4 minute read

Glaoch chun Misin An tAth Pádraig Ó Murchú

An tAth Pádraig Ó Murchú GLAOCH CHUN MISIN

Tá an tAthair Pádraig ag obair le fada an lá sa Chóiré. Is údar é ar ‘Misean Mhaigh Nuad chun na Síne, 1916-1963’ agus ‘Na Colmbánaigh 1963-2005’, foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

Baineann sé le nádúr na hEaglaise bheith ar misean. Tá ar gach Críostaí glacadh le dualgas chun misin a thagann ó chuireadh an Bhaiste. Fós, tá eaglaisigh ann a cheapann gurb iad na cuallachtaí misin amháin atá freagrach don mhisean sin. Táid sásta aoireacht a dhéanamh ar phobal Dé agus gardáil a dhéanamh ar stór an chreidimh. Caithfear briseadh amach as an gclaonadh sin agus glacadh ná fuil an Eaglais ina hEaglais muna bhfuil sí ar misean.

Fíor bheagan Búdach, Ioslamach nó Hiondúch a d’iompaigh riamh ar Chríost. Na daoine a ghlac leis an gCriostaíocht, bhíodar sin ar imeall na beatha ina ndúichí féin. Anois, tá an eaglais eagraithe i mbeagnach gach tír sa domhan agus gach deoise freagrach do mhisean. Tá céatadán na gCríostaithe sa domhan beagnach mar a bhí sé céad bliain ó shin agus ní féidir bheith ag súil le haon mhéadú ins na blianta atá le teacht.

Dúirt Comhairle na Vatacáine go raibh naofacht le fáil i ngach creideamh neamh-Chríostaí agus go raibh siad mar údair a slánaithe dos na céadta milliún duine a chreideann iontu. Chuir an Chomhairle béim ar agallamh idirchreidmheach chomh maith. Chun soiscéalú a dhéanamh, tá ar an Eaglais agallamh macánta a dhéanamh leis an dtraidisiún creidimh a thugann bonn don bpobal. Toisc go bhfuil Dia riamh gníomhach sa traidisiún sin, caithfear meas a bheith ar gach a dtugann brí agus treoir dó. Cuireann sé sin ceist mar gheall ar cheannasaíocht na Críostaíochta maidir le slanú anama. Má tá slánú le fáil i gcreidimh eile, cad é an fáth le misean na Críostaíochta? Conas a churfi dh an misinéir fógairt an Dea-Scéil agus agallamh idirchreidmheach in ord (san áireamh) le chéile? Ceisteanna nár ghá a chur go dtí le déanaí.

Le leath chéad bliain anuas tá saol difriúil ar fad cruthaithe ag an domhandú atá ag titim amach inár measc. Anois tá soghluaisteacht agus solúbthacht ar barr i saol na haoise. Ta daoine áirithe buíoch den ngluaiseacht sin ach cuireann sé isteach go mór ar dhaoine bochta. Nil faic buanseasmhach a thuilleadh, pé acu tig cónaithe, post nó pósadh é. Ta an saol sáite sa ghearrthéarma agus ní féidir súil a bheith le haon teacht uaidh. Is beag meas atá anois ar aon rud atá fadtéarmach.

Tá tionchar mór ag an ndomhandú ar mhisean, pé acu is maith linn é nó

Misinéirí tuata ó na hoileáin Fhilipíneacha agus ó Phoblacht Fhidsí Misinéirí tuata ón gCóiré

Deir an Pápa go bhfuil an soiscéal dá chraoladh nuair a chuirtear fáilte roimh dhaoine atá ar imeall na beatha.”

nach maith. Ta constaicí breise agus fadhbanna níos casta ag teacht leis an saol nua ach tá deiseanna ar fáil dóibh sin a chuardaíonn iad.

Deisceabail Chríost a bheidh i mbun an chúraim sin go léir. Conas a nochtóidh siad an fh írinne, conas a aimseóidh siad an chóir agus a chruthóidh siad fi s nua don bpobal atá suaite ag an ndomhandú? Muna bhfuil siad ina ndeisceabail ní bheidh toradh buan lena saothar. Beidh siad ag tagairt do ghrásta níos mó ná do dhlí, do Chríost nios mó ná don Eaglais agus do fh ocail Dé níos mó ná don bPápa. Beidh orthu an fh írinne a nochtadh, an chóir a dhéanamh agus fís nua a chruthú do phobal atá suaite agus scartha ag an ndomhandú. Treoir nua atá le bheith anois ar mhisean. As seo amach beidh gníomhairí misin soghluaiste, solúbtha agus páirtaimseartha. Tiocfaidh a bhformhór ó na tuataí. Bainfi dh an eaglais a sheolann iad agus an eaglais a ghlacann leo tairbhe as a n-íobairt. Beidh siad ábalta fi lleadh ar

eaglais a seolta agus fi anaise a thabhairt ar cad a chonaiceadar agus a chualadar ar misean. Scéal nua ar fad é sin mar nár thug sean-mhisinéirí a leithéid de fh ianaise toisc gur bhaill de chuallachtaí misin ab ea iad a chaith a saol thar lear. Ba bheag é a gcaidreamh leis an eaglais sa bhaile. San 21ú haois is é an deoise a sheolfaidh formhór na misinéirí mar gurb í an eaglais áitiúil a thabharfaidh coimisiún dóibh agus a sheolfaidh iad. Cabhróidh na cuallachtaí misin leis an deoise toisc a dtaithí ar mhisean. Tabharfaidh siad faoin oiliúint, an stiúradh agus an tionlacan ar misean. Conas a dhéanfar an deoise a ghríosadh chun misin? Sin í an fh adhbh mhór. Tosú maith a bheadh ann dá ndéanfadh gach Críostaí staidéar ar ‘Lúcháir an Dea-Scéil’ leis an bPápa Proinsias. Deir seisean go bhfuil an soiscéal á chraoladh nuair a chuirtear fáilte roimh dhaoine atá ar imeall na beatha. Ta méadú tagtha orthu sin leis an ndomhandú.

INTINN MHISEANACH AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR 2014 Domhanda na Misean: Go n-athlasa Lá Domhanda na Misean dúthracht i ngach creideamh chun an Soiscéal a thabhairt don domhan uile.

Foclóirín: cuallachtaí misin: missionary orders; domhandú: globalisation

This article is from: