3 minute read

BÁC mar Chathair an Mhic Léinn

Baile Átha Cliath mar Chathair an Mhic Léinn

Tá cliú agus cáil ar Bhaile Átha Cliath mar chathair lán le mic léinn, turasóirí, muintir na háite, agus faoileán. Plódaithe le siopaí chaifé, bus dhá stór, ceoltóirí, rothaí agus bialainne.

Advertisement

Ár bpríomhchathair. Báile Átha Cliath. Cathair beag, ach cathair speisialta gan dabht.

Nuair a bhog mé anseo bliain ó shin, níor cheap mé go mbeadh an méid sin spraoi agam agus grá don chathair tar éís cúpla mí fiú. Bhí na scéalta cloiste agam faoi chostas an tsaoil i mBÁC agus bhíos réidh chun mo bhealach tríd chóláiste a shreachailt. Agus cinnte go bhfuil praghas mór ar an saol i mBÁC, ach tá gliondar agus draíocht le feiceáil i ngach cúinne den chathair, go háirithe mar mhac léinn. Bíonn gach seachtain i mo shaol anseo éagsúil. Ó duine a d’fhás suas faoin tuath, tá Baile Átha Cliath lán le rogha. Ó Fhaiche Stiabhna go Cearnóg Mhuirfean, ó Bheann Éadair go Dún Laoghaire, ó Ráth Maoinis go Dromcondrach - níl críoch leis na háiteanna atá le feiceáil. Na cuimhneacháin is fearr atá agam ó thús an tsamhraidh ná an Dart a fháil le mo chairde ar lá grianmhar go dtí Cladach an Daichead Troigh. Ag siúl in aice na farraige, ag faire amach do na róin agus ag éisteacht leis na tonnta. Agus isteach sna héadaí snámha agus ar aghaidh chun léim isteach san uisce. An t-uisce gorm fút agus an ghrian buí os do chionn. Nach iontach an saol?

Agus ar an dtaobh eile, níor dhuine gheimhridh mé riamh. B’fhuath liom an gheimhreadh ar feadh mo shaol ar fad. Chaith mé an bhliain ag fanacht ar an samhradh. Ach táim tar éis an tuairim sin a athrú! Níl rud ar bith níos fearr ar oíche fuar ná a bheith ag siúl tríd an chathair chun seacláid te nó cupán tae a fháil le do chairde leis na soilse os do chionn, nó a bheith taobh istigh sabháilte ón bhfuacht i d’éadaí codlata, coinneal lasta agus ag caint is gáire lena chéile. Ní rún é go bhfuil saol oíche gníomhach ag Baile Átha Cliath. Tá rud ar siúl gach oíche sa tseachtain. Agus tá ár n-aiteanna is fearr againn ar fad. An rud iontach faoin gcathair ná go bhfuil áit ansin do gach duine! Tá neart clubanna ann ach muna bhfuil sé sin do rud, tá na tithe tabhairne - gnóthach agus ciúin - nó ceolchoirmeacha, drámaíocht, turas staire, agus neart imeachtaí éagsúla i rith na bliana. Ó Workmans go Flannery’s, ó Index go Coppers, ón Olympia go dtí an 3Arena, ón Músaem Litríochta go Áiléar na hEalaíne - tá áit do gach duine. I ndiaidh bliana anseo, tá na ‘shortcuts’ ar fad ar eolas agam, tá na tithe tabhairne is fearr ar eolas agam, na siopaí beaga deasa, na margaidh is fearr, na páirceanna, na háiteanna deasa chun suígh agus do scíth a ligean, an seacláid te is fearr fiú! Ach níl mé críochnaithe ag iniúchadh. Tá neart fós ann le feiceáil, le cloisteáil agus le taitneamh a bhaint astu. Tá cuimhneacháin fós le cruthú, scéalta le hinsint, cairde le bualadh leo, áiteanna le haimsiú, saol le maireachtáil. Nuair a shiúlaim tríd chathair Bhaile Átha Cliath, is minic a bhreathnaím timpeall agus go mothaím fíorghrá don chathair. Agus táim ar bís chun cúpla bliain eile a chaitheamh anseo sa chathair álainn agus beomhar. Fiú má tá níos mó ná costas €4 ar chupán caife!

Tara Ní Bhroinn

This article is from: