![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094038-44b5550116f36662fc4d2dbf4c5e2c05/v1/0897a0c456865745f13fcf8bfd239a73.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
2 minute read
An Dobhareach Gabriel Rosenstock
Gabriel Rosenstock THEASTAIGH ÓN DOBHAREACH A BHEITH INA IASC
An chéad Kikúyú riamh, deirtear gur Kikúyú ab ainm dó! Agus ainm an tsráidbhaile ina raibh cónaí air? Kikúyú, cad eile! Ciallaíonn kúyú ‘fige’ sa teanga álainn acu, an Chiocúis. Tá go leor scealta Ciocúise ann agus is deas an scéal é an scéal seo a leanas:
Nuair a chruthaigh Dia an domhan is a bhfuil ann, ar seisean le Dobhareach:
‘Amach go dtí na machairí móra leat!’
Ach bhí plean eile ag Dobhareach dó féin. Bhí sé an-cheanúil ar an mbia agus d’éirigh sé an-ramhar i gceann na haimsire. An-ramhar ar fad! Bhí an ghrian ag cur isteach go mór air.
Síos leis chun na linne móire. Bhí an t-uisce breá fionnuar ann –cén fáth nach mbeadh, uisce an tsneachta leáite anuas ó Shliabh na Céinia a bhí ann. D’fhéach sé ar na héisc sa linn.
‘Ó, nach aoibhinn daoibh!’ ar seisean. ‘Nár bhreá liom a bheith i m’iasc agus cónaí anseo in bhur measc.’ B’in mar a bhí aige, an créatúr, gach aon lá riamh, é ag éirí níos raimhre an t-am ar fad agus an ghrian ag cur isteach air nios mó agus níos mó.
Sa deireadh dúirt sé leis féin go bpléifeadh sé an cás le Dia. Scairt sé in airde chun na bhFlaitheas:
‘A Dhia!’ ar sé, ‘lig dom cónaí anseo cois linne. Táim marbh ar fad ag an ngrian!’
Chuala Dia an chaint sin agus d’fhreagair láithreach é:
‘Caithfidh mise na héisc a chosaint. Má ligim duitse cónaí cois linne, cá bhfios ná go n athrófá do nósanna itheacháin agus go dtosófá ar na héisc a ithe.’
‘Geallaim duit, a Dhia, ar m’fhocal, ní chuirfidh mé isteach ar na héisc. Nílim in ann an teas marfach seo a sheasamh níos mó!’
Ghlac Dia trua dó.
‘Tá go maith,’ ar seisean le Dobhareach, ‘tá cead agat cónaí cois linne. Is leatsa feasta na linnte, na haibhneachacha agus na lochanna go léir – ACH …’
‘A -a -ach?’ arsa Dobhareach.
‘Conas a chruthóidh tú domsa go seasfaidh tú le d’fhocal?’
‘Mar seo, a Dhia,’ arsa Dobhareach. ‘Tiocfaidh mé amach as an uisce nuair a bheidh an bia ag gabháil trí mo chorp – ní shalóinn an t-uisce go brách! – agus feicfidh té féin an fhianaise ar an bhféar. Feicfidh tú nach bhfuil oiread is cnámh bheag éisc amháin ann!’