1 minute read

Léirmheas:Bealtaine Katie McGreal

Raiftearaí i gCeartlár a Dhaoine san Aonú hAois is Fiche

Colette Nic Aodha Coiscéim 2009 80 lch, e7

Léirmheas le Séamas Ó Murchú

File fáin ab ea Antaine Ó Reachtaire (Raftery), a mhair i dtosach an 19ú haois. Rugadh é timpeall 1785 (meastar) in aice le Coillte Mach i gContae Mhaigh Eo, ach thug sé an chuid is mó dá shaol in oirthear Chontae na Gaillimhe. Is ansiúd a fuair sé bás timpeall 1835. Bhí sé dall óna óige, ach scríobh daoine eile síos a chuid amhrán.

B’é Dúglas de Híde a chuir filíocht Raftery os comhair an tsaoil ar dtús ina leabhar Abhráin atá Leagtha ar an Reachtúire (1903). Foilsíodh an t-eagrán sin arís in 1903, gan na haistriúcháin. Tá eagrán nua a d’ullmhaigh Ciarán Ó Coigligh ar fáil ó 1987.

Sa leabhar beag seo tugann Colette Nic Aodha cuntas dúinn ar an gcuardach a rinne sí féin ar lorg Raftery. Chuir sí eolas ar dtús air agus í ina cailín scoile i gContae Mhaigh Eo. Is file í féin anois, file nua-aimseartha, ach tá sí faoi dhraíocht i gcónaí ag véarsaí ceolmhara Raftery. Tá spéis ar leith aici sa seanchas a bhaineann leis. B’iad de Híde agus Lady Gregory is mó a bhailigh an seanchas sin i mblianta deiridh an 19ú haois. Bhíodar díreach in am, is cosúil.

An tuairisc atá ag de Híde ar óige Raftery, is ó fhear darbh ainm Tadhg Ó Conalláin a fuair sé é. D’éirigh le Colette teacht ar bheirt de shliocht Uí Conalláin, agus cuireann sí i gcló anseo an t-agallamh a rinne sí leo. Bhí an ceart aici gan iarracht a dhéanamh Gaeilge a chur ar an agallamh sin, ná ar na sleachta Béarla atá aici ó Lady Gregory. B’fhéidir go bhfuil cuid de na sleachta eile Béarla atá aici rófhada i leabhar den sórt seo.

Aon duine a léifidh an leabhar seo beidh fonn air dul ar ais go dtí filíocht Raftery, go háirithe na hamhráin is mó cáil dá chuid (‘Eanach Dúin’, ‘Cill Aodáin’, ‘Máire Ní Eidhin’).

Cé gur amhráin áitiúla iad sin go bunúsach, is féidir a rá gur leis an tír go léir anois iad. Níl aon amhras ach go raibh bua ar leith ag Raftery. Tá a cion go maith déanta ag Colette Nic Aoidh chun a chuimhne a bhuanú san 21ú haois.

This article is from: