3 minute read

Forfheidhmiú Rialacháin Pleanála

Is éard atá i ról na Rannóige Forfheidhmithe sa réimse seo ná imscrúdú a dhéanamh ar gach gearán ón bpobal maidir le forbairt neamhúdaraithe, cigireachtaí randamacha a dhéanamh ar fhorbairtí atá ar siúl, agus déileáil le coinníollacha roimh thosú agus le coinníollacha nár comhlíonadh. Tugann an Rannóg cuairt ar láithreáin, eisíonn Litreacha Rabhaidh, déanann Fógraí Forfheidhmithe a sheirbheáil agus tionscnaíonn imeachtaí dlí, de réir mar is cuí.

Seo thíos roinnt sonraí faoina ndearnadh in 2020:

Advertisement

 Rinneadh 69 gearán nua  Eisíodh 48 Litir Rabhaidh  Rinneadh 6 Fhógra Forfheidhmithe a sheirbheáil  Réitíodh 62 gearán trí chaibidlíocht. (Ina measc siúd bhí gearáin a fuarthas roimh Eanáir 2020)  Caitheadh amach 25 gearán

Ranníocaíochtaí Forbartha a Bhailiú

Tá an Rannóg Forfheidhmithe freagrach as ranníocaíochtaí forbartha a bhailiú. Tá acmhainní foirne fós á leithdháileadh lena chinntiú go n-íoctar ranníocaíochtaí go tráthúil agus go ndéantar mainnitheoirí a fhiosrú. Bhí beagán os cionn €1 mhilliún fós gan íoc ag deireadh 2020. Baineann an chuid is mó de na suimeanna gan íoc le réadmhaoin nua gan díol, tithe cónaithe a formhór, agus íocfar in am trátha iad ar dhíol na réadmhaoine.

Eastáit a Ghlacadh faoi Chúram

Chuir an Chomhairle tús leis an bpróiseas le 6 eastát a ghlacadh faoina cúram in 2020. Bhí cuid de na heastáit ina n-eastáit tithíochta neamhchríochnaithe tráth. Na táillí a fhaigheann an Chomhairle as eastát a ghlacadh faoina cúram, úsáidtear iad faoi chomhair na gcostas a thabhaíonn an Chomhairle le linn an phróisis um ghlacadh faoi chúram agus úsáidtear iad freisin i gcás gur gá íoc as oibreacha san eastát le hé a thabhairt go caighdeán sásúil lena ghlacadh faoi chúram.

Bhí Eastát na Mínleach i dTobar an Choire catagóirithe roimhe seo mar eastát tithíochta neamhchríochnaithe. D’éirigh leis an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála an banna a tharraingt anuas in 2019 agus tá tús curtha le hoibreacha ar an eastát, lena n-áirítear oibreacha ar na 3 stáisiún caidéalúcháin, fálú, uasghrádú soilse poiblí, an séarach uisce dhromchla a chríochnú, an séarach bréan a dheisiú, príomhphíopaí uisce, cosáin agus dromchla in éadan caitheamh a chur ar na bóithre go léir laistigh den eastát.

Dromchla in Éadan Caitheamh a Chur ar na Bóithre in Eastát na Mínleach, Tobar an Choire

Tithe Folmha

Tá a fhocal tugtha ag an Rialtas in Atógáil Éireann: Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht agus Easpa Dídine go bhforbrófaí straitéis náisiúnta um athúsáid tithe folmha. I mí Feabhra 2018, d’ullmhaigh an Rannóg Pleanála Plean Gníomhaíochta maidir le Tithe Folmha, a bhfuil sé mar aidhm aige líon na n-áitreabh atá folamh go fadtéarmach a laghdú go suntasach, a ndrochthionchar ar an bpobal a laghdú agus a bhfilleadh ar úsáid tháirgiúil a éascú. Is é an chéad phríomhghníomh a bhí le baint amach ná fíorleibhéal an fholúntais a aithint i Sligeach agus sna purláin. As na 6,284 áras cónaithe a ndearnadh cigireacht orthu go dtí deireadh Lúnasa 2020, níor measadh ach 4.6% acu a bheith folamh. Leanfaidh an Rannóg Forfheidhmithe uirthi ag déanamh cigireachtaí agus ag aithint úinéirí na náitreabh folamh a aithníodh in 2021 d’fhonn na háitribh sin a fhilleadh ar a n-úsáid.

Láithreáin Thréigthe

Déanann an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála monatóireacht leanúnach ar áitribh ar fud an chontae. I gcás go bhfuil réadmhaoin tréigthe nó i mbaol a tréigthe, téimid i dteagmháil leis na húinéirí, nuair is eol, d’fhonn iad a spreagadh leis na hoibreacha is gá a dhéanamh. Ní chuirtear an réadmhaoin ar Chlár na Láithreán Tréigthe ach amháin má theipeann ar na húinéirí beart a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Rialú Foirgníochta

Tá an Chomhairle ainmnithe mar an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta agus tá cumhachtaí láidre aici dá bhrí sin le comhlíonadh na Rialachán Foirgníochta agus na Rialachán um Tháirgí Foirgníochta a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú. Is é is aidhm leis na rialacháin foirgníochta ná socruithe a dhéanamh do shábháilteacht agus leas daoine i bhfoirgnimh agus timpeall orthu agus do riachtanais speisialta daoine faoi mhíchumas, mar aon le breosla agus fuinneamh a chaomhnú.

This article is from: