1 minute read

An Ceann Gamhna

Next Article
Síolta Darach

Síolta Darach

Árón Stiofán Ó Conaill

Fadó fadó i gContae an Chabháin, Ag bean Uí Ruairc bhí pota mór stáin. Sa phota mhór seo a dhéanfadh sí proinn, Di féin, dá fear agus dá cloinn. Dé Domhnaigh amháin le haghaidh proinne mheán lae, Bhí ceann gamhna a’ goil sa phota deas réidh.

Advertisement

‘Is leis an cheann seo a líon sise lán,

Le domplannaí móra an pota mór stáin. Ach bhí uirthi imeacht, bhí Aifreann ar siúl, ‘Is bhí sé ar dhuine éigin eile a shúil a choinneáil go géar ar phroinn an mheán lae, ‘Is don obair seo, bhí an fhreagracht ar Aodh. Agus cé gurbh eisean an páiste ba lú, eisean a bhí freagrach as an fheoil ‘is an tsú.

‘Is tar éis tamaillín, d’amharc Aodh óg isteach,

‘Is gan moill ar bith, rith an buachaill amach, Síos an bhóthair go Teampall an Iúir, ‘Is réab sé isteach ‘is ansin lig sé búir: “A Mhamaí! Tá ceann sa phota mhór stáin,

Beidh a bholg in áit mo bholg féin lán! Mura dtiocfaidh tú, a Mhamaí, abhaile in am, Beidh na domplannaí ite go léir ag an cheann!”

This article is from: