1 minute read

Leitir Mealláin

Next Article
Síolta Darach

Síolta Darach

Tara Ní Bhroinn

Is áit draíochtúil í Conamara ar fad, ach beidh píosa de mo chroí i gcónaí ar oileán bheag in iarthar Chonamara. Is í Leitir Mealláin an áit is áille ar domhan, dar liom. An ghrian ag scoilteadh na gcloch, an fharraige os do chomhair, agus an suaimhneas atá ar fáil i ngach áít - beagnach go maródh an áthas tú. Ní mór duit ceithre dhroichead a thrasnú chun an áit a shroicheadh, an boladh sólásach ón bhfeamainn, na tonnta boga mar cheol, agus ag siúl síos an bóthar go dtí an trá. Ag siúl trasna na páirce chreagach leis an gcapall bán fiosrach, ‘sí ag rá ‘dia dhuit’ do gach éinne a shiúlann síos an bhóithrín. Ansin, an staighre síos go dtí an ghaineamh, an taoide amuigh, neart spás le rith. Gaineamh órna, te is compordach. Ag siúl anois chuig an uisce. Uisce gorm, gléghlan, uisce lonrach, drithleach. Agus anois, cosa san uisce, ag dul isteach níos faide. Na hOileáin Árann ag bun na spéire. Daoine ag imirt iománaíochta taobh thiar duit - an fhuaim ón sliotar gach cúpla soicind. Pórtán beag faoin uisce, cúpla smugairle róin bándearg (“squishies”, a ghlaomar orthu nuair a bhíomar níos óige). Anois, ag luí san uisce, súile dúnta, grian ar d’aghaidh. Síocháin. ‘Sé an mothúchán amháin atá le mothú. Síocháin. Ag luí sa sáille, grian ar d’aghaidh, gáire le cloisteáil, an capall sa pháirc, gan fadhb ar bith. ‘Siad mo chuimhne is láidre agus is fearr óna samhraidh go léir a chaith mé sa phobal fáilteach, cáirdiúil ar oileán dochreidte álainn. Leitir Mealláin - beidh mé ar ais go luath.

Advertisement

This article is from: