Tuathal Seachtain na bhF. 2011

Page 1


:







Do Theanga, Do Rogha

le Mícheál Clancy


Teachtaireacht ó Oifig na Gaeilge: A chairde,

Is mise an tOifigeach Gaeilge sa Choláiste. Bím féin, agus Coiste na Gaeilge (bord Gaeilge TCD) ag obair ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn i measc na mac léinn agus na foirne araon, na scéimeanna cónaithe Gaeilge a riaradh agus dualgais reachtúla na Gaeilge a chur i bhfeidhm anseo. Fáiltím roimh an irisleabhar “Tuathal” agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ábhar spleodrach, taitneamhach atá curtha le chéile istigh ann. Tréaslaím leis an gCumann Gaelach as an clár spreagúil atá leagtha amach acu don bhliain agus guím gach rath orthu. Tá súil agam go nglacfaidh neart agaibh páirt sna ranganna Gaeilge saor in aisce a chuireann an Oifig ar fáil i rith na bliana. Ta spás sóisialta ar fáil gach seachtain san Bhutrach, inar féidir leat cupán caife a ól agus an Ghaeilge a labhairt, agus, b’fhéidir, cairde nua a dhéanamh. Ta súil agam go mbainfidh sibh an-thaitneamh as an mbliain atá romhainn. Más féidir liom cabhrú libh am ar bith, seol ríomhphost chugam ag gaeloifig@tcd.ie nó cuir glaoch ar 01 896 3652. Aonghus Dwane Oifigeach na Gaeilge, TCD

Aonghus Dwane

An Chéadaoin @ An Bhutrach


Aoife Ní hAthlaoch

H D A R H N E! M SA GAINN O H C


An Leathanach Filíochta

Do bhuaileas le Gaddafi Geilte inniu. Bhí sé i bhfolach ins an Teampaillín Bán ar imeall an domhain Bhí sé i ndiaidh ochtar salmchantóirí dá mhuintir féin a itheadh Agus ocras an domhain air le seacht mbliana anuas. Thógas amach mo sheanphíp chré is bhuaileas ar mo bhois é... Bhí mo mhéidse fágtha im dhiaidh sa bhaile agam Ach ardfhear flaithiúil ab ea Gaddafi Is do shín sé chugam toisín breá den phailin is fearr sa Libia –Ó, tá go leor anso dhuit, a mhic ó, ar sé is an dúidín á líonadh aige. Leanamar linn ag ól is ag insint scéalta ansan, Scéalta fén dhrochshaol, an cultúr Ind-Eorpach mar atá, Is mise chomh sásta le diúc ag éisteacht leis fan oíche. Chuireas an cheist air ansan... -Cá bhfuil na Gaeil? -Cén Gaeil!? ar sé de bhéic. -Tuigeann tú, na Gaeil! -N’fheadair cad tá á rá agat, a mhic ó, Ach glac le mo chomhairle anois. Níl tigh ná treabh romhainn inniu Ach muintir na Reilige amuigh is tuigeann tú an chraic. An bhfaca tú an crann darach úd i lár an ghort? Nó an srúill bainne ag brúchtaíl aníos tríd an gcósta gan stad? Cuimhnigh Uirthi, a mhic ó, is cuimhnigh ar Oscar leis go mbuailfidh tú leo ar bhóithrín so na síoraíochta feasta. Ní mór dúinn géilleadh do rudaí ná feacamair riamh agus ní mór dúinn bheith ceanúil ar an tSín... Gaddafi Geilte ab ea é...


Cé acu an Ghealt?

Súil Andrew King ar an meabharghalar agus na constaic a chruthaíonn an sochaí mórthimpeall air, trí léarghas a dhéanamh ar an scannán síoraí, One Flew Over The Cuckoo's Nest.


Mannaí saoil úsáideacha ó One Flew Over the Cuckoo's Nest: “If he's crazy, what does that make you?” “What do you think you are, for Chrissake, crazy or somethin'? Well you're not! You're not! You're no crazier than the average asshole out walkin' around on the streets and that's it.” “The best thing we can do is go on with our daily routine.” “That's right, Mr. Martini. There is an Easter Bunny.”





Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.