West & Mid Kerry Live

Page 16

Cúlra Coláistí Chorca Dhuibhne Tá Coláistí Chorca Dhuibhne, atá lonnaithe in Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh in Iarthar Dhuibhneach, ar an bhfód anois le breis is daichead bliain. Is fochomhlacht de chuid Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne é, comharchumann a bunaíodh sa bhliain 1966. Cuireann Coláistí Chorca Dhuibhne go mór le geilleagar na háite trí Chúrsaí Gaeilge a chur chun cinn. Comhlacht láidir, socair, rathúil é ó thaobh ioncaim agus ó thaobh bainistíochta de. Cuirtear Cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaltaí scoile idir 10-18 mbl., do mhic léinn oideachais fé oiliúint agus d’Iarchéimithe chun muintir na Gaeltachta agus Galltachta a mhealladh i dtreo na Gaelainne. Is fiú €2.5 milliún in aghaidh na bliana gnó Choláistí Chorca Dhuibhne go díreach don cheantar agus nuair a thógtar an gnó agus seirbhísí breise a éilíonn sé san áireamh is fiú thart ar €7 mhilliún an gnó do Chorca Dhuibhne. Aithnítear go forleathan go bhfuil rath ar chúrsaí Choláistí Chorca Dhuibhne agus tá sé i gceist againn tógáil ar an gcuid seo den ngnó amach anseo. Cuirtear ana-bhéim ar fad ar an dteanga labhartha i gCúrsaí Choláistí Chorca Dhuibhne. An aidhm ná an líofacht chuí d’aois na leanaí a fhorbairt iontu. Sna cúrsaí traidisiúnta ag Coláistí Chorca Dhuibhne maireann an dalta scoile i dtigh Gaeltachta ar feadh coicíse nó trí seachtaine. Reáchtáltar cúrsaí cónaithe i gColáiste Íde. Ba mhaith le Coláistí Chorca Dhuibhne a bheith ar an gColáiste Gaeilge is nua-aimseartha sa tír maidir le soláthar Cúrsaí Gaeilge do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna na hÉireann. Reáchtáltar cúrsaí deireadh seachtaine ó cheann ceann na bliana dosna daltaí ag an dá leibhéal seo agus tá méadú leanúnach ag teacht ar líon na rannpháirtithe. Aidhmeanna Choláistí Chorca Dhuibhne •

Cúrsaí Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaltaí scoile idir 10-18 mbliana déag d’aois agus do mhic léinn tríú leibhéal.

Luach a gcuid airgid a chur ar fáil do thuismitheoirí, do dhaltaí scoile agus do mhic léinn, chomh fada is a bhaineann le hábhar teagaisc agus le díograis na foirne teagaisc.

Cur le hinmharthanacht na Gaelainne.

Borradh a spreagadh sa gheilleagar áitiúil.

Ról na Mná Tí Tá an bhean tí lárnach i reáchtáil na gColáistí Samhraidh agus sa taithí Ghaeltachta ag an ndalta. Baile an dalta is ea an tigh Gaeltachta fad a fhanann sé i gCorca Dhuibhne. Gné ana-thábhachtach den dtigh sin is ea an sampla teangan agus cultúir a bhlaiseann an dalta ann. Spreagann an bhean tí iarrachtaí an dalta sa Ghaelainn tríd an dea-shampla is an moladh. Bíonn an bhean tí ar a dícheall leis ag cur gach aon bhéile ar fáil agus ag ní na n-éadaí don dalta ar feadh an chúrsa. Sábháilteacht agus compord an dalta dualgas na mná tí is an teaghlaigh Ghaeltachta fad is atá an dalta sa tigh agus scartha óna mhuintir féin ar feadh tréimhse. Fáthanna le bheith id’ Bhean/ Fhear a’ Tí

Tá tú ag obair duit féin.

Bíonn tú ag obair ón mbaile.

Bíonn úinéireacht agat ar an gcúram.

Cuirtear an tacaíocht chuí ar fáil chun an tigh a chur in oiriúint do na scoláirí. Bíonn deontas 20% ó Roinn na Gaeltachta agus €2,000 ó Choláistí Chorca Dhuibhne

Bíonn idir 9 agus 20 seachtain oibre i gceist sa bhliain. Bíonn cúrsaí gach Meitheamh agus Iúil de ghnáth.

Ag cabhrú le dul chun cinn na Gaelainne agus na Gaeltachta.

Deis bualadh le daoine ó cheann ceann na tíre.

Bíonn daltaí óga imithe 4 lá sa tseachtain óna 9.00 – 17.00. Bíonn siad fé chúram an choláiste ag na hamanta seo.

Bíonn cúrsaí againn anois i Mí Eanáir, sa Cháisc agus i Mí Aibreáin. Is deis oibre bhreise i rith na bliana iad seo.

Ioncam saor ó cháin atá i gceist.

16 Corca Dhuibhne Beo


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.