Plean Teanga Chiarraí Thiar - Eolas & Nuacht West Kerry Language Plan - Info & News Bille na dTeangacha Oifigiúla (2019) / Official Languages Bill Fuaireadh os cionn 300 leasú molta do Bhille na dTeangacha Oifigiúla agus iad á phlé i dTithe an Oireachtais na laethanta seo. Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 is ea an Bille seo, agus é in ainm is seirbhísí Stáit as Gaelainn a fheabhsú sa tír seo. 20% d'earcaithe nua sa Státchoras is ea ceann des na spriocanna a luaitear leis an mBille seo. Ceann des na moltaí ná ceadaíodh le déanaí ná an moladh gur chóir go mbeadh seirbhísí Stáit ar fáil as Gaelainn sa Ghaeltacht. Is ait an dícheadú é seo d'éinne a bhí ag féachaint ar an mBille seo. Tá sé mar bheart i bPlean Teanga Chiarraí Thiar go mbeadh seirbhísí áirithe ar fáil as Gaelainn sa dúthaigh, mar sin impímid ar na Teachtaí Dála agus na hAirí an clásal seo a chur isteach sa reachtaíocht go práinneach. Dheinfeadh sé seo feabhas ana mhór ar an dtalamh agus mar sin tá na hOifigigh Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta ag iarraidh ar dhaoine a nguth a úsáid leis an gceist thábhachtach seo a léiriú. Liostáltha anseo agam tá na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhainfeadh le foráil mar seo a bheith sa dlí: Buntaistí: • Bheifeá ag tacú le hearcaíocht & postanna a choiméad sa Ghaeltacht. • Chuirfeadh sé go mór le stádas agus úsáid na Gaelainne, agus thabharfadh sé deiseanna iontacha do dhaoine leis an dteanga. • Chomhlíonfadh sé dualgaisí cearta daonna agus cearta teanga saoránaigh na tíre seo. Míbhuntáistí: ní hann dóibh. An Cúinne Cruthaitheach
Grúpa Aclaíochta le Beo Fitness:Tá grúpa aclaíochta nua á chur ar bun le Beo Fitness traenáil phearsanta aige baile as Gaelainn ó Éanna. Duaiseanna ar fáil chomh maith!
phodchraoladh nua. Podchraoladh ina mbeadh ábhair as Gaelainn á bplé ag cainteoir líofa, agus ansan á chíoradh ag láithreoirí an chláir. Beidh idir 10 – 30 neomat cainte le tras-scríobh ar gach clár, agus idir 8 – 10 podchraoltaí. Beifear sásta díol as uaireanta tras-scríbhneoireachta. Téir i dteagmháil le Tobar Dhuibhne chun spéis a léiriú sa ról seo.
Comórtas Cumadóireachta / Composition Competition!
Deiseanna fostaíochta / Employment Opportunities
Táimid ana shásta tús a chur le Comórtas Cumadóireachta Thobar Dhuibhne! Dánta, scéalta, amhráin, rap, scríbhneoireacht chrutaitheach d'aon saghas.... cuirfimid fáilte roimis iontrálacha ó gach éinne - an spriocdháta ná 12ú Márta. Tá tuilleadh eolais ar mheáin shóisialta againn maidir le téamaí samplacha, go háirithe do dhaoine óga. Duaiseanna i ngach rannóg agus tabharfar cuireadh d'iarrthóirí áirithe freastal ar mháistir-cheardlann le Dairena Ní Chinnéide.
Ar maith leat a bheith i d’áisitheoir le Tobar Dhuibhne i 2021 agus cúpa punt a thuilleamh? Bí i dteagmháil linn.
Cúrsa Cainte Ba mhaith linn comhghairdeachas a ghabháil leis na rannpháirithe a bhí againn don gCúrsa Cainte do chúramóirí leanaí le déanaí. Tréaslaímid go mór leo ar fad as a gcumas cainte Gaelainne a ardú sa réimse seo. Táimid ana bhuíoch go deo chomh maith as an áisitheoir iontach a bhí againn dó seo, Marie Ní Shúilleabháin. Maith sibh! TechFéile 2021! Táimid ag súil go mór le TechFéile i mbliana agus tá go leor comórtaisí agus deiseanna ann do dhaoine óga páirt a ghlacadh. Má tá píosa físe nó fuaime déanta agat le bliain, cuimhnigh air é a chur isteach i gceann dos na comórtaisí! Is leathan na rannóga atá acu, ó phodchraoladh, go TikTok go Gearrscannáin. Beidh láitheoirí agus ceoiltóirí ag teastáilt chomh maith uathu. Podchraoladh - Á LORG / Wanted Duine chun tras-scríobh a dhéanamh do
- Stiúrthóir ar Chiorcal Comhrá / Cleachtadh Cainte. - Duine a bheadh sásta imeachtaí ar líne a rith (mar shampla, Tráth na gCeist, Dreasanna Cainte, Clubanna Óige, Taispeántaisí Cócaireachta srl). Bímid oscailte d’aon saghas ruda! Tomhais na coicíse Cad é a líonann seomra gan aon spás a thógaint suas? Cuir freagra chugainn @tobardhuibhne ar Instagram nó ar r-phost! Freagra & buaiteoirí an eagráin seo chaite: "Lámhíní". Robert Ashe, Diana Ní Scanláin, Michéal Ó Muircheartaiggh, Noel McNamara & Siobhán Ní Ghrifín.
Ríomhphost:pleanteanga@cfcd.ie Suíomh Idirlín: www.tobardhuibhne.ie Fón oifige: (066) 9156 100 – brúigh 3 do Thobar Dhuibhne John Prendergast & Cristín de Mórdha
j.prendergast@cfcd.ie & c.demordha@cfcd.ie 087 376 9538
087 377 9337
Tá píosaí cruithaitheacha á bhfoilsiú anseo againn as Gaelainn nó go dhátheangach. Má chuireann tú dán, ealaíon nó splanc-scríbhneoireacht chugainn, tabharfar dearbhán One4All don té foilsithe! Sprioclá ná Luan sula dtagann an West Kerry Live amach. Imeachtaí / Events Is iomaí imeacht agus grúpa atá curtha le chéile anois againn - bí i dteagmháil chun aon eolas a fháilt ar aon cheann acu! Cór Gaelach:Amhránaíocht as Gaelainn ar Zoom le Louise. Cleachtadh Cainte :Seisiúin neamhfhoirmeálta cainte ar líne / Informal talking sessions online. Gaelainn do Thuismitheoirí :Seisiúin le Róisín do thúismitheoirí chun nathanna agus stór focal a phiocadh suas / Phrase and vocab sessions for parents with Róisin GaelChara :Beidh cainteoir dúchais agus foghlaimeoir curtha le chéile agus mar dhúshlán acu méid áirithe ama a chaitheamh lena chéile. / Native speakers and leaners will be paired up to do activities regularly through Irish. Cumann Ceardaóichta :Club Ealaín agus Ceardaiocht Bhúnsach do leanaí ar líne. Cumann Sleibhteoireachta : Grúpa a thabharfaidh fés na sleibhte nuair a bheidh na srianta ligithe.
West Kerry Live 15