2 minute read
Réamhrá
Cuimhneofar go deo ar 2020 mar bhliain phaindéim COVID-19.
COVID-19 agus a nDearnadh le Tacú leis an bPobal
Advertisement
Mar cheann de na soláthraithe seirbhíse riachtanacha, bhí baint mhór ag Comhairle Contae Shligigh lena raibh á dhéanamh ar bhonn náisiúnta le hathléimneacht an phobail a choinneáil agus le tacaíocht don phobal a chomhordú le linn na paindéime. Ar dheireadh seachtaine an 27 Márta 2020, tar éis fhógra an iarThaoisigh Leo Varadkar, iarradh ar na hÚdaráis Áitiúla a bheith i gceannas ar an Iarracht Freagartha Pobail agus í a chomhordú d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil do na daoine is leochailí inár bpobail. Cuireadh an Fóram Freagartha Pobail ar bun thar an deireadh seachtaine agus tionóladh a chéad chruinniú Dé Domhnaigh, an 29 Márta 2020 ag 4 i.n. Bunaíodh líne/deasc chabhrach ar leith, agus baill foirne de chuid an Údaráis Áitiúil ina bun, le plé le ceisteanna agus iarratais ar chabhair agus tacaíocht. D’oibrigh ionadaithe ó ghníomhaireachtaí éagsúla tacaíochta pobail ar an líne agus tá sí fós ar bun in 2021. Comhar idir SCC, SVC, PPN, SLPCo agus neart grúpaí pobail agus deonacha fud fad an chontae ba spreagadh leis an obair thar cionn a rinne slua mór oibrithe deonacha le tacú leo siúd ba mhó a bhí i ngátar inár bpobail agus léiriú ab ea é ar láidreacht agus athléimneacht na hearnála pobail i Sligeach.
Cé gurb ar COVID-19 a bhí ár n-iarrachtaí uile dírithe sa chéad leath de 2020, sa dara leath den bhliain bhíomar in ann tosú ar na seirbhísí iomlána a chur ar fáil arís ar na leibhéil acmhainne ab airde, rud a bhí ní b’éasca de bharr úsáid fheabhsaithe teicneolaíochta, oibriú ón mbaile, cruinnithe fíorúla, srl.
Forbairt gheilleagrach:
Ó thaobh na forbartha geilleagraí de, bhí ainmniú Shligigh mar lárionad d’fhás geilleagrach sa Chreat Pleanála Náisiúnta ina spreagadh do shraith tionscadail shuntasacha a fhorbairt sna ceantair uirbeacha agus thuaithe.
Bhí scéimeanna a cuireadh chun cinn faoin gCiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí, an Ciste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe, Ardáin Fáis Fháilte Éireann, srl. iontach tábhachtach i dtaobh áiseanna pobail, turasóireachta agus áineasa a fheabhsú ar fud an chontae. I dtreo dheireadh 2020 críochnaíodh an próiseas soláthair le haghaidh Phlás Cultúrtha Shligigh ag carrchlós Shráid Stiofáin, rud a mheallfaidh go leor turasóirí chun Shligigh. Níl ann ach ceann de na tionscadail spreagúla a athróidh an tírdhreach uirbeach i lár an bhaile.
Is sa chomhthéacs sin a seoladh branda agus láithreán gréasáin nua Shligigh chomh maith. Faoi na trí cholún ‘Cónaigh/Infheistigh/Tar ar Cuairt’, is é is aidhm leis an tionscnamh seo ná íomhá dhearfach a chur chun cinn agus cumasú do phríomhpháirtithe leasmhara Sligeach a chur i láthair faoi aon bhranda amháin.