8 minute read

Siúlóid i gCathair na Marbh

Aoibh Ní Chroimín

Agus tú ag teacht ar an S-Bahn ó aerfort Hamburg go dtí an sráidbhaile ina raibh mé i mo chónaí an bhliain seo chaite, d‘fheicfeá foirgneamh mór déanta as brící donna clinker ar chlé duit le túr leis clog agus an ráiteas “Eine von diesen” (“ceann acu seo”) air i litreacha órga miotalacha.

Advertisement

Bhí sé seo príomh-fhoirgneamh Ohlsdorf, ceann dos na foirgnimh is airde sa sráidbhaile, agus cinnte an foirgneamh is mó cáil ailtireachta, deartha ag ailtire na cathrach Fritz Schumacher sa stíl Neue Sachlichkeit (nó Oibiachtúlacht Nua) a tháinig chun cinn le linn Poblacht Weimar. Ní séipéal ná halla na cathrach atá ann, áfach, ach créamatóir. Óir is é Ohlsdorf suíomh an reilig is mó san Eoraip, agus an Parkfriedhof (reilig páirce) is mó ar domhain: tá achar 3.89 km2 aici agus dar le mó Mhapaí Google, tógann sé tuairim is 50 nóiméad siúil ó thaobh amháin go taobh eile.

Mar aon leis an Alster, dara abhann Hamburg, bhí an reilig seo mar phríomh-shonra mo chomharsanachta agus mé i mó chónaí i Studentenwohnheim ansin. Agus fiú taobh amuigh den reilig féin, bhí a rian le feiceáil ar fud na háite: is dóigh liom go raibh formhór na siopaí mórthimpeall orm ag díol bláthanna, leaca uaighe, prócaí luaithrigh nó cónraí. (An raibh a fhios agat gur féidir cónra nó próca luaithrigh a chéannacht le suaitheantas agus dathanna an foireann peile Hamburger Sportsverein? Bhuel, a léitheora, seo an áit a chuala tú ar dtús é.) D’fhéadfá fiú breathnú isteach sna fuinneoga agus na saoir cloiche ag gearradh na leaca, agus bhí samplaí dá saothair ar taispeáint taobh amuigh den siopa. Bhí roinnt leaca uaighe an-ghalánta ar fad: leac uaighe i gcruth veidhlín, mar shampla, agus figiúirí clasaiceacha cloiche ag caoineadh ar fud na háite. Dúirt mo chara Gerold liom, atá ina chónaí in Ohlsdorf le tamall anuas, go mbíonn roinnt saoir cloiche ag greanadh taobh amuigh le linn an tsamhraidh, agus gur féidir leat breathnú ar na hainmneacha dos na daoine atá tar éis bás a fháil le déanaí. Sílim go mbeadh sé sin rud beag ródhorcha domsa fiú- is leor rip.ie dom, go raibh maith agat- ach memento mori éifeachtach a bheadh ann cinnte.

Cé go raibh éifeacht suimiúil ag an reilig ar charachtar an cheantair, bréag a bheadh ann le rá gur chuir sé as dom a bheith i mo chónaí in aice léi. Mar aon le háit ollmhór, shéimh le bheith ag dul ar siúlóidí inti, is amhantar í Ohlsdorf d‘éinne atá suim acu i stair na Gearmáine. Oscailte sa bhliain 1877, is í Ohlsdorf príomh-reilig na cathrach le tamall fada anuas, agus ag siúil trithí, tagann tú ar gach cineáil duine a bhí baint acu leis an gcathair thar na blianta, ó na tuamaí chomh mór le tithe a thóg na seanadóirí agus fir móra eile Hamburg sa naoú aois déag dá dteaghlaigh, go dtí na láthair a cheannaigh cuid dos na pobail nua atá ina chónaí i Hamburg inniu dóibh féin, mar shampla láthair don phobal Airméanach.

Tá codanna móra den reilig tógtha suas ag daoine a fuair bás le linn tréimhsí dorcha i stair na Gearmáine sa chéad leath den fhichiú aois: olluaigheanna dos na daoine a maraíodh sna ionsaithe buamála a rinne na Comhghuaillithe ar an gcathair agus nárbh fhéidir iad a aithint tar éis; uaigheanna do phríosúnaigh cogaidh ón Aontas Sóivéadach a chuireadh éigean orthu obair sa Ghearmáin le linn an cogaidh faoi choinníollacha uafásacha agus a fuair bás ann; reiligí míleata do shaighdiúrí an dá thaobh ón dá chogadh domhanda, ach saighdiúirí na Gearmáine den chuid is mó. Tá an foirgneamh cuimhneacháin do shaighdiúrí na Gearmáine sa Dara Cogadh Domhanda beag, faicheallach, agus simplí: rud a chuaigh i bhfeidhm orm, mar caithfidh nach rud éasca atá ann cuimhneachán a dhearadh do shaighdiúrí a throid ar an taobh mícheart de chogadh, gan an chúis scáfar a throid siad di a ghlóiriú chomh maith. Ach d‘éirigh leis an cuimhneachán seo é sin a dhéanamh: Seomra beag cloiche atá ann, a léiríonn na saighdiúirí, gan chlogaid, ag breathnú go lom ar na gaolta, ar an mballa trasna, orthu, a bhí ag fanacht orthu teach ar ais.

An Crematóir Nua, Ohlsdorf. Grianghraf glactha ag an údar.

Leaca uaighe ealaíonta, deailbh agus tuamaí móra sa reilig agus ar dhíol taobh amuigh de. Grianghrafanna an údair.

Ar chlé: Reilig saighdiúirí Gearmánacha (Céad Cogadh Domhanda). Ar dheis: Cuid den chuimhneachán d‘íosphairtigh na Naitsithe. Grianghrafanna an údair.

Tá saighdiúirí an Chomhlathas curtha i gcuid eile den reilig. Níl a n-uaigheanna chomh dubhach is atá iad siúd a n-iar-naimhde ón nGearmáin. Seachas na clocha liatha sa talamh le bláthanna corcra atá ag saighdiúirí na Gearmáine an Dara Cogadh Domhanda, tá saighdiúirí na Breataine agus an Chomhlathas- tháinig mé ar dhuine amháin ó reisimint Éireannach sa láthair don Chéad Cogadh Domhanda ina measc- curtha faoi leaca seasca i gcloch bán, agus an uair deireanach a thug mé cuairt orthu bhí bláthanna buí agus dearga ag fás in aice leo. Idir a láthair don Chéad Cogadh Domhanda agus an láthair don Dara Cogadh Domhanda, tá píosa glas eatarthu. Seo an áit a curadh na píolótaí RAF a mharaíodh agus iad ag tabhairt soláthraí go muintir Iarthar Beirlín le linn Aeraistrithe Beirlín in 1949, nuair a d‘éirigh le haeraistriú soláthraí ó na Meiriceánaigh agus na Briotanaigh Beirlín a choinneáil slán agus saor ó iarrachtaí Stailín an chathair a chur faoina smacht trí imshuí a dhéanamh uirthi. Tá crainn curtha anseo mar chuimhneachán dos na píolótaí seo, agus plaic chomórtha a chuireann buíochas muintir na Gearmáine dá n-íobairt in iúl. Sílim gurb í seo an chuid is fearr liom den reilig- más ráiteas oiriúnach é “is fearr liom” do chomhthéacs mar seo. Is codarsnacht cumhachtach í na crainn dos na uaigheanna cloiche atá le feiceáil mórthimpeall orthu, agus cuireann siad i gcuimhne don chuairteoir, ní hamháin go ndearna na Comhghuaillithe glúin dá bhfir óga a íobairt chun an Eoraip a fhuascailt ó na Naitsithe, ach, tar éis an chogaidh, na híobairtí a rinne an Bhreatain agus SAM chun an Ghearmáin, tír a mharaigh na milliúin daoine neamh-chiontacha, roinnt Briotanaigh agus Meiriceánaigh san áireamh, a aththógáil agus seans a thabhairt di a bheith mar an tír dhaonlathach, ilchultúrtha atá sí inniu. I reilig a chuireann a gcuimhne ort go rialta cé chomh brúidiúil is gur féidir le daoine a bheith lena chéile, is comharthaí iad na crainn na bpíolótaí RAF don dóchas, agus do bhuíochas agus do chairdeas muintire na Gearmáine do mhuintir na Breataine.

Is reilig il-sainchreidmheach í príomh-reilig Ohlsdorf, ach tá reilig Ghiúdach díreach in aice léi, atá pobal Giúdach Hamburg freagrach di. Níl an oiread sin spás ag na tuamaí is atá sa phríomh-reilig, agus is dócha gurb í ceann de na cúiseanna atá le sin ná go ndearna na Naitsithe scrios ar na reiligí eile Giúdacha, Grindelquarter agus Ottensen, sa 1930dí, agus faoin stiúir an Rabbi Joseph Carlebach bhog an pobal Giúdach thart ar 375 leaca uaighe go Ohlsdorf. Ní féidir dearmad a dhéanamh anseo ar an scrios iomlán a rinne na Naitsithe ar shaol Giúdach na cathrach- is iomaí leac uaighe ón tréimhse iarchogaidh atá ann do dhaoine a mhair tríd an Uileloscadh ach atá líne acu ar an leac i gcuimhneachán do ghaol éigin a dhúnmharaíodh. Gar don gheata iontrála tá cuimhneachán ann do Ghiúdaigh dúnmharaithe na hEorpa ar fad: próca cloiche le luaithrigh ó Auschwitz ann, agus balla ar a scríobhadh píosa ó leabhar Irimia 8:23 as Eabhrais agus as Gearmáinis: יללח תא הלילו םמוי הכבאו העמד רוקמ יניעו

ימע תב םימ ישאר ןתי ימ

Ungestillt rinnt die Träne um die Erschlagenen unseres Volkes

As Gaeilge: “Gan stad ritheann na deora dár ndaoine atá maraithe.” Is de bhunús Oirthir na hEorpa, a tháinig go dtí an Ghearmáin tar éis deireadh an Chogaidh Fhuair, iad roinnt den phobal Giúdach atá ag Hamburg sa lá atá inniu ann, rud atá le feiceáil sna leaca uaighe níos nua atá an aibítir choireallach ar roinnt acu.

Níor thug mé cuairt ar an reilig Ghiúdach ach faoi dhó nó faoi thrí. Is áit phríobhaideach é a thugann tú cuairt uirthi d‘aon ghnó agus a mhúsclaíonn machnamh dáiríre ionat agus brón- rudaí a bheadh gnáth i reilig, déarfá. Mar atá pléite, ar ndóigh tá áiteanna mar sin sa phríomh-reilig chomh maith, ach is cinnte nach gnáthreilig í san iomlán ó thaobh an t-atmaisféar de. Tá sí oscailte, agus go minic, ait go leor, beomhar mar áit. Is páirc í Ohlsdorf mar aon le reilig, agus ceann dos na háiteanna is áille i Hamburg í, le lochanna, cnocáin, crainn, droichid, agus, más buan mo chuimhne ar fhíric a chonaic mé ar na scáileáin ar an traen i Hamburg, 92 speiceas féileacáin nach bhfuil le fáil aon áit eile sa chathair. Tá an reilig mór le pobal beo Hamburg mar áit le bheith ag siúil, ag rith, nó ag rothaíocht, nó áit le suí go ciúin chun caint a bheith agat le cara. Is minic a bhain mé tairbhe as an gciúnas agus an bpríobháideachas sna codanna den reilig le níos lú cuairteoirí chun glao a chuir abhaile nó ar mo chara i München. Toisc an reilig a bheith chomh mór is atá sí, rothaíonn daoine tríd ar a mbealaí abhaile ón obair, agus tá dhá líne bhuis poiblí ag dul tríd na reilige ag stopadh ag na séipéil ann (tá trí shéipéal déag sa reilig). Tá pearsantachtaí curtha sa reilig atá an-ghrá ag muintir Hamburg dóibh, mar shampla an aisteoir agus cantóir Jan Fedder, a bhí cáil air ach go háirithe do ról a ghlac sé i sraith teilifíse póilíní: mar aon leis na bláthanna agus grianghraif a fhágann daoine ar a uaigh, tá bosca poist beag in aice leis ina fhágann cuairteoirí litreacha dó. Tá amhrán bríomhar scríofa ag an banna ceoil Hamburgach, Abschlach, in ómós don reilig, “Ode an Ohlsdorf”. Mar sin is féidir a dheimhniú go bhfuil an chathair na marbh seo mar chuid de shaol na cathrach beo. Ina machnamh gearr ar chathair Hamburg, Stadt, Stadt: Mutter zwischen Himmel und Erde (“Cathair, cathair: Máthair idir Neamh agus Talamh”) rinne an scríbhneoir Hamburgach Wolfgang Borchert cur síos ar an reilig: Ní ghnáth-reilig í ina bhfuil na marbh curtha i línte ordaithe, gan a bheith ábalta “sult a bhaint as an mbás”: Ach in Ohsdorf- bíonn na marbh ag spruschaint, na marbh marthanach, mar gheall ar shaol marthanach! Mar ní dhéanann na marbh dearmad ar an saol- agus ní fhéadfach siad dearmad a dhéanamh ar an gcathair, a gcathair! Inniu tá Borchert curtha sa reilig a bhí an oiread sin ceana aige uirthi, i dtaobh deas ciúin ar chnocáin ar an Stiller Weg (Slí Séimh). Ar nós Máirtín Uí Chadhain,

This article is from: