4 minute read

Mainie Jellett

Next Article
Síolta Darach

Síolta Darach

Mainie Jellett (1897-1944)

Ruairí Ó Séanáin

Advertisement

Ag crochadh go galánta i measc samplaí den saothar is aoibhne ó ealaíontóirí Éireannacha mór le rá ón bhfichiú haois, tá íomhá de chuid Mainie Jellett dar teideal Decoration (1923). Crochann sí i Sciathán Bhaile an Mhuillinn i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, áit a shonraítear teacht le chéile fíneálta an fhráma óir chuibhiúil leis an gcomdhéanamh é féin, agus leis an ngrástúlacht a n-ofráiltear go minic in íocóin reiligiúnacha a léiríonn an Mhaighdean Mhuire agus a páiste, íomhá a bhfuil Jellett cinnte tar éis ionsparáid a fháil uaithi sa phictiúr seo. Thiomnaigh Evie Hone, comhaoiseach de chuid Jellett, an íomhá seo don ghailearaí nuair a chuaigh sí ar shlí na fírinne in 1955, agus mar sin de, braitear neach agus dlúthpháirtíocht láidir idir dhá bhean a dtroideann go fiachmhar le haghaidh ar a n-áit dlisteanach i stair na healaíne sa tír seo, stair atá nach mór déanta suas d’fhir. Thaisteal Jellett agus Hone go Páras le chéile go luath sna 1920idí, áit a ndearna siad staidéar ar an ealaín faoi chúram André Lhote agus Albert Gleizes. Níl aon cheist faoi ach gur fhoghlaim siad neart ó theoiricí ealaíne na beirte. Mhol Lhote cur chuige anailíseach Cézanne go mór, agus ba chiúbaíoch mór é Gleizes. Go deimhin, trasnaíonn íomhá de chuid Gleizes dhá shaothar eile de chuid Jellett i stiúideo Sciathán na Mílaoise sa ghailearaí, áit a bhfeictear samplaí de na hambasadóirí is fearr agus is cáiliúla i stair na healaíne san Eoraip idir 1850 agus 1950. Cé go bhfuil an scoláireacht ar Jellett réasúnta teoranta, tá an ghailearaí mar cheann de na hinstitiúidí a naithníonn gaisce ealaíne Jellett, agus a measann go bhfuil áit tuillte ag a saothar i measc laochra na healaíne nua-aimseartha, in Éirinn agus thar lear. Cé go raibh Jellett mar ionadaí d’Éireann sa chomórtas péintéireachta ag na Cluichí Oilimpeacha in 1928, ní dheachaigh a saothar Decoration i gcion ar na criticeoirí ag taispeántas ghrúpa de chuid Cumann na bPéintéirí Bhaile Átha Cliath cúig bhliain ní ba luaithe. Ní raibh an chur síos a ndearna an léirmheastóir ón Irish Times fláithiúil in aon chor nuair a dúirt sé nach raibh sa phictiúr ach “puzal doréitithe”, agus nach raibh inti ach “cearnóga, ciúbanna, cruthanna aisteacha agus dathanna atá ag teacht le chéile.” Ní fhéadtar a rá go raibh an fear seo mícheart agus é ag déanamh cur síos ar chomhdhéanamh na híomhá, ach tugann tuin diúltach an tsleachta le fios go raibh mí-thuiscint aige ar ealaíontóir a bhí tar éis pictiúr álainn agus uathúil a chruthú trí chur chuige nua-aimseartha a nascadh le claonadh i dtreo traidisiún pictiúrtha seanbhunaithe. Rugadh Mainie Jellett i mBaile Átha Cliath in 1897 i gclann uasaicmeach. Óna hóige, léirigh sí bua as cuimse san ealaín. Rinne sí staidéar faoi chúram an ealaíontóra William Orpen i Scoil Chathrach na hEalaíne i mBaile Átha Cliath go dtí 1917. Ina dhiaidh sin, thaisteal sí go Londain, áit ar chláraigh sí i Scoil Ealaíne Westminster. Le linn na céad trí bliana anseo, bhí a táirgeadh de líníochtaí, uiscedhathanna agus íomhánna in ola iontach torthúil. “An Chéad Réabhlóid” a ghlaoigh sí ar an tréimhse seo, agus “An Dara Réabhlóid” ar an tréimhse a tháinig ina dhiaidh faoi stiúir André Lhote i

bPáras. I rith na tréimhse seo, mhúin Lhote bunriachtanais an Chiúbachais di, agus cé gur thug sé urraim do Cézanne, bhí fonn aige filleadh ar ealaín chlasaiceach, gné a léiríonn an ghluaiseacht mhór a bhí ag tarlú i bPáras ag an am. Áfach, bhí Jellett fós sa tóir ar aeráid radacach de theibíocht.

Dá bharr sin, d’áitigh Jellett agus Hone ar an bhfealsamh agus péintéir Fraincise Albert Gleizes chun iad a mhúineadh, fear a bhí i lár tréimhse éiginnteachta é féin. Cé gur thaispeáin na healaíontóirí a saothair i bPáras le linn “An Tríú Réabhlóid”, thug na healaíontóirí aghaidh ar bhlianta de dheacrachtaí, dhímheas agus magadh. Lean sé seo ar aghaidh do Jellett nuair a d’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath agus nuair a léirigh sí a saothar ag an taispeántas cáiliúil de chuid Cumann na bPéintéirí in 1923. Ina ainneoin sin, thaispeáin sí teacht aniar agus acmhainneacht iontach agus d’fhorbair sí a stíl le linn an tréimhse fiche bliana a bhí le teacht. Le linn an ama seo, chuir sí an-chuid taispeántais aonair i láthair, an cheann deireannach a tharla in 1941, trí bliana sula bhfuair sí bás roimh am.

Go deimhin, b’é 1941 an bhliain ar phéinteáil sí Achill Horses (1941), íomhá a léiríonn an tionchar a bhí ag an gCiúbachas agus ealaín Síneach ar a saothar. Tá na tionchair seo neadaithe i saol atá leagtha amach ag céimeanna éagsúla de phéintéireacht teibí agus obair réalaíoch. Ní fheictear forbairt níos soiléire ina stíl ná an fhorbairt a tharla go luath sna 1930idí nuair a chuirtear i gcomparáid saothair cosúil le Abstract Composition (1935), a bhfuil stíl bog aici, leis an stíl dian

líneach a bhí ann roimhe in íomhánna cosúil le Composition (1922), a bhfuil láidreacht de dhathanna agus codarnsachtaí tréan le feiceáil iontu. Ó thus deireadh saol a gearradh róluath, braitear flúirse d’íomhánna cumasacha ó bhean a bhfuil an meas agus aithint is airde tuillte aici dá páirt in ealaín Éireannach an luath-20ú haois. Impím ar scoláirí na Tríonóide ealaín agus sárbhua Jellett a thuiscint dóibh féin ag na danlanna éagsúla timpeall na tíre.

Fig. 1: Mainie Jellett; Decoration, 1923; Teampara ar phainéal adhmaid; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath. Fig. 2: Mainie Jellett; Achill Horses, 1941; Ola ar chanbhás; Gailearaí Náisiunta na hÉireann, Baile Átha Cliath. Fig. 3: Mainie Jellett; Abstract Composition, 1935; Ola ar chanbhás; Gailearaí Crawford, Corcaigh. Fig. 4: Mainie Jellett; Composition, 1922; Ola ar chanbhás; Bailiúchán príobháideach.

This article is from: