1 minute read

Léirmheas: Raiftearaí Colette Nic Aodha

Katie McGreal

Bealtaine; Úrsceal don Fhoghlaimeoir Fásta

Brian Ó Baoill Coiscéim, €7.50

Léirmheas le Katie McGreal

Insíonn an leabhar seo scéal pearsanta ón am a raibh Oilibhéar Cromail ag troid i gcoinne na nGael in Éirinn. Is scéal é Cromail a chualamar go mion minic agus muid ag foghlaim stair na hÉireann ar scoil. Tá deireadh an scéil ar eolas againn ar fad ach d’úsáid an t-údar scéal pearsanta Chaitríona agus a cara Gormlaith chun an léitheoir a mhealladh agus a choinneáil go dtí an deireadh. Bíonn a fhios ag an léitheoir céard a tharlóidh don tír ach ní bhíonn a fhios acu céard go díreach a tharlóidh don bheirt seo.

Baineann scéal an leabhair leis an mbliain 1649 AD. Is bliain í sin ina raibh sé de cheart ag cailíní fanacht sa bhaile, fuáil a dhéanamh agus aire a thabhairt do na páistí. Níl Gormlaith ná Caitríona sásta leis sin. Tá fir na tíre amuigh ansin ag troid ar son na tíre agus tá siad ag iarraidh cabhrú leo.

‘Is féidir le mná gunna a scaoileadh chomh maith le fear ar bith,’ a deir Gormlaith – agus nach bhfuil an ceart ar fad aici!

Léitear faoi thuras na gcailíní cróga seo le linn an úrscéil ach chomh maith leis sin, foghlaimítear faoi stair na hÉireann agus faoi thuras Chromail trí Éirinn agus an éifeacht a bhí ag an turas sin ar mhuintir na hÉireann.

Cuirtear an leabhar seo i láthair mar úrscéal d’fhoghlaimeoirí agus mar sin tá fóclóir, iontach úsáideach d’fhoghlaimeoirí agus do Ghaeilgeoirí ar chúl an leabhair.

Uaireanta bíonn sé deacair an scéal a leanúint toisc go n-úsáideann an t-údar an oiread sin ainmneacha éagsúla ach den chuid is mó is leabhar suimiúil atá scríofa i nGaeilge dheas nádúrtha atá ann.

This article is from: