2 minute read
Réamhrá
Socraíodh cuid mhaith de chlár oibre na Stiúrthóireachta Seirbhísí Tithíochta agus Corparáideacha in 2020 mar fhreagairt ar na dúshláin a bhain le paindéim COVID-19. Go luath in 2020 forbraíodh Plean Leanúnachais Gnó inar aithníodh na seirbhísí riachtanacha a bheadh ar an gComhairle a choinneáil i gcás paindéim cheart, na hacmhainní a bheadh ag teastáil chuige sin, na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na seirbhísí agus pleananna teagmhasacha.
Níorbh aon dóithín é cloí leis an gcomhairle Sláinte Poiblí/scartha shóisialta, agus d’éirigh go maith leis an gComhairle cumasú go tapa do bhaill foirne obair ón mbaile, chomh maith sin go raibh thart ar 80% den fhoireann oifige ag obair ón mbaile nuair ba threise na srianta. Bhí gá le bearta cuimsitheacha san áit oibre le timpeallacht shábháilte a chinntiú don fhoireann agus do dhaoine den phobal a bhuail isteach chuig ár n-oifigí. Tugadh roinnt baill foirne ar iasacht do FSS freisin le cabhrú le gníomhaíochtaí líne tosaigh.
Advertisement
Go díreach i ndiaidh fhógra an Rialtais i mí an Mhárta 2020, thosaigh an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha ag obair as lámha a chéile le foireann na Rannóige Forbartha Pobail agus Geilleagraí le Fóram Tacaíochta Pobail agus Líne Chabhrach a chur ar bun mar acmhainn do dhaoine scothaosta agus leochaileacha sa phobal. D’éirigh chomh maith sin leis an tionscnamh seo mar thoradh ar an gcomhar den scoth a bhí ann idir na príomhghníomhaireachtaí agus líonra oibrithe deonacha áitiúla.
Chuamar i gcomhar leis an gCathaoirleach agus leis na comhaltaí tofa chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe maidir le cruinnithe a óstáil. Le himeacht na bliana, forbraíodh ár gcur chuige de réir a chéile ó chruinnithe a chur ar siúl ‘lasmuigh den láthair’ go cruinnithe hibrideacha a reáchtáil, ina raibh roinnt comhairleoirí agus baill foirne i láthair i Seomra na Comhairle agus roinnt eile ag glaoch isteach thar an Idirlíon.
Cé go raibh orainn ord tosaíochta nua a shannadh do chlár oibre na Stiúrthóireachta, ba bhliain ghnóthach, fhiúntach í don Rannóg Tithíochta mar sin féin. Is é sprioc na Comhairle faoin gClár Caipitil Tithíochta Cúig Bliana, 2017-2021 ná 384 teaghais a chur ar fáil. In 2020 críochnaíodh an scéim 28 aonad ar Bhóthar na Cnapaí, Sligeach, rud a d’fhág go raibh 273 teaghais curtha ar fáil faoi dheireadh 2020. Rinneadh dul chun cinn chomh maith in 2020 ar scéimeanna eile atá le críochnú in 2021, lena n-áirítear teaghais tuaithe ag Crumhach, forbairt cúig aonad ar Bhóthar na Mara, Sligeach (i gcomhar le Cumann Tithíochta Newgrove), scéim deich n-aonad ar an Droim Mór Thiar agus forbairt deich n-aonad eile i dTobar an Choire.