a thabhairt dóibh chun breis cuairteoirí a mhealladh chun an chontae. Chuir Covid‑19 go mór isteach ar na féilte agus na himeachtaí a bhí ar siúl in 2020 agus in 2021, agus cuireadh moill freisin ar chur chun feidhme gnéithe den straitéis turasóireachta agus tabhairt chun críche na straitéise seo le haghaidh féilte agus imeachtaí.

Slí an Atlantaigh Fhiáin

Is léir go bhfuil rath ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus gur tháinig méadú ar an líon cuairteoirí dá bharr, agus leanann sé de chuairteoirí a mhealladh chun an cheantair. Tá seacht gcinn de Phointí Radhairc feadh an bhealaigh i Sligeach: Inis Crabhann, Iascaigh, Eachros, an Leathros, an Ros, an tSrithideach, agus an Mullach Mór. ‘Pointe Sár-Radhairc’ is ea an Mullach Mór mar gheall ar an radharc álainn ar an bhfarraige, surfáil ar thonnta móra, Caisleán na Clasaí Báine, agus Binn Ghulbain sa chúlra. Leanfar de fheabhas a chur ar na hionaid sin le cinntiú go bhfuil an t‑eispéireas do chuairteoirí ar aon dul leis an eispéireas in ionaid eile ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Cuireadh tús le Plean chun Sligeach a fhorbairt mar Cheann Scríbe in 2020, agus tabharfar chun críche é in 2021. Úsáidfear é sin chun bonn eolais a chur faoi thosaíochtaí agus faoi infheistíocht straitéiseach amach anseo a bhaineann leis an turasóireacht.

Tionscadail Chaipitil Turasóireachta

D'éirigh leis an iarratas a cuireadh isteach faoi Chéim 2 (Céim an tseachadta) den Scéim Caipitil le haghaidh Tionscadail Mhóra Turasóireachta de chuid Fáilte Éireann. Baineadh amach cistiú €2.5 milliún chun plás cultúrtha/spás sibhialta a fhorbairt i gCarrchlós Shráid Stiofáin, agus cuirfear tús leis an obair in 2021.

Ina theannta sin, fuarthas cistiú €750,000 ón gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach, agus cistiú meaitseála €91,000 eile atá á chur ar fáil ag Comhairle Contae Shligigh.

D’éirigh freisin leis an iarratas ar chistiú faoi Chlár Infheistíochta Caipitil 2019 le haghaidh Cinn Scríbe Turasóireachta. Rinneadh an t‑iarratas chun Inis Crabhann a chur chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta agus fuarthas cistiú €500,000 mar aon le cistiú meaitseála €167,000 ón gComhairle. Tá forbairt an dearaidh ar siúl faoi láthair.

Léaráid ealaíontóra ar an bPlás Cultúrtha/Spás Sibhialta i gCarrchlós Shráid Stiofáin

Tá cistiú breise faoi Ardáin Fáis de chuid Fáilte Éireann beartaithe do 2021, agus tá deis ag Comhairle Contae Shligigh breis is €500,000 a fháil tar éis iarratas a chur isteach in 2021. D’fhéadfaí cistiú meaitseála eile a fháil chun an scéim seo a sheachadadh.

Ciste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe

D’éirigh leis na hiarratais ar chistiú in 2020 faoi Chatagóir 2 i gcás na mbailte seo a leanas:

1. Tobar an Choire; ar ar bronnadh €222,000 2. Inis Crabhann; ar ar bronnadh €131,000

Tá an dearadh á fhorbairt faoi láthair, agus tá sé beartaithe an t‑iarratas a chur aghaidh chuig Catagóir 1 chun cistiú do chéim an tseachadta a bhaint amach

Bealach Yeats

Fuair an tionscadal seo cistiú €500,000 faoi Chatagóir 1 den Chiste agus táthar ag súil go leanfar den seachadadh a chur i bhfeidhm in 2021.

Turasóireacht Eachtraíochta

Tá an tóir ar tháirgí eachtraíochta ag méadú i gcónaí, agus tacaíonn Comhairle Contae Shligigh le go leor deiseanna spreagúla le linn na bliana: athfhorbairt an Ionaid Mhuirí ag an Leathros; an tIonad Náisiúnta Rothaíochta Sléibhe Easbhóthair ar Shliabh Gamh gar do Chúil Áine i gcomhar le Coillte.

I measc na gconairí caitheamh aimsire a seachadadh in 2020, áirítear Ceann Eachrois, Cnoc na Sí, Reachla, agus Conair an Bhantiarna Ann ag an gClochar Riabhach (ag Coláiste San Aingeal).

Conairí caitheamh aimsire ag Cnoc na Sí, Reachla, agus Siúlóid an Bhantiarna Ann ag an gClochar Riabhach

Glasbhealaí

Tá dhá rotharbhealach/ghlasbhealach á bhforbairt ag Comhairle Contae Shligigh faoi láthair.

Is iad sin:

 Conair caitheamh aimsire siúlóide/rothaíochta feadh

Ghlasbhealach an Iarthair idir Cúil Mhuine agus Béal

Lathaí, feadh Chonair Iarnróid an Iarthair atá dúnta sa lá atá inniu ann.

D’éirigh le hiarratas a cuireadh isteach ar an gCiste Cánach Carbóin, 2020, agus fuarthas €300,000 in 2020. Tabharfar faoi obair féidearthachta/dheartha leis an gcistiú sin agus é mar aidhm leis an obair cead pleanála a fháil le hiarratas breise a chur faoi bhráid na Roinne in 2021

 Conair caitheamh aimsire siúlóide/rothaíochta feadh Bhóthar Iarainn Shligeach, Liatroma, agus Chontaetha an Tuaiscirt idir Sligeach agus Inis Ceithleann i gContae Fhear Manach.

Is é Comhairle Contae Liatroma an príomh-chomhpháirtí ar an tionscadal seo, agus fuair an Chomhairle breis is €500,000 ón gCiste Cánach Carbóin, 2020, chun dul chun cinn a dhéanamh ar ghlasbhealach a d’fhéadfadh a fhorbairt ar an mbóthar iarainn.

Mórtas Ceantair

Spreagtar pobail áitiúla ar fud an chontae a gcuid éachtaí a thaispeáint, agus glacann siad páirt sa chomórtas ‘Mórtas Ceantair IPB’ a reáchtáladh i bpáirt le Comhoibriú Éireann ó cuireadh tús leis in 2004. Glactar le hiarratais i gcatagóirí daonra nó i gcatagóirí ceiste aonair, agus tacaíonn Comhairle Contae Shligigh le hiontrálaithe agus iad i mbun ullmhúcháin don lá moltóireachta agus ar an lá féin. Cothaíonn an comórtas rannpháirtíocht an phobail agus cuireann sé béim ar a thábhachtaí atá sé do phobail a bheith ag obair as lámha a chéile chun mórtas sibhialta a chruthú ina gceantair féin.

Ghlac Grúpa Feabhsaithe Pobail Achadh Conaire-Mhullach na Bruíne (Tionscnamh Áite Cruthaithí) agus Páirc Phobail Bhaile Uí Dhálaigh – thar ceann Bhaile Uí Dhálaigh agus Bhaile an Tóchair (daonra 1,000-2,000) – páirt sa chomórtas thar ceann an chontae in 2020.

Tabharfar tacaíocht do ghrúpaí pobail arís eile in 2021 chun cur isteach ar an gcomórtas agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chontae sa chomórtas uile-oileáin seo.

Thug an Comhairleoir Dara Mulvey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, cuairt ar bhaill Choiste Feabhais Achadh Conaire-Mhullach na Bruíne chun a nGradam ‘Mórtas Ceantair IPB 2020’ a bhronnadh orthu sa chatagóir ‘Áit Chruthaitheach’

This article is from: