4 minute read
Míchumas Meabhrach Dónall Ó Conaill
Dónall Ó Conaill AN GRÁ AGUS AN CHABHAIR
Daoine faoi mhíchumas meabhrach. Go bhfaighe daoine atá faoi mhíchumas meabhrach an grá agus an chabhair is dual dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit.
Is fuirseoir (comedian), iriseoir agus tacadóir don mhíchumas í an tAstrálach Stella Young a oibríonn óna cathaoir rothaí. Dúradh fúithi go raibh sí ionspioráideach ach an freagra a thug sí ná “I’m not your inspiration, thank you very much”. Ráiteas ón idirlion ó Brian Maloney - “I’ve been called an ‘inspiration’ because I’m on the autism spectrum and manage to hold down a job, and carry on conversations in public. I don’t feel all that inspiring, and I’d like to be evaluated on my actual ability. That means I may end up not measuring up, but it will be against the SAME measure that everybody else has to deal with”. Ráiteas eile ó Andrew Peel “Just nice to fi nd so many other disabled people like me fed up of the ‘inspirational’ tag. I had a job, got married, divorced, married again and bought a house. So what? Millions of others did it as well”. Dúirt Dr. Ciaran Barry, a bhí mar stiúrthóir leighis sa Central Remedial Clinic go bhfuil níos mó cosúlachtaí ná difríochtaí idir daoine le míchumas agus daoine eile.
Cloisimid a lán cainte inniu faoi mhíchumas. Tá intinn uilechoiteann an Phápa na míosa seo, “Daoine faoi mhíchumas”, dírithe ar ghníomhú ar a son seachas bheith ag caint fúthu. Díríonn sé ar ghrá agus ar chabhair a thabhairt dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit cosúil le gach duine eile. Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh siad gach cabhair, “not forgetting that they are human beings”. Is mian le gach tuismitheoir go nglacfaí lena mac nó a hiníon mar dhuine cé gur gá gach cabhair leighis agus theicniúil a sholáthar dóibh chun saol dínitiúil a chaitheamh.
Tá athrú tagtha ar mheon agus ar dhearcadh an phobail i leith daoine le míchumas intleachta a bhuíochas san do thuismitheoirí agus d’eagraíochtaí ar nós Inclusion Ireland. Tá gach uile dhuine cumasach – buanna faoi leith ag chuile dhuine nach mór a aithint agus a fh orbairt. Míchumas – ní bhaineann a leithéid le duine ar bith. ‘Sé an pobal, an saol, an ceantar, an scoil a dheineann duine mí-chumasach nuair nach dtugann siad na deiseanna dó páirt iomlán a ghlacadh sa saol. Go minic mothaímid caillte agus mí-chompórdach i láthair daoine míchumasacha agus cuireann ár bhfrithghníomhú isteach orthu seachas cabhrú leo. Cothaíonn an easpa tuisceana seo dearcadh claonta a chruthaíonn dúshlán dúinn conas muid féin a iompair
le daoine michumasacha .
Clúdaíonn an téarma “daoine faoi míchumas” a lán, a chruthaíonn deacrachtaí maidir le déileáil leo. Éilíonn comhrochtain do dheiseanna dóibh go gcaithfi mid freastal ar na riachtanais atá acu. Caithfear glacadh leo mar dhaoine. Is eiseamláir é an Pápa Proinsias dúinn sa tslí a thaispeánann sé grá agus a thugann sé tacaíocht dóibh saol le dínit a chaitheamh.
Tá ról fi or-thábhachtach ag tuismitheoirí. Tugann a ngrá neamhchoinníollach dá bpáistí tacaíocht agus scileanna dóibh chun déileáil le deacrachtaí go dínitiúil a thugann neamhspleáchas dóibh. Ní leor tacaíocht fh isiciuil amháin, caithfear an taca mothúchánach agus sóisialta a bheith ann dóibh leis. Tá sé riachtanach éisteacht leo agus meas a bheith againn ar a ndearthaí agus páirt a bheith acu sna cinntí a bhaineann leo. Caithfear a chinntiú go bhfuil siad i lár an aonaigh seachas ar imeall an tsochaí. Sa tslí seo beidh siad in ann caidreamh le daoine eile a chothú agus a fh orbairt agus maireachtáil go neamhspleách le dínit.
Tá a lán eagraíochtaí ann ag freastal ar dhaoine mhíchumasacha mar Inclusion Ireland, Ranna Stát difriúla, agus eagraíochtai mar Bray Lakers agus Special Olympics Ireland a thugann cabhair agus grá dóibh agus agus do dhaoine imníocha. Blianta ó shin bhí oideachas speisialta lonnaithe don chuid is mó i scoileanna speisialta. Sa lá atá inniu ann, idir bhunscoileanna agus iarbhuscoileanna tá daltaí le deacrachtaí éagsúla foghlama i ngach gnáth-rang beagnach. Is éachtach an dul chun cinn é sin, in ainneoin na ndeacrachtaí geilleagracha. Is ceart ról na nEaglaisí a aithint mar tá sé de dhulagas orainn go léir iarracht breise a dhéanamh grá Dé a aithint i ngach duine a chastar orainn ar ár aistear laethúil, cuma faoin gcúlra atá acu – go háirithe daoine a thugann dúshlán dúinn na cosulachtaí agus difríochtai atá ionainn go léir a cheiliúradh.
Ar idirlíon Special Olympics Ireland, léigh mé - “They said Jack would never walk, talk, or cope outside the home. In Special Olympics he found a new home, made friends, became an independent and accomplished person”. Nach iontach an cruthú é seo ar thiomantas na ndaoine a thugann grá agus cabhair do dhaoine míchumasacha a saol a chaitheamh le dínit.
Is iar-Phríomhoide ar Choláiste Mhuire é Dónall Ó Conaill. INTINN CHOITIANTA AN PHÁPA DO MHEÁN FÓMHAIR, 2014 Daoine faoi mhíchumas meabhrach. Go bhfaighe daoine atá faoi mhíchumas meabhrach an grá agus an chabhair is dual dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit.
Foclóirín: comhrochtain: equal access