3 minute read

Nuacht ó Oifig na Gaeilge

Samhain 2022

Nuacht ó Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

Advertisement

A chara, Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil deireadh na bliana sroichte cheana féin! Tá súil agam gur bhain tú taitneamh as an téarma agus go raibh deiseanna agat páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Cuireann an oifig seo eolas agus comhairle ar fáil maidir leis an reachtaíocht teanga, in éineacht le bainistíocht a dhéanamh ar na Scéimeanna Cónaithe (Scéim an Champais agus Scéim Halla na Tríonóide i nDartraí), ar Sheomra na Gaeilge, agus ar na ranganna Gaeilge saor in aisce a bhíonn ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne ag am lóin. Cuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil d’fhoireann na hOllscoile, agus eagraítear imeachtaí d’Éigse na Tríonóide agus do Sheachtain na Gaeilge. Má bhíonn ceist, tuairim nó smaoineamh agat maidir le cúrsaí Gaeilge san ollscoil, bí i dteagmháil liom. Tá téarma gnóthach romhainn tar éis na Nollag nuair a dhéanfar ceiliúradh ar Éigse na Tríonóide (mí Feabhra) agus ar Sheachtain na Gaeilge (1-17 Márta). Bí ag faire amach do na himeachtaí a bheidh ar siúl ag an gCumann Gaelach, an Scéim Cónaithe agus Oifig na Gaeilge agus bí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga náisiúnta agus chun bualadh le cairde nua trí Ghaeilge. Táim ag súil le leanúint leis an gcomhoibriú le Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Eimear Ní Chiaráin, agus le hOifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn, Caoimhe Ní Mhaolaí, i dTéarma na Féile Bríde. Is foilseachán tábhachtach Gaeilge é Tuathal a thugann léargas ar shaol na Gaeilge agus ar thaithí an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide agus molaim an teagarthóir, Ruairí Ó Séanáin, agus a fhoireann as a gcuid oibre. Go n-éirí go geal leat sna scrúduithe agus táim ag súil le tú a fheiceáil arís sa bhliain nua. Áine Ní Shúilleabháin Oifigeach Gaeilge

Seirbhísí & Imeachtaí Bain úsáid as an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide!

Seomra na Gaeilge

Bíonn Seomra na Gaeilge ar oscailt ó 9.00am-5.00pm Luan-Déardaoin agus ó 9am-3pm Dé hAoine. Tá fáilte roimh chách é a úsáid ach an Ghaeilge a labhairt. Cuirtear soláistí tae agus caife ar fáil sa Seomra agus tá micreathonn ann freisin. Iarrtar ort €0.20 a chur sa bhosca airgid gorm ar an gcuntar don tae/caife. Tá sé tábhachtach glanadh suas i do dhiaidh!

Ciorcal comhrá

Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin sa Bhutrach (The Buttery) ó 10.30am 12.00pm. Bíonn mic léinn, baill foirne agus muintir an phobail i láthair. Fáilte roimh chách.

An Scéim Cónaithe 2023-24

Osclóidh an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na bliana acadúla 2023-24 i mí an Mhárta/Aibreáin 2023. Cuirtear fáilte roimh aon mhac léinn fochéime lánaimseartha iarratas a dhéanamh ar an Scéim; ní gá a bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. Cuirtear lóistín Gaeilge ar fáil ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide, in éineacht le €1,000. Fair amach don seisiún eolais a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge (1-17 Márta).

Ranganna Gaeilge

Cuirfidh Oifig na Gaeilge cúrsaí Gaeilge saor in aisce ar fáil arís sa bhliain nua. Ofrálfar cúrsa 8 seachtaine ó leibhéal tosaitheora go meánleibhéal. Coimeád súil ar do sheoladh ríomhphoist TCD i lár mhí Eanáir le haghaidh fógra faoi na ranganna.

Teastas Eorpach na Gaeilge

Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu cáilíocht TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a bhaint amach. Tá na scrúduithe seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Is féidir scrúdú a dhéanamh ag aon leibhéal, ó bhonnleibhéal (A1) go hardleibhéal (C1). Is féidir scrúdú cainte (páirtchreidiúint) nó scrúdú iomlán (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, scrúdú cainte – lánchreidiúint) a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Éigse na Tríonóide: Feabhra 2022

Cuir nóta sa dialann anois d’Éigse na Tríonóide – ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach i gColáiste na Tríonóide. Beidh Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn ag eagrú seachtain iomlán imeachtaí i gcomhar leis an gCumann Gaelach agus le hOifig na Gaeilge. Beidh gach eolas faoin Éigse le fáil ar mheáin shóisialta an Chumainn (@CumannGaelachTCD) agus na hoifige seo (@GaeloifigTCD) níos cóngaraí don dáta.

Sonraí Teagmhála Oifig na Gaeilge An Séipéal Thiar R: gaeloifig@tcd.ie T: 01 896 3652

www.tcd.ie/gaeloifig Facebook/Twitter/Instagram: @GaeloifigTCD

This article is from: