2 minute read

Eolas faoi JAILBREAK

Banphrionsa i mbaol!

Dhá bhlian ó shin, cuireadh an diabhal COVID banphrionsa álainn faoi gheasa agus i bpriosún sa chlogás is airde sa tír. Ach anois, tá an diabhal ag éirí thar a bheith leisciúil, tá sé lag agus tá seans ann do laoch éigin í a shábháil. Cé hí an banphrionsa? Rapunzel? Snow White? Fiona ó Shrek? Ní hea. Is banphrionsa níos galánta, níos flaithiúla, níos spraíúla agus i bhfad Éireann níos fearr (Brónsies Disney) atá i mbaol. An banphrionsa Jailbreak! An tusa an laoch atá chun glacadh leis an dúshlán agus an banphrionsa a shábháil? Conas ar féidir leat í a shábháil? Chun an banphrionsa Jailbreak a shábháil, caithfidh tú páirt a ghlacadh sa chomórtas Jailbreak. Caitfhfidh tú airgead a bhailliú ar son na carthanachtaí is cóngaraí do chroí an bhanphrionsa (Amnesty agus Naomh Uinseann de Pól), caithfidh tú taisteal go dtí áiteanna áirithe ar fud na tíre le cabhair ó roinnt leideanna, caithfidh tú dúshláin éagsúla a shárú agus le cúnamh dé, buafaidh tú an rás go dtí Location X! Níor dúirt éinne go mbeadh sé éasca! Na mionsonraí! Mar is gnáth le dúshláin dheacra, ní féidir leat é a dhéanamh i d’aonar. Mar sin de, aimsigh cara nó ‘noble stead’ chun cabhrú leat! Ina dhiaidh sin, ní mór duit síniú suas i gcomhair Jailbreak tríd an fhoirm Google atá sa QR code thíos a líonadh amach. (Tá sé inár mbio Instagram chomh maith!) Sula dtosaíonn an chomórtas ar Satharn an 18ú Feabhra, beidh oraibh €300 a bhailiú idir an bheirt agaibh. Conas ar féidir an t-airgead a bháiliú? Bhuel, is féidir rudaí ar nós tráth na gceist a eagrú, cácaí a dhíol, urraíocht a fháil trína bheith ag dul ag snámh gach lá nó smaoineamh iomlán eile a úsáid. Chomh maith leis sin, má tá cabhair uait ag teacht suas le smaoineamh nó ag cur d’ócáid tiomsaithe ar siúl, tá HQ Jailbreak ann chun cabhrú libh i gcónaí. Téigh i dteagmháil linn ar Instagram nó trí ríomhphost a sheoladh chugainn agus beimid iontach sásta cabhrú! Ansin, ar maidin an 18ú Feabhra buailfidh na foirne uilig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun tús a chur leis an deireadh seachtaine taiscéalaíochta! Ansin, rachaidh sibh ar turas dodhearmadta ar fud na tíre! Beidh dúshláin ann, beidh radharcanna álainn ann, beidh cúltur ár dtír ann, beidh neart craic ann, agus má bhuann sibh an rás go dtí Location X saorfaidh sibh an Banphrionsa! Is é Jailbreak an ócáid tiomsaithe mhic léinn is mó in Éirinn agus tá sé ar ais i mbliana. Ar mhaith leat páirt a ghlacadh? Cathain a bheidh sé ar siúl?: 18ú-19ú Feabhra 2023 Meáin Sóisialta: Instagram: @JailbreakHQ Tá níos mó eolas uaim! Féach ar ár leathanach Insta nó seol rphost go jailbreakrace@gmail.com

Advertisement

This article is from: