Tuathal - Eagrán a 2 (Nollaig 2022)

Page 15

IrisleabharanChumainnGhaelaigh Eagrána2-Nollaig2022

Focal ón Eagarthóir, RuairíÓSéanáin

A Chairde Ghaeil, Is mise Ruairí Ó Seanáin, Oifigeach Foilseacháin an Chumainn Ghaelaigh i mbliana. Is pribhléid mhór í dom an dara eagrán dár n iris Tuathala chur i gcló daoibh in am do bhriseadh na Nollag, agus tá súil agam go mbaineann sibh sult agus tairbhe as na dánta, na hailt, na cluichí, an ealaín agus gach aon ní atá le léamh agus le feiceáil san eagrán seo de Tuathal.Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach éinne atá tar éis rud éigin a chur le chéile don dá eagrán atá foilsithe againn go dtí seo, agus gabhaim mo leithscéal as ucht sibh ar fad a chrá ó thús na bliana! Bhí an rath ar an eagrán a bhfoilsíodh in am do Sheachtain na bhFreisear, agus tá súil agam go mbeidh an toradh céanna ag na heagráin atá le teacht.

Ó thaobh an Chumainn go gineáralta de, táimid tar éis leathbhliain den chéad scoth a bheith againn, agus thar cheann an choiste, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach éinne atá tar éis freastal ar na himeachtaí ar fad, agus atá tar éis suim a léiriú i gcúrsaí Ghaeilge ar champas. Idir imeachtaí ardscléipeacha, ceardlanna spreagúla agus turais taitneamhacha, tá sean bhaill agus baill nua an Chumainn tar éis teacht le chéile chun nascanna nua a chothú, eispéiris a roinnt, agus níos tábhachtaí fós, an Ghaeilge a spreagadh.

Ag an gCruinniú Gineáralta Urghnách i Mí Dheireadh Fómhair, thoghamar fo-choiste nua agus cuirfidh Niall, Aoife, David, Mac agus Fachtna iad féin in aithne daoibh ar leathanaigh 4 agus 5. Chruthaíomar nascanna leis na cumainn eile ó fud fad na tíre ag imeachtaí ar nós Traenáil na gCumann agus an t Oireachtas, rud faoina scríobhann ár leas reachtaire Oisín faoi ar leathanach 22. Os a chionn sin, táimid tar éis aithne a chur ar bhaill nua sa chéad agus sa dara bhliain atá tar éis dánta draíochtúla a scríobh dúinn atá le feiceáil ó thús deireadh na hirise seo.

Beidh dhá eagrán eile de Tuathalá fhoilsiú againn roimh dheireadh na scoilbhliana seo agus bheinn fíor-bhuíoch asaibh dá seolfadh sibh gach sort píosa chugam ag foilseachan@cumann.ie. Tá súil agam gur bhain sibh ar fad taitneamh as imeachtaí an Chumainn go dtí seo agus tá súil agam go leanann sibh oraibh ag freastal orthu, agus ag scaipeadh na Gaeilge i measc mhuintir Choláiste na Tríonóide.

Beir Bua!

Ruairí

- 2 - | TUATHAL
- 3 - | TUATHAL Instagram @cumanngaelachtcd Twitter @CumannGaelach Facebook @Cumann Gaelach TCD Clúdach deartha ag Cian Deignan CLÁR 2 Focal ón Eagarthóir, RuairíÓSéanáin 4 Fo choiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’ 6 Cé thusa, an Gealach? 7 Mainie Jellett 9 Leitir Mealláin 10 An Ceann Gamhna 11 Céilí sa Ghaeltacht 12 Cuardach Focal 13 Craic an Chumainn 15 Siúlóid i gCathair na Marbh 17 Síolta Darach 18 Mo Leannán Bheag 19 BÁC mar Chathair an Mhic Léinn 20 Nuacht ó Oifig na Gaeilge 22 Oireachtas na Samhna 23 Eolas faoi JAILBREAK!

Fo-Choiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Niall Ó hAnnáin, Stiúrthóir Jailbreak

Dia dhaoibh go léir! Is mise Niall Ó hAnnáin, bhur stiúrthóir le haghaidh Jailbreak 2023. Is as BÁC mé agus déanaim staidéar ar an Stair agus Eacnamaíocht. I m’am saor, is breá liom a bheith ag taisteal agus ag lorg taithí nua in Éirinn agus thar lear. I mo thuairimse, tá taiscéalaíocht mar cheann de na rudaí is fearr sa saol seo agus molaim daoibh bhur scéalta a líonadh le taiscéalaíocht! Is aoibhinn liom an pobal Gaelach atá againn sa choláiste agus táim ag súil go mór le sibh a fheiceáil arís le linn na bliana agus b’fhéidir roinnt daoibh a scaipeadh ar fud na tíre ag déanamh rudaí aisteacha ar son Jailbreak! Gan dabht beidh sár chraic againn. Slán go fóill!

Aoife Wadd, OifigeachnaTríú Bliana

Is mise Aoife Wadd. Is as an Longfort mé. Táim fiche bliana d’aois agus táim sá tríú bhliain ag déanamh Zó eolaíocht. Is breá liom ainmhithe i bhfad níos mó ná daoine ach is breá liom a bheith ag caint le daoine nua agus labhróidh mé le haon rud a fhreagraíonn dom. Is breá liom an Ghaeilge agus tá sceitimíní orm a bheith ar an gcoiste mar oifigeach na triú bliana an bhliain seo! Anuraidh, i rith na Nollag, rinne mé físeáin le BLOC TG4 agus ina dhiaidh sin, bhí suim agam níos mó páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge. Rud amháin suimiúil fúm féin ná go bhfuil dhá chrois agam i Karate agus fuair mé mo chead chrois dubh nuair a bhí mé aon bhliain déag d'aois!

David Mockler, Leas-OCP

Bail ó Dhia oraibh, Is é David Mockler an t ainm atá orm is tá mé naoi mbliana déag d'aois. Is as Baile Átha Cliath dhom, agus tá mé sa dara bhliain ag déanamh staidéir ar Ríomheolaíocht, Teangeolaíocht, agus an Fhraincis. Tá mé i mo Leas OCP i mbliana sa gCumann Gaelach is tá mé ag baint an taitneamh as. Is mór an tsuim atá agam sa nGaeilge ó thoisigh mé ag cur suime inti sa gcúigiú bhliain ar scoil. D'fhoghlaim mé cuid de mo chuid Gaeilge ó chainteoirí Mhaigh Eo, agus cuid eile i gcoláistí samhraidh i nGaillimh. Bhí mé i m'intéirneach i rith an tsamhraidh sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide agus b'iontach an deis é sin giota oibre a dhéanamh ar chur chun cinn teicneolaíocht Gaeilge, is oibrím go páirt aimseartha léi ó shin amach

- 4 - | TUATHAL

Fachtna Mac Conghail, OifigeachnaCéadBliana

Hi, is mise Fachtna, Oifigeach na céad bliana i mbliana. Is as Baile Mhuineachán mé ach i ndáiríre tá mo chroí sa chathair. Bhí an Ghaeilge mar an chéad teanga agam, agus í á labhairt sa bhaile, agus i mbliana teastaíonn uaim an taithí atá agam léi a úsáid chun an Ghaelinn a chur chun cinn sa choláiste, agus go háirithe i measc na céad bliana. Maidir liom fhéin, is breá liom an léamh agus an scríobh, agus bím de shíor ag lorg a thuilleadh eolas ar an Domhan mór. Chomh maith le sin, is dócha go gcífidh sibh mé am éigint san iris, tá dúil agam san fhilíocht. Ba bhreá liom bheith ar an bhFód Dubh faoi láthair, gan cúram nó buairt, ag siúl cois trá. B’fhéidir ag an ‘Seachtain Staidéar’!

Mac O’Brien, Leas Oifigeach Siamsaíochta

Is mise Mac O’Brien. Is as An Spidéal mé, i gcontae na Gaillimhe. D’fhás mé suas faoin tuath agus tá mé ag baint an taitneamhasa bheithi mochónaísachathair mhór. Bhían Ghaeilgeigcónaípáirteachimoshaolóaois óg. D’fhreastail mé ar bhunscoil Gaelach agus caithim mo shamhraidh ag obair sa Ghaeltacht. Anois tá mé páirteach sa scéim cónaithe agus saChumann Gaelach, agus tá an deis agam Gaeilge a labhairt gach lá. Is breáliomabheithagseinmceolim’amsaor seinnim an giotár, an pianó agus na drumaí. Is é seoltóireacht an caitheamh aimsire is fearr liom, agus bím ag seoltóireacht le mo chlub ar ais i nGaillimh agus le TCD. Tá mé sa dara bhliain ag staidéar Innealtóireacht. Tá an suim agam sna aeraidinimic, agus ba bhreá liom a bheith ag obair le báid nó eitleán sa todhchaí. Is mise an leas-oifigeach siamsaíochta don Chumann Gaelach i mbliana. Tá mé ag súil go mór leis na himeachtaíarfadabheidharsiúlagainn.

- 5 - | TUATHAL

Cé thusa, an Gealach?

Dreapadh fallaí , ó pháirc go chéile, ‘S gealaí um threorú thuas, Ní fheadair cé arbh leis seo

An talamh ‘tá i bhfolach ag scáth na hoích’ .

Gaoth a mbíonn ag canadh anseo, ní chailín binn, Fuacht leis, ag iarraidh cur as dom, Ní mise mbeidh a stopadh, Mise ar thóir gealaí,

Cloch anseo is ansiúd, caite ag an fharraige?

Gan a bheith feicthe ach spéire, Réaltaí, cá dtógfaidh siad mé, I bhfad ón ghort seo?

A ghealaí, mbíonn tú uaigneach, Thuas ard ar bhinn cnoice?

Istoíche is ait a mbíonn rudaí, talamh chomh dubh le spéire, Táimse ar do thoir, Thar faillí, thar cloch, tríd puiteach, Mbeidh tú ann ag fanacht, ‘S mise ag dreapadh sléibhe.

FachtnaMacConghail

Mainie Jellett (1897-1944)

Ruairí Ó Séanáin Ag crochadh go galánta i measc samplaí den saothar is aoibhne ó ealaíontóirí Éireannacha mór le rá ón bhfichiú haois, tá íomhá de chuid Mainie Jellett dar teideal Decoration (1923). Crochann sí i Sciathán Bhaile an Mhuillinn i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, áit a shonraítear teacht le chéile fíneálta an fhráma óir chuibhiúil leis an gcomdhéanamh é féin, agus leis an ngrástúlacht a n ofráiltear go minic in íocóin reiligiúnacha a léiríonn an Mhaighdean Mhuire agus a páiste, íomhá a bhfuil Jellett cinnte tar éis ionsparáid a fháil uaithi sa phictiúrseo. Thiomnaigh Evie Hone, comhaoiseach de chuid Jellett, an íomhá seo don ghailearaí nuair a chuaigh sí ar shlí na fírinnein1955,agusmarsinde,braitearneach agus dlúthpháirtíocht láidir idir dhá bhean a dtroideanngofiachmharlehaghaidharan áit dlisteanach i stair na healaíne sa tír seo, stair atá nach mór déanta suas d’fhir.

Thaisteal Jellett agus Hone go Páras le chéile go luath sna 1920idí, áit a ndearna siad staidéar ar an ealaín faoi chúram André Lhote agus Albert Gleizes. Níl aon cheist faoi ach gur fhoghlaim siad neart ó theoiricí ealaíne na beirte. Mhol Lhote cur chuige anailíseach Cézanne go mór, agus ba chiúbaíoch mór é Gleizes. Go deimhin, trasnaíonn íomhá de chuidGleizesdháshaothareiledechuidJellett i stiúideo Sciathán na Mílaoise sa ghailearaí, áit a bhfeictear samplaí de na hambasadóirí is fearr agus is cáiliúla i stair na healaíne san Eoraip idir 1850 agus 1950. Cé go bhfuil an scoláireacht ar Jellett réasúnta teoranta, tá an

ghailearaí mar cheann de na hinstitiúidí a n aithníonn gaisce ealaíne Jellett, agus a measann go bhfuil áit tuillte ag a saothar i measc laochra na healaíne nua aimseartha, in Éirinn agus thar lear.

Cé go raibh Jellett mar ionadaí d’Éireann sa chomórtas péintéireachta ag na Cluichí Oilimpeacha in 1928, ní dheachaigh a saothar Decoration i gcion ar na criticeoirí ag taispeántas ghrúpa de chuid Cumann na bPéintéirí Bhaile Átha Cliath cúig bhliain ní ba luaithe. Ní raibh an chur síos a ndearna an léirmheastóir ón Irish Times fláithiúil in aon chornuaira dúirtsénach raibhsa phictiúrach “puzal doréitithe”, agus nach raibh inti ach “cearnóga,ciúbanna,cruthannaaisteachaagus dathanna atá ag teacht le chéile.” Ní fhéadtar a rá go raibh an fear seo mícheart agus é ag déanamh cur síos ar chomhdhéanamh na híomhá, ach tugann tuin diúltach an tsleachta lefiosgoraibhmí thuiscintaigearealaíontóir a bhí tar éis pictiúr álainn agus uathúil a chruthú trí chur chuige nua aimseartha a nascadh le claonadh i dtreo traidisiún pictiúrtha seanbhunaithe.

Rugadh Mainie Jellett i mBaile Átha Cliath in 1897igclannuasaicmeach.Ónahóige,léirigh sí bua as cuimse san ealaín. Rinne sí staidéar faoi chúram an ealaíontóra William Orpen i Scoil Chathrach na hEalaíne i mBaile Átha Cliath go dtí 1917. Ina dhiaidh sin, thaisteal sí go Londain, áit ar chláraigh sí i Scoil Ealaíne Westminster. Le linn na céad trí bliana anseo, bhí a táirgeadh de líníochtaí, uiscedhathanna agus íomhánna in ola iontach torthúil. “An Chéad Réabhlóid” a ghlaoigh sí ar an tréimhse seo, agus “An Dara Réabhlóid” ar an tréimhse a tháinig ina dhiaidh faoi stiúir André Lhote i

- 7 - | TUATHAL

bPáras. I rith na tréimhse seo, mhúin Lhote bunriachtanais an Chiúbachais di, agus cé gur thug sé urraim do Cézanne, bhí fonn aige filleadh ar ealaín chlasaiceach, gné a léiríonn anghluaiseachtmhórabhíagtarlúibPárasag an am. Áfach, bhí Jellett fós sa tóir ar aeráid radacach de theibíocht.

Dá bharr sin, d’áitigh Jellett agus Hone ar an bhfealsamh agus péintéir Fraincise Albert Gleizes chun iad a mhúineadh, fear a bhí i lár tréimhse éiginnteachta é féin. Cé gur thaispeáin na healaíontóirí a saothair i bPáras le linn “An Tríú Réabhlóid”, thug na healaíontóirí aghaidh ar bhlianta de dheacrachtaí,dhímheasagus magadh. Leansé seo ar aghaidh do Jellett nuair a d’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath agus nuair a léirigh sí a saothar ag an taispeántas cáiliúil de chuid Cumann na bPéintéirí in 1923. Ina ainneoin sin, thaispeáin sí teacht aniar agus acmhainneacht iontach agus d’fhorbairsíastíl le linn an tréimhse fiche bliana a bhí leteacht. Le linn an ama seo, chuir sí an chuid taispeántais aonair i láthair, an cheann deireannach a tharla in 1941, trí bliana sula bhfuair sí bás roimh am.

Go deimhin, b’é 1941 an bhliain ar phéinteáil sí Achill Horses (1941), íomhá a léiríonn an

tionchar a bhí ag an gCiúbachas agus ealaín Síneach ar a saothar. Tá na tionchair seo neadaithe i saol atá leagtha amach ag céimeanna éagsúla de phéintéireacht teibí agus obair réalaíoch. Ní fheictear forbairt níos soiléire ina stíl ná an fhorbairt a tharla go luath sna 1930idí nuair a chuirtear i gcomparáid saothair cosúil le Abstract Composition (1935), a bhfuil stíl bog aici, leis an stíl dian

Fig. 1: Mainie Jellett; Decoration, 1923; Teampara ar phainéal adhmaid; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath. Fig. 2: Mainie Jellett; Achill Horses, 1941; Ola ar chanbhás; Gailearaí Náisiunta na hÉireann, Baile Átha Cliath. Fig. 3: Mainie Jellett; Abstract Composition, 1935; Ola ar chanbhás; Gailearaí Crawford, Corcaigh. Fig. 4: Mainie Jellett; Composition, 1922; Ola ar chanbhás; Bailiúchánpríobháideach.

líneachabhíannroimheiníomhánnacosúille Composition (1922), a bhfuil láidreacht de dhathanna agus codarnsachtaí tréan le feiceáil iontu. Ó thus deireadh saol a gearradh ró luath, braitear flúirse d’íomhánna cumasacha ó bhean a bhfuil an meas agus aithint is airde tuillte aici dá páirt in ealaín Éireannach an luath 20ú haois. Impím ar scoláirí na Tríonóide ealaín agus sárbhua Jellett a thuiscint dóibh féin ag na danlanna éagsúla timpeall na tíre.

- 8 - | TUATHAL

Leitir Mealláin

Is áit draíochtúil í Conamara ar fad, ach beidh píosa de mo chroí i gcónaí ar oileán bheag in iarthar Chonamara. Is í Leitir Mealláin an áit is áille ar domhan, dar liom. An ghrian ag scoilteadh na gcloch, an fharraige os do chomhair, agus an suaimhneas atá ar fáil i ngach áít beagnach go maródh an áthas tú. Ní mór duit ceithre dhroichead a thrasnú chun an áit a shroicheadh, an boladh sólásach ón bhfeamainn, na tonnta boga mar cheol, agus ag siúl síos an bóthar go dtí an trá. Ag siúl trasna na páirce chreagach leis an gcapall bán fiosrach, ‘sí ag rá ‘dia dhuit’ do gach éinne a shiúlann síos an bhóithrín. Ansin, an staighre síos go dtí an ghaineamh, an taoide amuigh, neart spás le rith. Gaineamh órna, te is compordach. Ag siúl anois chuig an uisce. Uisce gorm, gléghlan, uisce lonrach, drithleach. Agus anois, cosa san uisce, ag dul isteach níos faide. Na hOileáin Árann ag bun na spéire. Daoine ag imirt iománaíochta taobh thiar duit - an fhuaim ón sliotar gach cúpla soicind. Pórtán beag faoin uisce, cúpla smugairle róin bándearg (“squishies”, a ghlaomar orthu nuair a bhíomar níos óige). Anois, ag luí san uisce, súile dúnta, grian ar d’aghaidh. Síocháin. ‘Sé an mothúchán amháin atá le mothú. Síocháin. Ag luí sa sáille, grian ar d’aghaidh, gáire le cloisteáil, an capall sa pháirc, gan fadhb ar bith.

‘Siad mo chuimhne is láidre agus is fearr óna samhraidh go léir a chaith mé sa phobal fáilteach, cáirdiúil ar oileán dochreidte álainn. Leitir Mealláin - beidh mé ar ais go luath.

- 9 - | TUATHAL

An Ceann Gamhna ÁrónStiofánÓConaill

Fadó fadó i gContae an Chabháin, Ag bean Uí Ruairc bhí pota mór stáin. Sa phota mhór seo a dhéanfadh sí proinn, Di féin, dá fear agus dá cloinn.

Dé Domhnaigh amháin le haghaidh proinne mheán lae, Bhí ceann gamhna a’ goil sa phota deas réidh.

‘Is leis an cheann seo a líon sise lán, Le domplannaí móra an pota mór stáin.

Ach bhí uirthi imeacht, bhí Aifreann ar siúl, ‘Is bhí sé ar dhuine éigin eile a shúil a choinneáil go géar ar phroinn an mheán lae, ‘Is don obair seo, bhí an fhreagracht ar Aodh. Agus cé gurbh eisean an páiste ba lú, eisean a bhí freagrach as an fheoil ‘is an tsú. ‘Is tar éis tamaillín, d’amharc Aodh óg isteach, ‘Is gan moill ar bith, rith an buachaill amach, Síos an bhóthair go Teampall an Iúir, ‘Is réab sé isteach ‘is ansin lig sé búir: “A Mhamaí! Tá ceann sa phota mhór stáin, Beidh a bholg in áit mo bholg féin lán!

Mura dtiocfaidh tú, a Mhamaí, abhaile in am, Beidh na domplannaí ite go léir ag an cheann!”

- 10 - | TUATHAL

Céilí sa ghaeltacht

Tara Ní Bhroinn

An ghrian ag taitneamh Agus mé i mo shuí

Le mo chairde go léir Craic agus spraoi Ansin ar an mbus Ceann mór, dearg is buí Ag bualadh an bóthar Atá i bhfad ró thannaí Muid ar fad gléasta suas Agus miongáire ar m’aghaidh

Gach rud go breá sásta

An saol gan fhadhb Isteach sa halla An ndéanfaidh tú rince liom? Mo lámh ar do ghualainn Do lámh ar mo chom

Ag damhsa an oíche iomlán Gan stad gan staonadh Ag canadh is ag gáire Go dtí luí na gréíne.

Ar ais ar an mbus Slán lenár gcairde Go dtí an chéad lá eile In aice na bhfarraige.

An halla beag dúnta I gcroílár Chonamara

An halla beag réidh Don chéilí amárach.

- 11 - | TUATHAL

An bhfuil tú ag lorg podcraoladh nua as Gaeilge? Ag iarraidh na chatsleis na gals? Bhuel a chara, ar chuala tú faoi Na Galíní? Tagann an podchraoladh seo ó bheirt mac léinn na Tríonóide agus thosaigh sé mar smaoineamh craiceáilte i dteach a 12. Sa phodchraoladh seo, pléann Clí (bhur n iar leas reachtaire) agus Emma (bhur rúnaí i mbliana) gach rud ón astralaíocht go na ‘trends’ is déanaí. Tá na heipeasóid ar fad ar fáil ar Spotify agus Apple Podcasts agus bíonn eipeasód nua amach gach coicís. Bhí Raidió Rí Rá ag craoladh beo ar FM idir an 14ú 16ú Samhain agus rinne Na Galíní eagrán beo sa stiúideó Rí Rá ar an 14ú de mhí na Samhna. Phléigh siad an tae is teo ó Oireachtas na Samhna, ICKS agus an Nollaig (ró luath, tá a fhios againn). Lean Na Galíní ar insta @na_galini_ chun a bheith suas chun dáta!

12 | TUATHAL
POD CHRAOLADH NUA !

Craic an Chumainn

13 | TUATHAL

Craic an Chumainn

14 | TUATHAL

Siúlóid i gcathair na marbh

Agus tú ag teacht ar an S Bahn ó aerfort Hamburg go dtían sráidbhaile ina raibh mé imo chónaí an bhliain seo chaite, d‘fheicfeá foirgneamh mór déanta as brící donna clinker ar chlé duit le túr leis clog agus an ráiteas “Eine von diesen” (“ceann acu seo”) air i litreacha órga miotalacha.

Bhí sé seo príomh fhoirgneamh Ohlsdorf, ceann dos na foirgnimh is airde sa sráidbhaile, agus cinnte an foirgneamh is mó cáil ailtireachta, deartha ag ailtire na cathrach Fritz Schumacher sa stíl Neue Sachlichkeit (nó Oibiachtúlacht Nua) a tháinig chun cinn le linn Poblacht Weimar. Ní séipéal ná halla na cathrach atá ann, áfach, ach créamatóir. Óir is é Ohlsdorf suíomh an reilig is mó san Eoraip, agus an Parkfriedhof (reilig páirce) is mó ar domhain: tá achar 3.89 km2 aici agus dar le mó Mhapaí Google, tógann sé tuairim is 50 nóiméad siúil ó thaobh amháin go taobh eile.

ollmhór, shéimh le bheith ag dul ar siúlóidí inti, is amhantar í Ohlsdorf d‘éinne atá suim acu i stair na Gearmáine. Oscailte sa bhliain 1877, is í Ohlsdorf príomh reilig na cathrach le tamall fada anuas, agus ag siúil trithí, tagann tú ar gach cineáilduine a bhíbaint acu leis an gcathair thar na blianta, ó na tuamaí chomh mór le tithe a thóg na seanadóirí agus fir móra eile Hamburg sa naoú aois déag dá dteaghlaigh, go dtí na láthair a cheannaigh cuid dos na pobail nua atá ina chónaí i Hamburg inniu dóibh féin, mar shampla láthair don phobal Airméanach.

Mar aon leis an Alster, dara abhann Hamburg, bhí an reilig seo mar phríomh shonra mo chomharsanachta agus mé i mó chónaí i Studentenwohnheim ansin. Agus fiú taobh amuigh den reilig féin, bhí a rian le feiceáil ar fud na háite: is dóigh liom go raibh formhór na siopaí mórthimpeall orm ag díol bláthanna, leaca uaighe, prócaí luaithrigh nó cónraí. (An raibh a fhios agat gur féidir cónra nó próca luaithrigh a chéannacht le suaitheantas agus dathanna an foireann peile HamburgerSportsverein? Bhuel, a léitheora, seo an áit a chuala tú ar dtús é.) D’fhéadfá fiú breathnú isteach sna fuinneoga agus na saoir cloiche ag gearradh na leaca, agusbhísamplaí dá saothair ar taispeáint taobh amuigh den siopa. Bhí roinnt leaca uaighe an ghalánta ar fad: leac uaighe i gcruth veidhlín, mar shampla, agus figiúirí clasaiceacha cloiche ag caoineadh ar fud na háite. Dúirt mo chara Gerold liom, atá ina chónaí in Ohlsdorf le tamall anuas, go mbíonn roinnt saoir cloiche ag greanadh taobh amuigh le linn an tsamhraidh, agus gur féidir leat breathnú ar na hainmneacha dos na daoine atá tar éis bás a fháil le déanaí. Sílim go mbeadh sé sin rud beag ródhorcha domsa fiú is leor rip.ie dom, go raibh maith agat ach memento mori éifeachtach a bheadh ann cinnte.

Cé go raibh éifeacht suimiúil ag an reilig ar charachtar an cheantair, bréag a bheadh ann le rá gur chuir sé as dom a bheith i mo chónaí in aice léi. Mar aon le háit

Tá codanna móra den reilig tógtha suas ag daoine a fuair bás le linn tréimhsí dorcha i stair na Gearmáine sa chéad leath den fhichiú aois: olluaigheanna dos na daoine a maraíodh sna ionsaithe buamála a rinne na Comhghuaillithe ar an gcathair agus nárbh fhéidir iad a aithint tar éis; uaigheanna do phríosúnaigh cogaidh ón Aontas Sóivéadach a chuireadh éigean orthu obair sa Ghearmáin le linn an cogaidh faoi choinníollacha uafásacha agus a fuair bás ann; reiligí míleata do shaighdiúrí an dá thaobh ón dá chogadh domhanda, ach saighdiúirí na Gearmáine den chuid is mó. Tá an foirgneamh cuimhneacháin do shaighdiúrí na Gearmáine sa Dara Cogadh Domhanda beag, faicheallach, agus simplí: rud a chuaigh i bhfeidhm orm, mar caithfidh nach rud éasca atá ann cuimhneachán a dhearadh do shaighdiúrí a throid ar an taobh mícheart de chogadh, gan an chúis scáfar a throid siad di a ghlóiriú chomh maith. Ach d‘éirigh leis an cuimhneachán seo é sin a dhéanamh: Seomra beag cloiche atá ann, a léiríonn na saighdiúirí, gan chlogaid, ag breathnú go lom ar na gaolta, ar an mballa trasna, orthu, a bhí ag fanacht orthu teach ar ais.

15 | TUATHAL
An Crematóir Nua, Ohlsdorf. Grianghraf glactha ag an údar. Leaca uaighe ealaíonta, deailbh agus tuamaí móra sa reilig agus ar dhíol taobh amuigh de. Grianghrafanna an údair. Ar chlé: Reilig saighdiúirí Gearmánacha (Céad Cogadh Domhanda). Ar dheis: Cuid den chuimhneachán d‘íosphairtigh na Naitsithe. Grianghrafanna an údair.

Tá saighdiúirí an Chomhlathas curtha i gcuid eile den reilig. Níl a n uaigheanna chomh dubhach is atá iad siúd a n iar naimhde ón nGearmáin. Seachas na clocha liatha sa talamh le bláthanna corcra atá ag saighdiúirí na Gearmáine an Dara Cogadh Domhanda, tá saighdiúirína Breataine agus an Chomhlathas tháinig mé ar dhuine amháin ó reisimint Éireannach sa láthair don Chéad Cogadh Domhanda ina measc curtha faoi leaca seasca i gcloch bán, agus an uair deireanach a thug mé cuairt orthu bhí bláthanna buí agus dearga ag fás in aice leo. Idir a láthair don Chéad Cogadh Domhanda agus an láthair don Dara Cogadh Domhanda, tá píosa glas eatarthu. Seo an áit a curadh na píolótaí RAF a mharaíodh agus iad ag tabhairt soláthraí go muintir Iarthar Beirlín le linn Aeraistrithe Beirlín in 1949, nuair a d‘éirigh le haeraistriú soláthraí ó na Meiriceánaigh agus na Briotanaigh Beirlín a choinneáil slán agus saor ó iarrachtaí Stailín an chathair a chur faoina smacht trí imshuí a dhéanamh uirthi. Tá crainn curtha anseo mar chuimhneachán dos na píolótaí seo, agus plaic chomórtha a chuireann buíochas muintir na Gearmáine dá n íobairt in iúl. Sílim gurb í seo an chuid is fearr liom den reilig más ráiteas oiriúnach é “is fearr liom” do chomhthéacsmarseo.Iscodarsnachtcumhachtachína crainn dos na uaigheanna cloiche atá le feiceáil mórthimpeall orthu, agus cuireann siad i gcuimhne don chuairteoir, ní hamháin go ndearna na Comhghuaillithe glúin dá bhfir óga a íobairt chun an Eoraip a fhuascailt ó na Naitsithe, ach, tar éis an chogaidh, na híobairtí a rinne an Bhreatain agus SAM chun an Ghearmáin, tír a mharaigh na milliúin daoine neamh chiontacha, roinnt Briotanaigh agus Meiriceánaigh san áireamh, a ath thógáil agus seans a thabhairt di a bheith mar an tír dhaonlathach, ilchultúrtha atá sí inniu. I reilig a chuireann a gcuimhne ort go rialta cé chomh brúidiúil is gur féidir le daoine a bheith lena chéile, is comharthaí iad na crainn na bpíolótaí RAF don dóchas, agus do bhuíochas agus do chairdeas muintire na Gearmáine do mhuintir na Breataine.

Is reilig il sainchreidmheach í príomh reilig Ohlsdorf, ach tá reilig Ghiúdach díreach in aice léi, atá pobal Giúdach Hamburg freagrach di. Níl an oiread sin spás ag na tuamaí is atá sa phríomh reilig, agus is dócha gurb í ceann de na cúiseanna atá le sin ná go ndearna na Naitsithe scrios ar na reiligí eile Giúdacha, Grindelquarter agus Ottensen, sa 1930dí, agus faoin stiúiran RabbiJosephCarlebachbhoganpobalGiúdach thart ar 375 leaca uaighe go Ohlsdorf. Ní féidir dearmad a dhéanamh anseo ar an scrios iomlán a rinne na Naitsithe ar shaol Giúdach na cathrach is iomaí leac uaighe ón tréimhse iarchogaidh atá ann do dhaoine a mhair tríd an Uileloscadh ach atá líne acu ar an leac i gcuimhneachán do ghaol éigin a dhúnmharaíodh. Gar don gheata iontrála tá cuimhneachán ann do Ghiúdaigh dúnmharaithe na hEorpa ar fad: próca cloiche le luaithrigh ó Auschwitz ann, agus balla ar a scríobhadh píosa ó leabhar Irimia 8:23 as Eabhrais agus as Gearmáinis:

Ungestillt rinnt die Träne um die Erschlagenen unseres Volkes

AsGaeilge:“Ganstadritheannnadeoradárndaoineatá maraithe.” Is de bhunús Oirthir na hEorpa, a tháinig go dtí an Ghearmáin tar éis deireadh an Chogaidh Fhuair, iad roinnt den phobal Giúdach atá ag Hamburg sa lá atá inniu ann, rud atá le feiceáil sna leaca uaighe níos nua atá an aibítir choireallach ar roinnt acu.

Níor thug mé cuairt ar an reilig Ghiúdach ach faoi dhó nó faoi thrí. Is áit phríobhaideach é a thugann tú cuairt uirthi d‘aon ghnó agus a mhúsclaíonn machnamh dáiríre ionat agus brón rudaí a bheadh gnáth i reilig, déarfá. Mar atá pléite, ar ndóigh tá áiteanna mar sin sa phríomh reilig chomh maith, ach is cinnte nach gnáth reilig í san iomlán ó thaobh an t atmaisféar de. Tá sí oscailte, agus go minic, ait go leor, beomhar mar áit. Is páirc í Ohlsdorf mar aon le reilig, agus ceann dos na háiteanna is áille i Hamburg í, le lochanna, cnocáin, crainn, droichid, agus, más buan mo chuimhne ar fhíric a chonaic mé ar na scáileáin ar an traen i Hamburg, 92 speiceas féileacáin nach bhfuil le fáil aon áit eile sa chathair. Tá an reilig mór le pobal beo Hamburg mar áit le bheith ag siúil, ag rith, nó ag rothaíocht, nó áit le suí go ciúin chun caint a bheith agat le cara. Is minic a bhain mé tairbhe as an gciúnas agus an bpríobháideachas sna codanna den reilig le níoslúcuairteoiríchun glao a chuir abhaile nó ar mo chara i München. Toisc an reilig a bheith chomh mór is atá sí, rothaíonn daoine tríd ar a mbealaí abhaile ón obair, agus tá dhá líne bhuis poiblí ag dul tríd na reilige ag stopadh ag na séipéil ann (tá trí shéipéal déag sa reilig). Tá pearsantachtaí curtha sa reilig atá an ghrá ag muintir Hamburg dóibh, mar shampla an aisteoir agus cantóir Jan Fedder, a bhí cáil air ach go háirithe do ról a ghlac sé i sraith teilifíse póilíní: mar aon leis na bláthanna agus grianghraif a fhágann daoine ar a uaigh, tá bosca poist beag in aice leis ina fhágann cuairteoirí litreacha dó. Tá amhrán bríomhar scríofa ag an banna ceoil Hamburgach, Abschlach, in ómós don reilig, “Ode an Ohlsdorf”. Mar sin is féidir a dheimhniú go bhfuil an chathair na marbh seo mar chuid de shaol na cathrach beo. Ina machnamh gearr ar chathair Hamburg, Stadt, Stadt: Mutter zwischen Himmel und Erde (“Cathair, cathair: Máthair idir Neamh agus Talamh”) rinne an scríbhneoir Hamburgach Wolfgang Borchert cur síos ar an reilig: Ní ghnáth reilig í ina bhfuil na marbh curtha i línte ordaithe,ganabheithábalta“sultabhaintasanmbás”:

AchinOhsdorf bíonnnamarbhagspruschaint, na marbh marthanach, mar gheall ar shaol marthanach! Mar ní dhéanann na marbh dearmad ar an saol agus ní fhéadfach siad dearmad a dhéanamh ar an gcathair, a gcathair!

Inniu tá Borchert curtha sa reilig a bhí an oiread sin ceana aige uirthi, i dtaobh deas ciúin ar chnocáin ar an Stiller Weg (Slí Séimh). Ar nós Máirtín Uí Chadhain,

16 | TUATHAL
ימ ןתי ישאר םימ יניעו רוקמ העמד הכבאו םמוי הלילו תא יללח תב ימע

shamhlaigh Borchert reilig ina raibh na marbh ag caint lena chéile. Leis an oiread sin daoine ann ó 1877 i leith ó réimsí éagsúla de shaol na cathrach, bheadh suim agam a chloisteáil cad a bhfuil á rá ag Borchert agus na mílte comharsana mórthimpeall air lena chéile in Ohlsdorf.

Ohlsdorf sa gheimhreadh agus an Stiller Weg, an chuid ina bhfuil Wolfgang Borchert curtha.

Litríocht

Borchert, Wolfgang. „Stadt, Stadt: Mutter zwischen Himmel und Erde“. In Das Gesamtwerk Mit einem biographischen Nachwort von Bernhard Meyer Marowitz. Hamburg: Rowohlt Taschenbuch Verlag, 1998

Hamburger Friedhöfe. „Einmalig in Europa und mitten in Hamburg: Geschichte“. https://www.friedhof hamburg.de/die friedhoefe/ohlsdorf/geschichte/ . Oscailte 21 Samhain 2022.

„Einmalig in Europa und mitten in Hamburg: Der Friedhof Ohlsdorf“. https://www.friedhof hamburg.de/die friedhoefe/ohlsdorf/ . Oscailte 21 Samhain 2022.

Jeffries, Matthew. Hamburg: A Cultural and Literary History. Oxford: Signal Books, 2011.

Jüdischer Friedhof Hamburg in Ohlsdorf. „Home”. https://jfhh.org/index_e.html . Oscailte 21 Samhain 2022.

Síolta Darach leCaoimheMolloy Bainim leas as scath na gcrann, Na síolta darach Gur chuir tú san Earrach, Glan fhios agat nach mbeadh tú Anseo san Fhómhair, Ag suí liom faoina mbráid.

17 | TUATHAL

Mo Leannán Bheag

Hannah Nic Eindrí

Go síochánta Aisling saghas bréagach Ach le troid dearg Ach le mo leannán bheag

Ní bheadh uaigneas orm Agus mé faoi strus na lúbtha Mar go bhfuil tú ann Mo leannán bheag

Idir na deora Idir na crainn Mo ghrá, Mo stór Go deo na ndeor …Mo leannán bheag

Ach go mbeadh an domhan mór Gan aon fhabhanna Gan a bheadh san fhaopach Ní bheadh mé ag seasamh anseo Os comhair do leac uaighe

Bheadh mé ag seasamh os do chomhair Le miongháire ar m’aghaidh Agus sceitiminí orm

Le mo leannán bheag Agus mar sin Caithfidh mé a rá linn Go bhfuil mé buíoch Go raibh Dia truach, tuisceanach

Le mo leannán beag Agus, mar sin Cuirim ceiliúradh ar bun i gcuimhne duit

An t am a raibh againn Agus tú chomh áláinn Mo leannán bheag I gcuimhní go deo I gcuimhní gan beo A chuisle mo chroí I ngrá gan brí

Le mo leannán bheag

18 | TUATHAL

Baile Átha Cliath mar Chathair an Mhic Léinn

Tá cliú agus cáil ar Bhaile Átha Cliath mar chathair lán le mic léinn, turasóirí, muintir na háite, agus faoileán. Plódaithe le siopaí chaifé, bus dhá stór, ceoltóirí, rothaí agus bialainne.

Ár bpríomhchathair. Báile Átha Cliath. Cathair beag, ach cathair speisialta gan dabht.

Nuair a bhog mé anseo bliain ó shin, níor cheap mé go mbeadh an méid sin spraoi agam agus grá don chathair tar éís cúpla mí fiú. Bhí na scéalta cloiste agam faoi chostas an tsaoil i mBÁC agus bhíos réidh chun mo bhealach tríd chóláiste a shreachailt. Agus cinnte go bhfuil praghas mór ar an saol i mBÁC, ach tá gliondar agus draíocht le feiceáil i ngach cúinne den chathair, go háirithe mar mhac léinn. Bíonn gach seachtain i mo shaol anseo éagsúil. Ó duine a d’fhás suas faoin tuath, tá Baile Átha Cliath lán le rogha. Ó Fhaiche Stiabhna go Cearnóg Mhuirfean, ó Bheann Éadair go Dún Laoghaire, ó Ráth Maoinis go Dromcondrach níl críoch leis na háiteanna atá le feiceáil. Na cuimhneacháin is fearr atá agam ó thús an tsamhraidh ná an Dart a fháil le mo chairde ar lá grianmhar go dtí Cladach an Daichead Troigh. Ag siúl in aice na farraige, ag faire amach do na róin agus ag éisteacht leis na tonnta. Agus isteach sna héadaí snámha agus ar aghaidh chun léim isteach san uisce. An t uisce gorm fút agus an ghrian buí os do chionn. Nach iontach an saol?

Agus ar an dtaobh eile, níor dhuine gheimhridh mé riamh. B’fhuath liom an gheimhreadh ar feadh mo shaol ar fad. Chaith mé an bhliain ag fanacht ar an samhradh. Ach táim tar éis an tuairim sin a athrú! Níl rud ar bith níos fearr ar oíche fuar ná a bheith ag siúl tríd an chathair chun seacláid te nó cupán tae a fháil le do chairde leis na soilse os do chionn, nó a bheith taobh istigh sabháilte ón bhfuacht i d’éadaí codlata, coinneal lasta agus ag caint is gáire lena chéile. Ní rún é go bhfuil saol oíche gníomhach ag Baile Átha Cliath. Tá rud ar siúl gach oíche sa tseachtain. Agus tá ár n aiteanna is fearr againn ar fad. An rud iontach faoin gcathair ná go bhfuil áit ansin do gach duine! Tá neart clubanna ann ach muna bhfuil sé sin do rud, tá na tithe tabhairne gnóthach agus ciúin nó ceolchoirmeacha, drámaíocht, turas staire, agus neart imeachtaí éagsúla i rith na bliana. Ó Workmans go Flannery’s, ó Index go Coppers, ón Olympia go dtí an 3Arena, ón Músaem Litríochta go Áiléar na hEalaíne tá áit do gach duine.

I ndiaidh bliana anseo, tá na ‘shortcuts’ ar fad ar eolas agam, tá na tithe tabhairne is fearr ar eolas agam, na siopaí beaga deasa, na margaidh is fearr, na páirceanna, na háiteanna deasa chun suígh agus do scíth a ligean, an seacláid te is fearr fiú! Ach níl mé críochnaithe ag iniúchadh. Tá neart fós ann le feiceáil, le cloisteáil agus le taitneamh a bhaint astu. Tá cuimhneacháin fós le cruthú, scéalta le hinsint, cairde le bualadh leo, áiteanna le haimsiú, saol le maireachtáil.

Nuair a shiúlaim tríd chathair Bhaile Átha Cliath, is minic a bhreathnaím timpeall agus go mothaím fíorghrá don chathair. Agus táim ar bís chun cúpla bliain eile a chaitheamh anseo sa chathair álainn agus beomhar. Fiú má tá níos mó ná costas €4 ar chupán caife!

19 | TUATHAL
TaraNíBhroinn

Nuacht ó Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

A chara,

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil deireadh na bliana sroichte cheana féin! Tá súil agam gur bhain tú taitneamh as an téarma agus go raibh deiseanna agat páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Cuireann an oifig seo eolas agus comhairle ar fáil maidir leis an reachtaíocht teanga, in éineacht le bainistíocht a dhéanamh ar na Scéimeanna Cónaithe (Scéim an Champais agus Scéim Halla na Tríonóide i nDartraí), ar Sheomra na Gaeilge, agus ar na ranganna Gaeilge saor in aisce a bhíonn ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne ag am lóin. Cuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil d’fhoireann na hOllscoile, agus eagraítear imeachtaí d’Éigse na Tríonóide agus do Sheachtain na Gaeilge. Má bhíonn ceist, tuairim nó smaoineamh agat maidir le cúrsaí Gaeilge san ollscoil, bí i dteagmháil liom.

Tá téarma gnóthach romhainn tar éis na Nollag nuair a dhéanfar ceiliúradh ar Éigse na Tríonóide (mí Feabhra) agus ar Sheachtain na Gaeilge (1 17 Márta). Bí ag faire amach do na himeachtaí a bheidh ar siúl ag an gCumann Gaelach, an Scéim Cónaithe agus Oifig na Gaeilge agus bí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga náisiúnta agus chun bualadh le cairde nua trí Ghaeilge. Táim ag súil le leanúint leis an gcomhoibriú le Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Eimear Ní Chiaráin, agus le hOifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn, Caoimhe Ní Mhaolaí, i dTéarma na Féile Bríde.

Is foilseachán tábhachtach Gaeilge é Tuathal a thugann léargas ar shaol na Gaeilge agus ar thaithí an mhic léinn i gColáiste na Tríonóide agus molaim an t eagarthóir, Ruairí Ó Séanáin, agus a fhoireann as a gcuid oibre.

Go n éirí go geal leat sna scrúduithe agus táim ag súil le tú a fheiceáil arís sa bhliain nua.

Áine Ní Shúilleabháin

Oifigeach Gaeilge

20 | TUATHAL
Samhain 2022

Seirbhísí & Imeachtaí

Bain úsáid as an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide!

Seomra na Gaeilge

Bíonn Seomra na Gaeilge ar oscailt ó 9.00am 5.00pm Luan Déardaoin agus ó 9am 3pm Dé hAoine. Tá fáilte roimh chách é a úsáid ach an Ghaeilge a labhairt. Cuirtear soláistí tae agus caife ar fáil sa Seomra agus tá micreathonn ann freisin. Iarrtar ort €0.20 a chur sa bhosca airgid gorm ar an gcuntar don tae/caife. Tá sé tábhachtach glanadh suas i do dhiaidh!

Ciorcal comhrá

Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin sa Bhutrach (The Buttery) ó 10.30am 12.00pm. Bíonn mic léinn, baill foirne agus muintir an phobail i láthair. Fáilte roimh chách.

An Scéim Cónaithe 2023 24

Osclóidh an próiseas iarratais do Scéim Cónaithe na bliana acadúla 2023 24 i mí an Mhárta/Aibreáin 2023. Cuirtear fáilte roimh aon mhac léinn fochéime lánaimseartha iarratas a dhéanamh ar an Scéim; ní gá a bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. Cuirtear lóistín Gaeilge ar fáil ar an gcampas agus i Halla na Tríonóide, in éineacht le €1,000. Fair amach don seisiún eolais a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge (1 17 Márta).

Ranganna Gaeilge

Cuirfidh Oifig na Gaeilge cúrsaí Gaeilge saor in aisce ar fáil arís sa bhliain nua. Ofrálfar cúrsa 8 seachtaine ó leibhéal tosaitheora go meánleibhéal. Coimeád súil ar do sheoladh ríomhphoist TCD i lár mhí Eanáir le haghaidh fógra faoi na ranganna

Teastas Eorpach na Gaeilge

Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil do bhaill foirne agus do mhic léinn a bhfuil spéis acu cáilíocht TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) a bhaint amach. Tá na scrúduithe seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Is féidir scrúdú a dhéanamh ag aon leibhéal, ó bhonnleibhéal (A1) go hardleibhéal (C1). Is féidir scrúdú cainte (páirtchreidiúint) nó scrúdú iomlán (cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht, scrúdú cainte lánchreidiúint) a dhéanamh. Déan teagmháil le gaeloifig@tcd.ie le haghaidh tuilleadh eolais

Éigse na Tríonóide: Feabhra 2022

Cuir nóta sa dialann anois d’Éigse na Tríonóide ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach i gColáiste na Tríonóide. Beidh Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn ag eagrú seachtain iomlán imeachtaí i gcomhar leis an gCumann Gaelach agus le hOifig na Gaeilge. Beidh gach eolas faoin Éigse le fáil ar mheáin shóisialta an Chumainn (@CumannGaelachTCD) agus na hoifige seo (@GaeloifigTCD) níos cóngaraí don dáta.

Sonraí Teagmhála

Oifig na Gaeilge

An Séipéal Thiar R: gaeloifig@tcd.ie T: 01 896 3652 www.tcd.ie/gaeloifig

Facebook/Twitter/Instagram: @GaeloifigTCD

21 | TUATHAL

Oireachtas na Samhna leis an gCumann Gaelach

Scríofa ag Oisín O’Keefe

Oireachtas na Samhna. Ní i dTeach Laighean atá an t oireachtas seo. Is é an t imeacht is mó, is cáiliúla, is Gaelaí i saol na Gaeilge chuile bhliain. Tagann Gaeilgeoirí sean agus óg ar fud na tíre le chéile chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh. Gan teorainn. Gan chogadh. Maitheadh peacaí anseo. Ar nós domhain inár tháinig na Sasanaigh go hÉireann. Sin a bhí ráite liom ar a laghad. Mé sa gceathrú bliain anois, agus b’é mo chéad uair ann.

D’fhágamar an choláiste ag a 10rn ar an Aoine i dTreo Chill Airne. Stadamar i dTiobraid Árann chun cuairt a thabhairt ar dhéithe Moneygall, Barack agus Michelle, agus d’fhág muid duine sa gcéad bhliain ann mar íobairt dóibh, ionas go mbeadh deireadh seachtaine an rathúil againn ag an Oireachtas. Faoi dheireadh, shroicheamar an teach ósta i gCill Airne. An chéad rud ar an liosta ná Oíche na Mac Léinn cóisir gléasta a bhí ann agus roghnaigh an Cumann an téama ‘Toy Story’. Bhí ceathrar Woodys agus triúr Jessies ann (yí há), smeadar saighdiúirí agus eachtrán, Bean Uí Cheann Práta, Mam Andy, forc, agus neart daoine eile againn. Bhí an rath againn an oíche sin bhuaigh Tríonóid ‘Ollscoil is Fearr’ sa gcomórtas, bhuaigh Bean Uí Cheann Práta dara háit don fheisteas is cruthaithaí agus bhuaigh Bosco an feisteas is scanrúla (Hup Muineacháin!!). Mar a deir an seanfhocal, Trinners for Winners.

Dhúisíomar go luath an mhaidin dár gcionn. Bhí Seimineár an Oireachtais, Craobh Díospóireachta Gael Linn agus comórtais amhránaíochta agus rince le feiceáil i rith an lae. An oíche sin, d’fhreastalaíomar ar Chlub na Féile. Ní fheicfí in aon áit eile é. Na céadta gutha ag screadach ‘Oró sé do Bheatha Bhaile’. Gach duine ag damhsa le ceol traidisiúnta ar nós Coachella a bhí ann. Theip ar Ionsaí na hInse. Conga line. Cé a chaith an Guinness sin? Conga line eile. Níl na liricí seo ar eolas agam ach screadfaidh mé ar aon nós. A trí a chloig go tobann, agus muid ag fágáil ar an mbus i seacht n uaire. Turas chuig Centra Mucrois (Gay Spar Cill Airne, is dócha) agus comhrá sa seomra suí go dtí a ceathair ar maidin (Labhraíonn Pádraig Béarla?).

Eispéireas tochtmhar a bhí ann domsa. Mo chéad Oireachtas na Samhna mar mhac léinn, agus mo cheann deireanach freisin. Ach is cinnte go mbeidh mé ar ais. Thar mo cheithre bhliain, chonaic mé go bhfuil pobal Gaelach fíor láidir againn anseo i gColáiste Oráiste, agus rinne mé na cairde is fearr ann. Ach tá pobail cosúil linne ar fud na tíre, rud a fheicfidh tú ag an Oireachtas thar aon áit eile. Gaeilgeoirí óga san ollscoil, cinnte, ach céimithe freisin, agus a gciorcail cairde móra a bhfuil Gaeilge mar chuid lárnach dá saoil. Daoine aosta agus déagóirí ag comhrá lena chéile, tuismitheoirí, agus a bpáistí leis an gcanúint is láidre a chuala tú riamh. Tá sí slán a chairde, agus táim sásta go mbeidh áit ann dúinn chun í a labhairt go deo.

22 | TUATHAL

Banphrionsa i mbaol!

Dhá bhlian ó shin, cuireadh an diabhal COVID banphrionsa álainn faoi gheasa agus i bpriosún sa chlogás is airde sa tír. Ach anois, tá an diabhal ag éirí thar a bheith leisciúil, tá sé lag agus tá seans ann do laoch éigin í a shábháil. Cé hí an banphrionsa? Rapunzel? Snow White? Fiona ó Shrek? Ní hea. Is banphrionsa níos galánta, níos flaithiúla, níos spraíúla agus i bhfad Éireann níos fearr (Brónsies Disney) atá i mbaol. An banphrionsa Jailbreak!

An tusa an laoch atá chun glacadh leis an dúshlán agus an banphrionsa a shábháil?

Conas ar féidir leat í a shábháil?

Chun an banphrionsa Jailbreak a shábháil, caithfidh tú páirt a ghlacadh sa chomórtas Jailbreak. Caitfhfidh tú airgead a bhailliú ar son na carthanachtaí is cóngaraí do chroí an bhanphrionsa (Amnesty agus Naomh Uinseann de Pól), caithfidh tú taisteal go dtí áiteanna áirithe ar fud na tíre le cabhair ó roinnt leideanna, caithfidh tú dúshláin éagsúla a shárú agus le cúnamh dé, buafaidh tú an rás go dtí Location X! Níor dúirt éinne go mbeadh sé éasca!

Na mionsonraí!

Mar is gnáth le dúshláin dheacra, ní féidir leat é a dhéanamh i d’aonar. Mar sin de, aimsigh cara nó ‘noble stead’ chun cabhrú leat! Ina dhiaidh sin, ní mór duit síniú suas i gcomhair Jailbreak tríd an fhoirm Google atá sa QR code thíos a líonadh amach. (Tá sé inár mbio Instagram chomh maith!)

Sula dtosaíonn an chomórtas ar Satharn an 18ú Feabhra, beidh oraibh €300 a bhailiú idir an bheirt agaibh. Conas ar féidir an t airgead a bháiliú? Bhuel, is féidir rudaí ar nós tráth na gceist a eagrú, cácaí a dhíol, urraíocht a fháil trína bheith ag dul ag snámh gach lá nó smaoineamh iomlán eile a úsáid. Chomh maith leis sin, má tá cabhair uait ag teacht suas le smaoineamh nó ag cur d’ócáid tiomsaithe ar siúl, tá HQ Jailbreak ann chun cabhrú libh i gcónaí. Téigh i dteagmháil linn ar Instagram nó trí ríomhphost a sheoladh chugainn agus beimid iontach sásta cabhrú!

Ansin, ar maidin an 18ú Feabhra buailfidh na foirne uilig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun tús a chur leis an deireadh seachtaine taiscéalaíochta! Ansin, rachaidh sibh ar turas dodhearmadta ar fud na tíre! Beidh dúshláin ann, beidh radharcanna álainn ann, beidh cúltur ár dtír ann, beidh neart craic ann, agus má bhuann sibh an rás go dtí Location X saorfaidh sibh an Banphrionsa!

Is é Jailbreak an ócáid tiomsaithe mhic léinn is mó in Éirinn agus tá sé ar ais i mbliana. Ar mhaith leat páirt a ghlacadh?

Cathain a bheidh sé ar siúl?: 18ú 19ú Feabhra 2023

Meáin Sóisialta: Instagram: @JailbreakHQ

Tá níos mó eolas uaim! Féach ar ár leathanach Insta nó seol rphost go jailbreakrace@gmail.com

23 | TUATHAL

Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.