West & Mid Kerry Live issue 308

Page 33

Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne An Sceach Gheal ag fógairt an tsamhraidh!

Scoil: Scoil Cheann Trá. Múinteoir: D.Ó Cúrnáin Ní ceart ainmhithe do bhualadh le píosa de'n sceach gheal, agus fós ní tugtar bláth an chrainn sin isteach sa tig cómnuidhthe i rith mí na Bealtaine. Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire. Múinteoir: Seán Ó Loingsigh Tinneas Droma: (i) I gCorca Dhuibhne -- Dul isteach tré "Cró na snáthaide" + fuinneóigín bheag caol atá i dteampall Cill-MaolCeadair. (ii) An sceach gheal a bheirbhiú agus an t-uisce a chuimilt do'n áit tinn Scoil: An Bloscoad Mór. Múinteoir: Máire Nic Gearailt

Tá an sceach gheal aoibhinn, lena bláthanna bána agus rian den mbándearg orthu, fé bhláth i gclathacha ar fud na hÉireann na laethanta seo. Bhí dlúthbhaint ag an sceach gheal le ceiliúradh na Bealtaine go háirithe Lá Bealtaine. Chreidtí go mbain draíocht léi. Bhaintí craobh den sceach gheal, mhaisítí le bláthanna, giobail agus ribíní ildaite í agus chuirtí os cionn an dorais í chun an tigh agus an teaghlach a chosaint. Ní thugtaí na bláthanna isteach sa tigh ar chor ar bith ar eagla go dtiocfadh drochrath ar mhuintir an tí. Ná ní bhíodh baint ag duine ar bith le crann aonair in áit oscailte nó i lios mar go dtarraingeodh sin drochrath nó fiú bás obann ar an té a bhain. Chreidtí gur leis na daoine maithe an crann aonair sin agus tá mórán scéalta i mbéaloideas na tíre ar mháchail a thagadh ar lámh nó ar chorp an té a bhain nó ar bhás gan choinne ná feadfaí a mhíniú. Leiríodh ana-ómós dosna crainn céanna dá bharr sin. Agus as na crainn a gheibhtear taobh le cuid mhaith de thoibreacha beannaithe na tíre is sceach gheal níos mó ná a leath díobh. Luaitear an sceach gheal nó an crann deilgneach le tobar beannaithe Chluain Mhic Nóis. Chrochadh oilithrigh giobail agus ofrálacha ar an gcrann agus turas an tobair á dhéanamh acu Lá Phátrún Naomh Ciarán. Oíche Bhealtaine a bhíodh daoine ag triall ar leigheas ag Tobar Phádraig i nDún Phádraig, Co. an Dúin. Bhí sceach gheal taobh leis an dtobar, dh’imíodh an t-uisce thar bruach amach agus thumadh daoine ball coirp san uisce chun go leigheasfaí iad. Tá scéal eile faoi Naomh Colmcille agus Tobar an Deilg a luadh leis. Dúradh fé go raibh dealg ina chois, gur thum sé in uisce an tobair an chos, go mbaineadh an dealg as an gcois agus gur as an ndealg san a d’fhás an sceach gheal taobh leis an dtobar.

Talamh agus Curadóireacht

-Ábhar ó Bhailiúchán na Scol á fhoilsiú le caoinchead: Cnuasach Bhéaloideas Éireann www.duchas.ie

Talamh mín – bíonn cré mhaith ann – Tá fód maith air. Talamh Garbh – cliathán cnoic nó sliabh, riasc, portach, móinteán, currach. Bán: Talamh féarach a bheadh cúpla bliain gan cur. Ithir: Talamh tar éis na prátaí a bhaint. Coinleach: Talamh tar éis barra coirce bheith bainte. Branar: Talamh treafa ullamh le cur. Iomaire: Leabaigh treafa chun prátaí a chur. Riastáil: Leabaigh déanta le rámhainn. Clais: An spás idir dhá iomaire.

Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta

Ullmhú na talún roimh ré do phrátaí:

1. Cúrsa Gaeilge ar líne / Irish Language Class on line

Bán nó seanabhán is fearr ach d’fhásfadh an práta beagnach in aon talamh ach é a leasú. Cuirtear aoileach an bhuaile amach aon am ó Dheireadh Fómhair go tosach an Earraigh. Éinne atá i gcóngar na trá úsáideann siad ualaí gainimhe agus feamannach chun an t-aoileach a chur i bhfód. Is leasú maith an feamannach do phrataí. Is le linn ráithe an Earraigh a deintear an churadóireacht go léir geall leis – ó Lá le Bríde go deireadh an Aibreáin ach cuirtear formhór na bprátaí sa Mhárta. Is i ndruileanna is mó a chuirtear prátaí inniu. Is fusa iad a choiméad glan ó luibhearnach agus fiadhailí. Cuirtear glasraí – meacain, turnapaí agus rl sa tslí chéanna. Cré mhín is fearr do chuid acu seo. Bíonn toradh níos fearr ar an gcuradóireacht luath.

Ní ceart ainmhithe do bhualadh le píosa de'n sceach gheal, agus fós ní tugtar bláth an chrainn sin isteach sa tig cómnuidhthe i rith mí na Bealtaine. Scoil: Scoil Mhín Árd. Múinteoir: Micheál Ó Caomháin

1ú - 5ú Meitheamh / June 2021; 10.00 – 12.00 GMT Meánleibhéal Íseal / Lower Intermediate Ní mór 10 rannpháirtí a bheith sa rang / A minimum of ten participants required. Tá na cúrsaí seo maoinithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí Tuilleadh Eolais/Further Information & Registration: www.fetch.courses.ie nó Ríomhphost / Email eolas@cfcd.ie; 066 9156100 Tús Maith: Scéim na gCuairteoirí Baile (pic. Orlaith Ruiséal)

Buíochas do Mhicheál Toose Mac Gearailt as an bhfoclóir seo. Tuilleadh le teacht sa chead eagrán eile de West Kerry Live. Tuilleadh Eolais ar na Cuairteanna Baile le Darach: Orlaith Ruiséal, Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag 066 9156100 nó orlaith @cfcd.ie. Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Scéalta Béaloidis faoin sceach gheal ó Chorca Dhuibhne: Lá bealtaine do tugtaí an sceach gheal isteach agus cuirtí ag beiriú é agus tugtaí an súghlach do bhion nó do ghamhain go mbeadh galar airighthe aici.

Tá Cuairteanna Baile agus an bhéim ar churadóireacht trí mheáin na Gaelainne fé lán tseoil anois le Darach Ó Murchú. Creidimidne in Tús Maith go bhfuil ana-bhaint idir teanga agus timpeallacht – ta sí le feiscint sna logainmneacha, sa stair agus sna nósanna a bhaineann le timpeallacht nádurtha na hÉireann. Taimíd ag baint triail as an gcur chuige nua seo ar bhonn phíolótach. Seo iarracht Tús Maith i gcomhar le Darach dul i bhfeidhm ar phobal Chorca Dhuibhne maidir le tosnú ag fás dóibh féin, crainn a chur agus b’fheidir cur lena dtuiscint ar chursaí timpeallachta. Anseo thíos tá foclóir a bailíodh ó Mhichéal Toose Mac Gearailt maidir le curadóireacht

Muintir Uí Shíthigh ag baint súp go cluasa as an ngarraíodóireacht i dteannta Darach Ó Murchú.

Property Maintenance Services

Painting, Power hosing, Hedge cutting, Window

cleaning, Gutters & all general outdoor maintenance

Call Michael on 089 - 265 0192

SANDBLASTING, PAINTING & GALVANISING SERVICE. CALL NOEL 087-1255064 West Kerry Live 33


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.