3 minute read

Cairde Rince na hÉireann Eilís Ní Mhearraí

Eilís Ní Mhearraí CAIRDE RINCE CÉILÍ NA hÉIREANN

Bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann sa bhliain 1996. Is eagraíocht náisiúnta dheonach í atá freagrach as rince céilí neamhiomaíoch, rince dúchais na hÉireann, a chur chun cinn i measc gach aoisghrúpa ar fud na hÉireann. Déantar seo trí ranganna seachtainiúla, ceardlanna, Fíor-Chéilithe agus cúrsaí múinteoireachta a eagrú. Bíonn na himeachtaí go léir ar siúl i suíomhanna atá saor ó alcól.

STAIR NA HEAGRAÍOCHTA

Ba é 1997 comóradh an chéid ar an gcéad chéilí foirmeálta a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i Halla Bloomsbury i Londain sa bhliain 1887. Tá fi anaise ann go raibh cuid de na rincí seo á gcleachtadh ón gcúigiú céad déag ar aghaidh ach ba é sin an chéad uair a eagraíodh céilí go foirmeálta. Tháinig daoine le suim sa rince céilí le chéile ag cruinniú poiblí i gColáiste na nUile Naomh, Baile Átha Cliath ag deireadh 1996 agus bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann (Comóradh an Chéid) chun an chéad chéilí sin a chomóradh agus chun suim sa rince céilí a athbheochaint ar fud na tíre. Ag an am sin, seachas i gcúpla áit sa tuaisceart agus áit nó dhó i gcúige Laighean, bhí rince céilí in ísle brí in Éirinn. I rith na bliana sin, eagraíodh ranganna agus ceardlanna ar fud na tíre agus Fíor-Chéilí i ngach ceann de na ceithre cúigí ina dhiaidh sin. Ag deireadh na bliana 1997, tionóladh deireadh seachtaine náisiúnta rince céilí i gColáiste Phádraig, Má Nuad. I rith na deireadh seachtaine, eagraíodh ceardlanna, cúrsa do dhaoine gur suim leo an rince céilí a mhúineadh, trí FhíorChéilí, Fíor-Chéilí na nÓg, léacht faoi stair an rince céilí, agus seirbhísí Eaglasta. Ba é an teacht le chéile rince céilí ba mhó le fada an lá in Éirinn.

Ag cruinniú poiblí a tionóladh nuair a bhí comóradh an chéid thart, bhí gach duine ar aon intinn gur cheart eagraíocht náisiúnta a bhunú chun an rince céilí neamhiomaíoch a chur chun cinn ar fud na tíre go fadtéarmach agus toghadh coiste náisiúnta chun an obair sin a dhéanamh. Tá níos mó ná 30 club cláraithe ar fud na tíre chomh maith le ceann amháin sa tSáirdín. Eagraíonn na clubanna áitiúla ranganna seachtainiúla, ceardlanna agus Fíor-Chéilithe (oícheanta den rince céilí) do dhaoine fásta ar fud na tíre. Tá an coiste náisiúnta freagrach as clubanna nua a bhunú agus cabhrú leis na clubanna nua a gcuid imeachtaí a eagrú

Abhár misnigh atá ann gur féidir na himeachtaí ar fad a eagrú in ionaid gan alcól.

Sa ghrianghraif tá na haoíchainteoirí an tAthair Peter Mc Verry agus Jarlath Burns le baill an choiste náisiúnta – Pat Scullion, Eilís Ní Mhearraí, Tom Marry, Kathleen Moff att, Mary Farrell agus Peter Donnelly.

don chéad cúpla bliain. Chomh maith leis sin, eagraíonn an coiste náisiúnta cúrsaí agus scrúdaithe cáiliúcháin do dhaoine gur suim leo an rince céilí a mhúineadh gach bliain.

Is í an obair is mó a dhéanann Cairde Rince Céilí na hÉireann ná cúrsaí ocht seachtaine sa rince céilí a eagrú i scoileanna ar fud na tíre. I ndiaidh na gcúrsaí sin eagraítear Fíor-Chéilithe na nÓg i ngach ceantar ina mbíonn na cúrsaí ar siúl. Ónar bunaíodh í, tá an eagraíocht i ndiaidh rince céilí a mhúineadh do níos mó ná 10,000 páiste gach bliain.

DEIREADH SEACHTAINE NÁISIÚNTA

Gach trí bliana, tagann na clubanna go léir le chéile don deireadh seachtaine náisiúnta rince céilí. Sa mbliain 2013, ba é Ionad Comhdhála agus Spioradálta Dhroim an tSiain, An tIúr, Co. an Dúin an áit a roghnaíodh don ócáid. Chomh maith le bheith ag freastal ar na himeachtaí rince go léir agus an tAifreann a bhí á cheiliúradh ag an Athair Alan Mac Eochagáin, S.J., bhí deis ag na rannpháirtithe éisteacht le haoíchainteoirí áitiúla.

Labhair an tAthair Peter Mc Verry, S.J. faoin tábhacht a bhaineann le tabhartais Dé ar nós rince agus comhluadar daonna a cheiliúradh seachas a bheith i gcónaí ag iarraidh luach airgid a chur le gach rud. Is tuar dóchais é an dul chun cinn atá déanta againn do thodhchaí an rince céilí - rince dúchais na hÉireann. I saol na linne seo, ábhar misnigh atá ann gur féidir na h-imeachtaí go léir a eagrú in ionaid atá gan alcól, tá súil againn go leanfaidh eagraíochtaí eile an sampla sin. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a fh aighimid ó mhuintir na hÉireann. Tá sé ar intinn ag an eagraíocht tógáil ar an obair atá déanta cheana féin.

Tá eolas breise faoi ghach gné d’obair na heagraíochta ar fáil ar:-

www.ceilidancing.co

Foclóirín: neamhiomaíoch: non competitive

This article is from: