2 minute read

Oireachtas na Samhna

Oireachtas na Samhna leis an gCumann Gaelach

Scríofa ag Oisín O’Keefe

Advertisement

Oireachtas na Samhna. Ní i dTeach Laighean atá an t-oireachtas seo. Is é an t-imeacht is mó, is cáiliúla, is Gaelaí i saol na Gaeilge chuile bhliain. Tagann Gaeilgeoirí sean agus óg ar fud na tíre le chéile chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh. Gan teorainn. Gan chogadh. Maitheadh peacaí anseo. Ar nós domhain inár tháinig na Sasanaigh go hÉireann. Sin a bhí ráite liom ar a laghad. Mé sa gceathrú bliain anois, agus b’é mo chéad uair ann. D’fhágamar an choláiste ag a 10rn ar an Aoine i dTreo Chill Airne. Stadamar i dTiobraid Árann chun cuairt a thabhairt ar dhéithe Moneygall, Barack agus Michelle, agus d’fhág muid duine sa gcéad bhliain ann mar íobairt dóibh, ionas go mbeadh deireadh seachtaine an-rathúil againn ag an Oireachtas. Faoi dheireadh, shroicheamar an teach ósta i gCill Airne. An chéad rud ar an liosta ná Oíche na Mac Léinn – cóisir gléasta a bhí ann agus roghnaigh an Cumann an téama ‘Toy Story’. Bhí ceathrar Woodys agus triúr Jessies ann (yí-há), smeadar saighdiúirí agus eachtrán, Bean Uí Cheann Práta, Mam Andy, forc, agus neart daoine eile againn. Bhí an-rath againn an oíche sin – bhuaigh Tríonóid ‘Ollscoil is Fearr’ sa gcomórtas, bhuaigh Bean Uí Cheann Práta dara háit don fheisteas is cruthaithaí agus bhuaigh Bosco an feisteas is scanrúla (Hup Muineacháin!!). Mar a deir an seanfhocal, Trinners for Winners. Dhúisíomar go luath an mhaidin dár gcionn. Bhí Seimineár an Oireachtais, Craobh Díospóireachta Gael Linn agus comórtais amhránaíochta agus rince le feiceáil i rith an lae. An oíche sin, d’fhreastalaíomar ar Chlub na Féile. Ní fheicfí in aon áit eile é. Na céadta gutha ag screadach ‘Oró sé do Bheatha Bhaile’. Gach duine ag damhsa le ceol traidisiúnta ar nós Coachella a bhí ann. Theip ar Ionsaí na hInse. Conga line. Cé a chaith an Guinness sin? Conga line eile. Níl na liricí seo ar eolas agam ach screadfaidh mé ar aon nós. A trí a chloig go tobann, agus muid ag fágáil ar an mbus i seacht n-uaire. Turas chuig Centra Mucrois (Gay Spar Cill Airne, is dócha) agus comhrá sa seomra suí go dtí a ceathair ar maidin (Labhraíonn Pádraig Béarla?). Eispéireas tochtmhar a bhí ann domsa. Mo chéad Oireachtas na Samhna mar mhac léinn, agus mo cheann deireanach freisin. Ach is cinnte go mbeidh mé ar ais. Thar mo cheithre bhliain, chonaic mé go bhfuil pobal Gaelach fíor-láidir againn anseo i gColáiste Oráiste, agus rinne mé na cairde is fearr ann. Ach tá pobail cosúil linne ar fud na tíre, rud a fheicfidh tú ag an Oireachtas thar aon áit eile. Gaeilgeoirí óga san ollscoil, cinnte, ach céimithe freisin, agus a gciorcail cairde móra a bhfuil Gaeilge mar chuid lárnach dá saoil. Daoine aosta agus déagóirí ag comhrá lena chéile, tuismitheoirí, agus a bpáistí leis an gcanúint is láidre a chuala tú riamh. Tá sí slán a chairde, agus táim sásta go mbeidh áit ann dúinn chun í a labhairt go deo. 22 | T U A T H A L

This article is from: