3 minute read

Fo-choiste an Chumainn Ghaelaigh 22/23’

Niall Ó hAnnáin, Stiúrthóir Jailbreak

Dia dhaoibh go léir! Is mise Niall Ó hAnnáin, bhur stiúrthóir le haghaidh Jailbreak 2023. Is as BÁC mé agus déanaim staidéar ar an Stair agus Eacnamaíocht. I m’am saor, is breá liom a bheith ag taisteal agus ag lorg taithí nua in Éirinn agus thar lear. I mo thuairimse, tá taiscéalaíocht mar cheann de na rudaí is fearr sa saol seo agus molaim daoibh bhur scéalta a líonadh le taiscéalaíocht! Is aoibhinn liom an pobal Gaelach atá againn sa choláiste agus táim ag súil go mór le sibh a fheiceáil arís le linn na bliana agus b’fhéidir roinnt daoibh a scaipeadh ar fud na tíre ag déanamh rudaí aisteacha ar son Jailbreak! Gan dabht beidh sár-chraic againn. Slán go fóill!

Advertisement

Aoife Wadd, Oifigeach na Tríú Bliana

Is mise Aoife Wadd. Is as an Longfort mé. Táim fiche bliana d’aois agus táim sá tríú bhliain ag déanamh Zó-eolaíocht. Is breá liom ainmhithe i bhfad níos mó ná daoine ach is breá liom a bheith ag caint le daoine nua agus labhróidh mé le haon rud a fhreagraíonn dom. Is breá liom an Ghaeilge agus tá sceitimíní orm a bheith ar an gcoiste mar oifigeach na triú bliana an bhliain seo! Anuraidh, i rith na Nollag, rinne mé físeáin le BLOC TG4 agus ina dhiaidh sin, bhí suim agam níos mó páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge. Rud amháin suimiúil fúm féin ná go bhfuil dhá chrois agam i Karate agus fuair mé mo chead chrois dubh nuair a bhí mé aon bhliain déag d'aois!

David Mockler, Leas-OCP

Bail ó Dhia oraibh, Is é David Mockler an t-ainm atá orm is tá mé naoi mbliana déag d'aois. Is as Baile Átha Cliath dhom, agus tá mé sa dara bhliain ag déanamh staidéir ar Ríomheolaíocht, Teangeolaíocht, agus an Fhraincis. Tá mé i mo LeasOCP i mbliana sa gCumann Gaelach is tá mé ag baint an-taitneamh as. Is mór an tsuim atá agam sa nGaeilge ó thoisigh mé ag cur suime inti sa gcúigiú bhliain ar scoil. D'fhoghlaim mé cuid de mo chuid Gaeilge ó chainteoirí Mhaigh Eo, agus cuid eile i gcoláistí samhraidh i nGaillimh. Bhí mé i m'intéirneach i rith an tsamhraidh sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide agus b'iontach an deis é sin giota oibre a dhéanamh ar chur chun cinn teicneolaíocht Gaeilge, is oibrím go páirt-aimseartha léi ó shin amach.

Fachtna Mac Conghail, Oifigeach na Céad Bliana

Hi, is mise Fachtna, Oifigeach na céad bliana i mbliana. Is as Baile Mhuineachán mé ach i ndáiríre tá mo chroí sa chathair. Bhí an Ghaeilge mar an chéad teanga agam, agus í á labhairt sa bhaile, agus i mbliana teastaíonn uaim an taithí atá agam léi a úsáid chun an Ghaelinn a chur chun cinn sa choláiste, agus go háirithe i measc na céad bliana. Maidir liom fhéin, is breá liom an léamh agus an scríobh, agus bím de shíor ag lorg a thuilleadh eolas ar an Domhan mór. Chomh maith le sin, is dócha go gcífidh sibh mé am éigint san iris, tá dúil agam san fhilíocht. Ba bhreá liom bheith ar an bhFód Dubh faoi láthair, gan cúram nó buairt, ag siúl cois trá. B’fhéidir ag an ‘Seachtain Staidéar’!

Mac O’Brien, Leas-Oifigeach Siamsaíochta

Is mise Mac O’Brien. Is as An Spidéal mé, i gcontae na Gaillimhe. D’fhás mé suas faoin tuath agus tá mé ag baint an-taitneamh as a bheith i mo chónaí sa chathair mhór. Bhí an Ghaeilge i gcónaí páirteach i mo shaol ó aois óg. D’fhreastail mé ar bhunscoil Gaelach agus caithim mo shamhraidh ag obair sa Ghaeltacht. Anois tá mé páirteach sa scéim cónaithe agus sa Chumann Gaelach, agus tá an deis agam Gaeilge a labhairt gach lá. Is breá liom a bheith ag seinm ceol i m’am saor - seinnim an giotár, an pianó agus na drumaí. Is é seoltóireacht an caitheamh aimsire is fearr liom, agus bím ag seoltóireacht le mo chlub ar ais i nGaillimh agus le TCD. Tá mé sa dara bhliain ag staidéar Innealtóireacht. Tá an-suim agam sna aeraidinimic, agus ba bhreá liom a bheith ag obair le báid nó eitleán sa todhchaí. Is mise an leas-oifigeach siamsaíochta don Chumann Gaelach i mbliana. Tá mé ag súil go mór leis na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl againn.

This article is from: