1 minute read
Cosaint Shibhialta
Tá níos mó ná 70 duine ag obair go deonach don Chosaint Shibhialta, faoi cheannas an Oifigigh Cosanta Sibhialta, agus freastalaíonn siad ar na 6 ionad oiliúna ar fud an chontae. Téann gach oibrí deonach i mbun oiliúna ar bhonn leanúnach i scileanna a bhaineann go sonrach le bheith in ann cúnamh a chur ar fáil do na Trí Phríomhghníomhaireacht Freagartha áitiúla i gcás éigeandála.
Tá Cosaint Shibhialta Shligigh faoi bhainistíocht oibríochtúil Oifigeach Cosanta Sibhialta nua. Ghlac Darren McGough leis an ról i mí Aibreáin 2020 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Marion Davis, a bhí tar éis dul ar scor.
Advertisement
Bliain dhúshlánach a bhí in 2020 don Chosaint Shibhialta, go háitiúil agus go náisiúnta. Le teacht COVID-19, athraíodh cuid mhaith dár gcuid ról agus dualgas, cuireadh ar ceal iad nó cuireadh ar athlá iad. É sin ráite, tháinig dúshlán i bhfad ní ba mhó ina n-ionad nuair a iarradh orainn cúram agus cúnamh a chur ar fáil dár bpobal, dár gcomheagraíochtaí agus do dhaoine leochaileacha. Anseo i Sligeach, thugamar faoi ghníomhaíochtaí amhail bia a bhailiú ó Food Cloud i nGaillimh; othair a aistriú chuig coinní ospidéil sa Chontae agus i nGaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin chomh maith; agus TCP agus soláthairtí leasa eile a dháileadh.
Tá athrú mór tagtha ar na bealaí a n-oibrímid freisin, agus is iad TCP, beartas agus nós imeachta cuí agus leas oibrithe deonacha na tosaíochtaí atá againn anois. Caithfidh siad sin go léir a bheith i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir linn freastal ar ár nÚdarás Áitiúil, ar Phríomhghníomhaireachtaí Freagartha eile agus orthu siúd sa phobal atá ag brath orainn.
Táthar ag súil le caiteachas méadaithe in 2021 ar TCP breise a fháil, próisis sláintíochta d’fhoirgnimh agus d’fheithiclí, oiliúint bhreise maidir le próisis gharchabhrach nua agus trealamh nuashonraithe otharchairr a bheidh de dhíth le cleachtais gharchabhrach shábháilte a sholáthar in aimsir COVID19.
Tá Cosaint Shibhialta Shligigh ar cheann de na heagraíochtaí a roghnaíodh le feithicil nua Ford Ranger a fháil ó dheontas a fuarthas ó chiste na gcuntas díomhaoine. Fuarthas feithicil eile ar an gcaoi chéanna in 2019.